Tairiscint i gcomhair rúin - B8-0261/2019Tairiscint i gcomhair rúin
B8-0261/2019

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le cáin dlúthpháirtíochta agus gnóthaí sóisialta

17.4.2019

de bhun Riail 133 de na Rialacha Nós Imeachta

Dominique Martin

B8‑0261/2019

Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cáin dlúthpháirtíochta agus gnóthaí sóisialta

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Riail 133 dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  de bhun na gciorruithe ar bhuiséad slándála sóisialta na Fraince[1];

B.  de bhrí go gcosnaíonn ‘Cúnamh Míochaine an Stáit’ (AME) san Fhrainc, a chuireann cúram míochaine saor in aisce ar fáil do dhaoine a bhfuil a stádas neamhdhlíthiúil[2], EUR 1 bhilliún ar an bhFrainc in aghaidh na bliana[3];

C.  de bhrí gur mhol Michel Foucher, iar-ambasadóir, ‘córas comhair um shlándáil shóisialta Afracach’ ag comhdháil de chuid Pharlaimint na hEorpa dar teideal ‘An Imirce a chur i gcroílár an chomhair idir an tAontas Eorpach agus an Afraic’[4];

D.  de bhrí go ndeachaigh USD 60 billiún[5] de thabhartais phríobháideacha i dtreo mhór-roinn na hAfraice in 2016, trí Western Union agus seirbhísí poist na dtíortha Eorpacha go príomha;

E.  de bhrí go dtoibhítear cánacha 7.45 % ar an meán ar na tabhartais sin;

F.  de bhrí go bhfuil méid an-mhór i gceist leis na cánacha sin agus go bhféadfaí sciar díobh a chur ar leataobh do chúram imirceach; de bhrí go gcumhdódh 2 % díobh costais uile AME agus mar sin go bhféadfaí leas a bhaint as cuid de na buiséid do Fhrancaigh a bhfuil cúram áirithe diúltaithe dóibh;

1.  á iarraidh ar an gCoimisiún cáin dlúthpháirtíochta de 7.45 % ar an meán a mholadh ionas nach gcuirfí cistí slándála sóisialta na mBallstát i mbaol.

An nuashonrú is déanaí: 17 Aibreán 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais