TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac
14.4.2020 - (2020/2616(RSP))
de bhun Riail 132(2) de na Rialacha Nós Imeachta
Philippe Lamberts
thar ceann Ghrúpa Verts/ALE
Féach freisin comhthairiscint i gcomhair rúin RC-B9-0143/2020
B9-0147/2020
Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí gurb ionann géarchéim COVID-19 agus suaitheadh eisginiúil agus córasach ar chórais sláinte, ar shochaithe agus ar gheilleagair AE dá mhéid nach bhfacthas riamh roimhe, a bhfuil níos mó ná céad míle duine tar éis bás a fháil mar thoradh uirthi, a bhfuil níos mó ná a leath díobh in AE, agus lena raibh gá le srianta urghnácha a chur ar ghníomhaíocht eacnamaíocht agus shóisialta, agus go n-éilíonn sí freagairt AE nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ó thaobh na méide, an raoin agus na dlúthpháirtíochta de;
B. de bhrí go bhfuil an mhuinín atá ag saoránaigh AE san Aontas ag brath go géar ar thoilteanas agus cumas AE agus a Bhallstáit oibriú i gcomhar le chéile chun a áirithiú go maolófar costais sláinte, shóisialta agus eacnamaíocha na géarchéime a mhéid is féidir agus go mbeidh na costais le hiompar acu siúd atá sa riocht is fearr chun é sin a dhéanamh;
C. de bhrí go raibh easpa comhordaithe idir Ballstáit maidir le bearta sláinte poiblí le sonrú i bhfreagairt AE ar phaindéim COVID-19 go dtí seo, lena n-áirítear srianta ar ghluaiseacht daoine laistigh de agus trasna teorainneacha agus le fionraíocht cearta agus dlíthe eile;
D. de bhrí nach bhfuair na Ballstáit atá buailte is measa ó thaobh an tionchair ar an tsláinte phoiblí agus ar an ngeilleagar ábhar lóistíochtúil leordhóthanach agus tacaíocht airgeadais leordhóthanach ó na Ballstáit atá in ann na nithe sin a chur ar fáil;
E. de bhrí nár cheart go mbeadh bac ar aon Bhallstát ina chuid iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíochta COVID-19, chomh maith le hiarmhairtí a bhaineann le sláinte phoiblí, de bharr an ionchais maidir le fiachas neamh-inbhuanaithe breise nó coinníollacha dochta eile le haghaidh cúnamh airgeadais, seachas é a úsáid ar chaiteachas a bhaineann leis an ngéarchéim;
F. de bhrí nach gciallaíonn géarchéim COVID-19 laistigh de theorainneacha AE gur féidir le AE neamhaird a dhéanamh ar na freagrachtaí atá air i leith daoine atá ar an ngannchuid ar a theorainneacha agus lasmuigh díobh;
G. de bhrí go bhfuil easpa athléimneacht bhunúsach i gcóras eacnamaíoch AE agus sa chóras idirnáisiúnta tagtha chun solais de bharr ghéarchéim COVID-19, go háirithe sa mhéid a bhaineann le slabhraí soláthair fada agus córais seachadta ‘díreach in am’ do sholáthairtí criticiúla leighis agus earraí bunriachtanacha eile, ar rud é is gá a leigheas chun éifeachtaí géarchéimeanna den sórt sin a mhaolú;
H. de bhrí gur cheart gur bunchloch de chlár ollmhór infheistíochta agus trasfhoirmithe é an Comhaontú Glas don Eoraip chun a chabhrú le AE teacht slán go heacnamaíoch ón ngéarchéim agus athléimneacht comhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch a fhorbairt chun féachaint chuige go seasfaidh AE an aimsir, agus nach rogha sóúil é in aon chor i bhfianaise na géarchéime;
Freagairt aontaithe agus chinntitheach ar ghéarchéim chomhroinnte
1. á chur in iúl a comhbhrón ó chroí dóibh siúd go léir a bhí ionfhabhtaithe leis an víreas agus atá i mbéal a mbás, agus do mhuintir agus do chairde na ndaoine sin chomh maith; faoin mbrón céanna leo siúd ar cailleadh daoine muinteartha leo;
2. ag moladh na mílte duine, ó ghairmeacha leighis agus gairmeacha seirbhísí riachtanacha eile, ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus oibrithe deonacha atá ag tabhairt a gcuid ama, go minic i mbaol a bhfolláine féin, chun cabhrú leo siúd atá buailte ag COVID-19 ar fud AE;
3. ag moladh go hard na gcomharthaí dlúthpháirtíochta atá feicthe aici i measc tíortha agus réigiún; ag an am céanna, á chur in iúl go láidir gurb oth léi an easpa dlúthpháirtíochta a léirigh Ballstáit áirithe le linn na géarchéime seo, go háirithe na Ballstáit is mó atá thíos i ngeall ar an staid reatha;
4. á chur in iúl gur díol buíochais di cruthaitheacht agus luas na freagartha ar an ngéarchéim a léirigh a lán cuideachtaí príobháideacha; á chur in iúl gur saoth léi go ndearna daoine áirithe iarrachtaí chun leasanna príobháideacha cúnga a chosaint nó a chur chun cinn chun dochair don chomhraic i gcoinne COVID-19 agus chun dúshaothrú a dhéanamh ar eagla dhlisteanach an phobail;
5. ag aithint go gcuireann an ghéarchéim seo, mar a chuir géarchéimeanna eile roimhe seo, i bhfios go láidir an ról bunúsach atá ag an stát mar ráthóir ar leas ginearálta ár sochaithe, go háirithe mar árachóir agus mar infheisteoir na rogha deiridh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí araon;
6. á chur i bhfáth, ag an tráth criticiúil seo, go bhfuil gach duine atá ina chónaí san Aontas Eorpach ag dréim leis go ngníomhóidh ceannairí polaitiúla ar gach leibhéal den cheapadh beartais, in éineacht le hinstitiúidí AE, go cinntitheach agus i ndlúthpháirtíocht iomlán le chéile chun gach ní is gá a dhéanamh chun teacht slán ón mbagairt chomhchoiteann a bhaineann le COVID-19 ar ár sochaithe agus ar ár ngeilleagair, agus go bhfuil an athdhearbhú sin tuillte acu;
7. á chreidiúint go láidir go bhféadfadh an chaoi a dtugaimid aghaidh le chéile ar an ngéarchéim seo, anois agus amach anseo, dochar doleasaithe a dhéanamh do chomhtháthú ár sochaithe, do neart ár ndaonlathais, do thionscadal na hEorpa a bheith ann fiú, agus dár gcumas comhchoiteann chun dul i ngleic leis na dúshláin chomhshaoil a bheidh fós romhainn go ceann i bhfad;
8. á mheabhrú di gurb í folláine a phobail an chúis is mó atá leis an Aontas Eorpach a bheith ann agus, dá bhrí sinn, á áitiú go láidir nach mór go dtugtar tosaíocht i ngach beart a dhéantar do riachtanais na ndaoine sin, na réigiúin sin agus na dtíortha sin is mó atá buailte ag na gnéithe leighis, sóisialta agus eacnamaíocha de ghéarchéim COVID-19, chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar bith ar gcúl agus go laghdófar neamhionannais, seachas go méadófar iad, mar gheall ar an bhfreagairt ar an ngéarchéim nó ar easpa na freagartha;
9. á iarraidh ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit smaoineamh as an nua, taobh amuigh de theorainneacha institiúideacha féin-fhorfheidhmithe agus a bheith aontaithe, cróga agus cruthaitheach chun teacht ar na modhanna leighis, sóisialta agus eacnamaíocha chun teacht slán ó COVID-19, agus na modhanna sin a chur i gcrích,; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, na gníomhaíochtaí a rinneadh cheana féin, amhail an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis atá curtha ar fionraí ag an gCoimisiún agus an plean spreagtha de EUR 750 billiún ó BCE don Chlár Ceannaithe d'Éigeandáil na Paindéime;
10. á áitiú gur féidir an margadh aonair a úsáid agus nach mór é a úsáid, agus go bhfuil sé i bhfad ó bheith ina bhac, chun beatha daoine a shábháil trí ghluaiseacht earraí, seirbhísí agus oibrithe riachtanacha a éascú;
11. ag diúltú go láidir d’aon ghéilleadh ar an méid atá bainte amach ag an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit go daonlathach, go sóisialta agus go heacnamaíoch i bhfianaise na géarchéime seo agus á áitiú go ndéanfaí iarrachtaí a dhúbailt arís chun cur leis na héachtaí sin;
12. ag cáineadh aon iarracht ó rialtais laistigh agus lasmuigh de AE, trí bhearta éigeandála nó trí bholscaireacht, géarchéim COVID-19 a úsáid mar leithscéal chun cearta bunúsacha agus an daonlathas a shrianadh nó a shaobhadh ar mhaithe le leasanna polaitiúla náisiúnta agus domhanda á saothrú trí bhearta nach bhfuil údar leo nó nach bhfuil comhréireach le héifeachtaí COVID-19; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle cur i gcoinne iompar den sórt sin go láidir;
13. á éileamh, sa téarnamh ón ngéarchéim, go ndéanfaidh institiúidí AE, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, na bearta is gá chun na laigí arna n-aimsiú i sásraí AE a aithint go mear agus a leigheas go héifeachtach chun freagairt aontaithe agus éifeachtach ar an ngéarchéim a bhaint amach; á chur i bhfáth go n-áirítear leis sin, ní hamháin feabhas a chur ar ullmhacht, ar chinnteoireacht agus ar chomhroinnt acmhainní agus ualaigh ar leibhéal AE, ach chomh maith leis sin, agus níos tábhachtaí fós, feabhas a chur ar an athléimneacht fholuiteach struchtúrach i gcoinne géarchéimeanna móra a dhéanann difear do na geilleagair agus do sheirbhísí poiblí in AE;
14. á áitiú gur cheart go mbeadh an Comhaontú Glas don Eoraip agus an Straitéis Eorpach Dhigiteach ar thús cadhnaíochta sa straitéis téarnaimh tar éis na géarchéime; á chur i bhfáth go gcuirfear feabhas mór ar athléimneacht AE i gcoinne éigeandálaí sláinte, eacnamaíocha agus geopholaitiúla amach anseo trí chlár feabhsaithe infheistíochta chun bonneagar nua fisiceach agus digiteach, mar aon le córais atá an-tíosach ar acmhainní, a chruthú chun fuinneamh, earraí agus seirbhísí a tháirgeadh, a dháileadh agus a (ath)úsáid;
Gach duine a bhfuil cónaí orthu in AE, go háirithe na daoine is leochailí, a chosaint ó éifeachtaí na géarchéime
15. á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaidh institiúidí AE comhordú ar fhaisnéis chriticiúil, ar chinntí agus ar ghníomhaíochtaí na mBallstát atá dírithe ar na daoine is leochailí a chosaint ó éifeachtaí uafásacha sóisialta agus eacnamaíocha ghéarchéim COVID-19 agus á áitiú go gcaithfidh sé sin a bheith ina thosaíocht faoi láthair;
16. á chur in iúl gur geal léi na tionscaimh dlúthpháirtíochta, amhail faisnéis agus acmhainní leighis a chomhthiomsú agus a chomhroinnt, ar tionscnaimh iad atá ar bun ag go leor tíortha agus réigiún le roinnt seachtainí anuas; á chur in iúl go láidir gurb oth léi, áfach, easpa gníomhaíochtaí prasa agus comhchoiteanna dlúthpháirtíochta ó na Ballstáit, go háirithe i dtaca leis an Iodáil, a raibh a hiarraidh ar sholáthairtí leighis gan fhreagairt, agus i dtaca leis an Spáinn, atá buailte go dona ag an staid reatha freisin;
17. á éileamh ar na Ballstáit agus ar institiúidí AE comhordú, in éineacht le stáit chomharsanachta, chun an táirgeadh agus an dáileadh soláthairtí leighis is straitéisí, chun malartú faisnéise agus saineolais, chun tacaíocht eacnamaíoch agus leanúnachas saorchúrsaíocht earraí a ráthú, chun a áirithiú go gcomhlíonfar bunriachtanais;
18. á chur i bhfáth nach mór do AE cuidiú le rialtais na mBallstát chun dea-chleachtais a chomhthiomsú agus chun tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil do ghrúpaí agus do dhaoine aonair atá scoite amach go sóisialta, do dhaoine a bhfuil riochtaí sláinte áirithe acu atá ann cheana, do dhaoine gan dídean, do dhaoine aosta, do dhaoine atá faoi choinneáil agus dóibh siúd, ar nós na Romach, atá imeallaithe nó atá thíos leis an idirdhealú agus le neamhionannais maidir le rochtain ar chúram sláinte; ag cur béim ar an bhfíoras, nach mór soláthar leanúnach de chúnamh agus cúram pearsanta do dhaoine atá faoi mhíchumas a ráthú;
19. ag tathant ar AE agus ar na Ballstáit bearta spriocdhírithe a chur chun feidhme chun daoine gan dídean a chosaint agus chun cúnamh airgeadais a chur ar fáil d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus d’údaráis áitiúla a chuireann cúnamh túslíne ar fáil;
20. á áitiú nach mór don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear faisnéis a bhaineann leis an tsláinte agus faisnéis a bhaineann le sábháilteacht phoiblí i láthair ar bhealach soiléir agus simplí, lena n-áirítear i bhformáidí inrochtana agus inúsáidte do dhaoine atá faoi mhíchumas;
21. á éileamh go ndéanfaidh institiúidí AE agus na Ballstáit gach modh tacaíochta airgeadais is féidir a chur ar fáil agus a dhéanamh inrochtana go héifeachtach do na céadta míle duine ar fud AE a bhfuil a slite maireachtála caillte nó lagaithe go mór i ngeall ar an ngéarchéim seo;
22. á áitiú go n-áiritheoidh institiúidí AE agus na Ballstáit go gcuirfear tacaíocht airgeadais phoiblí ar fáil do ghnólachtaí chun éifeachtaí eacnamaíocha COVID-19 a chomhrac ar choinníoll go n-úsáidfear an maoiniú chun leas fostaithe agus go staonfaidh gnólachtaí faighteora ó díbhinní a íoc nó scéimeanna aischeannaigh scaireanna a thairiscint fad is a fhaigheann siad tacaíocht den sórt sin;
23. á áitiú ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit na rialacha teileachumarsáide reatha chun feidhme faoina gceanglaítear go gcuirfear seirbhís idirlín leathanbhanda ar fáil dóibh siúd go léir a bhfuil orthu oibriú ón mbaile, agus do leanaí agus mic léinn ar gá dóibh staidéar a dhéanamh agus do dhaoine eile ar gá dóibh iad féin a aonrú; á áitiú gur cheart rochtain ar na seirbhísí digiteacha a theastaíonn don obair, oideachas, faisnéis bunriachtanach, soláthairtí bunriachtanacha agus seirbhísí bunriachtanacha príobháideacha agus poiblí a áirithiú do gach daoine, gan beann ar a staid shóisialta nó eacnamaíoch;
24. ag tabhairt dá haire an méadú ar líon na gcibearionsaithe i gcoinne daoine aonair, eagraíochtaí agus bonneagar criticiúil arna dtuairisciú ag Europol, na cineálacha nua scéimeanna calaoise atá dírithe ar dhaoine leochaileacha amhail daoine aosta, agus an méadú ar dhíolacháin táirgí cúram sláinte agus sláintíochta, trealamh cosanta pearsanta agus táirgí cógaisíochta góchumtha agus faoi bhun an chaighdeáin atá ann mar thoradh ar an nganntanas soláthairtí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta coisctheacha a thabhairt isteach go práinneach, lena n-áirítear trí fheachtais coisctheacha ar na meáin, a dhíríonn go háirithe ar dhaoine atá i gcásanna leochaileacha;
25. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go bhfuil an pobal i gcoitinne á choinneáil ar an eolas go leanúnach agus go cuí faoi chamscéimeanna, go háirithe le linn phaindéim COVID-19; á thabhairt chun suntais an gá atá le feasacht a mhúscailt maidir le camscéimeanna;
26. á chur i bhfáth nach mór dearcadh maidir le cosaint inscne agus cosaint leanaí a áireamh sna bearta arna gcur chun feidhme chun an éigeandáil sláinte seo a chomhrac, go háirithe an ceanglas atá ar dhaoine fanacht sa bhaile, a bheidh dírithe ar réimsí ina bhfuil tionchar díréireach ag ráig an choróinvíris ar mhná agus ar leanaí; á chreidiúint go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú, go háirithe, go gcoinneofar seirbhísí d’íospartaigh foréigin ar oscailt agus ar fáil agus nach measfar gur lú an tábhacht a bhaineann le tuarascálacha ar fhoréigean inscnebhunaithe ná nach ndéanfar neamhaird orthu le linn an ama seo; á chreidiúint gur cheart a áireamh sna bearta speisialta seirbhísí líne cabhraí a atreisiú, líonraí tacaíochta a eagrú agus feachtas faisnéise don phobal arna mhaoirsiú ag an gCoimisiún a chur ar bun chun íospartaigh agus finnéithe foréigin teaghlaigh a chur ar an eolas faoina gcearta; á mheabhrú don staid shonrach atá ag leanaí imirceacha, go háirithe i dteophointí sa Ghréig, atá i mbaol mór ón bpaindéim i ngeall ar a ndálaí maireachtála; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cearta leanaí agus a riachtanais ar leith a chur san áireamh le linn dóibh bearta sóisialta, bearta eacnamaíocha agus bearta tar éis COVID a ghlacadh;
27. á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú leis na Ballstáit chun plean céimneach, pragmatach, eolaíochtbhunaithe agus comhordaithe ar fud an Aontais a cheapadh chun deireadh a chur le bearta maidir le scaradh sóisialta agus le srianta sealadacha eile, lena n-áirítear na srianta sin ag teorainneacha idir na Ballstáit; á chur in iúl gurb oth léi na gníomhaíochtaí aontaobhacha a rinne roinnt Ballstát ina leith sin, ar gníomhaíochtaí iad a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de straitéisí atá ag Ballstáit eile;
28. á iarraidh ar AE gníomhaíocht a dhéanamh chun daoine leochaileacha a chosaint, lena n-áirítear dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn, atá sáinnithe faoi choinníollacha uafásacha ag teorainneacha AE, i gcampaí ina bhfuil sé dodhéanta bearta maidir le scaradh sóisialta a urramú, ar grúpaí iad ar cheart a athshuíomh láithreach chuig áiteanna sábháilte sna Ballstáit inar féidir leo cúram sláinte a rochtain, gan beann ar a stádas cónaithe;
Dlúthpháirtíocht agus freagracht agus cearta daonna idirnáisiúnta
29. á chur in iúl gur geal léi na bearta atá déanta ag AE cheana féin chun tacú le tíortha na mBalcán Thiar agus le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, ar cheart iad a leanúint le tionscaimh fhadtéarmacha; á iarraidh go háirithe go gcuirfí Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais ar fáil do thíortha na mBalcán Thiar agus go mbeidís díolmhaithe ón scéim shealadach um údarú onnmhairiúcháin do threalamh cosanta; á áitiú, go ginearálta, go gcaithfidh an scéim sin um údarú onnmhairiúcháin a bheith sealadach i gcónaí agus nár cheart fadú a chur léi;
30. á iarraidh ar AE dlús a chur lena fhreagairt dhaonnúil agus forbartha, go háirithe chun soláthairtí sláinte agus leighis agus cúnamh éigeandála bia a mhaoiniú, agus chun go bhféadfadh stáit san Afraic bearta áitiúla a úsáid chun tacú le gnólachtaí agus a gcliseadh a sheachaint; á iarraidh go mbunófar príomhshruthú corónach sna bearta uile maidir le cabhair dhaonnúil chun a áirithiú nach mbeidh rioscaí breise ann do na daoine is leochailí de bharr seachadadh cúnaimh agus go bhfuil bonneagar íosta sláinteachais i bhfeidhm; á iarraidh go gcuirfear riachtanais na mban san áireamh go háirithe sa fhreagairt dhomhanda ar an bpaindéim ós rud é gurb iad na mná is mó atá thíos leis an ngéarchéim, cé gur beag an ionadaíocht a dhéantar orthu nuair a dhéantar freagairtí ar ghéarchéimeanna a chaibidliú;
31. á chur i bhfios go láidir ardleochaileacht na bpobal a bhfuil cónaí orthu i gcriosanna coinbhleachta agus ar an ngá atá le freagairt chomhpháirteach chun an víreas a chosc agus freagairt dó; den tuairim gur cheart do AE an iarraidh ó Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe ar shos chomhraic domhanda láithreach a chur chun cinn agus teagmháil a dhéanamh le páirtithe cogaíochta chun aird a thabhairt ar an achainí sin, chun an dlí daonnúil idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus teacht ar réitigh pholaitiúla mharthanacha ar na coinbhleachtaí; á chreidiúint gur gá a áireamh san iarracht sin go gcuirfear conairí daonnúla agus sosanna sealadacha comhraic ar bun chun seachadadh cúnaimh a áirithiú agus chun cabhrú le daoine i gcampaí do dhaoine easáitithe ina dtír féin agus i gcampaí dídeanaithe; sa chomhthéacs sin, á mheabhrú na croíphrionsabail dhaonnúla, lena n-áirítear neodracht agus neamhchlaontacht;
32. ag tacú leis an iarraidh ó 24 Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe 24 chun a áirithiú go mbeidh bearta cosanta COVID-19 lena gcuirtear cearta an duine i mbaol comhréireach, riachtanach agus neamh-idirdhealaitheach agus teoranta ó thaobh ama de, agus á iarraidh go gcruthóidh AE sásra domhanda poiblí COVID-19 maidir le cearta an duine chun faireachán a dhéanamh ar shrianta ar chearta an duine agus ar sháruithe ar chearta an duine a bhaineann le ráig COVID-19 de réir tíre;
33. á iarraidh go gcuirfear seisiún speisialta de UNHRC ar bun maidir leis an tionchar atá ag COVID-19 ar chearta an duine agus á iarraidh ar AE rannpháirt a ghlacadh i bhfeachtas domhanda chun ciontóirí íseal-riosca, go háirithe daoine leochaileacha, príosúnaigh pholaitíochta, agus cosantóirí chearta an duine atá i bpríosún faoi láthair, a scaoileadh saor chun an baol a laghdú go nochtfar an víreas i bpríosúin atá róphlódaithe;
34. á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil iarrachtaí ar bun ag rialtais tairbhe a bhaint as géarchéim COVID-19 chun an riail fhorlámhach a chomhdhlúthú; ag cáineadh, go háirithe, gach cás ina ndéantar cinsireacht, gabháil agus imeaglú ar iriseoirí, figiúirí freasúra, oibrithe cúraim sláinte agus daoine aonair eile toisc gur cháin siad freagairt a rialtais; á iarraidh ar AE agus na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh ar na saincheisteanna sin go déthaobhach agus a luaithe is féidir i bhfóraim idirnáisiúnta agus scaoileadh na ndaoine sin a bhrú chun cinn; á iarraidh ar na stáit uile a úsáideann teicneolaíochtaí digiteacha faireachais an phaindéim a chomhrac ar bhealach lena n-urramaítear go docht na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; ag tathant ar na rialtais uile rochtain ar chúram sláinte a áirithiú gan idirdhealú;
35. á iarraidh ar AE agus a Bhallstáit cloí leis an mBanc Domhanda agus leis an iarraidh ón gCiste Airgeadaíochta (CAI) na híocaíochtaí fiachais ar fad ó na tíortha is boichte le rialtais eile a chur ar fionraí, agus chomh maith leis sin, an iarraidh ar airí airgeadais san Afraic na híocaíochtaí úis ar fad in 2020, agus íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar fad ó stáit leochaileacha, a chur ar fionraí; á chreidiúint gur cheart gach íocaíocht fiachais sheachtraigh (príomhshuim, ús agus muirir) atá dlite in 2020 a chur ar ceal go buan agus nár cheart go gcruthófaí fiachas trí chabhair éigeandála airgeadais a chur ar fáil;
36. á chur i bhfios go láidir an gá atá le hathmhachnamh a dhéanamh ar an tsaincheist maidir le fiachais cheannasacha i dtíortha atá i mbéal forbartha; á thabhairt chun suntais á thábhachtaí atá sé sásra a chur ar bun ar leibhéal na Náisiún Aontaithe chun fiachas poiblí a athstruchtúrú agus chun a áirithiú go mbeidh go leor cistí ag tíortha a chun a bhfreagairtí sláinte poiblí a neartú; á chur i bhfáth nach mór coinníollacht CAI a mhaolú nó a chur ar fionraí fiú sna himthosca reatha; á mheabhrú di go n-éilítear ciorruithe buiséid sna seirbhísí poiblí, lena n-áirítear an earnáil sláinte, i gcistí CAI agus an Bhainc Dhomhanda um choigeartú struchtúrach, agus dá bhrí sin, gur tháinig meath ar chórais sláinte agus oideachais tíortha i mbéal forbartha agus gur méadaíodh a leochaileacht i leith eipidéimí;
37. á chur i bhfáth nach mór don Aontas comhoibriú go hiomlán leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus le comhlachtaí idirnáisiúnta eile chun freagairt éifeachtach leighis a fhorbairt agus chun sásta a bhunú chun galair chontúirteacha a chomhrac agus dul chun cinn maidir le vacsaíní a roinnt; á áitiú go n-áiritheofar an Téaváin in obair na hEagraíochta Domhanda Sláinte;
38. á athdhearbhú fhreagracht speisialta AE maidir leis an gceart chun clúdach sláinte uilíoch i Straitéis AE-na hAfraice a chur chun cinn, ar ceart é a bheith mar aidhm aige cearta bunúsacha an duine a bhaint amach mar thosaíocht, go háirithe rochtain uilíoch ar sheirbhísí bunúsacha sláinte, ar seirbhísí uisce agus ar seirbhísí sláintíochta;
Rialacha trádála idirnáisiúnta
39. á chur in iúl gur geal léi an cinneadh a rinne an Coimisiún na dleachtanna allmhairiúcháin uile ar threalamh cosanta pearsanta, ar fheistí leighis agus ar earraí eile leighis atá gaolmhar go díreach a tharscaoileadh;
40. ag tathant ar an gCoimisiún iarraidh ar na Ballstáit ceadúnais éigeantacha nó ceadúnais rialtais a eisiúint lena ndéanfaí éifeacht na monaplachta atá ag paitinní a chur ar fionraí agus lena bhféadfadh páirtithe eile táirgí cógaisíochta a bhfuil gá leo agus atá faoi chosaint paitinní a tháirgeadh agus a sholáthar, agus allmhairiú cógas a tháirgtear thar lear faoi cheadúnais éigeantacha a éascú; á iarraidh ar Rúnaíocht na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) nóta a eisiúint do Chomhaltaí EDT maolú a dhéanamh ar an gceanglas atá sa leasú a rinneadh in 2003 ar an gComhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS) gur i gcomhair margaí áitiúla ‘is mó’ atá ceadúnais éigeantacha le húsáid, chun allmhairiú cógas a dhéantar faoi cheadúnú éigeantach i dtíortha eile, go háirithe sna tíortha sin ar mó na hacmhainneachtaí táirgeachta atá acu, a chumasú;
41. á iarraidh ar an gCoimisiún tarscaoileadh a dhéanamh ar na rialacháin de chuid AE maidir le cosaint sonraí tástála cliniciúla agus le deonú eisiachais margaidh, ar dhá rud iad a chuireann isteach ar úsáid éifeacht an cheadúnaithe éigeantaigh, chun a chur ar a gcumas do tháirgeoirí féideartha cógas cineálach leas a bhaint as sonraí cliniciúla atá cheana ann chun tacú le hiarratais a fhormheas go tapa; den tuairim gur cheart neamhaird a thabhairt, ar bhonn sealadach, ar aon fhorálacha TRIPS+ i gcomhaontuithe trádála AE maidir le heisiachas sonraí;
42. á iarraidh ar na Ballstáit tacú leis an iarraidh atá déanta ag Rialtas Chósta Ríce ar EDT díorma deonach de chearta maoine intleachtúla a bhaineann leis an gcoróinvíreas (ar a n-áirítear paitinní, sonraí tástála rialála, fios gnó, cóipchearta agus cearta deartha);
Na daonlathais seo againne in AE a chosaint
43. á chur in iúl gur geal léi an ráiteas a rinne roinnt de na Ballstáit gur cheart bearta éigeandála a theorannú don mhéid sin a bhfuil fíorghá leis, gur cheart iad a bheith de chineál comhréireach agus sealadach, gur cheart iad a bheith faoi réir grinnscrúdú tráthrialta, agus gur cheart go ndéanfadh siad urraim a thabhairt do phrionsabail an smachta reachta, an daonlathais agus na gceart bunúsach, agus d’oibleagáidí an dlí idirnáisiúnta, agus níor cheart go ndéanfadh siad an tsaoirse tuairimí a nochtadh ná saoirse an phreasa a shrianadh; á chur in iúl gur oth léi nár luadh samplaí sonracha sa ráiteas;
44. á chur in iúl gur saoth léi Gníomh XII 2020 na hUngáire maidir le srianadh an choróinvíris, lena dtugtar de chumhacht don rialtas rialú trí fhoraithne, Parlaimint na hUngáire a chur ar an eolas, agus sin amháin, gan fiú dul i gcomhairle léi, agus pionóis dhanartha a fhorchur i leith an rud is bréagaisnéis ann, dar leis an rialtas, a scaipeadh, mar aon le reachtaíocht eile atá ar na bacáin; á mheas go bhfuil an t-acht contrártha do chonarthaí agus luachanna AE, agus á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, an cor sin a aithint go follasach mar ionsaí forlámhach ar dhaonlathas na hUngáire, agus leas iomlán a bhaint as na huirlisí atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt air;
45. á chur in iúl gur cúis bhuartha di dréacht-dlí na Polainne maidir le rialacha speisialta chun na toghcháin ghinearálta d’Uachtarán Phoblacht na Polainne a reáchtáil in 2020; á mheabhrú go ndéanfadh an dréacht na rialacha toghcháin a athrú ó bhonn mí amháin roimh na toghcháin; á mheas nach gcomhlíonann an dréacht cásdlí Bhinse Bunreachtúil na Polainne ná Cód Dea-Chleachtais Choimisiún na Veinéise maidir le hÁbhair Thoghcháin; den tuairim go bhfuil an baol ann, agus an staid mar atá, go mbainfí an bonn ó phrionsabal na dtoghchán comhionann agus saor dá reáchtálfaí toghcháin uachtaránachta sa Pholainn i mí na Bealtaine;
46. ag tathant ar an gCoimisiún géarú ar an bhfaireachán a dhéanann sé ar bhearta éigeandála arna gcur ar bun ag na Ballstáit agus ar a gcur i bhfeidhm chun a áirithiú go seastar le bunluachanna AE, agus ag áitiú ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle gníomhaíocht stóinsithe a dhéanamh – lena n-áirítear nósanna imeachta brostaithe um shárú, iarratais ar bhearta idirlinne os comhair na Cúirte Breithiúnais, breathnú ar bhearta a bhaineann leis an mbuiséad, agairt an Chreata um an Smacht Reachta, agus tuilleadh gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) – in aghaidh iarrachtaí éigeandáil an choróinvíris a mhí-úsáid chun srian a chur leis an daonlathas agus lucht cáinte rialtas forlámhach a chur ina thost; á iarraidh in athuair ar an gComhairle a áirithiú, maidir le héisteachtaí faoi Airteagal 7(1) CAE a bhaineann leis an Ungáir agus leis an bPolainn, go dtugtar aghaidh freisin ar fhorbairtí nua; á iarraidh ar Choimisiún na Veinéise tuairim a thabhairt maidir le Gníomh XII 2020 na hUngáire i ndáil le srianadh an choróinvíris agus le dréacht-dlí na Polainne maidir le rialacha speisialta chun na toghcháin ghinearálta d’Uachtarán Phoblacht na Polainne a reáchtáil in 2020;
47. á áitiú go gcaithfidh na gníomhaíochtaí a dhéanann rialtais agus an Coimisiún a bheith faoi ghrinnscrúdú poiblí agus parlaiminteach dian i gcónaí, chun a ráthú go n-urramaítear iad mar dhlisteanach; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go gcaithfidh parlaimintí bealaí a aimsiú chun fanacht oibríochtúil agus, san am céanna, moltaí sláinte poiblí maidir le COVID-19 a chur chun feidhme go héifeachtach; den tuairim go gcaithfidh an Pharlaimint a bheith ina heiseamláir den chaoi ar féidir daonlathas na hEorpa a chaomhnú, a bhuí le hobair dhigiteach agus vótáil i gcásanna práinne, san éigeandáil atá ann mar thoradh ar COVID-19;
48. á chur in iúl gur geal léi agus go dtacaíonn sí leis an ráiteas a d’eisigh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta; á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, cé gur féidir le sonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe, lena n-áirítear ó líonraí fóin póca, a bheith úsáideach chun measúnú a dhéanamh ar a éifeachtúla atá bearta maidir le scaradh, go bhfuil aon rianú ar dhaoine aonair bunaithe ar na sonraí sin neamhriachtanach, dochosanta agus neamhéifeachtach i gcomparáid leis na roghanna atá go hiomlán indéanta maidir le rialú a dhéanamh ar rátaí ionfhabhtaithe amhail an oibleagáid maisc a chaitheamh i spásanna poiblí iata agus cur go han-mhór le saoráidí tástála antaigine agus antasubstainte trí chomhordú uile-AE; á áitiú, thairis sin, gur den ríthábhacht formhaoirseacht pharlaiminteach dhaonlathach a ráthú, mar aon le tréimhse éaga atá sainithe go soiléir i gcás bearta éigeandála lena n-úsáidtear sonraí pearsanta, agus gur den ríthábhacht iad a tharraingt siar a luaithe a thagann laghdú ar a n-éifeachtúlacht sa chomhrac i gcoinne COVID-19;
49. ag tabhairt dá haire an fíoras dearfach gur tíolacadh an creat uile-Eorpach le haghaidh rianú teagmhála ionfhabhtaithe trí fhóin chliste, a d’fhorbair cuibhreannas de 130 taighdeoir ó 17 n-institiúid agus ar a dtugtar ‘Gar-Rianú uile-Eorpach lena gCosnaítear an Príobháideachas (PEPP-PT)’; á chur in iúl gur geal léi an méid sin, ar sampla é den phríobháideachas trí dhearadh, den bhealach ina n-úsáidtear an teicneolaíocht san Eoraip agus d’fhadhbanna sochaíocha a réiteach agus, san am céanna, cearta bunúsacha á gcaomhnú; á chur i bhfios, áfach, go mbeidh an measúnú deiridh ar chreat PEPP-PT ag brath ar na sonraíochtaí teicniúla sonracha agus, maidir leis na freastalaithe lárnacha trína ndéantar na gar-cheadchomharthaí randamaithe a mhalartú, chun fógra a thabhairt d’úsáideoirí go raibh siad laistigh de raon ionfhabhaithe duine a raibh toradh deimhneach i leith SARS-CoV-2 ar an tástáil a rinneadh air nó uirthi tráth níos faide anonn, nár cheart go mbeadh sainaitheantóir cobhsaí ar bith de chuid na n-úsáideoirí ar eolas acu, agus nach gá go mbeadh sé ar eolas acu, bíodh sé faoi ainm bréige nó ná bíodh; á iarrraidh ar na forbróirí feabhas a chur ar an gcreat chun cloí go hiomlán le prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh, mar a fhoráiltear leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí;
50. á chur i bhfáth, maidir le haon fheidhmchlár bogearraí lena bpróiseáiltear faisnéis phearsanta i gcomhthéacs an chomhraic i gcoinne phaindéim COVID-19 agus lena ndéantar próiseáil, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, ar shonraí maidir le hionfhabhtuithe nó ar shonraí eile chun galar a chosc, go dtiocfadh sé faoin sainmhíniú ar ‘feiste leighis’ de bhun na Treorach ón gComhairle maidir le feistí leighis agus, dá bhrí sin, go gcaithfeadh sé na ceanglais a leagtar síos sa treoir sin, lena n-áirítear an dearbhú comhréireachta, a chomhlíonadh; á iarraidh ar an gCoimisiún soiléiriú a thabhairt ar an stádas a bheadh ag aip den sórt sin i gcomhthéacs an togra reachtaigh uaidh chun leasú a dhéanamh ar Rialachán 2017 maidir le Feistí Leighis, a thiocfaidh i bhfeidhm an 26 Bealtaine 2020;
51. ag tathant ar an gCoimisiún cur i gcoinne na n-iarrachtaí ionsaitheacha bolscaireachta atá á ndéanamh ag an Rúis agus an tSín paindéim COVID-19 a chur chun tairbhe dóibh féin agus é mar aidhm acu an bonn a bhaint ó AE agus mímhuinín as AE a chothú sna pobail áitiúla; den tuairim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach cumarsáid éifeachtach a dhéanamh maidir leis an tacaíocht airgeadais, theicniúil agus leighis a thugann AE;
Tairbhí an mhargaidh aonair agus an aontais airgeadaíochta a chosaint agus a ghiaráil
52. á éileamh, maidir leis na Ballstáit sin is mó atá buailte, a bhfuil an Iodáil agus an Spáinn ina measc faoi láthair, gur cheart cúnamh airgeadais a thabhairt dóibh, gan é a bheith d’iallach orthu fiachas a bheidh ann amach anseo agus a bhaineann leis an ngéarchéim a sheasamh ina n-aonar, agus gan a bheith faoi réir coinníollacht lena mbaineann déine;
53. ag tabhairt dá haire an togra a rinneadh le déanaí maidir le SURE (tacaíocht chun rioscaí dífhostaíochta in éigeandáil a mhaolú), ar céim sa treo ceart é, ach á mheas go bhfuil sé ró-theoranta ina mhéid agus san úsáid a bhaintear as cistí ann agus, an rud is tábhachtaí, go dtugann sé tacaíocht theoranta d’fhaighteoirí in fine, óir tá sé comhdhéanta d’iasachtaí ar ualach fiachais agus easnaimh do na Ballstáit is faighteoirí a bheidh iontu san fhadtéarma; á chur in iúl, thairis sin, gur cúis bhuartha di go bhfuil easpa coinníollacha sa togra reatha ón gCoimisiún maidir le rochtain neamh-idirdhealaithe, le méid na tacaíochta arna soláthar trí scéimeanna náisiúnta d’obair ghearrthéarmach agus leis an raon feidhme geografach, agus ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún leasú a dhéanamh ar an rialachán atá á mholadh chun na gnéithe sin a chomhtháthú;
54. ag tathant ar na Ballstáit agus ar institiúidí AE oibriú le chéile, mar ábhar práinne, chun saoráidí ‘coróinbhannaí’ a chur ar bun chun an cistiú is gá a ardú le haghaidh riachtanais láithreacha cúraim sláinte agus an téarnaimh eacnamaíoch ina dhiaidh sin, agus chun comhroinnt choiteann ualaigh a áirithiú mar fhreagairt ar shuaitheadh siméadrach; á chur i bhfios go láidir go léirítear le togra SURE gur ann do mhódúlachtaí agus bunús dlí chun ciste tiomnaithe de chuid AE a chur ar bun lenar féidir bannaí den sórt sin a eisiúint chun dul i ngleic le hiarmhairtí eacnamaíocha COVID-19;
55. á iarraidh ar an gCoimisiún ‘coróinbhannaí’ a thabhairt chun tosaigh trí chiste tiomnaithe (‘ciste coróinvíris AE’) a mholadh, a ndéanann a bhunús dlí cumhachtaí comhchinnteoireachta don Pharlaimint agus cuntasacht dhaonlathach ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta a áirithiú, agus ar féidir leis EUR 1 trilliún a ardú ar mhargaí caipitil trí bhannaí a eisiúint a n-úsáidfear a bhfáltais chun maoiniú a sholáthar do na Ballstáit i gcomhréir leis an tionchar a imríonn ráig an choróinvíris, arna thomhas le táscairí trédhearcacha arna gcomhaontú go comhchoiteann; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí aisíoc na mbannaí sin a ráthú le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit a bheadh i gcomhréir lena sciar de OTI AE; á chur i bhfios gur cheart, go hidéalach, go mbeadh na ranníocaíochtaí sin i bhfoirm acmhainní dílse nua de chuid AE; á áitiú go ndéanfaí na cistí arna n-eisíoc a úsáid, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus le gealltanais aeráide AE, chun an caiteachas a chumhdach a bhfuil gá leis chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí atá ag géarchéim COVID-19 ar an tsláinte phoiblí, ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar;
56. á chur i bhfáth gur cheart don Sásra Cobhsaíochta Eorpach, mar bheart gearrthéarmach, síneadh a chur láithreach le línte creidmheasa réamhchúramacha do thíortha a bhfuil rochtain air á lorg acu chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais airgeadais ghearrthéarmacha agus chun dul i ngleic le hiarmhairtí láithreacha ghéarchéim COVID-19; ag cur béim ar an bhfíoras nach bhféadfaidh an cistiú sin a bheith faoi réir coinníollacht lena mbaineann déine;
57. ag tathant ar na Ballstáit teacht ar chomhaontú gan mhoill maidir le instealladh mór caipitil i mBanc Infheistíochta na hEorpa (BIE) chun a chur ar a chumas dó rannchuidiú gan mhoill leis an gcumas nach beag atá ann tionchar eacnamaíoch COVID-19 a mhaolú, lena n-áirítear líne chreidmheasa nua de chuid BEI a chruthú chun leachtacht bhuan a ráthú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna);
58. ag moladh go dtabharfaí cabhair bhreise do FBManna trí rialacha soláthair phoiblí a athrú chun tús áite a thabhairt do ghnólachtaí áitiúla i dtairiscintí poiblí;
59. den tuairim dhaingean go gcaithfear dlúthpháirtíocht, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, a shíneadh chun ár gcomharsana a chuimsiú, lena n-áirítear na tíortha sna Balcáin Thiar atá ag obair chun dul i bpáirt le AE amach anseo;
60. á chur in iúl gur geal léi an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas ón gCoimisiún, pacáiste Struchtúrach agus Infheistíochta na hEorpa agus an t-athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Forálacha Coiteanna, ar céimeanna tosaigh tábhachtacha iad, ach á áitiú go gcaithfidh institiúidí AE agus na Ballstáit i bhfad níos mó a dhéanamh agus an uile cent i mbuiséad AE nach bhfuil leithdháilte a aimsiú agus a úsáid, agus gach ciste i mbuiséad AE nach bhfuil geallta a shlógadh – bíodh sin faoin gcomhbheartas talmhaíochta, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú nó Ciste Sóisialta na hEorpa – chun freastal ar na riachtanais leighis, shóisialta agus eacnamaíocha sa chomhrac i gcoinne COVID-19; den tuairim gur gá aird ar leith a thabhairt ar riachtanais na dtíortha sin a bhí ag fulaingt ó thaobh an gheilleagair de san am roimh COVID-19;
61. ag tathant ar institiúidí AE gluaiseacht go pras chun gur féidir na cláir agus na cistí a shlógtar faoi chuimsiú fhreagairt AE ar ghéarchéim COVID-19 a mhéadú go mór; ag tabhairt dá haire go raibh corradh le EUR 4 bhilliún i gcorrlaigh agus ionstraimí solúbthachta i mbuiséad AE 2020 ag tús na bliana agus gur gá iad sin a shlógadh mar ábhar práinne; á chur i bhfáth nár cheart réigiún ar bith in AE a fhágáil ar lár; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, dréachtbhuiséid leasaitheacha a haon agus a dó, ar céim sa treo ceart iad;
62. ag tathant ar institiúidí AE athbhreithniú a dhéanamh, a luaithe is féidir agus roimh shos an tsamhraidh ar a dhéanaí, i dtreo ardú ar an rialachán maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI), chun gur féidir na cláir agus na cistí a shlógtar faoi chuimsiú fhreagairt AE ar ghéarchéim COVID-19 a mhéadú go mór;
63. á éileamh ar institiúidí AE teacht ar chomhaontú maidir le creat airgeadais ilbhliantúil a mbeadh méid foriomlán is ionann agus EUR 1.324 billiún ag gabháil leis mar aitheantas ar an ngá, atá níos mó de dheasca ghéarchéim COVID-19, go mbeadh athléimneacht bhuiséadach níos mó in AE; á éileamh, thairis sin, go dtiocfaí ar chomhaontú maidir le pacáiste spreagtha de bhreis ar an gcomhaontú maidir leis an bhfigiúr thuasluaite (atá le háireamh i mbuiséad AE) chun cabhrú le dul i ngleic leis an ngéarchéim sa tsláinte phoiblí, sa gheilleagar agus sa tsochaí sa ghearrthéarma go dtí an meántéarma, chun athléimneacht a thógáil agus chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim an chomhshaoil sa mheántéarma go dtí an fadtéarma;
64. á aithint gur gá cistí breise a shlógadh ar bhealach tapa agus neamh-mhaorlathach chun cabhrú leis na Ballstáit COVID-19 agus a iarmhairtí a chomhrac, ach á chur i bhfáth go gcaithfear imscrúdú a dhéanamh ar an mí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as na cistí sin agus pionós a ghearradh ina leith a thúisce a bheidh deireadh leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair; á mheas, dá bhrí sin, go gcaithfear a bheith ar áireamh in CAI athchóirithe acmhainní leormhaithe d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh chun gur féidir léi muinín na saoránach a ghnóthú, an chalaois a chomhrac, sócmhainní a urghabháil agus, dá bhrí sin, éirí chun bheith neodrach ó thaobh an bhuiséid de sa mheántéarma; á iarraidh go ndéanfaí a buiséad a mhaoiniú trí Cheannteideal 7 (An Riarachán Poiblí Eorpach), ar bhealach a bheadh comhchosúil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí nó an tOmbudsman Eorpach, chun go dtreiseofaí lena neamhspleáchas;
65. á áitiú go gcaithfidh AE infheictheacht agus intuarthacht níos mó a áirithiú, roimh theacht an tsamhraidh, do bhuiséad na bliana seo chugainn agus, más rud é go dteipeann air teacht ar chomhaontú maidir leis an méadú méide is gá, go ndéanfaidh sé plean teagmhais a ghlacadh gan mhoill chun dúnadh ginearálta chláir AE i ndeireadh 2020 a sheachaint;
An margadh aonair
66. á éileamh, cé go bhféadfadh bearta sealadacha teorann a bheith inghlactha i gcásanna sonracha, ar choinníoll go bhfuil siad iomchuí, comhréireach agus teoranta ó thaobh ama de, go n-áiritheoidh an Coimisiún nach ndéanann na bearta sin an ceart chun saorghluaiseachta, agus go háirithe prionsabal an neamh-idirdhealaithe, a shárú;
67. á áitiú nach féidir teorainn a chur le taisteal trasteorann oibrithe túslíne in earnálacha atá ina gcuid lárnach den chomhrac i gcoinne COVID-19 ná le taisteal trasteorann na ndaoine sin a oibríonn in earnáil an bhia, amhail oibrithe feirme séasúracha, agus go gcaithfear a gcúram sláinte a áirithiú; á áitiú, thairis sin, nach féidir le bearta teorann dochar a dhéanamh don cheart chun tearmainn ná don cheart chun athaontú teaghlaigh nó don cheart chun saol teaghlaigh, ná nach féidir a bheith mar thoradh orthu nach bhféadfadh daoine taisteal chun a dtír bhaile a bhaint amach;
68. á chur i bhfáth go gcaithfear na teorainneacha a choinneáil oscailte le haghaidh trádála agus, go háirithe, soláthar bia; á chur i bhfios go bhféadfadh an gá le hoibrithe feirme séasúracha trasteorann a bheith níos géire fós más rud é, mar a shamhlaíonn roinnt mhaith daoine, go dtagann an dara rabharta de COVID-19 tráth na buainte;
69. á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéantar seiceálacha teorann go mear sa chaoi nach milltear táirgí úra;
70. den tuairim gur cheart gach onnmhairiú ainmhithe beo chuig tíortha nach tíortha de AE iad agus iompar uile ainmhithe beo idir na Ballstáit a mhaireann níos mó ná 8 n-uair an chloig a chur ar fionraí go dtí go mbeidh smacht ar staid na scuainí fada agus an diúltaithe iontrála ag teorainneacha áirithe idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha;
Todhchaí shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil AE a chosaint
71. go láidir den tuairim go n-atreisíonn géarchéim COVID-19 an géarghá atá le tionscnaimh chlaochlaitheacha amhail Comhaontú Glas don Eoraip atá níos doimhne agus níos uaillmhianaí agus ina n-áirítear uasghrádú forleathan ar institiúidí sóisialta agus eacnamaíocha AE; á áitiú nach amháin go bhfuil an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus chaillteanas na bithéagsúlachta bunriachtanach chun cumas ár sochaithe a chaomhnú chun go mbeidh borradh fúinn ar an bpláinéad seo againne ach, a bhuí leis an gcomhrac sin, go gcruthófaí poist agus go dtiocfadh forbairt ar an geilleagar go fada fairsing, díreach mar atá ag teastáil chun go bhféadfaidh geilleagar AE téarnamh ó shuaitheadh COVID-19;
72. ag tathant ar an gCoimisiún tús a chur láithreach leis an obair ar bhunú Phacáiste Infheistíochta um Théarnamh Glas uile-AE, lena ndéanfaí i bhfad níos mó, i dtéarmaí uaillmhéine, raon feidhme agus méide, ná an Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe atá ann faoi láthair, agus a bheadh á chistiú trí ionstraimí nua agus acmhainní dílse, agus freisin trí acmhainneachtaí feabhsaithe ó bhuiséad AE, ó SCE agus ó BEI, arna thacú le hacmhainneacht ceannaigh sócmhainní an Bhainc Ceannais Eorpaigh;
73. á áitiú gur cheart go mbeadh an Pacáiste Infheistíochta um Théarnamh Glas ina thionscadal fíor-chlaochlaitheach a mbeadh sé mar aidhm leis ní hamháin gealltanais chomhshaoil AE a bhaint amach, ar gealltanais iad a bhfuil gá leo chun córas tacaíochta beatha an chine dhaonna a chaomhnú, ach freisin chun an córas socheacnamaíoch atá againn a chlaochlú ina iomláine chun aghaidh a thabhairt ar an easpa chontúirteach athléimneachta i seirbhísí poiblí agus sa chóras talmhaíochta, eacnamaíoch agus airgeadais a bhaineann an bonn ó leas inbhuanaithe na ndaoine atá ag maireachtáil in AE;
74. á chur i bhfáth go bhfuil sé soiléir arís ar ais, de bharr ghéarchéim COVID-19, go bhfuil na huirlisí rialála eacnamaíche de dhíth ar AE agus, go háirithe, ar an limistéar euro, lenar féidir cistí a aistriú chuig na háiteanna sin a bhfuil gá leo chun dálaí eacnamaíocha a chobhsú; á áitiú go bhfuil sé tábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfaí an gá atá le cobhsaíocht a chur i gcuntas leis na hathchóirithe leantacha atá á ndéanamh ar rialáil an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta ar a n-áirítear athchóirithe ar an ionstraim bhuiséadach le haghaidh cóineasú agus iomaíochais, agus pleananna le haghaidh córas athárachais i gcomhair scéimeanna náisiúnta slándála sóisialta);
75. á aithint gur gá seirbhísí poiblí a chosaint agus a athfhorbairt chun go ndéantar bunriachtanais na ndaoine agus an t-aistriú éiceolaíoch a ráthú agus go n-áirithítear leo go gcuirtear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chun feidhme; den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach athléimneacht i gcoinne géarchéimeanna amach anseo a áirithiú chun a ráthú gurb amhlaidh ar fud AE go ndéantar seirbhísí poiblí a bhaineann le sláinte, le hoideachas, le rochtain ar aer agus uisce glan, le fuinneamh agus le hiompar poiblí, mar aon le cosaintí sóisialta, a chosaint agus a ráthú; den tuairim gur mithid anois ráthaíocht Eorpach sláinte agus inniúlachtaí feabhsaithe maidir le sláinte phoiblí a thabhairt isteach ar leibhéal AE; á chur i bhfáth, maidir leis an díospóireacht ar na nithe ba cheart a mheas mar bhunriachtanas atá le soláthar trí sheirbhísí poiblí nó atá le cosaint mar chuid de na hacmhainní uilechoiteanna, ba cheart í a chur san áireamh sna topaicí a phléitear faoin gCoinbhinsiún ar Thodhchaí na hEorpa;
76. ag tathant ar AE agus ar na Ballstáit a iarraidh ar an gClár Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais athbhreithniú cuimsitheach a sheoladh ar an eolaíocht a bhaineann leis an nasc idir pandéimí amhail COVID-19, fliú muc, MERS agus SARS a bhíonn ann mar thoradh ar phataiginí a aistríonn ó ainmhithe go daoine agus mar thoradh ar dhíghrádú na bithéagsúlachta, an dífhoraoisiú agus athruithe eile ar úsáid talún, chun an lucht ceaptha beartais a chur ar an eolas faoi straitéisí lena n-íoslaghdaítear an riosca ó na zónóisí sin;
77. ag beartú coiste speisialta parlaiminteach a bhunú, a mbeidh an sainordú agus na cumhachtaí is gá aige chun tarraingt ar na ceachtanna ón ngéarchéim agus ón bhfreagairt ar fud AE chun gur inniúla a bheidh na Ballstáit ar aghaidh a thabhairt, i dteannta a chéile, ar dhúshláin den mhéid chéanna amach anseo, gan beann ar a dtionscnamh, agus chun a chur ar a cumas don Pharlaimint moltaí a thabhairt don Choimisiún agus don Chomhairle;
78. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.