Tairiscint i gcomhair rúin - B8-0479/2018Tairiscint i gcomhair rúin
B8-0479/2018

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir leis an oidhreacht teanga agus chultúrtha réigiúnach agus áitiúil a fheabhsú agus a chur chun cinn

15.10.2018

de bhun Riail 133 de na Rialacha Nós Imeachta

Mara Bizzotto

B8‑0479/2018

Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an oidhreacht teanga agus chultúrtha réigiúnach agus áitiúil a fheabhsú agus a chur chun cinn

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Riail 133 dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  ag féachaint di don scata teangacha agus cultúr atá ina n-eithne d’oidhreacht teanga agus chultúrtha na hEorpa;

B.  ag féachaint di do na Cairteanna maidir le cearta teanga;

C.  de bhrí go dtugann UNESCO aitheantas mar theangacha do seó canúintí réigiúnacha agus áitiúla nach bhfuil cosaint fhoirmiúil teanga tugtha fós dóibh;

D.  de bhrí go ndéanann an tAontas Eorpach an t-ilteangachas a chur chun cinn mar rud nach féidir déanamh dá uireasa chun maireachtáil, staidéar agus oibriú san Eoraip;

E.  de bhrí go bhfuil cur chun cinn na hoidhreachta teanga, staire agus cultúrtha ina phríomhghné d’earnálacha eacnamaíocha tábhachtacha san Eoraip, go háirithe an earnáil agraibhia, earnáil na ceardaíochta agus earnáil na turasóireachta;

1.  Á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnaimh agus tionscadail a chur chun cinn arb é is aidhm leo taighde a dhéanamh ar oidhreacht teanga agus chultúrtha theangacha agus chultúir chríocha agus réigiúin an Aontais, an oidhreacht sin a chraobhscaoileadh, agus feabhas a chur uirthi, mar aon le tacaíocht a thabhairt do na tionscnaimh agus na tionscadail sin;

2.  Á iarraidh air chomh maith foghlaim agus teagasc teangacha réigiúnacha agus áitiúla agus cultúr réigiúnach agus áitiúil a chur chun cinn i bhforais oideachais den uile chineál agus leibhéal.

An nuashonrú is déanaí: 9 Samhain 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais