TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le harm de chuid na Cosaive a chruthú
20.12.2018
Dominique Bilde
B8‑0597/2018
Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le harm de chuid na Cosaive a chruthú
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Rún 1244(1999) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 10 Meitheamh 1999,
– ag féachaint don Togra le haghaidh Comhaontú maidir le Stádas na Cosaive, a cuireadh faoi bhráid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 26 Márta 2007,
– ag féachaint do bhunreacht Phoblacht na Cosaive, go háirithe Caibidil XI de,
– ag féachaint do Riail 133 dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí gur vótáil Parlaimint na Cosaive, an 14 Nollaig 2018, i bhfabhar arm a dhéanamh d’Fhórsa Slándála na Cosaive atá ann faoi láthair, ina mbeadh 5 000 saighdiúir (Euractiv, 14/12/2018), lenar seachnaítear an gá a bheadh le leasú bunreachtúil a mbeadh móramh dhá thrian de na Feisirí nach Albánaigh iad ag teastáil lena aghaidh;
B. de bhrí go leagtar amach sa Togra le haghaidh Comhaontú maidir le Stádas na Cosaive go bhféadfaidh Fórsa Slándála na Cosaive 2 500 ball gníomhach agus 800 ball cúltaca ar a mhéad a bheith aige;
1. ag cáineadh an ráitis a rinne Ambasáid na Stát Aontaithe sa Chosaiv an 14 Nollaig 2018 inar léiríodh tacaíocht don mholadh go ndéanfaí ‘fórsa lena mbaineann sainordú cosanta críche’ d’Fhórsa Slándála na Cosaive;
2. ag cur in iúl gur cúis imní di na rioscaí a bhainfeadh le harm de chuid na Cosaive a chruthú don chobhsaíocht sna Balcáin Thiar;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála cáineadh géar a dhéanamh ar chruthú airm de chuid na Cosaive.