TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le staid na gcaibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe
11.12.2017 - (2017/2964(RSP))
de bhun Riail 123(2) de na Rialacha Nós Imeachta
Tim Aker thar ceann Ghrúpa EFDD
B8‑0676/2017
Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le staid na gcaibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don fhógra a thug Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe don Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
– ag féachaint d’Airteagal 25 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020[1],
– ag féachaint d’Airteagal 47 den Chonradh ar an Aontas Eorpach lena mbunaítear pearsantacht dhlítheanach an Aontais,
– ag féachaint don tuarascáil ó Choiste an Aontais Eorpaigh i dTeach na dTiarnaí maidir le Brexit agus do Bhuiséad AE a foilsíodh an 4 Márta 2017 (HL Paper 125),
– ag féachaint don cheanglas in Airteagal 50 go mbeadh an chaibidlíocht ag ‘féachaint don chreat [don] ghaolmhaireacht sa todhchaí leis an Aontas’ sna socruithe don tarraingt siar,
_ ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe agus do Rún 25/2625 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 24 Deireadh Fómhair 1970 maidir le ‘Prionsabail an dlí idirnáisiúnta a bhaineann le Caidreamh Cairdiúil agus le Comhar i measc na Stát i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe’,
– ag féachaint do Riail 123(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí gur vótáil 51.8 % de vótálaithe na Ríochta Aontaithe (17.4 milliún duine) ar an 23 Meitheamh 2016 i bhfabhar an tAontas Eorpach a fhágáil;
B. de bhrí go scoirfidh aon oibleagáid airgeadais atá ag an Ríocht Aontaithe i leith AE, de réir an dlí idirnáisiúnta, ag deireadh na tréimhse fógra faoi Airteagal 50 mura gcomhaontófar a mhalairt;
C. de bhrí gurb é an Ríocht Aontaithe an dara ranníocóir glan is mó ag AE, tar éis í a bheith ina ranníocóir glan do gach bliain dá ballraíocht (cé is moite de 1975);
D. de bhrí gur aontas custaim le comhtharaif sheachtrach is ea an tAontas Eorpach agus, dá bharr sin, nach limistéar saorthrádála é;
E. de bhrí go dtuigtear leis an téarma ‘margadh aonair ’ gurb aon chríoch amháin é AE gan teorainneacha inmheánacha ná bacanna rialála ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí; ach is fada ó cheann scríbe atá sé, go háirithe i ndáil le seirbhísí;
1. Ag tabhairt dá haire tiomantas seanbhunaithe an Aontais Eorpaigh ‘d’aontas buandlúite’ agus do ghlacadh an acquis communautaire atá riachtanach ina leith sin;
2. Ag aithint na sprice sin, ach freisin go bhféadfadh sé nach é seo is rogha le daoine áirithe ar mian leo ceannasacht náisiúnta a choinneáil agus a bhfuil fís éagsúil acu de chónaidhm náisiúnstát;
3. Á chreidiúint nár éirigh le coincheap na coimhdeachta an bhearna idir dhá fhís éagsúla a líonadh; á mheas gur rogha dhlisteanach é toradh reifreann na Ríochta Aontaithe chun fágála, agus í déanta ag Ballstát nach n-aontaíonn formhór a mhuintire le dearcadh an ‘aontais bhuandlúite’;
4. Á chreidiúint go bhféadfadh sé go mbeadh agus gur cheart go mbeadh imeacht na Ríochta Aontaithe ag dul chun tairbhe na bpáirtithe ar fad trí na milliúin daoine, nach n-aontaíonn le sprioc is tábhachtaí an Aontais, a ligean as an Aontas sin;
5. Á chreidiúint gur cheart go bhféachfaí le haon socrú nua idir an Ríocht Aontaithe atá ag imeacht agus an chuid eile den Aontas Eorpach a bheith ina shocrú cómhalartach, mar go gcothófaí olc i gcás ar bith eile agus go gcruthófaí fadhbanna sa todhchaí;
6. Á iarraidh go mbeadh dearcadh dearfach ann, dá bhrí sin, i leith na sprice fadtéarmaí go ndéanfar, faoi na socruithe nua, an leas is fearr is féidir a bhaint as a bhfuil i ndán do chách maidir le daonlathas, rathúnas agus tóraíocht an tsonais don Eoraip ina hiomláine agus, a mhéid is féidir sin a dhéanamh, don domhan ar fad;
7. Á thabhairt dá haire gur mhair ‘beartais déine’ AE na blianta fada gan an chuma ar an scéal gur baineadh amach an cor chun feabhais agus an filleadh chun rathúnais a rabhthas ag siúl leis;
8. Á bhaint de thátal as, dá bhrí sin, cé go bhfuil mórán de chroíbheartais an Aontais Eorpaigh ag loiceadh ar shaoránaigh AE, go ndiúltaíonn an tAontas Eorpach roghanna malartacha a chur ar fáil thar ‘tuilleadh den rud céanna arís’;
9. Á thabhairt dá haire, in ainneoin an méid a deirtear go minic, go bhfuil seasamh rialtas na Ríochta Aontaithe soiléir agus díreach ó thaobh coincheapa de, is é sin cad atá ag teastáil ón Ríocht Aontaithe:
• saorghluaiseacht caipitil, earraí agus seirbhísí (arb é sin atá i gceist le ‘saorthrádáil’ i ndáiríre);
• saoirse ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;
• saoire chun comhaontuithe trádála a dhéanamh le tríú tíortha;
• saoirse chun a cuid teorainneacha a rialú (lena n-áirítear a huiscí críochacha agus Limistéar Eacnamaíoch Eisiach);
• gan saorghluaiseacht daoine a bheith ann, i bhfianaise baint a bheith aige leis an méid seo a leanas: (i) rochtain ar sheirbhísí poiblí, cearta sochair agus fostaíochta (mar gheall ar na fadhbanna móra a eascraíonn as an rochtain sin a thabhairt do na milliúin daoine ó thíortha a bhfuil caighdeáin mhaireachtála an-éagsúil iontu); agus (ii) teifigh agus iarrthóirí tearmainn a bheith ina n-ualach ar Bhallstáit nach bhfuil pobal na dtíortha sin ag iarraidh iad a bheith ann;
10. Á thabhairt dá haire agus ag tacú le Rún 25/2625 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 24 Deireadh Fómhair 1970, agus go háirithe an méid seo a leanas a leagtar amach ann: (a) an prionsabal a bhaineann leis an dualgas gan idirghabháil a dhéanamh i nithe laistigh de dhlínse baile Stát ar bith, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe; (b) prionsabal na gceart comhionann agus prionsabal féinchinntiúcháin na bpobal; (c) prionsabal an chomhionannais cheannasaigh atá ag Stáit; agus (d) an prionsabal go gcomhlíonfaidh Stáit de mheon macánta na hoibleagaidí atá gafa orthu féin i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe;
11. Á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
- [1] IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.