TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair a mhéid a bhaineann le malgam fiaclóireachta agus táirgí eile ar cuireadh mearcair leo faoi réir srianta ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú
11.1.2024 - (COM(2023)0395 – C9‑0309/2023 – 2023/0272(COD)) - ***I
An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
Rapóirtéir: Marlene Mortler
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair a mhéid a bhaineann le malgam fiaclóireachta agus táirgí eile ar cuireadh mearcair leo faoi réir srianta ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú
(COM(2023)0395 – C9‑0309/2023 – 2023/0272(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0395),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0309/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 26 Deireadh Fómhair 2023[1],
– tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0002/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(1a) Is ceimeacán é mearcair arb ábhar imní domhanda é don chomhshaol, mar gheall ar a iompar fadraoin atmaisféarach, a mharthanacht tar éis a thabhairt isteach antrapaigineach sa chomhshaol agus a chumas chun bithcharnú in éiceachórais. Tá éifeachtaí diúltacha suntasacha ag mearcair ar shláinte an duine freisin agus cuirtear é ar aghaidh ó mháithreacha go leanaí tríd an bplacaint nó trí bheathú cíche. D'fhéadfadh truailliú mearcair an chomhshaoil a bheith mar thoradh ar ghníomhaíochtaí antrapaigineacha, lena n-áirítear bainistiú neamhdhóthanach dramhaíola mearcair, créamadh nó deighilteoirí éigeantacha a chur chun feidhme go míchuí i gcleachtais fiaclóireachta. |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) I bhfianaise roghanna malartacha saor ó mhearcair a bheith ar fáil, is iomchuí toirmeasc a chur ar úsáid malgaim fiaclóireachta le haghaidh cóireáil fiaclóireachta ar an bpobal trí chéile, agus an fhéidearthacht go n-úsáidfí malgam fiaclóireachta le haghaidh othair a bhfuil riachtanais shonracha leighis acu á coinneáil ar bun. Chun malgam fiaclóireachta, atá toirmiscthe ar mhargadh an Aontais, a chosc óna bheith monaraithe lena onnmhairiú ón Aontas, is gá monarú agus onnmhairiú malgaim fiaclóireachta a thoirmeasc. Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2017/852 a leasú dá réir. |
(4) I bhfianaise roghanna malartacha saor ó mhearcair a bheith ar fáil, inacmhainneacht ábhar malartach agus an t-aistriú atá ag tarlú faoi láthair go líontaí atá saor ó mhearcair i roinnt mhaith Ballstát, is iomchuí toirmeasc a chur ar úsáid malgaim fiaclóireachta le haghaidh cóireáil fiaclóireachta ar an bpobal trí chéile, agus an fhéidearthacht go n-úsáidfí malgam fiaclóireachta le haghaidh othair a bhfuil riachtanais shonracha leighis acu á coinneáil ar bun. Tá dul chun cinn déanta cheana i roinnt mhaith Ballstát maidir leis an aistriú go roghanna malartacha atá saor ó mhearcair le haghaidh líontaí fiaclóireachta, agus béim á leagan, ar an gcaoi sin, ar indéantacht an toirmisc sin agus an gá a bhaineann leis mar bhealach costéifeachtach truailliú breise mearcair a chosc. Chun malgam fiaclóireachta, atá toirmiscthe ar mhargadh an Aontais, a chosc óna bheith monaraithe lena onnmhairiú ón Aontas, is gá monarú agus onnmhairiú malgaim fiaclóireachta a thoirmeasc. Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2017/852 a leasú dá réir. |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(4a) Is foinse shuntasach scaoiltí mearcair san atmaisféar iad créamatóiriamaí agus fiú le deireadh a chur de réir a chéile le malgam fiaclóireachta, leanfaidh créamatóiriamaí de bheith ag cur le truailliú mearcair aeir, uisce agus ithreach. Is gá faisnéis a bhailiú maidir le bearta arna gcur chun feidhme sna Ballstáit, agus treoirlínte le haghaidh créamatóiriamaí a fhorbairt, chun cosc iomchuí ar thruailliú a bhaint amach agus an tionchar ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine a mhaolú. |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) Le hAirteagal 4(1) de Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle44 cuirtear toirmeasc ar threalamh leictreach agus leictreonach áirithe ina bhfuil mearcair a chur ar mhargadh an Aontais agus a allmhairiú isteach san Aontas. Liostaítear le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin, i measc nithe eile, lampaí áirithe ar cuireadh mearcair leo atá díolmhaithe ón toirmeasc sin go dtí na dátaí a shonraítear inti. Chuaigh an díolúine sin in éag cheana féin an 13 Aibreán 2016 i gcás lampaí halafosfáite neamhlíneacha, agus rachaidh sí in éag an 24 Feabhra 2023 nó an 24 Feabhra 2027 i gcás dlúthshoilse fluaraiseacha, lampaí fluaraiseacha líneacha agus gal-lampaí sóidiam ardbhrú áirithe chun críoch soilsithe ghinearálta, agus i gcás lampaí fluaraiseacha fosfair trí bhanda neamhlíneacha. Ina theannta sin, liostaítear lampaí fluaraiseacha líneacha áirithe chun críoch soilsithe ghinearálta lena dtoirmeasc amach anseo i gCinneadh MC-4/3 arna ghlacadh ag an gceathrú cruinniú, a reáchtáladh an 23 nó 25 Márta 2022, de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair45. Thacaigh an tAontas leis an gCinneadh sin trí bhíthin Chinneadh (AE) 2022/549 ón gCoimisiún46. Ós rud é nach gcumhdaítear cuid de na lampaí sin faoi láthair le Cuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852, ba cheart iad áireamh inti, ar mhaithe le comhleanúnachas, chun a monarú agus a n-onnmhairiú a thoirmeasc ó na dátaí i gcomhréir le hIarscríbhinn III de Threoir 2011/65/AE agus na dátaí is uaillmhianaí a áirítear i gCinneadh MC-4/3. |
(5) Le hAirteagal 4(1) de Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle44 cuirtear toirmeasc ar threalamh leictreach agus leictreonach áirithe ina bhfuil mearcair a chur ar mhargadh an Aontais agus a allmhairiú isteach san Aontas. Liostaítear le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin, i measc nithe eile, lampaí áirithe ar cuireadh mearcair leo atá díolmhaithe ón toirmeasc sin go dtí na dátaí a shonraítear inti. Chuaigh an díolúine sin in éag cheana féin an 13 Aibreán 2016 i gcás lampaí halafosfáite neamhlíneacha, an 24 Feabhra 2023 i gcás dlúthlampaí fluaraiseacha áirithe agus an 24 Lúnasa 2023 i gcás lampaí fluaraiseacha líneacha chun críoch soilsithe ghinearálta. Maidir le lampaí fluaraiseacha fosfair neamhlíneacha, rachaidh an díolúine in éag an 24 Feabhra 2025. Chuaigh an díolúine i gcás formhór na ngal-lampaí sóidiam ardbhrú chun críoch soilsithe ghinearálta a bhfuil dathinnéacs feabhsaithe leo in éag an 24 Feabhra 2023, ach do na lampaí a bhí fágtha chomh maith leis na gal-lampaí sóidiam ardbhrú chun críoch soilsithe ghinearálta, rachaidh an díolúine in éag an 24 Feabhra 2025. Ina theannta sin, liostaítear lampaí fluaraiseacha líneacha áirithe chun críoch soilsithe ghinearálta lena dtoirmeasc amach anseo i gCinneadh MC-4/3 arna ghlacadh ag an gceathrú cruinniú, a reáchtáladh an 23 nó 25 Márta 2022, de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair45. Thacaigh an tAontas leis an gCinneadh sin trí bhíthin Chinneadh (AE) 2022/549 ón gCoimisiún46. Ós rud é gurb iomchuí toirmeasc a chur ar onnmhairiú na lampaí ar cuireadh mearcair leo atá fágtha ón Aontas a luaithe agus is féidir agus nach gcumhdaítear cuid de na lampaí sin faoi láthair le Cuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852, ba cheart iad a áireamh inti, ar mhaithe le comhleanúnachas, chun a monarú agus a n-onnmhairiú a thoirmeasc ó na dátaí arna sonrú in Iarscríbhinn III de Threoir 2011/65/AE agus na dátaí is uaillmhianaí a áirítear i gCinneadh MC-4/3. Ina theannta sin, is féidir comhthairbhí móra a bhaint amach trí dheireadh a chur de réir a chéile le honnmhairiú lampaí ar cuireadh mearcair leo a luaithe agus is féidir, ós rud é go bhfuil ábhair mhalartacha atá saor ó mhearcair níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de agus go gcuirfí cosc dá bhrí sin ar scaoileadh tonaí d’astaíochtaí CO2. |
__________________ |
__________________ |
44 Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 174, 1.7.2011). |
44 Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 174, 1.7.2011). |
45 Cinneadh (AE) 2022/549 ón gComhairle an 17 Márta 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an dara cuid den cheathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a mhéid a bhaineann le Cinneadh a ghlacadh chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú (IO L 107, 6.4.2022, lch. 78). |
