TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le saoirse na meán mar choinníoll do thoghcháin dhaonlathacha
5.2.2019
Ivan Jakovčić, Jozo Radoš
B8‑0095/2019
Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le saoirse na meán mar choinníoll do thoghcháin dhaonlathacha
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Riail 133 dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí nach mbeidh saoirse rogha ag na toghthóirí mura bhfuil siad ar an eolas faoi na roghanna, agus de bhrí go bhfuil an ceart chun saoráil faisnéise agus an ceart chun saoirse na meán ina gcearta riachtanacha le haghaidh na dtoghchán saor;
B. de bhrí nach mór do na meáin a bheith in ann an pobal a chur ar an eolas, gan a bheith faoi réir brú pholaitiúil, brú eacnamaíoch, ná brú ar bith eile, agus le haird chuí ar eitic ghairmiúil;
C. de bhrí go mbaineann réimis uathlathacha agus grúpaí leasmhara úsáid as na meáin chun tuairimí an phobail a ionramháil le bréagnuacht agus go ndéanann siad feachtais bhréagaisnéise chomhordaithe chun ionsaí a dhéanamh ar iarrthóirí an fhreasúra, ar ghníomhaithe agus ar iriseoirí;
1. á áitiú ar na Ballstáit straitéisí éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun an próiseas toghchánach a chosaint ón mbaol ionramháil eolais agus róbholscaireacht trí na meáin shóisialta agus trí na meáin eile;
2. á iarraidh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcreataí rialála lena rialaítear clúdach na meán ar fheachtais toghcháin;
3. á iarraidh ar na Ballstáit, i gcás nach bhfuil sé déanta cheana féin, oibleagáid a chur ar na meáin chraolta phoiblí agus na meáin chraolta phríobháideacha feachtais toghcháin a chlúdach go cothrom agus go neamhchlaonta;
4. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.