Tairiscint i gcomhair rúin - B8-0512/2018Tairiscint i gcomhair rúin
B8-0512/2018

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le bonn tionsclaíoch láidir a choinneáil san Eoraip

29.10.2018

de bhun Riail 133 de na Rialacha Nós Imeachta

Ivan Jakovčić, Jozo Radoš

B8‑0512/2018

Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le bonn tionsclaíoch láidir a choinneáil san Eoraip

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Riail 133 dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  de bhrí gurb ionann an tionscal Eorpach agus bunús gheilleagar agus shaibhreas na hEorpa, le sprioc go mbeadh sciar 20 % de OTI an Aontais bunaithe ar thionscal roimh 2020;

B.  de bhrí nach bhféadfar sprioc mar sin a bhaint amach mura neartaíonn agus mura láidríonn an tAontas Eorpach na hionstraimí chun an tionscal Eorpach a chosaint ar gheilleagair a iomaitheoirí, a ndéantar fóirdheonú suntasach orthu;

C.  de bhrí nach mór don Aontas a bheith freagrach, uaillmhianach agus réalaíoch chun ‘ionstraimí’ éifeachtúla agus cothroma a bhaint amach, lena ndaingneofar cosaint agus cinnteacht dhlíthiúil dár dtionscail;

1.  ag tathant ar an gCoimisiún uirlisí éifeachtacha a úsáid chun cuideachtaí Eorpacha a chur ar comhchéim lena n-iomaitheoirí, go háirithe maidir le tacaíocht a thabhairt d’onnmhairiú tháirgí agus theicneolaíochtaí AE;

2.  ag iarraidh ar an gCoimisiún córas faireacháin a chur ar bun lena ndéanfar scrúdú ar na hualaigh a chuirtear ar an tionscal Eorpach, agus nach mbíonn iomaitheoirí domhanda faoina réir;

3.  ag iarraidh ar an gCoimisiún sainmhíniú cuíchóirithe ar Státchabhair a éileamh taobh istigh d’eagraíochtaí iomaíochta idirnáisiúnta, amhail an Líonra Idirnáisiúnta um Iomaíocht;

4.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

 

An nuashonrú is déanaí: 19 Samhain 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais