TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN i dtaca le hiarraidhar mhaolú ar na moltaí maidir le bithbhreoslaí
28.2.2018
Joëlle Mélin, Philippe Loiseau
B8‑0131/2018
Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa i dtaca le hiarraidh ar mhaolú ar na moltaí maidir le bithbhreoslaí
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Riail 133 dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí go bhfuil an ráta malairte reatha don euro/dollar, an-neamhfhabhrach don Eoraip;
B. de bhrí go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar an gcánachas ar bhreoslaí gluaisteáin i mBallstáit áirithe, atá ag cur brú ar an mbuiséad agus ar an gcumhacht ceannaigh;
C. de bhrí nach bhfuil an dara rogha ag tiománaithe, go háirithe iad siúd i limistéir thuaithe, ach a bhfeithicil phearsanta a úsáid ina saol gairmiúil agus ina saol laethúil;
1. ag iarraidh go mbeidh maolú ar na moltaí maidir le roghanna malartacha ar bhreoslaí iontaise, go háirithe bithbhreoslaí;
2. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.