45 Cinneadh (AE) 2022/549 ón gComhairle an 17 Márta 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an dara cuid den cheathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a mhéid a bhaineann le Cinneadh a ghlacadh chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú (IO L 107, 6.4.2022, lch. 78). |
46 Cinneadh (AE) 2022/549 ón gComhairle an 17 Márta 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an dara cuid den cheathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata |
46 Cinneadh (AE) 2022/549 ón gComhairle an 17 Márta 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an dara cuid den cheathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(5a) I bhfianaise na n-éifeachtaí díobhálacha a bhaineann le mearcair agus comhdhúile mearcair ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, ba cheart nochtadh agus astaíochtaí a íoslaghdú tuilleadh a mhéid is féidir. Léirítear i dtuarascálacha le déanaí go bhfuil cuideachtaí Eorpacha ag monarú agus ag onnmhairiú comhdhúile mearcair a úsáidtear le haghaidh úsáidí neamhcheadaithe, go háirithe i gcosmaidí. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún tuairisciú ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú Choinbhinsiún Minamata, go háirithe maidir le mearcair agus comhdhúile mearcair a úsáid i gcosmaidí agus maidir le monarú, allmhairiú agus onnmhairiú mearcair agus comhdhúl mearcair le haghaidh úsáidí neamhcheadaithe. Ba cheart don Choimisiún measúnú breise a dhéanamh ar na húsáidí mearcair atá fágtha, mar shampla i bpóiriméadracht, i dtithe solais agus i vacsaíní, chomh maith leis an ngá atá le liosta na bhfoinsí móra dramhaíola a leasú, agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart dó bearta a mholadh chun deireadh a chur de réir a chéile leis na húsáidí sin agus monarú, allmhairiú agus onnmhairiú a rialáil chun na gcríoch sin. |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(5b) I bhfianaise easpa na gcóras bailithe cuí le haghaidh táirgí ar cuireadh mearcair leo i ndramhaíl neamhleictreonach agus leictreonach, leanann astaíochtaí tánaisteacha mearcair ó líonadh talún agus ó loisceoirí dramhaíola de bheith ann, rud a léiríonn gur gá na táirgí sin a bhailiú ar leithligh agus ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe a
Rialachán (AE) 2017/852
Airteagal 10 – mír 2a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2a. Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, ní úsáidfear malgam fiaclóireachta le haghaidh cóireáil fiaclóireachta ar dhuine ar bith den phobal, ach amháin i gcás ina measfaidh an cleachtóir fiaclóireachta go bhfuil géarghá leis bunaithe ar riachtanais shonracha leighis an othair.; |
2a. Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, ní úsáidfear malgam fiaclóireachta le haghaidh cóireáil fiaclóireachta ar dhuine ar bith den phobal, ach amháin i gcás ina measfaidh an cleachtóir fiaclóireachta go bhfuil géarghá leis bunaithe ar riachtanais shonracha leighis an othair a bhfuil údar cuí leo.; |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 a (nua)
Rialachán (AE) 2017/852
Airteagal 11 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(1a) In Airteagal 11, cuirtear an mhír seo a leanas leis: |
|
‘Measfar gur dramhaíl iad táirgí ar cuireadh mearcair leo atá fós i gcúrsaíocht agus nach féidir a úsáid a thuilleadh agus baileofar iad ar leithligh agus ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.’ |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 b (nua)
Rialachán (AE) 2017/852
Airteagal 18 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(1b) In Airteagal 18, cuirtear an mhír seo a leanas leis: |
|
‘3a. Faoin 31 Meitheamh 2024, agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir le bearta atá beartaithe agus curtha chun feidhme chun astaíochtaí agus scaoiltí mearcair ó chréamatóiriamaí a laghdú. |
|
Cuirfidh an Coimisiún na sonraí maidir le bearta arna dtuairisciú ag na Ballstáit i gcomhréir leis an gcéad fhomhír ar fáil go poiblí.’ |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 c (nua)
Rialachán (AE) 2017/852
Airteagal 19 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(1c) In Airteagal 19, cuirtear an mhír seo a leanas leis: |
|
‘1a. Faoin 31 Nollaig 2025, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le hastaíochtaí agus scaoiltí mearcair ó chréamatóiriamaí a laghdú ar bhonn an tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 18(3a) agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé treoirlínte a dhréachtú maidir leis na teicneolaíochtaí laghdaithe chun astaíochtaí agus scaoiltí mearcair ó chréamatóiriamaí a rialú agus a laghdú, agus na treoirlínte atá ann cheana á gcur san áireamh.’ |
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 d (nua)
Rialachán (AE) 2017/852
Airteagal 19 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(1d) In Airteagal 19, cuirtear an mhír seo a leanas leis: |
|
‘2a. Faoin 30 Meitheamh 2026, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a indéanta atá sé na díolúintí maidir le húsáid an mhalgaim fiaclóireachta, dá dtagraítear in Airteagal 10, a tharraingt siar faoi 2030. Tabharfar breac-chuntas sa tuarascáil sin freisin ar an tionchar ar shláinte na n-othar i gcoitinne agus na n-othar atá ag brath ar líontaí malgaim. |
|
Molfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, bearta i dteannta lena thuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír. |
|
Faoin 31 Nollaig 2026 ar a dhéanaí, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an méid seo a leanas: |
|
(a) cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Choinbhinsiúin lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le deireadh a chur de réir a chéile le mearcair i gcosmaidí faoi 2025 ag na Páirtithe sa Choinbhinsiún agus monarú, allmhairiú agus onnmhairiú comhdhúl mearcair le haghaidh cleachtais neamhdhleathacha laistigh den Aontas agus ar fud an domhain a rialú agus a dhíothú; |
|
(b) an gá atá le deireadh a chur de réir a chéile leis na húsáidí mearcair atá fágtha, amhail i dtithe solais agus i bpóiriméadracht; |
|
(c) a riachtanaí atá sé cur leis an liosta d’fhoinsí dramhaíola mearcair dá dtagraítear in Airteagal 11. |
|
I dteannta lena thuarascáil dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo, molfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, bearta, amhail athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a agus srianta ar onnmhairí clóiríd asainíd mhearcarach (HgNH2Cl). |
|
__________________________________ |
|
1a Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú agus a allmhairiú (IO L 201, 27.7.2012, lch. 60).’ |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 e (nua)
Rialachán (AE) 2017/852
Airteagal 19 – mír 3
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(1d) In Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: |
3. Tíolacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach i dteannta lena thuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2. |
3. Tíolacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach i dteannta lena thuarascálacha dá dtagraítear san Airteagal sin. |
(02017R0852)
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2017/852
Iarscríbhinn II – cuid A - iontráil 4a
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
|
‘4a. Lampaí fosfair trí bhanda chun críoch soilsithe ghinearálta nach n-áirítear in iontráil 4, pointe (a). |
31.12.2027 |
Leasú |
|
‘4a. Lampaí fosfair trí bhanda chun críoch soilsithe ghinearálta nach n-áirítear in iontráil 4, pointe (a). |
31.12.2025 |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2017/852
Iarscríbhinn II – cuid A - iontráil 4c
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
|
4c. Lampaí fosfair trí bhanda neamhlíneacha |
31.12.2027 |
Leasú |
|
4c. Lampaí fosfair trí bhanda neamhlíneacha |
31.12.2025 |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn – mír 1 – pointe 3
Rialachán (AE) 2017/852
Iarscríbhinn II – cuid A – iontráil 5a
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
|
5a. Lampaí (gaile) mearcair sóidiam ardbhrú (HPSanna) chun críoch soilsithe ghinearálta. |
31.12.2025 |
Leasú |
|
5a. Lampaí (gaile) mearcair sóidiam ardbhrú (HPSanna) chun críoch soilsithe ghinearálta le:
(a) P ≤ 105 W is mó ná 16 mg Hg; (b) 105 W < P ≤ 155 W is mó ná 20 mg Hg; (c) P > 155 W is mó ná 25 mg Hg; |
31.12.2025 |
IARSCRÍBHINN: LIOSTA DE NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR
De bhun Airteagal 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta, dearbhaíonn an rapóirtéir go bhfuair sí ionchur ó na heintitis nó ó na daoine a leanas in ullmhú na tuarascála, go dtí go nglacfar sa choiste í:
Eintiteas agus/nó duine |
Bundeszahnärztekammer |
European Network for Environmental Medicine |
NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair a mhéid a bhaineann le malgam fiaclóireachta agus táirgí eile ar cuireadh mearcair leo faoi réir srianta ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú |
|||
Tagairtí |
COM(2023)0395 – C9-0309/2023 – 2023/0272(COD) |
|||
Dáta tíolactha chun PE |
14.7.2023 |
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ENVI 11.9.2023 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Marlene Mortler 23.8.2023 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
20.11.2023 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
11.1.2024 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
70 3 7 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Catherine Amalric, Mathilde Androuët, Maria Arena, Traian Băsescu, Aurélia Beigneux, Hildegard Bentele, Delara Burkhardt, Pascal Canfin, Nathalie Colin-Oesterlé, Corina Crețu, Maria Angela Danzì, Esther de Lange, Bas Eickhout, Cyrus Engerer, Malte Gallée, Gianna Gancia, Teuvo Hakkarainen, Anja Hazekamp, Martin Hojsík, Pär Holmgren, Jan Huitema, Petros Kokkalis, Ewa Kopacz, Peter Liese, Javi López, César Luena, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Lydie Massard, Marina Mesure, Tilly Metz, Silvia Modig, Ville Niinistö, Ljudmila Novak, Grace O’Sullivan, Nikos Papandreou, Jutta Paulus, Jessica Polfjärd, Sándor Rónai, Maria Veronica Rossi, Laurence Sailliet, Silvia Sardone, Ivan Vilibor Sinčić, Maria Spyraki, Nils Torvalds, Edina Tóth, Alexandr Vondra, Emma Wiesner |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
João Albuquerque, Catherine Chabaud, Christophe Clergeau, Estrella Durá Ferrandis, Jens Gieseke, Nicolás González Casares, Radan Kanev, Ska Keller, Danilo Oscar Lancini, Marisa Matias, Max Orville, Robert Roos, Susana Solís Pérez, Róża Thun und Hohenstein, Nikolaj Villumsen |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Mazaly Aguilar, Tom Berendsen, Lars Patrick Berg, Marie Dauchy, Andrius Kubilius, Karen Melchior, Andżelika Anna Możdżanowska, Andrey Novakov, Maite Pagazaurtundúa, Markus Pieper, René Repasi, Raffaele Stancanelli, François Thiollet, Johan Van Overtveldt, Lucia Vuolo, Bernhard Zimniok, Carlos Zorrinho |
|||
Dáta don chur síos |
12.1.2024 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
70 |
+ |
ECR |
Mazaly Aguilar, Andżelika Anna Możdżanowska, Robert Roos |
ID |
Gianna Gancia, Danilo Oscar Lancini, Maria Veronica Rossi, Silvia Sardone |
NI |
Maria Angela Danzì, Edina Tóth |
PPE |
Traian Băsescu, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Nathalie Colin-Oesterlé, Jens Gieseke, Radan Kanev, Ewa Kopacz, Andrius Kubilius, Esther de Lange, Peter Liese, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Ljudmila Novak, Andrey Novakov, Markus Pieper, Jessica Polfjärd, Laurence Sailliet, Maria Spyraki, Lucia Vuolo |
Renew |
Catherine Amalric, Pascal Canfin, Catherine Chabaud, Martin Hojsík, Jan Huitema, Karen Melchior, Max Orville, Maite Pagazaurtundúa, Susana Solís Pérez, Róża Thun und Hohenstein, Nils Torvalds, Emma Wiesner |
S&D |
João Albuquerque, Maria Arena, Delara Burkhardt, Christophe Clergeau, Corina Crețu, Estrella Durá Ferrandis, Cyrus Engerer, Nicolás González Casares, Javi López, César Luena, Nikos Papandreou, René Repasi, Sándor Rónai, Carlos Zorrinho |
An Chlé |
Anja Hazekamp, Petros Kokkalis, Marisa Matias, Marina Mesure, Silvia Modig, Nikolaj Villumsen |
Na Glasaigh/SCE |
Bas Eickhout, Malte Gallée, Pär Holmgren, Ska Keller, Lydie Massard, Tilly Metz, Ville Niinistö, Grace O'Sullivan, Jutta Paulus, François Thiollet |
3 |
- |
ID |
Mathilde Androuët, Aurélia Beigneux, Marie Dauchy |
7 |
0 |
ECR |
Lars Patrick Berg, Teuvo Hakkarainen, Raffaele Stancanelli, Johan Van Overtveldt, Alexandr Vondra |
ID |
Bernhard Zimniok |
NI |
Ivan Vilibor Sinčić |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.