TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le tacaíocht d’earnáil éineola na hIodáile
15.3.2019
Mara Bizzotto
B8‑0213/2019
Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le tacaíocht d’earnáil éineola na hIodáile
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Riail 133 dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí go bhfuil earnáil éineola na hIodáile ina hearnáil thábhachtach déantúsaíochta a bhfuil 64,000 oibrí fostaithe inti;
B. de bhrí, i míonna tosaigh 2019, gur tháinig laghdú ar phraghsanna táirgthe i gcás seó táirgí éineola ón Iodáil (an Iodáil: tír a ndéanta), go mór mór ar phraghsanna na gcearc, a thit go EUR 0,86 in aghaidh an chileagraim, arb ionann sin agus titim -22,4% i gcomórtas le comhionann na tréimhse sin in 2018;
C. de bhrí gurb é is údar leis an staid sin, ar dúshlán é d’earnáil éineola na hIodáile, saobhadh ar an margadh inmheánach de dheasca tosca éagsúla, lena n-áirítear an méadú atá tagtha ar allmhairiú táirgí éineola ó roinnt tríú tíortha ar chostais fhíorísle;
D. de bhrí, ina theannta sin, gur deacair do thomhaltóirí na lipéid ar tháirgí éineola a thuiscint.
1. á iarraidh ar an gCoimisiún an tacaíocht d’earnáil éineola na hIodáile a neartú trí bhíthin bearta iomchuí;
2. á áitiú air, lena chois sin, breithniú a dhéanamh i dtaobh feabhas a chur ar léiriú na faisnéise ar na lipéid ar tháirgí éineola.