Nós Imeachta : 2020/2664(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : B9-0172/2020

Téacsanna arna gcur síos :

B9-0172/2020

Díospóireachtaí :

PV 18/06/2020 - 14
CRE 18/06/2020 - 14

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0176

<Date>{10/06/2020}15.6.2020</Date>
<NoDocSe>B9‑0172/2020/REV</NoDocSe>
PDF 200kWORD 60k

<TitreType>TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN</TitreType>

<TitreSuite>chun an díospóireacht maidir leis na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún a thabhairt chun deiridh</TitreSuite>

<TitreRecueil>de bhun Riail 132(2) de na Rialacha Nós Imeachta</TitreRecueil>


<Titre>maidir le cosaint Eorpach d’oibrithe trasteorann agus séasúracha i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19</Titre>

<DocRef>(2020/2664(RSP))</DocRef>


<RepeatBlock-By><Depute>Dragoș Pîslaru, Atidzhe Alieva‑Veli, Monica Semedo, Cristian Ghinea, Vlad‑Marius Botoş, Nicolae Ştefănuță, Sylvie Brunet, Ramona Strugariu, Marie‑Pierre Vedrenne, Stéphane Bijoux, Véronique Trillet‑Lenoir, Clotilde Armand, Anna Júlia Donáth, Ilana Cicurel, Abir Al‑Sahlani, Radka Maxová, Dacian Cioloş, Dragoş Tudorache</Depute>

<Commission>{Renew}thar ceann Ghrúpa Renew</Commission>

<Depute>Jeroen Lenaers, Ioan‑Rareş Bogdan, Gheorghe Falcă, Traian Băsescu, Mircea‑Gheorghe Hava, Marian‑Jean Marinescu, Dan‑Ștefan Motreanu, Gheorghe‑Vlad Nistor, Loránt Vincze, Cristian‑Silviu Buşoi</Depute>

<Commission>{PPE}thar ceann Ghrúpa PPE</Commission>

<Depute>Agnes Jongerius, Gabriele Bischoff, Dan Nica, Victor Negrescu, Tudor Ciuhodaru, Mihai Tudose, Rovana Plumb, Adrian‑Dragoş Benea, Carmen Avram, Claudiu Manda, Maria Grapini, Corina Crețu</Depute>

<Commission>{S&D}thar ceann Ghrúpa S&D</Commission>

<Depute>Petra De Sutter, Mounir Satouri, Damian Boeselager, Katrin Langensiepen, Ernest Urtasun, Rasmus Andresen, Diana Riba i Giner, Thomas Waitz, Romeo Franz</Depute>

<Commission>{Verts/ALE}thar ceann Ghrúpa Verts/ALE</Commission>

<Depute>Elżbieta Rafalska, Cristian Terheş</Depute>

<Commission>{ECR}thar ceann Ghrúpa ECR</Commission>

<Depute>Marc Botenga, Nikolaj Villumsen, Leila Chaibi, Manon Aubry, Pernando Barrena Arza, Marisa Matias, Anne‑Sophie Pelletier, José Gusmão</Depute>

<Commission>{GUE/NGL}thar ceann Ghrúpa GUE/NGL</Commission>

</RepeatBlock-By>


B9‑0172/2020

Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cosaint Eorpach d’oibrithe trasteorann agus séasúracha i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19

(2020/2664(RSP))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagal 3(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

 ag féachaint d’Airteagail 4, 9, 26(2), 45, 46, 48, 151, 153 agus 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

 ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe prionsabail 5, 6, 10, 12 agus 16 de,

 ag féachaint do Chairt an Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe,

 ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do Threoir 2014/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le bearta lena n-éascaítear feidhmiú na gceart a thugtar d’oibrithe i gcomhthéacs na saorghluaiseachta d’oibrithe[1],

 ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse gluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas[2],

 ag féachaint do Threoir 2014/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir leis na coinníollacha iontrála agus fanachta do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta mar oibrithe séasúracha[3],

 ag féachaint do Threoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach[4],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair[5],

 ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme[6],

 ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta[7],

 ag féachaint do Threoir ón gComhairle an 30 Samhain 1989 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte don áit oibre (an chéad Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)[8],

 ag féachaint do Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar[9],

 ag féachaint do Threoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar[10],

 ag féachaint do Threoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“Rialachán IMI”)[11],

 ag féachaint do Threoir 2000/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le risíocht le hoibreáin bhitheolaíocha ar an láthair oibre[12],

 ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais[13],

 ag féachaint do Threoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena ndéantar foráil maidir le híoschaighdeáin do smachtbhannaí agus bearta in aghaidh fostóirí náisiúnach tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach[14],

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2020 maidir le COVID-19 – Ionsar chur chuige céimnithe agus comhordaithe i leith saorghluaiseacht a athbhunú agus deireadh a chur le rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha (C(2020)3250),

 ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach ó na Comhpháirtithe Sóisialta Eorpacha i réimse na Talmhaíochta – Grúpa na bhFostóirí a bhaineann leis na hEagraíochtaí Talmhaíochta Gairmiúla san Aontas Eorpach (GEOPA-COPA) agus Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann Turasóireachta, Bia agus Talamhaíochta (EFFAT) – an 15 Bealtaine 2020 maidir le himlonnú oibrithe séasúracha ó thíortha Eorpacha in AE,

 ag féachaint do na Ráitis Chomhpháirteacha ó Chomhpháirtithe Sóisialta earnáil Horeca na hEorpa – EFFAT agus bratchomhlachas na n-óstán, na mbialann agus na gcaiféanna (HOTREC) – an 11 Márta 2020 agus an 27 Aibreán 2020,

 ag féachaint do na Treoirlínte ó na Comhpháirtithe Sóisialta sa tionscal monaraithe bia (EFFAT agus FoodDrinkEurope) an 9 Aibreán 2020 chun sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe i ngnólachtaí bia a chosaint le linn phaindéim COVID-19,

 ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach[15],

 ag féachaint do Threoir 2011/98/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh cead aonair do náisiúnaigh tríú tír chun dul i mbun cónaithe agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar coiteann de chearta d’oibrithe tríú tír a chónaíonn go dleathach i mBallstát[16],

 ag féachaint don Chomhshocrú Domhanda maidir leis an Imirce Shábháilte, Ordúil agus Rialta, go háirithe Cuspóirí 5 agus 22 de,

 ag féachaint do Treochlár Eorpach Comhpháirteach i dtreo bearta imshrianta COVID-19 a bhaint,

 ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ó chomhaltaí na Comhairle Eorpaí an 26 Márta 2020,

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Márta 2020 maidir le freagairt eacnamaíoch chomhordaithe ar Ráig COVID-19 (COM(2020)0112),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Márta 2020 maidir le treoirlínte i dtaca le saorghluaiseacht oibrithe a fheidhmiú i rith ráig COVID-19,

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Márta 2020 maidir le COVID-19: Treorú maidir le cur chun feidhme an tsriain shealadaigh ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas, maidir le socruithe idirthurais a éascú ar mhaithe le saoránaigh de chuid an Aontais a aisdúichiú, agus maidir leis na héifeachtaí ar an mbeartas víosaí (C(2020)2050),

 ag féachaint dá rún an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac[17],

 ag féachaint dá rún an 4 Iúil 2017 maidir le dálaí oibre agus fostaíocht fhorbhásach[18],

 ag féachaint do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) de chuid na Náisiún Aontaithe, go háirithe SDGanna 3 agus 8,

 ag féachaint do na caighdeáin bhunúsacha saothair atá bunaithe ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus do choinbhinsiúin na hEagraíochta sin agus a cuid moltaí i leith dálaí oibre,

 ag féachaint do Choinbhiniún 184 EIS (Sábháilteacht agus Sláinte sa Talmhaíocht),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2020 maidir le turasóireacht agus iompar in 2020 agus ina dhiaidh sin (COM(2020)0550),

 ag féachaint do threoirlínte na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) an 24 Aibreán 2020 dar teideal ‘COVID-19: ar ais chuig an áit oibre – áiteanna oibre a oiriúnú agus oibrithe a chosaint’,

 ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A. de bhrí gur ceart d’oibrithe agus bunphrionsabal an Aontais Eorpaigh í saorghluaiseacht oibrithe, agus go bhfuil sí bunriachtanach d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh; de bhrí nach amháin gur cheart go mbeadh soghluaisteacht an lucht saothair saor ach gur cheart go mbeadh sí cothrom freisin; de bhrí go bhfuil prionsabal na córa comhionainne cumhdaithe in Airteagal 45(2) CFAE, lena gcuirtear toirmeasc ar aon idirdhealú bunaithe ar náisiúntacht idir oibrithe na mBallstát maidir le fostaíocht, luach saothair agus coinníollacha eile oibre agus fostaíochta; de bhrí go bhfuil feidhm chomhionann ag an bprionsabal sin maidir le hoibrithe trasteorann agus oibrithe séasúracha, nach mór cóir a ráthú dóibh, ar cóir í atá comhionann leis an gcóir a gcuirtear ar oibrithe ar náisiúnaigh dá mBallstát óstach iad i gcomhréir le reachtaíocht AE, bíodh sé sin ag baint le cearta comhionanna, le dálaí comhionanna oibre nó le cosaint chomhionann;

B. de bhrí go n-áirítear ar oibrithe trasteorann daoine a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta chun bheith ag obair i mBallstát amháin den Aontas fad a fhanann siad ina gcónaí i mBallstát eile, oibrithe trasteorann agus oibrithe ar postú; de bhrí gurb é is oibrí imeallchríche ann ná oibrí atá fostaithe i gcrios teorann de Bhallstát AE ach a fhilleann gach lá nó uair sa tseachtain ar a laghad ar an gcrios teorann de thír chomharsanachta ina bhfuil cónaí air nó uirthi agus ar náisiúnaigh dá chuid é nó í; de bhrí gurb é is oibrí ar postú ann ná fostaí a ndéanann a fhostóir nó a fostóir é nó í a sheoladh chun seirbhís a dhéanamh i mBallstát eile AE ar bhonn sealadach, i gcomhthéacs conartha seirbhísí, postú laistigh de ghrúpa nó fruiliú trí ghníomhaireacht shealadach; de bhrí go n-áirítear ar oibrithe séasúracha náisiúnaigh AE agus náisiúnaigh tríú tír a bhogann chuig Ballstát chun cónaí go sealadach ann agus gníomhaíocht a dhéanamh atá ag brath ar chaitheamh na séasúr;

C. de bhrí go bhfuil os cionn 17 milliún saoránach AE a chónaíonn agus a oibríonn thar lear i dtír AE nach í tír a saoránachta í (3.9 % den lucht saothair iomlán in 2018); de bhrí go bhfuil 1.5 milliún oibrí trasteorann in AE; de bhrí go bhfuil os cionn 2.3 milliún oibríochtaí postaithe ann a ndéantar seirbhísí ina leith i mBallstát eile;

D. de bhrí gur bagairt thromchúiseach í paindéim COVID-19 don tsláinte phoiblí, ar bagairt í a bhfuil tionchar aici ar shláinte agus saol na ndaoine go léir atá ina gcónaí san Aontas agus ar na córais sláinte agus cúraim sna Ballstáit; de bhrí go raibh tuilleadh tionchair ag an ngéarchéim ar shochaí na hEorpa agus ar gheilleagar na hEorpa, go háirithe na hoibrithe agus na hearnálacha sin atá ar an líne thosaigh; de bhrí go ndéantar difear do gach oibrí, gan beann ar a stádas; de bhrí go bhfuil léargas tugtha le ráig na paindéime ar an nasc bunúsach atá ann idir soghluaisteacht chothrom agus soghluaisteacht shábháilte;

E. de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach go mbeadh go leor oibrithe trasteorann agus séasúracha ann chun earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha a sholáthar i bpríomhearnálacha eacnamaíocha amhail talmhaíocht agus táirgeadh bia, iompar, lóistíocht, tógáil, seirbhísí sóisialta lena n-áirítear seirbhísí cúraim, obair shóisialta agus turasóireacht, ach freisin próiseáil agus pacáistiú bia, iascach, foraoiseacht, cúram sláinte agus taighde, tionscail TF agus chógaisíochta, tionscail bhonneagair chriticiúil agus earnálacha eile, agus go bhfuil siad ríthábhachtach d’aon iarracht téarnaimh eacnamaíoch; de bhrí gur féidir na samhlacha gnó atá ag roinnt gníomhaireachtaí sealadacha agus fostóirí sna hearnálacha sin a bheith bunaithe ar chostais saothair a laghdú agus ar dhálaí oibre forbhásacha; de bhrí go dtugann cigireachtaí saothair tuairisc arís agus arís eile ar sháruithe ar chearta saothair oibrithe trasteorann agus séasúracha sna hearnálacha sin;

F. de bhrí go raibh tionchar mór ar oibrithe trasteorann agus séasúracha ag an ngéarchéim agus ag bearta na mBallstát chun leathadh an víris a shrianadh agus a chosc, go háirithe dúnadh teorann, srianta sealadacha agus rialuithe ag teorainneacha inmheánacha; de bhrí go raibh paindéim COVID-19 ina cúis le teorainneacha a bheith á ndúnadh agus le roinnt mhaith gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bheith á scor nó á gcur ar fionraí, rud a bhí, dá réir sin, ina chúis le méadú ar an dífhostaíocht agus le saincheisteanna tromchúiseacha a bheith ann d’oibrithe trasteorann agus séasúracha a fágadh sáinnithe i mBallstáit a n-iarfhostaíochta, gan modhanna chun ioncaim a shaothrú, gan chosaint nó iompair agus, in amanna, gan dídean, agus gan rochtain ar chúram sláinte nó bia;

G. de bhrí go bhfuil líon mór oibrithe trasteorann agus séasúracha fostaithe faoi chonarthaí oibre gearrthéarmacha, conarthaí a fhágann ar bheagán cinnteachta poist iad, nó gan cinnteacht poist ar bith, agus a fhágann ar bheagán cumhdaigh slándála shóisialta iad, nó gan cumhdach slándála sóisialta ar bith, agus gur minic a fhágann faoi bhun tairseacha cáilíochta náisiúnta iad maidir le sochair shóisialta a fháil; de bhrí gur as réigiúin leochaileacha do líon mór de na hoibrithe trasteorann agus séasúracha, na mionlaigh agus na grúpaí sóisialta, gur minic iad i mbaol bochtaineachta oibre agus eisiaimh shóisialta, agus go bhféadfadh earcaitheoirí, gníomhaireachtaí nó fostóirí sáruithe a dhéanamh ar a gcearta, ar sáruithe iad sin atá géaraithe mar gheall ar an bpaindéim; de bhrí gur minic a bhíonn oibrithe atá ar sannadh gearrthéarmach ina gcónaí i gcóiríocht ghrúpa, rud a fhágann gur deacair scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm agus a chuireann leis an riosca go mbeadh ionfhabhtú orthu; de bhrí go raibh ráigeanna móra d’ionfhabhtuithe COVID-19 ann i dtionscail amhail táirgeadh bia agus gur dócha go leanfaidh siad de bheith ann in earnálacha agus in áiteanna oibre ina bhféadfadh sé go mbeadh sé deacair scaradh sóisialta a urramú mura dtugtar bearta iomchuí isteach;

H. de bhrí go bhfuil an iliomad oibrithe trasteorann agus séasúracha i staid an-leochaileach maidir lena ndálaí oibre agus maidir lena sláinte agus sábháilteacht ag an obair i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19; de bhrí go bhfuil tuarascálacha ar údar imní iad tagtha chun solais le linn na géarchéime maidir le sáruithe ar chearta oibrithe trasteorann agus séasúracha ó thaobh dálaí oibre agus maireachtála de, eadhon sáruithe ar uaireanta oibre, íosphá, dífhostú éagórach, caighdeáin sláinte agus sábháilteachta san áit oibre, mar shampla easpa treoracha i scríbhinn agus fógraí ar taispeáint san áit oibre, easpa iompair shábháilte agus cóiríochta cuibhiúla a chomhlíonann ceanglais sláintíochta agus, i gcás inar féidir bearta scartha shóisialta a choimeád ar siúl, ardbhrú agus patrúin oibre nach bhfuil oiriúnaithe, socruithe postála agus cleachtais fochonraitheoireachta, neamh-chomhlíonadh srianta coraintín agus neamh-chomhlíonadh cosanta aisdúichithe, agus soláthar neamhdhóthanach trealaimh cosanta pearsanta (TCP); de bhrí, go ginearálta, go bhfuil na tuarascálacha sin agus an ghéarchéim tar éis forbhásacht na staideanna ina bhfuil go leor oibrithe trasteorann agus séasúracha agus bearnaí i gcur chun feidhme agus i bhforfheidhmiú na reachtaíochta atá ann cheana chun iad a chosaint a nochtadh agus a ghéarú; de bhrí go bhfuil roinnt mhaith oibrithe trasteorann agus séasúracha ag brath go hiarbhír ar a bhfostóir nó ar a ngníomhaireacht shealadach ní hamháin maidir lena n-ioncam, ach freisin maidir lena dtithíocht; de bhrí gur fágadh líon mór oibrithe trasteorann agus séasúracha ar na sráideanna tar éis dóibh a bheith briste as a bpoist; de bhrí, mar gheall ar na cúinsí leochaileacha ina mbíonn siad, go bhféadfadh sé go mbeadh sé deacair do na hoibrithe sin mí-úsáid a thuairisciú nó fanacht ón obair má mhothaíonn siad go bhfuil siad breoite, mar gheall ar easpa faisnéise nó ar eagla go gcaillfidís a n-ioncam, a gcóiríocht nó a stádas cónaithe;

I. de bhrí go raibh oibrithe agus fiontraithe féinfhostaithe trasteorann buailte go crua ag an ngéarchéim freisin; de bhrí go bhfuil gníomhaíochtaí agus bearta a rinne na Ballstáit le linn phaindéim COVID-19 chun cúiteamh airgeadais a thabhairt d’oibrithe, d’oibrithe féinfhostaithe agus d’fhiontraithe bunaithe go príomha ar an margadh saothair náisiúnta agus gur minic a bhíonn easpa forálacha cuí d’oibrithe trasteorann agus d’oibrithe féinfhostaithe trasteorann ag gabháil leo;

J. de bhrí go bhfuil COVID-19 tolgtha ag roinnt oibrithe, agus go bhfuair daoine bás i roinnt  Ballstát; de bhrí, maidir leis an rochtain atá ag roinnt de na hoibrithe sin ar chúram cuí, ar aire agus saoráidí leighis mar aon le sláinte agus árachas sóisialta, go raibh fadhbanna ag baint leis an rochtain sin nó, i gcásanna áirithe, nárbh ann di fiú roimh an ngéarchéim; de bhrí go raibh ardú céime agus rochtain ar shaoire bhreoiteachta ina saincheist i measc na n-oibrithe sin freisin;

K. de bhrí gur bunaíodh an tÚdarás Eorpach Saothair (ELA) i mí Iúil 2019 chun tacú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú éifeachtach an dlí de chuid an Aontais a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair agus le comhordú na slándála sóisialta; de bhrí go bhfuiltear ag dréim leis go mbainfidh ELA a lánacmhainneacht oibríochtúil amach faoi 2024;

L. de bhrí go raibh ról lárnach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) agus ag comhpháirtithe sóisialta maidir le cabhair a chur ar fáil d’oibrithe le linn na géarchéime, ina dtíortha baile agus i mBallstáit a bhfostaíochta araon;

M. de bhrí nach bhfuil formhór na n-oibrithe trasteorann agus séasúracha atá thíos le héifeachtaí eacnamaíocha phaindéim COVID-19 in ann rochtain a fháil ar chosaint sóisialta leordhóthanach agus ar theidlíochtaí slándála sóisialta leordhóthanacha go dtí seo, toisc bac a bheith ar chomhordú idir institiúidí slándála sóisialta na mBallstát, ar measa fós é mar gheall ar COVID-19; de bhrí go bhfuil oibrithe trasteorann agus séasúracha anois i gcásanna nach gá go bhfuil siad incháilithe le haghaidh bearta tacaíochta sealadacha amhail socruithe maidir leis hobair ghearr-ama, sochair choigeartaithe dhífhostaíochta agus bearta chun obair ón mbaile a éascú;

N. de bhrí, le linn na géarchéime, gur thóg roinnt Ballstát gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí atá roimh oibrithe imirceacha trasteorann agus séasúracha i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19 agus an ról atá acu inár sochaithe a thabhairt dá n-aire;

O. de bhrí go bhfuil oibrithe teorann agus réigiúin teorann AE thíos go mór freisin leis an ngéarchéim ó thaobh fostaíochta, rochtain ar an láthair oibre agus socruithe teilea-oibre de, agus ó thaobh éiginnteacht dhlíthiúil de maidir le slándáil shóisialta agus córais chánach is infheidhme;

P. de bhrí go bhfuil ioncaim faoi bhun an mheáin ann in amanna in earnáil na talmhaíochta Eorpaí in éineacht le líon ard tionóiscí agus tinnis, am oibre ard agus rannpháirtíocht íseal i gcláir oideachais agus oiliúna, go háirithe d’oibrithe trasteorann agus séasúracha; de bhrí go bhfuil drochdhálaí oibre in earnáil na talmhaíochta ar cheann de na príomhchúiseanna le ganntanas lucht saothair i roinnt Ballstát;

Q. de bhrí nach bhfuil córas córasach bailithe sonraí ná rianaithe dhigitigh i bhfeidhm ar fud an Aontais chun sonraí leordhóthanacha a sholáthar ar líon iomlán na n-oibrithe trasteorann agus séasúracha atá buailte nó chun ligean d’oibrithe stádas a gcumhdach slándála sóisialta a shuíomh go héasca agus go tapa agus chun teidlíochtaí éagsúla a fabhraíodh sular thosaigh an ghéarchéim a éileamh; de bhrí go bhfuil easpa faisnéise ag bardais go rómhinic faoi oibrithe trasteorann agus séasúracha atá ina gcónaí agus ag obair ann;

R. de bhrí go bhfuil an baol ann go leanfaidh an ghéarchéim de chur leis na fadhbanna atá ann cheana maidir leis an gcaoi a gcaitear le hoibrithe trasteorann agus séasúracha ag roinnt gníomhaireachtaí earcaíochta agus ag fostóirí áitiúla;

Cearta a chosaint, sábháilteacht a áirithiú agus reachtaíocht atá ann cheana a fhorfheidhmiú

1. á chur in iúl gur geal léi an treoir leanúnach ón gCoimisiún mar chuid den chomhordú leanúnach ar fhreagairt choiteann AE ar ráig COVID-19, go háirithe maidir le prionsabal na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe a chur chun feidhme agus maidir le saorghluaiseacht chóir oibrithe a fheidhmiú; á chur i bhfáth gur cheart rialuithe teorann, scagthástálacha sláinte agus srianta ar ghluaiseacht a bheith comhréireach agus eisceachtúil i gcónaí, agus gur cheart gach saoirse gluaiseachta a athbhunú a luaithe a mheastar é a bheith sábháilte ó thaobh cásanna náisiúnta COVID-19 de; á mheabhrú di nach bhfuil prionsabal na córa comhionainne teoranta d’oibrithe trasteorann agus séasúracha in earnálacha agus i ngairmeacha bunriachtanacha amháin, ach go gcuimsíonn sé na hoibrithe sin go léir ar gá dóibh teorainneacha inmheánacha a thrasnú, ós rud é go bhfuil na hearnálacha i dtrácht oscailte freisin d’oibrithe áitiúla sa Bhallstát óstach oibre; á iarraidh an na Ballstáit nach bhfuil sin déanta acu go fóill deireadh a chur, a luaithe is féidir, leis na srianta taistil agus leis na bearta idirdhealaitheacha dianghlasála agus coraintín d’oibrithe trasteorann agus séasúracha chun ganntanais lucht saothair i bpríomhearnálacha a sheachaint agus chun leasa na n-oibrithe, agus a sláinte agus a sábháilteacht á áirithiú ag an am céanna;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a chur chun feidhme chun a áirithiú go dtabharfar cosaint leordhóthanach ó COVID-19 agus a éifeachtaí d’oibrithe trasteorann agus séasúracha agus d’fhiontraithe trasteorann agus do dhaoine féinfhostaithe, lena n-áirítear rochtain éasca ar thástáil, agus go gcuirfear ar an eolas iad faoi na rioscaí agus na réamhchúraimí sábháilteachta atá le glacadh i dteanga a thuigeann siad; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí bearta chun a sláinte agus a sábháilteacht a choimirciú le linn a dtaistil, dálaí tithíochta cuibhiúla lena n-áiritheofar scaradh sóisialta ag a láithreacha fostaíochta nach ionann iad á n-áiteanna cónaithe, agus go gcuirfear réitigh aisdúichithe ar fáil nach bhfuil chun dochair don oibrí, más gá sin; á chur i bhfios go láidir nach mór urraim a thabhairt don reachtaíocht atá ann cheana maidir le rochtain ar chearta sóisialta, lena n-áirítear onnmhairiú na gceart sin; á chur i bhfios go láidir nár cheart oibrithe trasteorann agus séasúracha a fhágáil ar láir toisc gur bhain siad leas as a saorghluaiseacht mar shaoránaigh AE;

3. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le hobair na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochta na sochaí sibhialta atá ag obair go gníomhach sa réimse sin chun a áirithiú, i gcás aon oibrithe atá sáinnithe ar a gcríoch mar thoradh ar an ngéarchéim, go mbeidh rochtain leordhóthanach agus phráinneach acu ar sheirbhísí poiblí, tacaíocht ó cheardchumainn, tithíocht chuibhiúil, trealamh cosanta, béilí agus cúram sláinte; á chur in iúl gur geal léi rannpháirteachas na gcomhpháirtithe sóisialta chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna earnáilsonracha maidir le soghluaisteacht agus cearta oibrithe trasteorann agus séasúracha;

4. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú, i gcomhthéacs COVID-19, go gcaithfear go cothrom idir oibrithe séasúracha tríú tír agus náisiúnaigh AE, mar a luaitear i dTreoir 2014/36/A, á mheabhrú go bhfuil na cearta saothair agus sóisialta céanna ag oibrithe den sórt sin agus atá ag saoránaigh AE;

5. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú, mar ábhar práinne, go ndéanfar reachtaíocht AE is infheidhme a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go cuí maidir le cearta oibrithe trasteorann agus séasúracha, go háirithe maidir leis an gceart ar phá comhionann d’obair chomhionann san áit chéanna, lena n-áirítear trí chigireachtaí comhbheartaithe agus comhpháirteacha náisiúnta agus trasteorann ar shaothar; á áitiú go gcaithfear bearta soiléire a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh tuiscint shoiléir ag oibrithe ar a gconarthaí, ar a gcearta agus ar a n-oibleagáidí, agus go mbeidh faisnéis iomlán acu fúthu agus rochtain gan bhac acu orthu, roimh imeacht agus go mbeidh na conarthaí sin curtha ar fáil d’eintitis cosanta saothair laistigh dá réimse fostaíochta; á iarraidh ar na Ballstáit cur le hacmhainneacht na gcigireachtaí saothair agus tosaíocht a thabhairt d’earnálacha ina bhfuil oibrithe i mbaol;

6. á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme a threoirlínte maidir le saorghluaiseacht oibrithe le linn ráig COVID-19 agus, go háirithe, treoirlínte sonracha nua a eisiúint d’oibrithe trasteorann agus séasúracha agus d’fhiontraithe trasteorann agus do dhaoine féinfhostaithe, d’fhostóirí agus do Bhallstáit i gcomhthéacs COVID-19, go sonrach maidir le saorghluaiseacht chóir, tithíocht chuibhiúil, na dálaí oibre agus fostaíochta agus ceanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a fheidhmiú, lena n-áirítear an gá go n-áiritheofar scaradh sóisialta ar chórais iompair, i dtithíocht agus i láithreacha oibre, cosaint agus comhordú slándála sóisialta, soláthar agus rochtain ar chúram sláinte, soláthar faisnéise amhail orduithe i scríbhinn agus fógraí ar taispeáint ag an láthair oibre d’oibrithe i dteanga a thuigeann siad, agus malartú dea-chleachtas i dtaca leis sin; á chur i bhfios go láidir nach mór do chomhpháirtithe sóisialta a bheith lánpháirteach i ndréachtú na dtreoirlínte sin;

7. á iarraidh ar na Ballstáit tithíocht d’ardchaighdeán a áirithiú d’oibrithe trasteorann agus séasúracha, ar cheart í a dhíchúpláil óna luach saothair, agus saoráidí cuibhiúla agus príobháideachas tionónta a áirithiú agus go mbeidh conarthaí tionóntachta i scríbhinn á bhforfheidhmiú ag cigireachtaí saothair, agus caighdeáin i ndáil leis a bhunú;

8. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh an tÚdarás Eorpach Saothair lánoibríochtúil mar ábhar tosaíochta agus go n-oibreoidh sé chun faisnéis ábhartha a sholáthar faoi chearta agus oibleagáid daoine aonair i gcásanna a bhaineann le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair, lena n-áirítear trí shuíomh gréasáin aonair uile-AE, ar cheart dó a bheith ina thairseach chun rochtain a fháil ar fhoinsí faisnéise agus ar sheirbhísí ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéil náisiúnta; ag aithint nach ann do phróiseas comhchuibhithe chun mí-úsáidí agus fadhbanna a chur in iúl; á iarraidh ar an Údarás Eorpach Saothair, dá bhrí sin, i gcomhar le húdaráis ábhartha na mBallstát, saoráid Eorpach a chruthú d’oibrithe trasteorann chun mí-úsáid a thuairisciú go hanaithnid agus chun Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2019/1149 a chur chun feidhme d’fhonn cigireachtaí comhpháirteacha nó comhbheartaithe a dhéanamh i gcásanna mí-úsáide a d’fhéadfadh a bheith ann agus a chuirfear in iúl dó;

9. á iarraidh ar an gCoimisiún réitigh fhadtéarmacha a mholadh chun déileáil le cleachtais éagóracha fochonraitheoireachta agus chun oibrithe séasúracha agus trasteorann atá fostaithe sa slabhra fochonraitheoireachta agus soláthair a choimirciú;

Soghluaisteacht chóir a chur chun cinn agus an margadh inmheánach a neartú

10. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún ullmhúchán a dhéanamh do rabhartaí COVID-19 a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, agus a iarraidh an athuair go ndéanfaí bearta náisiúnta teorann a chomhordú agus bearta sábháilteachta a fhorbairt d’oibrithe taistil, lena n-áirítear dídean sábháilte; ag tabhairt dá haire nach mór teagmhais bhuana soghluaisteachta a chur ar bun, agus ‘conairí glasa’ a shainaithint agus a chothabháil, lena ngabhfaidh bearta sábháilteachta agus coinníollachtaí agus lena gcuirtear in iúl coinníollacha taistil seanbhunaithe; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, an ról lárnach atá ag na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus ag na hinstitiúidí trasteorann atá ann cheana, lena n-áirítear na taifid ar na hoibrithe trasteorann agus séasúracha uile atá cláraithe sna bardais a bhfuil tithíocht acu ann a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta; á chur i bhfios go láidir gur cheart sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe uile a bheith mar threoirphrionsabail d’aon bheart a dhéanfaí i bhfianaise na géarchéime agus i dtreo an téarnaimh, agus go ndéanfaí na dálaí oibre is infheidhme a urramú agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach, á aithint gur leochaileach go mór cás na n-oibrithe trasteorann agus taistil le linn ráig COVID-19 agus tar éis na ráige sin;

11. á mheabhrú a thábhachtaí atá an dea-chomhar le tríú tíortha ina bhfuil líon ard oibrithe trasteorann, amhail sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), san Eilvéis agus sa Ríocht Aontaithe, agus gur riachtanach an comhar sin;

12. á chur i bhfios go láidir an gá atá le dea-chomhar idir na Ballstáit maidir le bailiú sonraí ar oibrithe trasteorann agus séasúracha chun bearnaí i gcleachtais náisiúnta a líonadh, rochtain níos fearr ar an bhfaisnéis atá ar fáil a fháil, agus margadh inmheánach saothair intuartha inrochtana a chruthú; á iarraidh ar an Údarás Eorpach Saothair ról gníomhach a bheith aige maidir le sonraí a bhailiú agus a chomhordú ar mhaithe le hanailís a dhéanamh ar shoghluaisteacht an lucht saothair agus ar mheasúnuithe riosca i gcomhréir lena chúraimí mar a leagtar amach iad ina rialachán bunaidh;

13. á chreidiúint go bhfuil rialacha soiléire agus soiléireacht dhlíthiúil ag teastáil ó fhostóirí chun oibrithe trasteorann agus séasúracha a chosaint; á iarraidh ar na Ballstáit faisnéis nuashonraithe maidir leis na rialacha sin uile a bhailiú agus a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear na rialacha sin a bhaineann le COVID-19 agus le srianta taistil, ar shuíomhanna gréasáin a n-institiúidí náisiúnta ábhartha; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí tairseach nó feidhmchlár móibíleach a chruthú a bheadh in ann sonraí ó na Ballstáit a chomhthiomsú chun faisnéis fhíor-ama chruinn maidir le srian taistil a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais, lena ngabhfadh na roghanna taistil agus na bealaí a bheadh ar fáil i gcás ina dtabharfaí isteach an athuair bearta éigeandála go páirteach nó go hiomlán;

14. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag oibrithe trasteorann, go háirithe na hoibrithe teorann agus na daoine féinfhostaithe sin is mó atá thíos leis an ngéarchéim, lena n-áirítear iad siúd atá ag teilea-obair óna dtír chónaithe, go mbeidh rochtain acu ar an tslándáil shóisialta, cearta saothair agus córais chánach is infheidhme, agus cinnteacht a bheith ann maidir leis an údarás inniúil i ndáil lena gcumhdach, gur féidir leo tairbhe a bhaint as scéimeanna oibre gearr-ama faoi na coinníollacha céanna le fostaithe eile, agus nach mbeidh tionchar diúltach ar a gcearta cánach nó slándála sóisialta ag an tréimhse fanachta sa Bhallstát cónaithe de dheasca na paindéime; á iarraidh go ndéanfaí an t-am a chaitear ag teilea-obair  thar lear a aicmiú amhail is dá mba sa tír oibre a bhí sé;

Athléimneacht, an digitiú, agus an trédhearcacht a áirithiú

15. á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar práinneach a dhéanamh ar an staid i gcoitinne maidir le coinníollacha fostaíochta agus dálaí sláinte agus sábháilteachta na n-oibrithe trasteorann agus séasúracha, lena n-áirítear ról na ngníomhaireachtaí oibre sealadaí, gníomhaireachtaí earcaíochta, idirghabhálaithe agus fochonraitheoirí eile, d‘fhonn bearnaí sa chosaint a shainaithint agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ann athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat reachtach atá ann cheana, amhail an creat reachtach don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair, Treoir 2014/36/AE maidir le hoibrithe séasúracha agus Treoir 2008/104/CE maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach, a sheasfaidh paindéim a bheidh ann amach anseo; á chur i bhfáth nach amháin gur bailí na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le géarchéim COVID-19, ach go neartóidís ceapadh beartais atá fianaisebhunaithe freisin d’fhonn aghaidh a thabhairt ar easnaimh i reachtaíocht an Aontais agus sa reachtaíocht náisiúnta in am an ghátair agus normáltachta;

16. á chur i bhfios go láidir gurb iad na Ballstáit atá freagrach as a áirithiú go bhfuil a gcórais slándála sóisialta cobhsaí, iontaofa agus gur córais iad a  sheasfaidh géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo, agus go gcuireann an tAontas rialacha comhchoiteanna ar fáil chun cearta slándála sóisialta a chosaint agus daoine ag bogadh laistigh den Eoraip; á iarraidh ar na hUachtaránachtaí ar an gComhairle atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus ar na Ballstáit oibriú leis an bParlaimint chun teacht ar chomhaontú gasta cothrom maidir leis an athbhreithniú atá beartaithe ar Rialachán 883/2004 agus ar Rialachán 987/2009 maidir le comhordú na slándála sóisialta d’fhonn rialacha nuachóirithe agus oiriúnach dá bhfeidhm a chur ar fáil lena gcothófar soghluaisteacht chothrom agus cosaintí sóisialta do shaoránaigh uile AE, agus calaois leasa shóisialta agus mí-úsáid chearta sóisialta oibrithe taistil á gcomhrac go héifeachtach san am céanna; á iarraidh ar na Ballstáit, i ndáil leis an méid sin, gach gné den chóras um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) a chur chun feidhme mar ábhar práinne d’fhonn comhar níos éifeachtaí a áirithiú idir institiúidí slándála sóisialta agus próiseáil dhigitithe níos tapúla a dhéanamh ar chásanna aonair chun leasa daoine i gcásanna trasteorann;

17. á iarraidh ar an gCoimisiún a leathanaigh ghréasáin a nuashonrú i bhfianaise COVID-19 agus iad a chur chun cinn dá réir sin, faisnéis a chur ar fáil maidir le cearta oibrithe agus maidir leis an reachtaíocht náisiúnta ábhartha d’oibrithe trasteorann agus séasúracha, mar aon le mionsonraí faoi údaráis náisiúnta agus réigiúnacha cosanta saothair, agus feachtais faisnéise a bhunú a bhfuil teacht éasca orthu, i gcomhar leis na Ballstáit, a bheidh dírithe ar oibrithe trasteorann agus séasúracha, le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus ESSanna chun an fhaisnéis a scaipeadh tuilleadh;

18. á athdhearbhú an tábhacht a bhaineann le cosaint chuí do sceithirí sna Ballstáit, lena n-áirítear cosaint d’oibrithe trasteorann agus séasúracha; á mholadh do na Ballstáit dul thar a bhfuil riachtanach sna ceanglais íosta a leagtar amach i dTreoir 2019/1937 maidir le gach oibrí beag beann ar a stádas agus bealaí a scrúdú chun reachtaíocht náisiúnta cosanta do sceithirí a chur i bhfeidhm ar oibrithe trasteorann nó séasúracha a chuireann mí-úsáid in iúl; á chur i bhfáth gur riachtanach go gcuirfí na roghanna atá ar fáil san áireamh ar bhealach trédhearcach chun gur féidir mí-úsáid a chur in iúl agus tacaíocht a fháil i gconarthaí saothair gan faitíos roimh bhaol díoltais; á chur i bhfáth go láidir nach mór rochtain ar cheardchumainn agus ar ESSanna, lena n-áirítear sa tír óstach, a áirithiú do na hoibrithe sin;

19. á mheas, dá mbunófaí córas digiteach dinimiciúil maidir le sainaithint agus malartú sonraí idir na Ballstáit, go bhfhéadfadh sé cuidiú leis an gcomhrac i gcoinne mí-úsáid agus saincheisteanna a bhaineann le cearta oibrithe trasteorann agus séasúracha agus le hobair neamhdhearbhaithe, agus cuidiú le cumhdach an chórais slándála sóisialta atá freagrach a chinneadh; á iarraidh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, measúnú tionchair uileghabhálach a ullmhú maidir le huimhir slándála sóisialta Eorpach a thabhairt isteach d’fhonn togra a sheoladh;

20. á iarraidh ar na Ballstáit an Treoir athbhreithnithe maidir le hOibrithe a Phostú a thrasuí mar is ceart, ar bhealach tráthúil agus uaillmhianach, agus cóir agus cosaint chomhionann iomlán na n-oibrithe ar postú a áirithiú, go háirithe chun urraim a thabhairt don oibleagáid faoi Airteagal 3(7) de threoir an fhostóra aisíocaíocht a dhéanamh le hoibrithe ar postú i leith liúntais a íocadh mar aisíocaíocht ar chaiteachas arna thabhú go hiarbhír i ngeall ar an bpostú, amhail speansais taistil, béilí agus lóistín, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcaidreamh fostaíochta;

21. á aithint gur gá don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, aghaidh a thabhairt ar an easpa forálacha soiléire maidir le hobair shealadach agus gníomhaireachtaí earcaíochta a bhunú atá dírithe ar oibrithe trasteorann agus séasúracha san Aontas; á mheabhrú na dea-chleachtais atá ann cheana i gcás ina bhfuil na cuideachtaí sin faoi réir ceadúnais trédhearcachta shoiléire ag comhlachtaí riaracháin sonracha;

22. ag tathant ar an gCoimisiún leis an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc agus leis an athbhreithniú ar an gcomhbheartas talmhaíochta a dhéanfar go luath a áirithiú go ndéanfar beart de réir briathair d’oibrithe talmhaíochta san Eoraip, oibrithe séasúracha, oibrithe imirceacha agus oibrithe taistil eile san áireamh;

23. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit íomhá dhiúltach oibrithe séasúracha agus trasteorann a chomhrac i gcás ina dtarlaíonn sé sin; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé de fhreagracht ar na Ballstáit tionscnaimh rochtain a thabhairt dá saoránaigh a fhónann mar oibrithe séasúracha agus trasteorann ar fhaisnéis leordhóthanach faoi chosaintí saothair agus sóisialta, tacaíocht i gcás tionóiscí a bhaineann leis an obair agus cúnamh chun aisdúichiú agus athimeascadh a dhéanamh, agus a áirithiú san am céanna go n-urramóidh gníomhaireachtaí earcaíochta cearta fochonraitheoirí agus idirghabhálaithe eile atá ag oibriú laistigh dá gcríoch;

°

° °

24 á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gCoimisiún.

 

[1] IO L 128, 30.4.2014, lch. 8.

[2] IO L 141, 27.5.2011, lch. 1.

[3] IO L 94, 28.3.2014, lch. 375.

[4] IO L 327, 5.12.2008, lch. 9.

[5] IO L 186, 11.7.2019, lch. 21.

[6] IO L 284, 30.10.2009, lch. 1.

[7] IO L 166, 30.4.2004, lch. 1.

[8] IO L 393, 30.12.1989, lch. 1.

[9] IO L 18, 21.1.1997, lch. 1.

[10] IO L 173, 9.7.2018, lch. 16.

[11] IO L 159, 28.5.2014, lch. 11.

[12] IO L 262, 17.10.2000, lch. 21.

[13] IO L 305, 26.11.2019, lch. 17.

[14] IO L 168, 30.6.2009, lch. 24.

[15] IO L 186, 11.7.2019, lch. 105.

[16] IO L 343, 23.12.2011, lch. 1.

[17] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.

[18] IO C 334, 19.9.2018, lch. 88.

An nuashonrú is déanaí: 16 Meitheamh 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais