TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le rannphairtíocht fostaithe i mbainistiú gnólachtaí a chur chun cinn
28.2.2018
Salvatore Domenico Pogliese
B8‑0129/2018
Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le rannphairtíocht fostaithe i mbainistiú gnólachtaí a chur chun cinn
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Riail 133 dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí go mbeidh sé deacair borradh a chur faoin bhfostaíocht agus geilleagar na hEorpa a neartú d’uireasa rannpháirtíocht éifeachtach fostaithe i roghanna straitéiseacha gnólachtaí;
B. de bhrí go ndéantar, trí rannpháirtíocht fostaithe i mbainistiú gnólachtaí a chur chun cinn, cuntasacht shóisialta na gnólachta agus an tuiscint ar an obair mar ghné ghníomhach den gheilleagar, seachas mar ghné éighníomhach de, a chothú;
C. ag meabhrú di gur mheabhraigh an Pharlaimint, ina rún an 19 Eanáir 2017 maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, go bhfuil rannpháirtíocht fostaithe sa phróiseas cinnteoireachta agus i mbainistiú cuideachtaí fíorthábhachtach chun úsáid iomchuí cineálacha nua eagraithe oibre a áirithiú agus chun athruithe sa gheilleagar a thuar;
D. ag cur i dtreis go bhféadfadh an Aontas Eorpach, ar bhonn Airteagail 5, 112, 115, 151 agus 153 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tacú agus cabhrú le gníomhaíochtaí na mBallstát i dtaca le rannpháirtíocht na bhfostaithe.
1. á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach pacáiste de bhearta reachtacha a mholadh chun méadú ar rannpháirtíocht fostaithe i mbainistiú gnólachtaí ar fud an Aontais Eorpaigh.