Tairiscint i gcomhair rúin - B8-0182/2018Tairiscint i gcomhair rúin
B8-0182/2018

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le teangacha Eorpacha a úsáid san oideachas meánscoile

10.4.2018

de bhun Riail 133 de na Rialacha Nós Imeachta

Angel Dzhambazki

B8‑0182/2018

Tairiscint i gcomhair rún ó Parlaimint na hEorpa maidir le teangacha Eorpacha a úsáid san oideachas meánscoile

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Riail 133 dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  de bhrí gur bealach riachtanach é spreagadh a thabhairt d'fhoghlaim teangacha agus don éagsúlacht teangacha san Eoraip chun cultúr a chur chun cinn agus chun a áirithiú go gcomhlíontar dlí AE;

B.  de bhrí go bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta, chun fostaíochta agus chun foghlama san Eoraip fíorthábhachtach don mhargadh aonair;

1.  ag creidiúint go bhfuil sé idirdhealaitheach an deis a shéanadh ar dhaltaí meánscoile scrúduithe a dhéanamh i mionteanga de chuid AE agus go mbaineann sé an bonn de phrionsabail bhunúsacha an Aontais Eorpaigh;

2.  den tuairim gur cheart do scoileanna a gcuid modhanna múinte a athrú chun plé go tairbheach agus go dearfach le leanaí a bhfuil cúlraí éagsúla teanga acu chun go mbeidh rath ar gach dalta ar scoil dá bharr;

3.  ag meas gur sárú é diúltú d'úsáid mionteanga de chuid AE i scrúduithe meánscoile ar Airteagal 46 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le bearta atá de dhíth chun saorghluaiseacht d’oibrithe a bhaint amach, Airteagal 165(1) agus (2) CFAE agus Airteagal 3 de Threoir 77/486/CEE maidir le hoideachas do leanaí oibrithe imirceacha.

An nuashonrú is déanaí: 7 Bealtaine 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais