Tairiscint i gcomhair rúin - B9-0138/2020Tairiscint i gcomhair rúin
B9-0138/2020

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le bearta tacaíochta oideachais i dtráth neamhghnách

23.3.2020

de bhun Riail 143 de na Rialacha Nós Imeachta

Christine Anderson, Gianantonio Da Re

B9‑0138/2020

Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le bearta tacaíochta oideachais i dtráth neamhghnách

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagail 165 agus 166 CFAE,

 ag féachaint do Riail 143 dá Rialacha Nós Imeachta,

A. de bhrí gur tráth neamhghnách iad imthosca amhail paindéim an Choróinvíris atá ann faoi láthair;

B. de bhrí go leagtar síos in Airteagal 165 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go bhfuil inniúlacht eisiach ag na Ballstáit san oideachas agus sa ghairmoiliúint;

C. de bhrí go bhfuil uirlisí tagartha coiteanna (amhail an Creat Eochair-inniúlachtaí) á bhforbairt ag AE, go n-éascaíonn AE an phiarfhoghlaim i measc na mBallstát maidir le hábhair leasa choitinn agus go gcuireann sé tacaíocht airgeadais ar fáil chun, i measc nithe eile, ráta luathfhágála na scoile a laghdú agus an fheidhmíocht acadúil a fheabhsú;

1. á iarraidh nach gcuirfí bac ar ghnóthú na spriocanna thuasluaite, i gcás ina bhfuiltear as láthair ar feadh tréimhse fhada ón scoil, mar shampla de dheasca scoileanna a bheith dúnta agus/nó bearta coraintín;

2. á chreidiúint gur cheart rochtain ar an oideachas a áirithiú fiú i dtráth neamhghnách;

3. á iarraidh ar na Ballstáit pleananna éigeandála a fhorbairt chun an tionchar a bhíonn ag dúnadh fadtéarmach scoileanna i dtráth neamhghnách a chúiteamh;

4. á iarraidh ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun a áirithiú, i dtráth neamhghnách, nach mbeidh an rochtain ar ábhar múinteoireachta ag brath ar a bheith i láthair go fisiciúil in ionad oideachais;

5. i bhfabhar tionscadail a chur chun cinn lenar féidir an méid sin a dhéanamh.

An nuashonrú is déanaí: 21 Aibreán 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais