Tairiscint i gcomhair rúin - B8-0595/2018Tairiscint i gcomhair rúin
B8-0595/2018

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le Lá Eorpach Aiste Bia na Meánmhara a bhunú

4.12.2018

de bhun Riail 133 de na Rialacha Nós Imeachta

Aldo Patriciello; Paolo De Castro; Alessandra Mussolini; Massimiliano Salini; Raffaele Fitto; Remo Sernagiotto; Innocenzo Leontini; Elisabetta Gardini; Andrea Cozzolino; Lorenzo Cesa; Alberto Cirio Stefano Maullu; Salvatore Cicu; Luigi Morgano; Andrea Cozzolino; Enrico Gasbarra; Barbara Matera; Giovanni La Via; Lara Comi

B8‑0595/2019

Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Lá Eorpach Aiste Bia na Meánmhara a bhunú

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Riail 133 dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  de bhrí gurb í Aiste Bia na Meánmhara gnáthshamhail bhia na dtíortha ina bhfástar an ológ agus gur saintréithe di iad bia de bhunadh plandaí a ithe, iasc úr, ola olóige úríon ina príomhfhoinse méathrais agus beagán fíona a ól, beagán feola a ithe, agus líon beag táirgí déiríochta a chaitheamh;

B.  de bhrí gurb iad an tséasúracht, cáilíocht na dtairgí logánta agus an solamar saintréithe Aiste Bia na Meánmhara;

C.  de bhrí go léirítear i staidéir eolaíochta iomadúla go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar bhaol na ngalar cardashoithíoch, na hailse, na ngalar néaraimheathlúcháin agus an ionchais saoil laghdaithe, agus go bhfuil na héifeachtaí tairbhiúla sin le sonrú freisin i measc pobal nach bhfuil i limistéar na Meánmhara;

D.  de bhrí, d’ainneoin na mbuntáistí sláinte agus an aitheantais ó UNESCO, a d’áirigh, in 2010, Aiste Bia na Meánmhara ar liosta na hoidhreachta cultúrtha doláimhsithe, go dtugtar le fios le sonraí a cruinníodh le déanaí go bhfuil cúl á thabhairt de réir a chéile leis an aiste bia sin, ní is léir i dtíortha na Meánmhara go háirithe; agus de bhrí gur athrú atá ann ó thaobh aiste bia de, atá ina léiriú ar athruithe socheacnamaíocha, agus a bhaineann go príomha leis an ógra;

E.  de bhrí go dtaibhsíonn sé, uime sin, gurb iad na dronga sin den phobal atá chun cinn sa tsochaí ó thaobh na heacnamaíochta de, agus iad siúd amháin, atá ag dul feasta d’aiste bia na Meánmhara, a shamhlaítí riamh anall le ceantair thuaithe;

1.  Á iarraidh, ar na cúiseanna thuasluaite, go nglacfaí tionscnaimh iomchuí chun eolas faoi Aiste Bia na Meánmhara, agus faoi na buntáistí sláinte a ghabhann léi, a scaipeadh san Eoraip, agus go mbunófaí ‘Lá Eorpach Aiste Bia na Meánmhara’.

An nuashonrú is déanaí: 28 Eanáir 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais