TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le méadú a dhéanamh ar an uasteorainn don chóimheas idir an t-easnamh rialtais, beartaithe nó iarbhír, agus an olltáirgeacht intíre (OTI), go 5 % má tá cóimheas fiachais an rialtais faoi bhun 60 % dá OTI
5.5.2020
Viktor Uspaskich
B9‑0154/2020
Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le méadú a dhéanamh ar an uasteorainn don chóimheas idir an t-easnamh rialtais, beartaithe nó iarbhír, agus an olltáirgeacht intíre (OTI), go 5 % má tá cóimheas fiachais an rialtais faoi bhun 60 % dá OTI
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Riail 143 dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí nár cheart easnamh na tíre a úsáid ach chun infheistíochtaí a bheadh tairbhiúil amach anseo a mhaoiniú;
B. de bhrí go dtacódh méadú ar infheistíocht phoiblí le gníomhaíocht eacnamaíoch agus na dálaí le haghaidh fás eacnamaíoch á chruthú ag an am céanna;
C. de bhrí go raibh OTI per capita in 12 thír as 28 dtír AE chomh híseal le 2/3 de mheán an Aontais Eorpaigh in 2018;
D. de bhrí go bhfuil gá le hathchóirithe struchtúracha bunaithe ar infheistíocht phoiblí chun éagothromaíochtaí a chóineasú agus a laghdú ionas go mbeifí in ann fás eacnamaíoch inbhuanaithe, fás fostaíochta agus iomaíochas méadaithe a chur chun cinn;
1. á iarraidh go ndéanfar méadú ar gcóimheas idir an t-easnamh rialtais, beartaithe nó iarbhír, agus OTI, go 5 % má tá cóimheas fiachais an rialtais faoi bhun 60 % dá OTI, chun borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch inbhuanaithe agus faoi rátaí fostaíochta níos airde i dtíortha AE atá i mbéal forbartha.