Nós Imeachta : 2020/2616(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : B9-0148/2020

Téacsanna arna gcur síos :

B9-0148/2020

Díospóireachtaí :

PV 16/04/2020 - 17
CRE 16/04/2020 - 17

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :


<Date>{14/04/2020}14.4.2020</Date>
<NoDocSe>B9-0148/2020</NoDocSe>
PDF 205kWORD 67k

<TitreType>TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN</TitreType>

<TitreSuite>chun an díospóireacht maidir leis na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún a thabhairt chun deiridh</TitreSuite>

<TitreRecueil>de bhun Riail 132(2) de na Rialacha Nós Imeachta</TitreRecueil>


<Titre>maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac</Titre>

<DocRef>(2020/2616(RSP))</DocRef>


<RepeatBlock-By><Depute>Manon Aubry, Martin Schirdewan</Depute>

<Commission>{GUE/NGL}thar ceann Ghrúpa GUE/NGL</Commission>

</RepeatBlock-By>


B9-0148/2020

Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac

(2020/2616(RSP))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don mheasúnú riosca ar an ráig de COVID-19 atá déanta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) inar dearbhaíodh go bhfuil an riosca scaipthe agus an riosca tionchair a ghabhann le COVID-19 ‘an-ard’ ar an leibhéal domhanda agus ina ndearnadh an ráig a thréithriú mar phaindéim,

 ag féachaint do phlean straitéiseach ullmhachta agus freagartha EDS don choróinvíreas nua,

 ag féachaint don mhearmheasúnú riosca ar an ráig den choróinvíreas a rinne an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus na nuashonraithe ar an measúnú sin,

 ag féachaint don Tuarascáil maidir le Bagairtí Galar Teagmhálach (CDTR) is déanaí ó ECDC agus do threoirlínte sláinte poiblí na heagraíochta sin maidir le COVID-19,

 ag féachaint do Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE[1];

 ag féachaint do Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta[2],

 ag féachaint do Chairt Shóisialta na hEorpa (athbhreithnithe) ó Chomhairle na hEorpa an 3 Bealtaine 1996,

 ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (CECS) a d’fhógair an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún i mí na Samhna 2017,

 ag féachaint don ráiteas ó airí airgeadais an Aontais an 23 Márta 2020 maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis i bhfianaise ghéarchéim COVID-19,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2020 le haghaidh rialachán ón gComhairle maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) tar éis ráig COVID 19 (COM(2020)0139),

 ag féachaint don nóta i dtaobh measúnú tosaigh ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair an 18 Márta 2020 dar teideal ‘COVID-19 agus an saol oibre: Tionchair agus freagairtí beartais’,

 ag féachaint don Chonradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (Comhshocrú Fioscach),

 ag féachaint do na ráitis ón mBanc Ceannais Eorpach an 12 agus 18 Márta 2020[3],

 ag féachaint don ghearradh sa ráta úis a rinne an Cúlchiste Feidearálach an 3 Márta 2020[4],

 ag féachaint don ráiteas ón nGrúpa Euro an 4 Márta 2020[5],

 ag féachaint don ráiteas ón gComhairle Eorpach an 26 Márta 2020[6],

 ag féachaint do Mheasúnú Eacnamaíoch Eatramhach ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta an 2 Márta 2020[7],

 ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine 1948,

 ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le dlúthpháirtíocht dhomhanda chun galar an choróinvíris a chomhrac 2019,

 ag féachaint don nuashonrú ar an tuarascáil ó Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt maidir leis an suathadh do thíortha i mbéal forbartha de bharr COVID-19,

 ag féachaint dá rún an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil[8],

 ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A. de bhrí go bhfuil an coróinvíreas nua, a chéadtuairiscíodh in Wuhan i mí Nollaig 2019 agus a dtugtar coróinvíreas an ghéarshiondróim throm riospráide 2 (SARS-CoV-2) anois air, chomh maith lena ghalar gaolmhar, COVID-19, anois scaipthe ar fud an domhain agus go bhfuil sé tréithrithe go hoifigiúil mar phaindéim;

B. de bhrí go bhfuil córais cúraim sláinte faoi bhrú mór chun cúram leormhaith a áirithiú do gach othar; de bhrí go bhfuil laghdú leanúnach ag teacht ar an gcistiú atá á bhfáil acu agus go bhfuil faillí á dhéanamh orthu mar thoradh ar phróisis léirscaoilte agus príobháidithe, ar lámh amháin, agus mar thoradh ar bhearta déine den eite dheis, ar an lámh eile; de bhrí, mar thoradh air sin, gur lú atá ar a gcumas feidhmiú i ngnáthstaideanna agus i staideanna neamhghnácha araon, lena n-áirítear chun déileáil leis an ráig reatha de COVID-19; de bhrí go bhfuil easpa leapacha in aonaid dianchúraim, easpa trealaimh cosanta pearsanta, easpa cógas leighis agus easpa feistí leighis ann ar fud na mBallstát agus gur cúis bhuartha é sin; de bhrí go bhfuil éagsúlacht as cuimse sa ghanntan seo ó thír go tír;

C. de bhrí go bhfuil paindéim COVID-19 tar éis iarmhairtí bheartais nualiobrálacha an Aontais a nochtadh agus a léiriú nach ann do chomhordú agus dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát ag tráth géarchéime sláinte, rud a chuir moill freisin ar na bearta a bhí riachtanach chun tacú le Ballstáit a bhí i ndeacracht thromchúiseach agus chun borradh a chur faoi théarnamh eacnamaíoch agus sóisialta; de bhrí gur mhainnigh AE comhstraitéis a chur chun cinn chun an víreas a chomhrac ar mhaithe le hiomaíocht idir na Ballstáit in éadáil acmhainní tearca sláinte a sheachaint;

D. de bhrí go bhfuil sé ráite ag EIS go bhféadfaí 195 milliún post lánaimseartha a chailleadh sa dara ráithe de 2020 mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus saothair atá luathaithe ag paindéim COVID-19;

E. de bhrí go bhfuil paindéim COVID-19 tar éis tionchar ollmhór agus suaiteach a imirt ar chórais eacnamaíocha na mBallstát agus go bhfuil sí ina cúis le cur isteach ar an tsochaí, go háirithe a mhéid a bhaineann le grúpaí leochaileacha agus le hioncam agus cearta oibrithe; de bhrí go bhfuil an cumhdach cómhargála ag meath ar fud AE;

F. de bhrí go bhfuil sé geallta ag an mBanc Ceannais Eorpach go ndéanfaidh sé Clár Ceannaigh Éigeandála Paindéime ar fiú EUR 750 billiún é a bhunú chun urrúis earnála príobháidí agus poiblí a cheannach, a bheidh mar pháirtfhóirithint ar fhiachas rialtais le linn na géarchéime, chomh maith le EUR 120 billiún a chur ar fáil le haghaidh bearta éascaithe cainníochtúil agus EUR 20 billiún i gceannaigh fiachais;

G. de bhrí go bhfuil cinneadh déanta ag an gCoimisiún an ‘clásal éalaithe ginearálta’ a leagtar amach sna rialacha easnaimh a ghabhann leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú in iarracht caiteachas poiblí ag na Ballstáit a spreagadh, ach nach bhfuil an comhshocrú féin aisghairthe aige;

H. de bhrí gur fadhbanna domhanda iad an eipidéim féin agus an ghéarchéim eacnamaíoch agus shóisialta atá ag éirí aisti; de bhrí go gcaithfear, anois níos mó ná riamh, dlúthpháirtíocht agus comhar ar an leibhéal domhanda a chur in ionad na hiomaíochta;

I. de bhrí go bhfuil an t-athrú aeráide agus an caillteanas leanúnach domhanda bithéagsúlachta, mar aon le scriosadh gnáthóg nádúrtha, ag cur go mór leis na rioscaí go dtiocfadh galair zónóiseacha chun cinn; de bhrí nach bhféadfar, i gcúinse ar bith, an ráig de COVID-19 a mhí-úsáid mar leithscéal chun moill a chur ar dhul i ngleic leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil; de bhrí go bhfuil gá práinneach ann go ndéanfar atógáil ghlas agus shóisialta ar ár sochaí agus geilleagar i ndiaidh na ráige;

J. de bhrí gur cheart go léireofaí urraim i gcónaí do chearta bunúsacha gach uile dhuine aonair sna bearta a dhéanann na rialtais; de bhrí gur cheart go mbeadh na bearta sin riachtanach, comhréireach agus sealadach;

K. de bhrí gur rith Parlaimint na hUngáire dlí an 30 Márta 2020 a thug sainordú parlaiminteach do Viktor Orbán agus a rialtas an tír a rialú go ceann tréimhse éiginnte trí fhoraithne agus gur tugadh an deis dóibh smachtbhannaí de suas le cúig bliana príosúnachta a fhorchur ar iriseoirí atá ag clúdach na paindéime;

L. de bhrí go ndéanann tabhairt isteach nó fadú rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha difear don cheart chun saorghluaiseachta agus do Limistéar Schengen ina iomláine; de bhrí nach bhféadfaidh srianta ar thaisteal difear a dhéanamh don cheart chun tearmann a lorg agus go gcaithfidh na srianta sin na hoibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta a chomhlíonadh, go háirithe prionsabal an non-refoulement, agus cearta bunúsacha, faoi mar a luaitear in Airteagal 4 de Chód Teorainneacha Schengen;

M. de bhrí, ón 17 Márta 2020, go bhfuil diansrianta gluaiseachta i bhfeidhm i gcampaí i gcúig cinn de na hOileáin Aeigéacha, le isteach agus amach le 40 000 iarrthóir tearmainn sáinnithe in ionaid atá róphlódaithe go mór agus iad i ndálaí mídhaonna agus táireacha, rud a fhágann gur mó go mór an baol dóibhsean COVID-19 a tholgadh; de bhrí go bhfuil COVID-19 ina riosca tromchúiseach freisin do dhaoine atá in ionaid coinneála inimirce réamhaistrithe; de bhrí go bhfuil imircigh gan doiciméid i measc na ndaoine is mó atá faoi lé COVID-19 agus i measc na ndaoine is lú a bhfuil cosaint acu, mar i bhformhór na mBallstát nach bhfuil rochtain ar chúram sláinte príomhúil ag daoine a bhfuil stádas imirce neamhrialta acu;

GÉARCHÉIM SLÁINTE

Cúram agus soláthairtí bunriachtanacha a áirithiú

1. á chur in iúl gur oth léi na básanna a bhaineann le COVID-19, ag léiriú a comhbhá le neasghaolta na n-íospartach, leis na hothair a bhfuil an coróinvíreas orthu faoi láthair agus leis na daoine atá i gcoraintín agus ar féinleithlis, agus ag léiriú dlúthpháirtíocht leis na tíortha agus na réigiúin is mó atá buailte ar fud an domhain;

2. ag moladh agus ag gabháil buíochas leis na gairmithe cúraim sláinte a bhí ag obair go dothuirsithe agus i ndálaí thar a bheith deacair chun scaipeadh an víris a chomhrac agus chun cóir leighis a chur ar othair COVID-19; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú gur ann do dhóthain acmhainní agus trealaimh cosanta, mar aon le fórsa saothair leordhóthanach, ar fud a gcóras cúraim sláinte; á chur in iúl go bhfuil sí buíoch de agus ag moladh an díchill atá déanta ag gach oibrí bunriachtanach eile a choinnigh ár sochaí ar a cosa agus, á dhéanamh sin dóibh, go raibh siad ag cur a sláinte féin agus sláinte a ndaoine muinteartha i mbaol; á aithint, in go leor cásanna, gurb iad sin go deimhin na daoine a d’fhulaing cruatan agus ionsaithe ar a dtuarastail agus ar a gcearta, lena n-áirítear trí mholtaí agus bheartais nualiobrálacha an Aontais, mar aon le heaspa aitheantais le blianta fada; á iarraidh go dtabharfar aird ar leith ar an earnáil talmhaíochta agus bia, atá ag brath go mór ar shaothar imirceach séasúrach; á iarraidh go dtabharfar cosaint do chearta na n-oibrithe uile, agus go méadófar a dtuarastail agus a gcosaint shóisialta, ar shlí a bheidh ag teacht le forbairt na teicneolaíochta agus na táirgeachta; á iarraidh go gcuirfear feabhas suntasach ar dhálaí maireachtála agus saothair na n-oibrithe uile agus a dteaghlaigh;

3. á chur in iúl gur saoth léi an mhoill i bhfreagairt AE chun aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim agus gur cúis mhór imní di an easpa dlúthpháirtíochta atá léirithe ag Ballstáit áirithe agus ag an Aontas féin i leith na ndaoine sin is mó atá buailte ag an ngéarchéim; á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhordú agus pleanáil éifeachtach ar leibhéal AE, a mbeidh leithdháileadh níos fearr ar na hacmhainní atá ann cheana i gceist leis chun cabhrú leis na tíortha i mó atá i ngátar agus trína ndéanfar na hearnálacha poiblí agus príobháideacha a shlógadh chun maisc, aerálaithe, tástálacha agus cógais leighis a tháirgeadh agus iad a roinnt le chéile, ionas go gcúlófar na spleáchais a fheictear anois a bheith ann i gcomhthéacs na ráige agus chun tacaíocht a thabhairt do na córais sláinte náisiúnta ag na céimeanna éagsúla den phaindéim, lena n-áirítear treoirlínte a eisiúint maidir leis na bearta atá le déanamh ag na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla; á iarraidh ar na Ballstáit go léir a bhfuil an acmhainneacht chuige sin acu a gcuid dochtúirí, altraí agus acmhainní liachta a sheoladh go dtí na réigiúin is mó atá ag fulaingt agus othair as na réigiúin sin a ghlacadh isteach;

4. á chur in iúl gur cúis mhór buartha di an easpa soláthairtí trealaimh cosanta pearsanta (PPE), fearas tástála, feistí leighis agus cógas leighis atá ann ar an leibhéal domhanda, Eorpach agus náisiúnta mar thoradh ar bheartais íseal-stoic agus eisfhoinsiú na táirgeachta lasmuigh de AE agus de na Ballstáit aonair; á chur i bhfios go láidir gur ábhar mór buartha é an easpa soláthairtí seo i gcás gairmithe liachta agus cúraim sóisialta atá i líne thosaigh an chomhraic agus i dteagmháil dhíreach leis na hothair, agus freisin i gcás grúpaí daoine atá leochaileach go heacnamaíoch; á iarraidh ar na Ballstáit dlúthpháirtíocht a léiriú agus a áirithiú go mbeidh fáil ar PPE d’oibrithe cúraim sláinte ar fud AE; á chur in iúl gur díol sásaimh di na nósanna imeachta tairisceana comhpháirteacha atá seolta ag an gCoimisiún leis na Ballstáit agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit plean a chur ar aghaidh ar mhaithe leis na hearnálacha táirgeachta straitéiseacha i ngach Ballstát a fhorbairt ar bhealach comhordaithe agus comhtháite; á iarraidh ar na Ballstáit go ndéánfaidh siad láithreacha táirgeachta a náisiúnú nó a fhoréileamh nuair atá sé sin ag teastáil chun na feistí leighis go léir atá riachtanach a tháirgeadh; á iarraidh ar an gCoimisiún lán-úsáid a bhaint as na féidearthachtaí go léir faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta chun soláthairtí leormhaithe a áirithiú sa todhchaí;

5. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá seachadadh mear ar gach uile tháirge agus feiste leighis; á iarraidh go ndéanfar cur chun feidhme láithreach ar thrasnuithe teorann lána ghlais le haghaidh trucailí agus leoraithe a mbíonn táirgí agus feistí leighis ar iompar acu agus go dtabharfar dearbhthosaíocht do na feithiclí sin agus nach gcuirfear aon mhoill orthu;

6. á chur in iúl gur cúis bhuartha di saincheist na cosanta d’oibrithe neamhriachtanacha ar cheart dóibh stopadh ag obair le linn na ndiansrianta gluaiseachta; á iarraidh ar na Ballstáit gníomhaíochtaí neamhriachtanacha a fhionraí; á iarraidh ar an gCoimisiún comhordú a dhéanamh ar chur chuige comhpháirteach i measc na mBallstát agus i leith liosta de ghníomhaíochtaí bunriachtanacha atá le déanamh faoi choraintín le PPE leordhóthanach agus chun comhairle a chur ar gach oibrí eile fanacht sa bhaile;

7. á iarraidh, i ndiaidh na ndiansrianta gluaiseachta, go mbeidh cur chuige comhordaithe san Aontas chun go seachnófar aon athmhúscailt den víreas; ag tathant ar na Ballstáit critéir a fhorbairt go comhpháirteach chun an coraintín agus bearta éigeandála eile a ardú agus na bearta sin a ardú ar bhealach comhordaithe, ar an mbonn go bhfuil beatha daoine le sábháil;

8. á iarraidh ar an Ballstáit saothrú ionsar chomhordú, pleanáil agus idirnascthacht fheabhsaithe eatarthu féin a mhéid a bhaineann le córais cúraim sláinte; á mholadh go ndéanfar córas aitheantais fhrithpháirtigh níos láidre a chur chun feidhme le haghaidh íocaíochtaí díreacha i measc na gcóras sláinte éagsúla sna Ballstáit; á iarraidh go mbunófar creat sláinte comhordaithe chun comhar i measc na mBallstát a áirithiú chomh maith le beartais stóinseacha a chur chun feidhme; á iarraidh ar an Aontas tacaíocht a thabhairt do na córais sláinte poiblí náisiúnta, agus fós urraim a léiriú d’inniúlachtaí agus ceannasacht náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún comhordú a dhéanamh ar chur chuige comhpháirteach chun réiteach a fháil ar na heasnaimh atá sna córais cúraim sláinte agus atá aibhsithe ag géarchéim COVID-19, inter alia trí chúnamh a thabhairt i gcomhchaighdeáin stóinseacha cúraim sláinte a fhorbairt; á iarraidh go gcruthófar Ciste Sláinte a bheidh dírithe ar thacú níos fearr leis na mílte de cheannairí réigiúnacha agus áitiúla atá i ngleic le seirbhísí sláinte poiblí a sholáthar go háitiúil;

9. á chur in iúl go bhfuil sí buartha go mór faoin gcaoi a bhfuil paindéim COVID-19 tar éis cur isteach ar an rochtain ar sheirbhísí ríthábhachtacha sláinte gnéis agus atáirgthe agus go bhfuil bac curtha ar chumas na n-údarás sna Ballstáit freagairt d’fhoréigean inscnebhunaithe;

10. á iarraidh ar na Ballstáit a aithint go bhféadfadh go leor oibrithe cúraim sláinte a bheith ag fulaingt ó thráma ag éirí as na himeachtaí reatha agus a áirithiú go bhfuil an cúram iomchuí ar fáil dóibh; á iarraidh ar an gCoimisiún na cistí is gá a sholáthar chun cosaint na struchtúr agus aonad cúraim sláinte fhisiciúil agus mheabhrach a neartú agus chun feachtais faisnéise agus feasachta poiblí a dhéanamh ar mhaithe le tacú leis na saoránaigh uile, go háirithe grúpaí leochaileacha atá ag fulaingt ó éiginnteacht, aonrú agus foréigean;

11. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an obair atá déanta ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA); á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéantar dóthain acmhainní a sholáthar do ECDC agus do EMA, anois agus sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (MFF) seo chugainn, go háirithe a mhéid a bhaineann lena bhfoireann; á athdhearbhú gur cheart, ar a laghad ar bith, na ciorruithe roimhe seo a bhain 20 fostaí lánaimseartha den ECDC a chúlú láithreach; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart gur buan a bheadh an fhoireann seachas iad a bheith ar conradh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ról agus inniúlachtaí ECDC a atreisiú chun gur fearr a bheidh glacadh lena mholtaí agus lena threoirlínte;

12. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá ann meastóireacht chríochnúil a dhéanamh ar an ráig de COVID-19 agus ar an bhfreagairt don phaindéim ar an leibhéal domhanda, ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát chun go bhféadfar foghlaim ó gach cliseadh i mbeartais nualiobrálacha agus sa déine agus chun go bhféadfar na córais sláinte poiblí a neartú, ina ngné leigheasach agus ina ngné choisctheach araon, ionas gur fearr a bheidh siad feistithe agus go mbeidh siad maoinithe go leordhóthanach chun déileáil le heipidéim sa todhchaí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé sonraí neamhphearsanta cothrom le dáta agus ábhartha a bhailiú ina leith sin;

13. á chur in iúl gur díol sásaimh di an EUR 47.5 milliún atá leithdháilte chun thaighde fhíorphráinneach a dhéanamh ar vacsaín a fhorbairt le haghaidh COVID-19, ar an gcóir leighis don ghalar agus ar dhiagnóisic atá dírithe ar scaipeadh an choróinvíris a chosc; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cistí leordhóthanacha AE le haghaidh ullmhacht agus freagairt don ráig de COVID-19, amhail Cartlann Víreas na hEorpa – GLOBAL (EVAg), tionscadal PREPARE agus líonra an Chomhair Taighde Dhomhanda um Ullmhacht do Ghalair Thógálacha (GloPID-R);

14. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú, nuair a dhéantar airgead poiblí AE a chaitheamh ar thaighde, nach mbíonn torthaí an taighde sin cosanta le cearta maoine intleachtúla agus go ráthaítear inrochtaineacht praghsanna d’othair i gcás na dtáirgí a fhorbraítear; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá gníomhaíochtaí agus institiúidí poiblí taighde agus forbartha agus a thábhachtaí atá comhar ar an leibhéal idirnáisiúnta, ach fós á chur in iúl gur cúis bhuartha di an ról ceannasaíochta atá ag cuideachtaí ilnáisiúnta san earnáil chógaisíochta; ag tathant ar na cuideachtaí cógaisíochta uile a gcuid sonraí agus eolais a chomhthiomsú i gcomhdhícheall chun cóireálacha a shainaithint, a thástáil, a fhorbairt agus a mhonarú chun smacht a fháil ar an ngalar;

15. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gan na botúin a rinneadh roimhe seo a dhéanamh arís, eadhon i ndiaidh na ráige de SARS gur cuireadh an taighde ar vacsaín ar leataobh ach go bhféadfadh sé dá leanfaí den taighde sin go mbeadh dlús mór curtha leis na hiarrachtaí reatha chun teacht ar vacsaín mar go bhfuil dlúthbhaint ag an dá víreas le chéile; ag iarraidh go dtabharfar ráthaíochtaí nach gcuirfear stop leis an taighde reatha ar vacsaín a thúisce a bheidh an eipidéim de COVID-19 thart;

16. ag cur béim ar an bhfíoras gurb é an tslí is fearr chun comhrac i gcoinne eipidéimí domhanda agus chun ár sochaithe a chosaint ná an soláthar poiblí de chúram sláinte uilíoch a neartú, agus ag cur i bhfáth gur cheart go mbeadh an tsláinte phoiblí i lámha an phobail nó na hearnála neamhbhrabúis chun nach mbeidh sí ag brath ar an margadh; á iarraidh go mbunófaí cuideachtaí cógaisíochta faoi úinéireacht phoiblí; á iarraidh go ndéanfaí córais cúraim sláinte phoiblí a chaomhnú agus go ndéanfaí méadú suntasach ar chistiú dóibh chun rochtain uilíoch a áirithiú ar ospidéil ar ardchaighdeán, ar shaoráidí cúraim do dhaoine aosta, ar sheirbhísí leighis áitiúla agus ar chógais agus chun a áirithiú go gcaomhnófar cearta daoine atá faoi mhíchumas; á chur in iúl gur saoth léi an fíoras go ndearna na Ballstáit cistiú dá gcórais sláinte a laghdú mar thoradh ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus na moltaí tír-shonracha faoin Seimeastar Eorpach, ionas go mbainfí amach critéir ainmniúla um chóineasú; á iarraidh ar gach Ballstát deireadh a chur le ciorruithe buiséadacha ar bith agus infheistiú ollmhór a dhéanamh ina gcórais sláinte phoiblí, lena n-áirítear nuair a rachaidh an ghéarchéim eacnamaíoch ar aghaidh níos faide;

GÉARCHÉIM SHÓISIALTA

Fostaíocht, ioncaim agus cosaint shóisialta a tharrtháil

17. ag tabhairt dá haire togra ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2020 le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le SURE; ag iarraidh na hionstraime nua chun poist, tuarastail agus cearta saothair na n-oibrithe a áirithiú; ag cur in iúl gur oth léi, áfach, gur sásra deonach é SURE go fóill agus nach dtagann an cistiú dó ach amháin i bhfoirm iasachtaí seachas mar fhóirdheontais phoiblí, arna gcruinniú trí bhíthin margaí airgeadais, lena gcuirfear ar chumas na mbanc príobháideach tairbhe a bhaint as an ngéarchéim agus lena méadófar fiachas na mBallstát; ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart go n-eascródh cailliúint ioncaim d’oibrithe as úsáid na hionstraime sin;

18. á iarraidh ar na Ballstáit lán-úsáid a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa agus as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú chun tionchar na géarchéime a mhaolú d’oibrithe a leagadh as a bpoist agus do na grúpaí is leochailí; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta teagmhais a ullmhú láithreach chun go seachnófar cás ina scoirfí cláir faoi Chiste Sóisialta na hEorpa agus faoin gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú an 31 Nollaig 2020 mura dtiocfar ar chomhaontú maidir le CAI in am;

19. á iarraidh ar na Ballstáit infheistiú a dhéanamh i seirbhísí poiblí le leas ginearálta, go háirithe cúram sláinte, oideachas, cúram leanaí, cúram do dhaoine scothaosta agus tithe altranais, cúram do dhaoine gan dídean agus tithíocht, chun an ghéarchéim shóisialta a mhaolú agus chun beatha grúpaí faoi mhíbhuntáiste a fheabhsú, lena n-áirítear iad siúd atá i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta;

20. á iarraidh ar na Ballstáit toirmeasc a chur ar dhíbirt agus ligean do gach iasachtaí dífhostaithe agus iasachtaithe ar ísealioncaim go meánioncaim íocaíochtaí ar iasachtaí tithíochta agus cíosanna a chur ar fionraí fad a mhairfidh an ghéarchéim agus iad ag tabhairt aghaidh ar dheacrachtaí airgeadais, gan aon táillí bainc breise;

21. á iarraidh ar na Ballstáit idirphlé sóisialta agus cómhargáil a chur chun cinn agus iad ag dul i ngleic le géarchéim COVID-19 agus a áirithiú go bhfuil comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach go hiomlán i ndearadh agus cur chun feidhme na mbeart arna ndéanamh; á iarraidh ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun poist, dálaí oibre agus pá a choimirciú, lena n-áirítear bearta d’obair ghearr-ama, socruithe i dtaca le cúiteamh ioncaim agus bearta comhchosúla; ag cáineadh na n-iarrachtaí a rinne Ballstáit agus cuideachtaí áirithe chun tairbhe a bhaint as an scéal agus ionsaí a dhéanamh ar chearta agus dálaí oibrithe; ag tabhairt cuireadh do na Ballstáit dul i mbun comhairliúcháin le ceardchumainn agus oibrithe chun bearta sláinte agus sábháilteachta ceirde i gcoinne leathadh eipidéim COVID-19 a shainiú agus chun stop a chur le gníomhaíochtaí nach bhfuil bunriachtanach d’fhonn oibrithe a chosaint ar an víreas tógálach;

22. á iarraidh ar na Ballstáit síneadh a chur le fad na tréimhse agus na coinníollachtaí i ndáil le sochair dhífhostaíochta a fháil a chur ar fionraí go dtí go mbainfear amach téarnamh eacnamaíoch iomlán; á chreidiúint gur cheart aird ar leith a thabhairt ar chosaint a thabhairt do na daoine is faide amach ó mhargadh an tsaothair;

23. á iarraidh ar na Ballstáit, faoi choinníollacha sóisialta agus comhshaoil, freagracht a ghlacadh chucu féin mar íocóir na rogha deiridh trí bhillí fiontar beag agus meánmhéide a chumhdach agus bearta a mhaoiniú chun poist a tharrtháil agus ioncaim a chosaint amhail fóirdheontais phá; á iarraidh ar na Ballstáit fóirdheontais a thabhairt do shocruithe oibre gearr-ama do lán-íocaíocht mar aon le síntí a dheonú do shaoire bhreoiteachta íoctha agus laghduithe in uaireanta oibre d’oibrithe atá ag tabhairt aire do leanaí agus do dhaoine cleithiúnacha dá dteaghlaigh agus luach saothair lán-ama á chaomhnú; á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur le gníomhaíochtaí na n-ardán digiteach agus síneadh a chur le bearta cosanta chun oibrithe féinfhostaithe bréagacha agus gach oibrí neamhchaighdeánach eile a chumhdach, lena n-áirítear oibrithe ardáin, agus é mar chuspóir leis sin ionadú a dhéanamh ar gach tuilleamh caillte;

24. á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh sé mar choinníoll le gach cabhair airgeadais do chuideachtaí príobháideacha nach mbeadh dífhostú ar bith ann agus go gcosnófaí leibhéil na ndálaí oibre atá ann cheana; ag tathant ar na Ballstáit toirmeasc sealadach a chur ar dhíbhinní do scairshealbhóirí ó chuideachtaí agus aon mhéadú ioncam POF agus bónais do lucht bainistíochta a stopadh; den tuairim gur cheart go mbeadh an Stát mar pháirt-úinéir nuair a dhéanann sé cuideachtaí príobháideacha in earnálacha straitéiseacha a tharrtháil mar bhealach chun inbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht a áirithiú, agus chun a áirithiú gur féidir airgead na gcáiníocóirí a fháil ar ais tar éis na géarchéime;

25. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh coinníollacha diana ag gabháil le tarrtháil ó thaobh caighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus chánach, dícheall cuí maidir le cearta an duine ar fud slabhraí soláthair agus trédhearcacht cánach; ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart go dtabharfaí aon fhóirdheontas do thionscadail a bhaineann le breoslaí iontaise nó diantruailliú;

26. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar chomhpháirtithe sóisialta a áirithiú, i gcás inarb iomchuí agus mar bheart sealadach, go bhfuil an rogha ag gach oibrí teilea-obair a dhéanamh agus go bhfuil na hacmhainní acu chuige sin; ag cur in iúl gur cúis bhuartha di an bhearna dhigiteach ina leith sin agus á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an bplean Eorpach um imlonnú idirlín ar mhaithe le comhionannas rochtana do chách ar 4G i ngach áit;

27. á chur i bhfáth gur cheart aird ar leith a thabhairt d’oibrithe ar postú atá greamaithe i mBallstát eile, nach féidir leo féin-aonrú agus nach bhfuil rochtain acu go minic ar liúntas oibre gearr-ama agus árachas sláinte; ag tathant ar na Ballstáit slándáil agus cúram sláinte oibrithe ar postú atá ar a gcríoch a ráthú; á éileamh go ndéanfaí aisghairm ar an Treoir maidir le hOibrithe a Phostú[9];

28. ag cáineadh dhúshaothrú an ghanntanais agus fheiniméin an mhargaidh dhuibh agus an mhéadaithe mhóir ar phraghas díghalrán, ceirtíní dífhabhtaithe agus masc; á iarraidh ar na Ballstáit rialáil a dhéanamh ar phraghsanna táirgí bunriachtanacha; ag cur béim ar an ngá atá le ról agus freagracht na n-ardán ar líne a mhéadú, ar ardáin iad ar cheart comhfhreagracht a chur orthu i ndáil le táirgí neamhchomhlíontacha agus bréige a thairiscint lena ndíol; á iarraidh ar an gCoimisiún méadú pras ar phraghsáil táirgí bunriachtanacha a chur leis an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma[10] chun cosc a chur le dianmhéaduithe gan choinne i bpraghsanna táirgí bunriachtanacha ar áiteanna margaidh ar líne; ag cáineadh gníomhaíochtaí árachóirí áirithe atá ag diúltú dámhachtainí a íoc i ndáil le briseadh gnó;

29. ag tathant ar an gCoimisiún cabhair airgeadais a thairiscint do na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha, lena n-áirítear tríd an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas, agus á iarraidh ar na Ballstáit rochtain a áirithiú ar bhearta cúitimh do gach gairmí cultúrtha, lena n-áirítear saoririseoirí;

Téarnamh agus ceartas sóisialta

30. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún gach bacainní roimh chómhargáil a bhaint agus dul i ngleic leis an laghdú seasta ar chumhdach cómhargála; den tuairim gurb iad cómhargáil agus/nó comhaontuithe tríthaobhacha na hionstraimí is fearr ar fad chun téarnamh daonlathach a bheidh cóir go sóisialta a áirithiú ‘nach bhfágfar aon duine ar gcúl’ ann, bunaithe ar chruthú post ar ardchaighdeán agus aistriú i dtreo cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo;

31. á iarraidh ar an gCoimisiún díolúine shoiléir a thabhairt isteach i gcás oibrithe féinfhostaithe bréagacha, amhail oibrithe ardáin, ó rialacha iomaíochta AE chun ligean do na hoibrithe sin cómhargáil a dhéanamh gan iad a mheas mar chairtéal;

32. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú i gcás gach pacáiste spreagthaí agus gach tarrthála, go rachfar i ngleic le cailliúint ioncaim, consanta sóisialta agus teidlíochtaí pinsin do mhná mar gheall ar an ualach cúraim; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na comhpháirtithe sóisialta socruithe oibre a ghlacadh lena gcuirtear athdháileadh an ualaigh cúraim chun cinn taobh istigh de theaghlaigh gan caillteanas ioncaim nó laghdú i leibhéal pá;

33. á iarraidh ar an gCoimisiún, na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta bearta sláinte agus sábháilteachta san áit oibre a fhorbairt atá inscne-íogair, a bheidh dírithe go sonrach ar earnálacha túslíne, d’fhonn ráigeanna amach anseo a chosc; á mheabhrú di go bhfuil barraíocht ionadaíochta ag mná i gcás formhór na ngairmeacha túslíne, mar is fíor i gcás altraí agus gairmithe cúraim sláinte eile, oibrithe cógaisíochta, airgeadóirí ollmhargaidh, múinteoirí, oibrithe cúraim leanaí, oibrithe cúraim do dhaoine aosta agus glantóirí;

34. á iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh maidir le buan-Scéim Eorpach um Ath-árachas Dífhostaíochta, bunaithe ar dheontais agus ar phrionsabal na comhroinnte riosca agus nach mbeadh bunaithe ar choinníollacht iasachtaí; á chur i bhfáth nach mór go ráthófar cóineasú forásach i gcearta saothair le haon chéimeanna sa treo sin, lena ndiúltófar aon chomhchuibhiú lena dtionscnófaí sodar go grinneall i ndáil le dálaí maireachtála agus oibre;

35. á iarraidh ar AE aontú do Chairt Shóisialta athbhreithnithe na hEorpa agus céimeanna a thógáil láithreach chun í a chur chun feidhme; á iarraidh ar gach Ballstát an Chairt athbhreithnithe a dhaingniú;

GÉARCHÉIM EACNAMAÍOCH

Cúnamh eacnamaíoch bunriachtanach

36. ag cur in iúl gur oth léi freagairt mhoillithe agus neamhleor an Ghrúpa Euro ar an ngéarchéim ón 9 Aibreán 2020; ag tabhairt dá haire go nochtar na contrárthachtaí atá ann cheana laistigh de AE leis an gcruinniú sin, mar aon leis an easpa uafásach dlúthpháirtíochta agus an easpa beart atá comhréireach do réimse na bhfadhbanna nach mór do na Ballstáit agus do dhaoine aonair dul i ngleic leo; á mheas go bhfuil an pacáiste iomlán de EUR 0.5 trilliún thar a bheith lag i bhfianaise na riachtanas méadaithe; i gcoinne an raoin feidhme, na hacmhainneachta teoranta, na coinníollachta agus an fhaireachais a ghabhann leis an EUR 240 billiún tríd an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE); ag cur in iúl gur oth léi gur Ciste Téarnaimh neamhshainithe agus doiléir atá sa réiteach arna chur i láthair;

37. ag cur in iúl gur geal léi an cinneadh ‘clásal éalaithe ginearálta’ an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú; á iarraidh go ndéanfaí an Comhshocrú a aisghairm go buan, mar aon le haisghairm Chreat Rialachais Eacnamaíoch AE ina iomláine, lena n-áirítear an Seimeastar Eorpach agus an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas, lena gcuirtear srian agus coinníollacha le deiseanna na mBallstát agus a straitéisí sóisialta, poiblí agus forbartha táirgiúla; á mheas go bhfuil sé míchuí go n-eiseodh institiúidí AE moltaí tír-shonracha le linn géarchéim gan choinne, go háirithe maidir le seasaimh fhioscacha a bhaineann le caiteachas ar sheirbhísí sóisialta agus sláinte sna Ballstáit; á iarraidh go gcuirfí Comhshocrú Forbartha agus Fostaíochta Inbhuanaithe in ionad an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis tar éis na géarchéime;

38. á éileamh go gcuirfí an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha ar fionraí láithreach agus go buan, chun go mbeidh rialtais in ann an tsuim is gá a chaitheamh (agus a fháil ar iasacht) chun dul i ngleic leis an dúshlán seo gan imní go gcuirfí smachtbhannaí orthu;

39. á iarraidh ar na Ballstáit aon bheart is gá a dhéanamh chun fostaíocht agus ioncam a chosaint, agus chun rochtain uilíoch ar sheirbhísí poiblí a áirithiú – go háirithe seirbhísí sóisialta agus sláinte – fiú má chiallaíonn sé sin nach mbainfear amach na Cuspóirí Buiséadacha Meántéarmacha;

40. á iarraidh ar institiúidí AE, go háirithe an Banc Ceannais Eorpach (BCE), gníomhú go práinneach chun cosc a chur le forbairt géarchéime nua airgeadais agus fiachais cheannasaigh; á chur i bhfáth i ndáil leis sin nach mór do BCE tiomantas a thabhairt i dtaca le gníomhú mar iasachtóir na rogha deiridh do na Ballstáit, ní hamháin do na bainc, trína chláir ceannaithe bannaí ceannasacha a dhéanamh neamhchoinníollach, neamhtheoranta agus bunaithe ar riachtanais chaiteachais na mBallstát seachas ar an scála caipitil reatha;

41. á iarraidh ar BCE gach banna ceannasach a bhaineann le COVID-19 a shainaithint agus a cheannach agus an coróinfhiachas arna eisiúint ag na Ballstáit le linn ráig COVID-19 agus le linn na tréimhse ina mbeifear ag freagairt dá tionchair eacnamaíocha agus shóisialta a chur ar ceal ina iomláine;

42. á iarraidh go gcruthófaí bannaí COVID-19 agus bannaí don Chomhaontú Glas don Eoraip láithreach, a eiseoidh BCE nó a ráthófar le clár ceannaigh BCE, nach mór dó a bheith neamhchoinníollach agus lena gcuirfear ar chumas na mBallstát téarnamh go tapa ón ngéarchéim, agus lena gclaochlófar a ngeilleagair, gan aon duine a fhágáil ar gcúl; á chur i bhfios gur cheart go mbeadh bannaí COVID-19 buan agus saor ó ús chun go mbeidh siad ina léiriú ar bhuanchruthú airgid lenar féidir suaitheadh eacnamaíoch a chúiteamh; den tuairim go bhféadfaí na bannaí sin a eisiúint trí Chiste Téarnaimh Eorpach a bheidh ann amach anseo nó tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), fad is go n-eiseofar iad gan coinníollachtaí maicreacnamaíocha nó eile agus go gceannóidh BCE iad láithreach;

43. á thabhairt chun suntais, toisc go bhfuil coinníollacht cumhdaithe i línte creidmheasa SCE chuig na Ballstáit atá cosúil le tarrthálacha agus meabhráin an Troika, go bhfuil gá ann sásra nua a sholáthar do na Ballstáit a bhfuil cistiú de dhíth orthu, lena gceadófar línte creidmheasa neamhchoinníollacha agus saor ó ús;

44. á éileamh go ndéanfaidh BCE feidhm nua a bhaint as a bheartais éascaithe chainníochtúil, go háirithe a chlár ceannaigh earnála corparáidí, chun go mbeidh sé coinníollach ar thiomantas gnólachtaí i dtaca le lánchosaint fostaíochta, oibrithe, ceart agus ioncaim agus spriocanna Chomhaontú Pháras;

45. á iarraidh ar BCE breithniú a dhéanamh ar an gá atá le leachtachtaí a sholáthar go díreach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus saoránaigh gan bainc a úsáid mar idirghabhálaí; á chur i bhfáth nach mór do BCE a bhfuil foghlamtha ón ngéarchéim a shainaithint agus iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú ar a reachtanna a mholadh ionas go méadófar acmhainneacht an bhainc tacú le caiteachas poiblí;

46. á iarraidh go ndéanfaí rialáil níos déine ar mhargaí airgeadais chun ionsaithe amhantracha a chosc, agus á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh toirmeasc sealadach ar fud an mhargaidh aonair ar dháileadh díbhinní, bónas agus aischeannach;

47. ag tabhairt dá haire gur cruthaíodh Ciste Ráthaíochta Uile-Eorpach BEI de EUR 200 billiún; á éileamh go n-úsáidfeadh BEI a uas-acmhainneacht chun tacú le cuideachtaí faoi úinéireacht phoiblí agus freisin chun cistí a sholáthar do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide, ar an gcoinníoll go dtabharfadh na gnólachtaí gealltanas go gcosnóidís fostaíocht, cearta agus ioncam;

48. á iarraidh go ndéanfaí slógadh láithreach ar EUR 4 bhilliún i gcorrlaigh agus solúbthachtaí gan leithdháileadh atá fós ar fáil i mbuiséad 2020;

49. á áitiú go ndéanfaidh an Coimisiún gach beart is gá chun an EUR 3 bhilliún atá ar fáil i mbarrachas buiséadach 2019 a leithdháileadh agus go ndíreoidh sé é i dtreo an chomhraic i gcoinne COVID-19 agus a thionchair shóisialta agus eacnamaíoch;

50. á mheabhrú di nach mór prionsabail an bheartais comhtháthaithe a chaomhnú le linn ghéarchéim an choróinvíris, lena n-áiritheofar solúbthacht uasta agus nach ndéanfar aon aistrithe ó réigiúin trasdula nó réigiúin bheagfhorbartha chuig réigiúin eile;

51. á iarraidh go ndéanfaí feabhsú, slógadh agus atreorú láithreach ar chistí; á chur i bhfáth, ar mhaithe le borradh a chur faoi iarrachtaí fioscacha, go gcaithfidh na Ballstáit rochtain láithreach a bheith acu ar chistí struchtúrtha AE, lena n-áirítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, chun freagairt don ghéarchéim; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór buiséad reatha AE a fheabhsú agus cistí breise a atreorú i dtreo cistiú comhtháthaithe ar féidir leis na Ballstáit é a tharraingt anuas de réir mar is gá;

52. á iarraidh go gcuirfí rialuithe caipitil chun feidhme i gcás inar gá chun an sreabhadh ollmhór caipitil ó gheilleagair atá i mbéal forbartha agus atá ag teacht chun cinn a mhoilliú, ar sreabhadh é atá ag tarlú ó thosaigh an phaindéím;

53. á iarraidh go nglacfaí eisceacht sláinte láithreach i ngach comhaontú trádála a bhaineann le rochtain ar phaitinní d’innealra liachta agus cógais, agus nach mbeadh aon srianta ar an bhféidearthacht do stáit idirghabháil a dhéanamh in earnáil na sláinte poiblí; á iarraidh go stopfaí na caibidlíochtaí uile maidir le comhaontuithe saorthrádála nua agus go ndéanfaí clár athbhreithniúcháin do na comhaontuithe sin atá tagtha i bhfeidhm cheana chun freagairt ar dhúshláin reatha, lena n-áirítear caibidil bhreise lena gceadófar Státchabhair chun dul i ngleic leis an bpaindéim;

Téarnamh glas agus cóir go sóisialta

54. á iarraidh ar an gCoimisiún, ina athbhreithniú ar na rialacha maidir le Státchabhair, féidearthacht a bheartú ina ndéanfaí idirghabháil Stáit sa gheilleagar a bheadh poiblí agus daonlathach, lena gcuirfí forbairt, ceartas sóisialta agus comhall riachtanas sóisialta chun cinn, lena n-áirítear gach céim is gá i gcomhair téarnamh atá glas agus cóir go sóisialta;

55. á chur i bhfáth go bhfuil fíor-leochaileacht an gheilleagair dhomhandaithe léirithe ag an ráig seo, ar geilleagar é le slabhraí trádála fada arna rialú ag fiontair ilnáisiúnta agus amhantraithe praghsanna, chomh maith le spleáchas eacnamaíoch AE ar tháirgeadh i dtríú tíortha; á chur i bhfios go bhfuil géarghá le ath-logánú táirgthe agus tionscail chuig gach Ballstát, lena spreagfar forbairt earnálacha táirgthe gach tíre, le hearnáil phoiblí láidir, go háirithe i gcás earnálacha straitéiseacha atá ró-thábhachtach le fágáil faoin margadh, amhail cógais, táirgí sláintíochta, trealamh cosanta pearsanta agus feistí leighis; á iarraidh ar an gCoimisiún méadú as cuimse a dhéanamh ar a thacaíocht do chistiú poiblí, taighde agus nuálaíocht sna réimsí sin;

56. ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart teacht i dtír ar bhealach ar bith ar ráig COVID-19 mar leithscéal as moilleanna ar dhul i ngleic leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle oibriú go dochloíte tapa ar Dhlí Aeráide a bheidh uaillmhianach go fíor agus ar an bPlean Gníomhaíochta le haghaigh Geilleagar Ciorclach, agus brú a choinneáil le huaillmhian a bheith ann i ngach cuid éagsúil den Chomhaontú Glas, mar an Straitéis ón bhFeirme go dtí an Forc, an Straitéis Bithéagsúlachta agus na tograí reachtacha a fógraíodh; á chur i bhfáth gur cheart na straitéisí agus an reachtaíocht sin a fhoilsiú gan moill mhíchuí;

57. ag tabhairt dá haire agus é ina ábhar imní di gur féidir méadú a theacht ar bhaol galar zónóiseach trí theochtaí domhanda atá á n-ardú, trí ghnáthóga agus bithéagsúlacht atá á scriosadh agus tríd an bhfeirmeoireacht, an trádáil agus an craos a dhéanann daoine ar ainmhithe faoi láthair; á chur i bhfáth an gá le hiarrachtaí a mhéadú go suntasach chun téamh domhanda agus cailliúint bithéagsúlachta agus gnáthóg a stopadh; á iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí isteach i nDlí na hAeráide an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go 70% faoi 2030, neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach roimh 2040, agus deireadh a chur le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise go tapa; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit iarrachtaí a mhéadú chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme; á iarraidh ar na Ballstáit infheistíocht mhór a dhéanamh i dtearmainn dúlra, páirceanna agus spásanna glasa agus oscailte, lena n-áirítear laistigh agus timpeall cathracha, a mhéadú;

58. á thabhairt dá haire gur dlúth an bhaint idir paindéim COVID-19 agus an cúlú eacnamaíochta dá deasca, an éigeandáil aeráide agus an fíor-neamhionannas; á iarraidh ar an gCoimisiún buiséad an Phlean Infheistíochta Inbhuanaithe a mhéadú go EUR 2 thrilliún, a chaithfear le Comhaontú Sóisialta agus Glas don Eoraip a chistiú, comhaontú a bheidh forásach agus é mar aidhm leis na milliúin post nua a chruthú, comhtháthú sóisialta agus ullmhacht na gcóras sláinte a fheabhsú in aghaidh paindéimí amach anseo, agus aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil aeráide; á chur i bhfáth gur cheart go gcaithfí airgead poiblí le tionscadail phoiblí agus tairbhí don phobal a bheith mar thoradh air;

59. á chur i bhfáth go gcaithfear teacht aniar is fearr a bheith inár sochaí i ndiaidh na géarchéime seo, chun bheith in ann suaití amach anseo a sheasamh; á thabhairt chun suntais gur aistriú atá go hiomlán cóir chun sochaí agus geilleagair inbhuanaithe an t-aon dóigh amháin leis sin a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tiomantas gan agó a thabhairt d’atosú glas ár sochaí agus a áirithiú go soláthrófar treoirphlean ‘glas’ sa Chomhaontú Glas don Eoraip chun ár ngeilleagar a atosú ar bhealach a gcosnófar sláinte an phobail, a ndéanfaidh leas agus folláine a chumhdach, agus a gcinnteoidh todhchaí inbhuanaithe do chách;

60. á iarraidh go ndéanfaí gnáthóga fiáine a chosaint chun an riosca go gcaillfí an bhithéagsúlacht agus go dtolgfadh daoine aicídí ó ainmhithe a mhaolú; á iarraidh go ndéanfaí faireachán grinn ar ghalair atá ag teacht chun cinn, go háirithe iad siúd ar micribhithóm ainmhí is siocair leo, lena n-áirítear veicteoirí tábhachtacha pataiginí a bhfuil tábhacht don duine agus don tréidliacht acu; á iarraidh go ndéanfaí staidéir leanúnacha ar ráigeanna eipidéimí le déanaí agus roimhe seo; á iarraidh go ndéanfaí staidéir ar thionchar ghníomhaíochtaí an duine ar athruithe i micribhithóm an ainmhí;

61. á iarraidh ar an gCoimisiún CAI 2021-2027 a bheidh nua uaillmhianach a mholadh ina mbeidh cistiú méadaithe do bheartais chomhtháthaithe, aeráide agus sláinte, agus ag tabhairt dá haire nach leor togra an Choimisiúin maidir le 1.11 % d’ollioncam náisiúnta AE-27 nó fiú an 1.3 % a mhol an Pharlaimint chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim reatha; á éileamh go ndéanfaí na méaduithe buiséid do rialú agus cosaint teorann a atreorú go hiomlán chuig beartas comhtháthaithe;

62. á éileamh go dtosódh an Coimisiún ag obair láithreach ar phlean teagmhais nua athdhírithe CAI, trí bhuiséad teagmhais a ullmhú, a bheidh bailí go ceann bliana ar a laghad ag tosú i mí Eanáir 2021, agus ag dréim go ndéanfar acmhainní a dhúbailt i gcomparáid leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don bhliain reatha; á chur i bhfáth gur cheart bealaí nua a thriail chun ár n-acmhainní a leathnú agus bealaí agus ionstraimí nua a aimsiú chun an cúlú eacnamaíochta atá le teacht de dheasca COVID-19 a aisiompú sa bhuiséad seo, agus go gcaithfear na rialacha solúbthachta agus slógadh acmhainní don bheartas comhtháthaithe atá socraithe do bhuiséad 2020 a chomhlíonadh leis; á thabhairt chun suntais ról institiúideach na Parlaiminte mar chomhreachtóir, i gcoinne aon iarrachtaí an bonn a bhaint den ról sin;

63. á iarraidh ar BEI Plean Eorpach Infheistíochta a chur chun feidhme agus é mar phríomhaidhm leis an geilleagar a athbheochan trí Chomhaontú Glas Sóisialta, chomh maith le clár chun bonneagar sóisialta a fhorbairt;

64. á iarraidh próiseas athstruchtúraithe fiachais do Bhallstáit atá go mór i bhfiacha, ionas go mbeidh go leor spás fioscach acu chun na hinfheistíochtaí riachtanacha a chothú chun dul i gcoinne an chúlaithe eacnamaíochta agus chun seirbhísí poiblí a neartú;

65. á chur i bhfáth go mbeidh ar AE agus ar na Ballstáit acmhainní nua a chruthú chun an téarnamh a chistiú; ag cur béim ar an bhfíoras nach mbeidh an téarnamh cóir ar leibhéal na sochaí mura ndéanfar é a chistiú le   hacmhainní fioscacha forásacha agus athdháilte; á iarraidh go mbeadh méadú ar chánacha lena ndíreofar ar idir chuideachtaí móra agus daoine saibhre; á iarraidh ina leith sin ar Bhallstáit rátaí cánach ioncaim corparáideacha a ardú, leis na rátaí is airde ar na cuideachtaí is brabúsaí, go háirithe iad siúd in earnáil an airgeadais a bhain leas as idirbhearta gearrthéarmacha agus amhantracha agus cáin ar bhrabús iomarcach a chruthú; á iarraidh ar Fheisirí cáin ghlanrachmais a chruthú lena ndíreofar ar na daoine is saibhre;

66. á iarraidh ar an gComhairle cistí breise de chuid AE a ghealladh chun an Ciste Téarnaimh a nascadh ar bhealach táirgiúil le CAI 2021-2027 a bheidh ar ardleibhéal, a bheidh feabhsaithe agus athdhírithe, agus treoirlínte a sholáthar don Chiste, a sholáthróidh acmhainní do na Ballstáit, réigiúin agus pobail is leochailí chun aghaidh a thabhairt ar bhealach inbhuanaithe ar na difríochtaí agus neamhionannais tíre, réigiúnacha agus sóisialta atá ag dul i méid;

67. á iarraidh ar an gCoimisiún nósanna imeachta sáraithe maidir le rialacha CBL de chuid AE a chur ar fionraí go páirteach chun ligean do Bhallstáit rátaí CBL ar tháirgí riachtanacha a laghdú nó na táirgí sin a chur le liosta na n-earraí a rátáiltear ar nialas nó a dhíolmhaítear; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a mholadh ar threoir CBL[11] chun tuilleadh forchéimnitheacht a chur faoi rialacha CBL de chuid AE; 

68. ag tathant ar Bhallstáit a ghlacann páirt sa nós imeachta comhair fheabhsaithe teacht ar chomhaontú ar Cháin ar Idirbhearta Airgeadais (FTT); á chur i bhfáth gur réiteach domhanda ó AE ab iomchuí agus dá bhrí sin á iarraidh ar an gCoimisiún FTT nua a mholadh do na Ballstáit uile;

69. á thabhairt chun suntais an dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn san am seo na géarchéime, mar a léirigh an tSín, Cúba agus Veiniséala agus tíortha eile, agus á iarraidh go leathnófaí an dlúthpháirtíocht sin freisin in amanna géarchéimeanna eile amhail díláithriú de dheasca an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha; á chreidiúint go gcaithfidh an pobal idirnáisiúnta an dlúthpháirtíocht chéanna a dhéanamh le tríú tíortha go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar chaillteanas agus damáiste, oiriúnú agus maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide, agus á iarraidh dlúthpháirtíocht ón an Domhan Theas; á iarraidh, ar an ábhar sin, go gcuirfí deireadh láithreach le smachtbhannaí agus le bacainní eacnamaíochta a chuirtear ar thríú tíortha agus a chuireann sláinte agus folláine daoine i mbaol agus an phaindéim seo ar siúl;

70. á iarraidh ar Bhallstáit a dtiomantas comhchoiteann a urramú agus Cabhair Oifigiúil um Fhorbairt a sholáthar do thíortha i mbéal forbartha; á iarraidh go leithdháilfí cistí breise ar gach uirlis de chuid AE um fhorbairt agus cúnamh seachtrach agus daonnúil, agus ag iarraidh buiséad chun cabhrú le tíortha i mbéal forbartha beartais a chur chun feidhme chun a gcóras sláinte poiblí a threisiú agus chun na hábhair uile, an tacaíocht íocshláinte agus dhaonna agus theicniúil is gá a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar ráig an choróinvíris; á iarraidh tacaíocht do thíortha i mbéal forbartha chun ábhair mhíochaine a tháirgeadh; ag cur béim ar an ngá an CAI nua a athrú de réir na riachtanas éigeandála sin agus acmhainní méadaithe a leithdháileadh; á iarraidh ar AE tacú le faoiseamh fiachais déthaobhach, iltaobhach agus tráchtála agus íocaíocht úis a fhorghéilleadh thar thréimhse dhá nó trí bliana i leith gach tíre i mbéal forbartha, go háirithe tíortha ísealioncaim agus meánioncaim na hAfraice;

71. á chur i bhfáth go gcaithfidh CAI agus an Banc Domhanda rochtain ar mhaoiniú gan idirdhealú gan choinníollacha a ráthú do thíortha atá i nguais airgeadais chomh maith leis na ‘cláir um choigeartú struchtúrach’ atá ag lagú córais sláinte agus ag cur bac ar stáit freagairt do ghéarchéimeanna; á chur i bhfáth go gcaithfidh CAI agus an Banc Domhanda íocaíocht fiacha a chealú, agus sásraí a bhunú le haghaidh comhréiteach fiachais, go háirithe agus tíortha bochta a bhfuil a gcuid acmhainní go léir de dhíth orthu chun an ceart chun sláinte agus cearta eile daonna a ráthú, agus i gcásanna fiachas neamhdhlisteanach;

72. á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith ar thosach na hoibre chun gach iarracht idirnáisiúnta a neartú ar son comhar sláinte domhanda a bheidh cóir go fíor agus tacúil, a oiriúnófar do dhúshláin ár linne, agus sásraí éifeachtacha agus coisctheacha ann le haghaidh foláirimh paindéimí, géarchéime sláinte a chosc agus sásraí ann chun paitinní, vacsaíní agus trealamh míochaine a roinnt;

73. á iarraidh go n-éascódh EDS Tionscnamh um Chomhar Idirnáisiúnta Speisialta a theacht chun tosaigh ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus ar leibhéal Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt agus ar leibhéal na hEagraíochta Domhanda Trádála, chun rochtain a fháil ar chógais agus ar chúram sláinte poiblí, ar bhia agus uisce do chách mar cheart bunúsach; á iarraidh ar an gCoimisiún comhordú a dhéanamh leis na Náisiúin Aontaithe, trí chiste ildeontóirí NA do choróinvíreas, chun cabhrú le tíortha i mbéal forbartha a bhfuil córais sláinte laga acu aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim;

GÉARCHÉIM DHAONLATHAIS

Cearta bunúsacha a chosaint

74. á chur i bhfios go láidir go bhfuil saoránaigh i dteideal chosaint a gceart bunúsach i gcónaí, fiú amháin i gcás éigeandála agus i dteideal an chirt bhunúsaigh rochtain shaor agus chomhionann a bheith acu ar sheirbhísí sláinte poiblí atá ar ardchaighdeán; á mheabhrú di gur dhearbhaigh EDS go bhfolaíonn bunphrionsabail chearta an duine agus na sláinte, i measc nithe eile, an comhionannas agus an neamh-idirdhealú agus éilíonn sé ar gach Ballstát dá chuid iad a urramú go pointeáilte;

75. á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar chúram sláinte coisctheach agus íceach a ráthú do gach duine, gan beann ar a stádas inimirce nó leibhéal a ioncaim; á iarraidh ar na Ballstáit bearta cosanta sóisialta breise a ghlacadh chun tacú leo siúd a ndéanfaidh an ghéarchéim difear díréireach dóibh lena n-áirítear na mná, atá thíos i gcúrsaí socheacnamaíocha cheana féin, a théann faoi ualach cúraim is troime fós, agus a chaitheann a saol faoi bhagairt throm an fhoréigin inscnebhunaithe, agus foréigean páirtí dlúthchaidrimh á thabhairt chun solais i ngach cuid dá mbeartas poiblí; á athdhearbhú go n-iarrann sí ar an gComhairle daingniú Choinbhinsiún Iostanbúl ag AE a thabhairt i gcrích go práinneach; á iarraidh ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh a chosaint, go háirithe mná agus leanaí, trí chórais rabhaidh éigeandála, beolínte agus seirbhísí a bhunú, bealaí sábháilte chun teacht ar thacaíocht a chruthú do mhná, agus áiseanna um chosaint ar fhoréigean agus cuanta a ráthú go héifeachtach; á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar sheirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe a ráthú go héifeachtach do gach bean agus cailín i rith phaindéim COVID-19, go háirithe rochtain shábháilte ar ghinmhilleadh, agus ag diúltú go láidir d’iarracht ar bith dul siar ar chearta LGBTI; ag cáineadh sa chomhthéacs sin na hiarrachtaí coir a dhéanamh de chúram ginmhillte sa Pholainn, chomh maith leis an ionsaí ar chearta daoine trasinscneacha san Ungáir;

76. á iarraidh ar na Ballstáit bearta comhréireacha, riachtanacha agus neamh-idirdhealaitheacha a ghlacadh chun COVID-19 a chomhrac, bearta ar cheart dóibh a bheith sealadach ina nádúr agus teorainneacha ama soiléire agus éigeantacha ag gabháil leo agus faoi réir grinnscrúdú parlaiminteach, agus gan iad a bheith ina scáth le haghaidh gníomh smachtúil i leith is gur cosaint sláinte atá ann;

77. ag cáineadh go láidir an dlí éigeandála a ghlac Parlaimint na hUngáire an 30 Márta, lena dtugtar cumhachtaí neamhtheoranta do Víktor Orbán agus an rialtas aige agus a ligeann ceann scaoilte leo cearta bunúsacha a shrianadh; ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach agus ar an gComhairle gníomhaíocht láithreach i gcoinne na bhforbairtí sin a dhéanamh agus na huirlisí agus na nósanna imeachta uile atá ar fáil acu a úsáid chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Ungáir Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) ina iomláine; ag tathant ar an gComhairle cruinniú urghnách a thionól i mí Aibreáin chun an ábhar sonrach sin a phlé, chomh maith lena áirithiú go dtabharfar aghaidh air sin láithreach sna héisteachtaí faoi Airteagal 7(1) de CAE;

78. á chur in iúl gur cúis bhuartha di na bearta faireachais a glacadh chun dul i ngleic le spré an víris, lena n-áirítear sonraí suímh a bhailiú ó oibreoirí teileachumarsáide nó feidhmchláir fóin chliste chun lorg ghluaiseachtaí an phobail a chur nó chun daoine a bhféadfadh an galar a bheith orthu a bhrath; ag tathant ar an gCoimisiún faireachán grinn a dhéanamh ar bhearta náisiúnta a bhféadfadh drochthionchar a bheith acu ar an bpríobháideacht againn agus ar chosaint sonraí agus dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí roimh aon tionscnamh sa réimse sin a ghlacadh; á chur i bhfáth go gcaithfidh aon bhearta a chuirfidh srian leis an bpríobháideacht againn agus le cosaint sonraí a bheith dleathach, éifeachtach chun déileáil leis an riosca don saol agus do shláinte an phobail, comhréireach go docht agus le húsáid chun críocha sláinte poiblí amháin, agus faoi réir teorainneacha dochta ama; á chur i bhfios nár cheart go mbeadh ollfhaireachas mar thoradh ar thionscnaimh éigeandála tar éis na géarchéime agus ag iarraidh ráthaíochtaí ina leith sin; á chur i bhfios nach n-éireoidh le tacaíocht dhigiteach den sórt sin sa troid i gcoinne an víris ach amháin má chomhlántar í le tástálacha um brath ar mhórscála;

79. ag tathant ar gach Ballstát an ceart chun tearmainn a ráthú agus saoráidí fáiltithe oscailte leordhóthanacha agus a bhfuil dínit ag baint leo a sholáthar d’iarrthóirí tearmainn a chuireann ar a gcumas na bearta coisctheacha go léir, lena n-áirítear scaradh sóisialta a dhéanamh, gach cinneadh maidir le filleadh agus gach ionnarbadh a chur ar fionraí, deireadh a chur le coinneáil mar gheall ar stádas inimirce agus ceadanna cónaithe a fhadú go huathoibríoch agus ceadanna sealadacha cónaithe a dheonú d’imircigh gan cáipéisí inimirce mar a rinneadh sa Phortaingéil, agus spriocdhátaí a chumhdaítear i ndlí na n-eachtrannach a fhadú; ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach na héilimh sin a chur san áireamh ina dtreoirlínte le haghaidh Ballstát agus oibriú le húdaráis na Gréige chun na campaí ar oileáin na Gréige a aslonnú lena n-áirítear trí theaghlaigh iarrthóirí tearmainn a thabhairt le chéile arís agus iad a athlonnú chuig Ballstáit eile de chuid AE;

80. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di cinneadh údaráis na hIodáile agus Mhálta teacht i dtír ar phaindéim COVID-19 chun a fhógairt go bhfuil a gcuid calafort ‘contúirteach’; á chur in iúl gur ábhar mór imní di nár chuidigh na húdaráis sin le daoine i nguais sna criosanna cuardaigh agus tarrthála acu d’ainneoin gur iarradh orthu gníomhú; á mheabhrú di gur cheart teacht ar réitigh chun beatha agus sláinte na ndaoine atá i nguais ar muir agus na ndaoine ar tír a chosaint; á iarraidh ar Bhallstáit cloí lena n-oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta cúnamh a thabhairt do longa atá i nguais agus áit díbhordála a sholáthar do dhaoine a sábháiltear ar muir, lena n-áirítear iad siúd a sábhálann báid na sochaí sibhialta agus soithí trádála iad; á mheabhrú di gur iarr sí ar AE oibríocht réamhghníomhach cuardaigh agus tarrthála a chur ar bun sa Mheánmhuir Láir;

81. ag tathant ar na Ballstáit gan ach bearta riachtanacha, comhordaithe agus comhréireacha a ghlacadh agus iad ag srianadh taistil nó ag tabhairt isteach agus ag fadú le rialuithe teorann inmheánaí, tar éis meastóireacht chúramach a dhéanamh ar a n-éifeachtacht chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na sláinte poiblí agus bunaithe ar fhorálacha dlí atá ann cheana, mar atá, Cód Teorainneacha Schengen agus an Treoir um Shaoirse Ghluaiseachta agus an Chairt um Chearta Bunúsacha á hurramú go hiomlán; á mheabhrú di go bhfuil daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu díolmhaithe ó liosta na náisiúnach tríú tír nach gceadaítear i limistéar Schengen agus ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún gach beart is gá a dhéanamh chun é sin a áirithiú go praiticiúil; ag tathant ar ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht, comhréireacht agus comhleanúnachas na mbeart uile a glacadh agus a áirithiú ar a laghad go ndéanfar a measúnú ex post, i bhfianaise filleadh ar limistéar Schengen a bheidh lánfheidhmiúil agus ar mheas iomlán ar an gceart chun saorghluaiseachta;

82. á chur in iúl gur cúis imní di an staid sna príosúin agus in ionaid choinneála, áit a bhfuil sláinte breis agus 1.5 milliún duine san Eoraip i mbaol; á thathant go ndéanfaí cabhair leighis a neartú agus go gcuirfí chun cinn ghlacadh na mbeart a mhol EDS agus Coiste Chomhairle na hEorpa um an Chéastóireacht a Chosc; ag tathant ar Bhallstáit scaoileadh saor luath na ndaoine faoi choinneáil a cheadú, go háirithe na ciontóirí ar riosca íseal athchiontaithe, daoine scothaosta agus na daoine is leochailí, agus dul níos mó i muinín bearta neamhchoinneála; á iarraidh ar Bhallstáit na bearta réamhchúraim iomchuí a ghlacadh chun meas ar cheart na bpríosúnach cumarsáid a dhéanamh lena dteaghlaigh a áirithiú;

83. á thabhairt chun suntais gur mhéadaigh cásanna ciníochais agus idirdhealaithe in AE de dheasca phaindéim COVID-19; á chur in iúl gur saoth léi ionadaithe polaitiúla a bheith ag tarraingt uisce ar a muileann féin agus beartais chiníocha i roinnt Ballstát, rud atá ina shiocair le méadú ar fhoréigean in aghaidh imirceach, dídeanaithe agus mionlach; á chur i bhfáth an gá aghaidh a thabhairt ar cheist na gcoireanna fuatha trí chreat éifeachtach reachtaíochta a chur chun cinn i ngach Ballstát; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar a Uachtarán foréigean in aghaidh daoine Romacha ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha i roinnt Ballstát, lena n-áirítear díbirt chomhchoiteann, le linn na paindéime a cháineadh;

84. á chur i bhfáth go gcaithfear grinnscrúdú parlaiminteach a dhéanamh ar gach beart a dhéanfaidh an Coimisiún a chur chun feidhme; ag cur béim ar an ngá atá le Parlaimint na hEorpa a bheith mar chuid de phróisis chinnteoireachta agus dá bhrí sin á iarraidh go gcuirfí ar ceal cinntí a dhéantar chun a hionadaithe a fhágáil in áit na leathphingine;

°

° °

85. Á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an mBanc Ceannais Eorpach agus chuig rialtais, parlaimintí agus comhpháirtithe sóisialta na mBallstát.

 

 

 

 

[1] IO L 293, 5.11.2013, lch. 1.

[2] IO L 347, 20.12.2013, lch. 924.

[3] https://www.ecb.europa.eu/press/pr/date/2020/html/ecb.mp200312~8d3aec3ff2.en.html

https://www.ecb.europa.eu/press/pr/date/2020/html/ecb.pr200318_1~3949d6f266.en.html

[6] https://www.consilium.europa.eu/media/43076/26-vc-euco-statement-en.pdf

[8] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0078.

[9] Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).

[10] Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

[11] Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

An nuashonrú is déanaí: 15 Aibreán 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais