Tuarascáil - A9-0381/2023Tuarascáil
A9-0381/2023

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear agus lena gceartaítear Treoir 2005/36/CE a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla altraí atá freagrach as cúram ginearálta a cuireadh faoi oiliúint sa Rómáin

30.11.2023 - (COM(2023)0502 – C9‑0324/2023 – 2023/0307(COD)) - ***I

An Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra
Rapóirtéir: Adam Bielan


Nós Imeachta : 2023/0307(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0381/2023
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0381/2023
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear agus lena gceartaítear Treoir 2005/36/CE a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla altraí atá freagrach as cúram ginearálta a cuireadh faoi oiliúint sa Rómáin

(COM(2023)0502 – C9‑0324/2023 – 2023/0307(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0502),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 46, 53(1) agus 62 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0324/2023),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2023[1],

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0381/2023),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


Leasú 1

 

Togra le haghaidh treorach

Teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Togra le haghaidh

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear agus lena gceartaítear Treoir 2005/36/CE a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla altraí atá freagrach as cúram ginearálta a cuireadh faoi oiliúint sa Rómáin

lena leasaítear agus lena gceartaítear Treoir 2005/36/CE a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla altraí atá freagrach as cúram ginearálta a cuireadh faoi oiliúint sa Rómáin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

Leasú  2

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Altraí atá freagrach as cúram ginearálta nár chomhlíon a n-oiliúint na híoscheanglais faoi Threoir 2005/36/CE agus ar cuireadh tús lena n-oiliúint roimh aontachas na Rómáine leis an Aontas, is féidir leo leas a bhaint as aitheantas faoi Airteagal 33a de Threoir 2005/36/CE má chomhlíonann siad na ceanglais a shonraítear ann. Mura gcomhlíontar na ceanglais sin, déanann an Ballstát óstach an t-iarratas ar aitheantas a mheasúnú faoin gcóras ginearálta aitheantais i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Threoir 2005/36/CE.

(2) Altraí atá freagrach as cúram ginearálta nár chomhlíon a n-oiliúint na híoscheanglais faoi Threoir 2005/36/CE agus ar cuireadh tús lena n-oiliúint roimh dháta aontachas na Rómáine leis an Aontas Eorpach, is féidir leo leas a bhaint as aitheantas faoi Airteagal 33a de Threoir 2005/36/CE má chomhlíonann siad na ceanglais a shonraítear ann.

Leasú  3

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Níl aon tagairt shonrach d’Airteagal 33a de Threoir 2005/36/CE in Airteagal 10(b) de bharr earráide. Chun a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag Airteagail 10 go 14 de Threoir 2005/36/CE i gcás nach gcomhlíonann an t-altra na ceanglais faoi Airteagal 33a, ba cheart an earráid sin a cheartú.

(3) Tá aitheantas tugtha ag líon suntasach Ballstát óstach do cháilíochtaí gairmiúla altraí arna n-oiliúint sa Rómáin nach gcomhlíonann na ceanglais faoi Airteagal 33a de Threoir 2005/36/CE faoin gcóras ginearálta chun oiliúint fhianaiseach a aithint in Airteagail 10 go 14 den Treoir sin. Rinneadh é sin bunaithe ar an tuiscint go bhféadfadh altraí arna n-oiliúint sa Rómáin leas a bhaint as an gcóras ginearálta sin ar an mbealach céanna le haltraí atá freagrach as cúram ginearálta nach bhfuil oilte sa Rómáin agus nach gcomhlíonann ceanglais Airteagal 33 den Treoir sin. Chun na cearta faighte sin a chosaint agus chun ionchais dhlisteanacha a chaomhnú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú i ndáil leis an aitheantas sin do cháilíochtaí gairmiúla altraí arna n-oiliúint sa Rómáin nach gcomhlíonann na ceanglais d’Airteagal 33(a) de Threoir 2005/36/CE in aon cheann dá leaganacha éagsúla a bheidh infheidhme go dtí teacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo, go bhfuil an t-aitheantas bailí. Ina theannta sin, chun an tsoiléireacht agus an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú go gcuirfear an measúnú de bhun Airteagail 10 go 14 de Threoir 2005/36/CE i bhfeidhm i gcás nach gcomhlíonann an t-altra na ceanglais faoin Airteagal nua 33a, ba cheart tagairt shonrach don Airteagal nua sin a áireamh i bpointe (b) d’Airteagal 10 amach anseo.

Leasú  4

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2005/36/CE a leasú agus a cheartú dá réir sin,

(10) Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2005/36/CE a leasú dá réir sin,

Leasú  5

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leasaítear agus ceartaítear Treoir 2005/36/CE mar a leanas:

Leasaítear Treoir 2005/36/CE mar a leanas:

Leasú  6

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Treoir 2005/36/CE

Airteagal 33 a – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. A mhéid a bhaineann leis an gcáilíocht Rómánach mar altra atá freagrach as cúram ginearálta, ní bheidh feidhm ach ag na forálacha maidir le cearta faighte a leagtar síos i míreanna 2 agus 3.

1. A mhéid a bhaineann leis an gcáilíocht Rómánach mar altra atá freagrach as cúram ginearálta, ní bheidh feidhm ach ag na forálacha maidir le cearta faighte a leagtar síos i mír 2.

Leasú  7

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Treoir 2005/36/CE

Airteagal 33a – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. I gcás náisiúnach ó Bhallstáit ar cuireadh oiliúint orthu mar altra atá freagrach as cúram ginearálta sa Rómáin agus nach gcomhlíonann a gcuid oiliúna na híoscheanglais oiliúna a leagtar síos in Airteagal 31, tabharfaidh na Ballstáit aitheantas d’aon cheann den fhianaise seo a leanas ar cháilíochtaí foirmiúla mar altra atá freagrach as cúram ginearálta mar chruthúnas leordhóthanach, ar an gcoinníoll go bhfuil deimhniú ag gabháil leis an bhfianaise sin ina luaitear go raibh na náisiúnaigh sin as na Ballstáit ag gabháil go héifeachtach agus go dleathach do ghníomhaíochtaí altra atá freagrach as cúram ginearálta sa Rómáin, lena n-áirítear freagracht iomlán a ghlacadh as cúram altranais othar a phleanáil, a eagrú agus a chur i gcrích, ar feadh tréimhse 3 bliana as a chéile ar a laghad sna 5 bliana roimh dháta eisiúna an deimhnithe:

2. I gcás náisiúnach ó Bhallstáit ar cuireadh oiliúint orthu mar altra atá freagrach as cúram ginearálta sa Rómáin agus nach gcomhlíonann a gcuid oiliúna na híoscheanglais oiliúna a leagtar síos in Airteagal 31, tabharfaidh na Ballstáit aitheantas:

 

(a) aon cheann den fhianaise seo a leanas ar cháilíochtaí foirmiúla mar altra atá freagrach as cúram ginearálta, ar an gcoinníoll go bhfuil deimhniú ag gabháil leis an bhfianaise sin ina luaitear go raibh na náisiúnaigh sin as na Ballstáit ag gabháil go héifeachtach agus go dleathach do ghníomhaíochtaí altra atá freagrach as cúram ginearálta sa Rómáin, lena n-áirítear freagracht iomlán a ghlacadh as cúram altranais othar a phleanáil, a eagrú agus a chur i gcrích, ar feadh tréimhse 3 bliana as a chéile ar a laghad sna 5 bliana roimh dháta eisiúna an deimhnithe:

Leasú  8

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Treoir 2005/36/CE

Airteagal 33a – mír 2 –pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) Certificat de competențe profesionale de asistent medical generalist le hoideachas iar-mheánscoile a fuarthas ó școală postliceală, ina bhfianaítear go bhfuarthas oiliúint ar cuireadh tús léi roimh an 1 Eanáir 2007;

(i) Certificat de competențe profesionale de asistent medical generalist le hoideachas iar-mheánscoile a fuarthas ó școală postliceală, ina bhfianaítear go bhfuarthas oiliúint ar cuireadh tús léi roimh an 1 Eanáir 2007;

Leasú  9

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Treoir 2005/36/CE

Airteagal 33a – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) Diplomă de absolvire de asistent medical generalist le staidéar ardoideachais gearr-ama, ina bhfianaítear go bhfuarthas oiliúint ar cuireadh tús léi roimh an 1 Deireadh Fómhair 2003;

(ii) Diplomă de absolvire de asistent medical generalist le staidéar ardoideachais gearr-ama, ina bhfianaítear go bhfuarthas oiliúint ar cuireadh tús léi roimh an 1 Deireadh Fómhair 2003;

Leasú  10

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Treoir 2005/36/CE

Airteagal 33a – mír 2 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) Diplomă de licență de asistent medical generalist le staidéar ardoideachais fad-ama, ina bhfianaítear go bhfuarthas oiliúint ar cuireadh tús léi roimh an 1 Deireadh Fómhair 2003.

(iii) Diplomă de licență de asistent medical generalist le staidéar ardoideachais fad-ama, ina bhfianaítear go bhfuarthas oiliúint ar cuireadh tús léi roimh an 1 Deireadh Fómhair 2003;

Leasú  11

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Treoir 2005/36/CE

Airteagal 33 a – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas don fhianaise seo a leanas ar cháilíocht fhoirmiúil mar altra atá freagrach as cúram ginearálta:

 

(a) an fhianaise ar cháilíocht fhoirmiúil dá dtagraítear i mír 2, chomh maith leis an bhfianaise ar cháilíochtaí foirmiúla ar leibhéal iar-mheánoideachais a liostaítear faoi Airteagal 4 den Ordú ón Aire Oideachais Náisiúnta Uimh. 5114/2014 maidir le formheas na modheolaíochta chun an clár uasghrádaithe speisialta a eagrú, a sheoladh agus a chur i gcrích le haghaidh oiliúint tosaigh altraí atá freagrach as cúram ginearálta a fuarthas roimh an 1 Eanáir 2007 do chéimithe iar-mheánoideachais (Iris Oifigiúil na Rómáine Uimh. 5 an 6 Eanáir 2015), ar choinníoll go mbeidh ceachtar díobh seo a leanas ag gabháil leis an bhfianaise sin:

(b) aon chuid den fhianaise ar cháilíochtaí foirmiúla a liostaítear i bpointí (ii) agus (iii) de phointe (a), ar an gcoinníoll go bhfuil an fhianaise seo a leanas ar cháilíocht fhoirmiúil arna fáil ar bhonn an chláir speisialta uasghrádaithe cáilíochtaí speisialta:

(b) fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla a fuarthas ar bhonn cláir uasghrádaithe speisialta:

 

(i) Diplomă de licență dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Ordú Comhpháirteach ón Aire Oideachais Náisiúnta agus ón Aire Sláinte Uimh. 4317/943/2014 an 11 Lúnasa 2014 maidir le formheas an chláir uasghrádaithe speisialta le haghaidh oiliúint tosaigh altraí atá freagrach as cúram ginearálta a fuarthas roimh an 1 Eanáir 2007 do chéimithe iar-mheánoideachais agus ardoideachais (Iris Oifigiúil na Rómáine Uimh. 624 an 26 Lúnasa 2014), agus forlíonadh dioplóma ag gabháil leis ina luaitear gur chuir an mac léinn an clár uasghrádaithe speisialta i gcrích, nó

Diplomă de licență dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Ordú Comhpháirteach ón Aire Oideachais Náisiúnta agus ón Aire Sláinte Uimh. 4317/943/2014 an 11 Lúnasa 2014 maidir le formheas an chláir uasghrádaithe speisialta le haghaidh oiliúint tosaigh altraí atá freagrach as cúram ginearálta a fuarthas roimh an 1 Eanáir 2007 do chéimithe iar-mheánoideachais agus ardoideachais (Iris Oifigiúil na Rómáine Uimh. 624 an 26 Lúnasa 2014), agus forlíonadh dioplóma ag gabháil leis ina luaitear gur chuir an mac léinn an clár uasghrádaithe speisialta i gcrích, nó

 

(c) aon chuid den fhianaise ar cháilíochtaí foirmiúla ar leibhéal iar-mheánoideachais a liostaítear faoi Airteagal 4 den Ordú ón Aire Oideachais Náisiúnta Uimh. 5114/2014 maidir le formheas na modheolaíochta chun an clár speisialta uasghrádaithe cáilíochtaí a eagrú, a sheoladh agus a chur i gcrích le haghaidh oiliúint tosaigh altraí atá freagrach as cúram ginearálta a fuarthas roimh an 1 Eanáir 2007 do chéimithe iar-mheánoideachais (Iris Oifigiúil na Rómáine Uimh. 5 an 6 Eanáir 2015), ar choinníoll go bhfuil an fhianaise seo a leanas ar cháilíocht fhoirmiúil a fuarthas ar bhonn clár speisialta uasghrádaithe cáilíochtaí ag gabháil leis an bhfianaise sin:

(ii) Certificatul de revalorizare a competențelor profesionale dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Ordú Comhpháirteach ón Aire Oideachais Náisiúnta agus ón Aire Sláinte Uimh. 4317/943/2014 an 11 Lúnasa 2014 agus in Airteagal 16 den Ordú ón Aire Oideachais Náisiúnta Uimh. 5114/2014 maidir le formheas na modheolaíochta chun an clár uasghrádaithe speisialta a eagrú, a sheoladh agus a chur i gcrích le haghaidh oiliúint tosaigh altraí atá freagrach as cúram ginearálta a fuarthas roimh an 1 Eanáir 2007 do chéimithe iar-mheánoideachais (Iris Oifigiúil na Rómáine Uimh. 5 an 6 Eanáir 2015).’.

Certificatul de revalorizare a competențelor profesionale dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Ordú Comhpháirteach ón Aire Oideachais Náisiúnta agus ón Aire Sláinte Uimh. 4317/943/2014 an 11 Lúnasa 2014 agus in Airteagal 16 den Ordú ón Aire Oideachais Náisiúnta Uimh. 5114/2014 maidir le formheas na modheolaíochta chun an clár uasghrádaithe speisialta a eagrú, a sheoladh agus a chur i gcrích le haghaidh oiliúint tosaigh altraí atá freagrach as cúram ginearálta a fuarthas roimh an 1 Eanáir 2007 do chéimithe iar-mheánoideachais (Iris Oifigiúil na Rómáine Uimh. 5 an 6 Eanáir 2015).’;

Rinneadh mír 3 d’Airteagal 33a a chumasc le mír 2.

 

Leasú  12

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 a (nua)

Treoir 2005/36/CE

Airteagal 33 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a) Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

‘Airteagal 33b

 

Bailíocht na gceart faighte a bhaineann go sonrach le haltraí atá freagrach as cúram ginearálta a cuireadh faoi oiliúint sa Rómáin a aithnítear faoin gcóras ginearálta aitheantais roimh ... [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo]

 

Ráthóidh na Ballstáit óstacha bailíocht aitheantais do cháilíocht na Rómáine mar altra atá freagrach as cúram ginearálta a deonaíodh de bhun Airteagail 10 go 14 den Treoir seo roimh ... [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo] i gcás náisiúnaigh na mBallstát ar cuireadh oiliúint orthu mar altraí ginearálta atá freagrach as cúram ginearálta sa Rómáin agus nár chomhlíon na ceanglais seo a leanas:

 

(a)  Airteagal 33(a) den Treoir seo sa leagan a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2007, nó

 

(b)  Airteagal 33(a) den Treoir seo arna leasú le Treoir 2013/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a.

 

__________________

 

1a Treoir 2013/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 20 Samhain 2013, lena leasaítear Treoir 2005/36/CE maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘Rialachán IMI’) (IO L 354, 28.12.2013, lch. 132)’;

Leasú  13

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tabharfaidh na Ballstáit na forálacha reachtacha, rialacháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, i bhfeidhm faoin [OP, cuir isteach an dáta: 1 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Tabharfaidh na Ballstáit na forálacha reachtacha, rialacháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, i bhfeidhm faoin ... [OP, cuir isteach an dáta: 1 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Leasú  14

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

Leasú  15

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

2. Déanfaidh na Ballstáit téacs príomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

 

 


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Tá sé ríthábhachtach cáilíochtaí gairmiúla le haghaidh rochtain ar ghairmeacha rialáilte a aithint go tapa agus go héifeachtúil chun go n-oibreoidh saoirsí bunúsacha an mhargaidh inmheánaigh do shaoránaigh AE. Chun aitheantas a éascú do cháilíochtaí altraí atá freagrach as cúram ginearálta nár chomhlíon a gcáilíochtaí na híoscheanglais tráth an aontachais, tá clár uasghrádaithe curtha ar bun ag an Rómáin tar éis moladh a tugadh isteach in aithris 36 de Threoir 2013/55/AE lenar leasaíodh Treoir 2005/36/CE. D’áirithigh an Rómáin, dá bhrí sin, go gcomhlíonann leibhéil oiliúna altraí na híoscheanglais faoi Threoir 2005/36/AE. Is de chineál teicniúil an togra ón gCoimisiún agus tá sé comhsheasmhach le cur chuige comhchosúil a glacadh roimhe seo i gcás altraí agus cnáimhseach sa Pholainn.

 

Is díol sásaimh don Rapóirtéir an togra ón gCoimisiún, lena gcuirfear ar chumas céimithe ó chláir uasghrádaithe na Rómáine tairbhe a bhaint as cearta faighte gan an gá a bheith ann taithí ghairmiúil a chruthú. Níl ach athruithe teicniúla sa dréacht-tuarascáil chun soiléireacht an téacs a fheabhsú, gan a shubstaint a mhodhnú.


IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

De bhun Airteagal 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta, dearbhaíonn an Rapóirtéir go bhfuair sí ionchur ó na heintitis nó ó na daoine a leanas le linn ullmhú na tuarascála go dtí go nglacfar sa choiste í:

Eintiteas agus/nó duine

Ceann Foirne, AS GROW, an Coimisiún Eorpach

 

Rinneadh an liosta seo thuas a tharraingt suas faoi fhreagracht eisiach an rapóirtéara.


 

AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

lena leasaítear agus lena gceartaítear Treoir 2005/36/CE a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla altraí atá freagrach as cúram ginearálta a cuireadh faoi oiliúint sa Rómáin

Tagairtí

COM(2023)0502 – C9-0324/2023 – 2023/0307(COD)

Dáta tíolactha chun PE

1.9.2023

 

 

 

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

IMCO

2.10.2023

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

EMPL

2.10.2023

CULT

2.10.2023

 

 

Gan tuairim a thabhairt

 Dáta an chinnidh

EMPL

19.9.2023

CULT

19.9.2023

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Adam Bielan

25.9.2023

 

 

 

Pléite sa choiste

9.10.2023

 

 

 

Dáta an ghlactha

28.11.2023

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

39

0

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Andrus Ansip, Pablo Arias Echeverría, Laura Ballarín Cereza, Alessandra Basso, Adam Bielan, Biljana Borzan, Vlad-Marius Botoş, Anna Cavazzini, Dita Charanzová, Deirdre Clune, David Cormand, Sandro Gozi, Virginie Joron, Eugen Jurzyca, Włodzimierz Karpiński, Arba Kokalari, Marcel Kolaja, Kateřina Konečná, Andrey Kovatchev, Jean-Lin Lacapelle, Antonius Manders, Beata Mazurek, Leszek Miller, Anne-Sophie Pelletier, Miroslav Radačovský, René Repasi, Christel Schaldemose, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Róża Thun und Hohenstein, Tom Vandenkendelaere, Kim Van Sparrentak, Marion Walsmann

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Francisco Guerreiro, Ivars Ijabs, Kosma Złotowski, Marco Zullo

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

João Albuquerque, Petar Vitanov, Stefania Zambelli

Dáta don chur síos

30.11.2023

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

39

+

ECR

Adam Bielan, Eugen Jurzyca, Beata Mazurek, Kosma Złotowski

ID

Alessandra Basso

NI

Miroslav Radačovský

PPE

Pablo Arias Echeverría, Deirdre Clune, Włodzimierz Karpiński, Arba Kokalari, Andrey Kovatchev, Antonius Manders, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Tom Vandenkendelaere, Marion Walsmann, Stefania Zambelli

Renew

Andrus Ansip, Vlad-Marius Botoş, Dita Charanzová, Sandro Gozi, Ivars Ijabs, Róża Thun und Hohenstein, Marco Zullo

S&D

João Albuquerque, Laura Ballarín Cereza, Biljana Borzan, Leszek Miller, René Repasi, Christel Schaldemose, Petar Vitanov

The Left

Kateřina Konečná, Anne-Sophie Pelletier

Verts/ALE

Anna Cavazzini, David Cormand, Francisco Guerreiro, Marcel Kolaja, Kim Van Sparrentak

 

0

-

 

 

 

2

0

ID

Virginie Joron, Jean-Lin Lacapelle

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 7 Nollaig 2023
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais