TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le straitéis sláinte poiblí an Aontais don ré i ndiaidh COVID-19
6.7.2020 - (2020/2691(RSP))
de bhun Riail 132(2) de na Rialacha Nós Imeachta
Jytte Guteland
thar ceann Ghrúpa S&D
Féach freisin comhthairiscint i gcomhair rúin RC-B9-0216/2020
B9‑0218/2020
Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le straitéis sláinte poiblí an Aontais don ré i ndiaidh COVID-19
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí go bhfuil béim leagtha le COVID-19 ar an bhfíoras nach bhfuil uirlisí ag an Aontas Eorpach atá láidir go leor chun déileáil le héigeandáil sláinte amhail scaipeadh galair ionfhabhtaíoch nua, a scaipeann, de réir a nádúir, gan beann ar theorainneacha;
B. de bhrí go bhfuil an ceart chun sláinte choirp agus mheabhrach ina cheart bunúsach ag an duine; de bhrí go bhfuil an ceart ag gach duine, gan idirdhealú, rochtain a fháil ar chúram sláinte atá nua-aimseartha agus cuimsitheach; de bhrí go bhfuil clúdach sláinte uilíoch ina Sprioc Forbartha Inbhuanaithe a bhfuil gealltanas tugtha ag gach sínitheoir go mbainfear amach í faoi 2030;
C. de bhrí go bhfuil inniúlacht shuntasach sa tsláinte phoiblí ag an Aontas Eorpach, ach go leanann córais cúraim sláinte de bheith mar fhreagracht ar na Ballstáit, agus leibhéal an-íseal comhair ann ina leith ar leibhéal an Aontais;
D. de bhrí go sonraítear in Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go ndéanfar ‘ardleibhéal cosanta le haghaidh sláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais’, agus go bhfuil rialú tugtha roinnt mhór uaireanta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur féidir le AE cuspóirí sláinte poiblí a shaothrú trí bhearta an mhargaidh inmheánaigh;
E. de bhrí go bhfuil rialáil á déanamh ag AE faoi láthair ar tháirgí atá ábhartha don tsláinte agus do thorthaí sláinte, lena n-áirítear, i measc nithe eile, cógaisíocht, feistí leighis, tabac, alcól, bia agus ceimiceáin;
F. de bhrí gurb ann do rialáil agus beartas AE maidir le trialacha cliniciúla agus maidir le comhordú córas cúraim sláinte, agus go ndéileáiltear leis an gcomhordú sin tríd an Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann, agus de bhrí go bhfuil pléití ar siúl faoi láthair ar an togra le haghaidh rialachán maidir le measúnú ar theicneolaíochtaí sláinte;
G. de bhrí go bhfuil taighde sláinte á mhaoiniú trí chistí agus cláir éagsúla AE, lena n-áirítear Fís 2020, an clár ‘Fís Eorpach’ atá le teacht, an Clár Sláinte agus an Clár EU4Health atá le teacht;
H. de bhrí go bhfuil an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair go léir ina ngníomhaíochtaí Eorpacha a bhfuil feidhmeanna sláinte poiblí tábhachtacha acu;
I. de bhrí go bhfuil tástáil go barr a chumais déanta le linn na géarchéime reatha ar an mbonneagar reatha le haghaidh freagairt éigeandála, lena n-áirítear an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, an Cinneadh maidir le Bagairtí Trasteorann ar Shláinte agus an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta;
J. de bhrí gur fágadh oibrithe sna hearnálacha sláinte agus cúraim gan cosaint ar rioscaí ar leibhéal chomh hard nach féidir glacadh agus, i roinnt cásanna, gur tugadh orthu cinntí a dhéanamh maidir le cé a gheobhadh cúram sláinte agus cé nach bhfaigheadh; de bhrí gur fágadh go leor oibrithe bunriachtanacha, oibrithe trasteorann agus oibrithe séasúracha, chomh maith le hoibrithe i dtionscail amhail seamlais agus táirgeadh bia, i staid fhíorleochaileach;
K. de bhrí, de bharr ghéarchéim COVID-19, go bhfuil athrú tagtha ar dhálaí oibre do roinnt mhaith oibrithe san Eoraip, go bhfuil aird tarraingthe ar roinnt fadhbanna a bhí cheana ann agus go bhfuil ceisteanna nua ardaithe léi maidir leis an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair;
L. de bhrí go ndearna COVID-19 difear ar bhonn neamhréireach do phobail shoghonta, do mhionlaigh eitneacha, dó chónaitheoirí i dtithe altranais, do sheirbhísí cónaitheacha do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas;
M. de bhrí go ndearnadh difear diúltach do chúram sláinte gnéis agus atáirgthe i rith na géarchéime sláinte agus go raibh mná agus daoine LADT+ níos mó i mbaol go mbeidís ag fulaingt ó fhoréigean agus ó idirdhealú;
N. de bhrí nach eol dúinn fós go leor de na héifeachtaí fadtéarmacha sláinte atá ag COVID-19, lena n-áirítear éifeachtaí ar an tsláinte mheabhrach;
O. de bhrí, mar gheall ar ghéarchéim sláinte COVID-19 agus a leathadh ar fud na hEorpa, gur nochtadh an difear acmhainneachta atá idir córais cúraim sláinte na mBallstát, agus go bhfuil sé léirithe go mbíonn na Ballstáit ag brath ar chórais atá athléimneach go leor a bheith ag tíortha comharsanacha;
P. de bhrí gur fhág na cineálacha éagsúla cur chuige maidir leis an gcaoi ar bailíodh sonraí a bhaineann le COVID-19 ar fud AE go bhfuil sé fíordheacair comparáid sonraí a dhéanamh ar leibhéal uile-AE;
Q. de bhrí go bhfuil roinnt Ballstát buailte go mór ag imirce daoine oilte, agus go bhfuil gairmithe cúraim sláinte ardcháilíochta ag cinneadh a bheith ag obair sna Ballstáit ina bhfuil pá agus dálaí oibre níos fearr ná mar atá siad ina dtíortha féin;
R. de bhrí gur baineadh úsáid go rathúil as soláthar comhpháirteach AE le haghaidh trealamh cosanta pearsanta (PPE), feistí tástála, aerálaithe agus roinnt cógas, cé gur léiríodh i dtús ama nach raibh an sásra chomh gasta ná chomh héifeachtach agus ba ghá;
S. de bhrí go ndearnadh acmhainneacht rescEU a neartú chun go n-áireofaí ann stoc-charnadh ar acmhainní lárnacha amhail maisc, aerálaithe, agus trealamh saotharlainne ar mhaithe lena n-imlonnú san áit is mó a mbeadh gá leo;
T. de bhrí go ndearna an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta éascú in aisdúichiú os cionn 77 000 saoránach AE le linn na géarchéime sláinte;
U. de bhrí go ndearnadh socruithe ad hoc éagsula a chur ar bun le linn ghéarchéim cúraim sláinte COVID-19, lena n-áirítear painéal saineolaithe agus treoirlínte an Choimisiúin maidir le cóireáil a chur ar othair agus maidir le hoibrithe cúraim sláinte a chur chuig Ballstáit eile;
V. de bhrí go bhfuil slabhraí soláthair cógaisíochta ar brath ar chomhábhair ghníomhacha chógaisíochta nó ar chógais chineálacha a mhonaraítear i dtríú tíortha, uaireanta ag aon mhonarcha amháin ar domhan; de bhrí, mar gheall ar na toirmisc onnmhairiúcháin a forchuireadh le linn ghéarchéim COVID-19, gur tugadh chun solais an baol a bhaineann le bheith ag brath go huile agus go hiomlán ar na slabhraí soláthair sin;
W. de bhrí go bhfuil idirthuilleamaíochtaí idir sláinte an duine agus sláinte ár bpláinéid léirithe le COVID-19; de bhrí, de dheasca athrú aeráide antrapaiginí agus díghrádú comhshaoil, go bhfuil géarú tagtha ar theacht chun cinn galar zónóiseach a aistríonn ó ainmhithe go daoine;
1. á iarraidh go gcruthófar Aontas Sláinte na hEorpa ar bhonn práinne:
2. á iarraidh ar na Ballstáit tástálacha struis a dhéanamh go práinneach ar a gcórais cúraim sláinte chun laigí iontu a shainaithint agus a fhíorú go bhfuil siad ullamh do ráig eile de COVID-19 má thagann sé agus d’aon ghéarchéim sláinte eile sa todhchaí; á iarraidh ar an gCoimisiún an obair sin a chomhordú agus paraiméadair choiteanna a leagan síos;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a mholadh le haghaidh caighdeáin íosta do chúram sláinte ardcháilíochta, bunaithe ar fhionnachtana na dtástálacha struis agus fós inniúlacht na mBallstát i mbainistiú, eagrú agus maoiniú a gcóras sláinte a choimeád ach fós caighdeáin a ráthú i sábháilteacht othar, in obair chuibhiúil agus i bhfostaíocht d’oibrithe cúraim sláinte chomh maithe le hathléimneacht Eorpach nuair a chaitear dul i ngleic le paindéimí agus le géarchéimeanna sláinte poiblí eile;
4. á iarraidh ar an gCoimisiún Innéacs Cúraim Sláinte Eorpaigh a bhunú chun dul chun cinn na gcóras cúraim sláinte in AE a rianú;
5. á iarraidh ar an gCoimisiún táscairí agus spriocanna ceangailteacha cúraim sláinte agus folláine a chomhtháthú laistigh den Seimeastar Eorpach;
6. á iarraidh ar an gCoimisiún Sásra Eorpach um Fhreagairt Sláinte a mholadh lena ndéanfaí na modhanna oibre a bunaíodh le linn ghéarchéim sláinte COVID-19 a chur ar bhonn foirmiúil agus cur leis na bearta atá sa Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann, clár EU4Health agus sa Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta; á iarraidh go mbunófaí Aonad um Bainistiú Géarchéime Sláinte chun an Sásra Eorpach um Fhreagairt Sláinte a reáchtáil, ar aonad é a bheadh á chomhordú ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus a mbeadh an Coimisinéir um Shláinte agus an Coimisinéir um Bainistiú Géarchéime i gceannas air, in éineacht leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) agus an painéal saineolaithe; á iarradh go mbeadh an t-aonad sin ullamh, agus plean éigeandála paindéime aige, chun go mbeadh freagairt chomhordaithe aige;
7. á iarraidh go ndéanfaí acmhainneacht rescEU a threisiú go substaintiúil agus go mbeadh sé ar fáil do na Ballstáit go léir ar mhodh cothrom, lena n-áirítear an acmhainneacht stoc-charntha agus acmhainneacht éigeandála na bhfoirne leighis; á chur in iúl gur mór an díol sásaimh di an méadú atá molta ar imchlúdach airgeadais an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile;
8. á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar chomhpháirtithe domhanda rochtain mhear, chothrom, chomhionann agus inacmhainne a áirithiú ar vacsaíní agus cóireálacha i gcoinne COVID-19 a bheidh ann amach anseo a luaithe a bheidh siad ar fáil; á chur in iúl go láidir gur féidir na solúbthachtaí dá bhforáiltear sa Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS), arna athdhearbhú tuilleadh le Dearbhú Doha, a úsáid chun ceadúnais éigeantacha i ngéarchéimeanna sláinte poiblí a eisiúint; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a sholáthar don Pharlaimint i dtaobh an ról is féidir a bheith ag comhaontuithe saorthrádála AE agus ag TRIPS sa staid seo, lena n-áirítear úsáid a bhaint as ceadúnú deonach agus as ceadúnú éigeantach, agus á iarraidh air freisin an leibhéal trédhearcachta i gceadúnú deonach a mhéadú; ag spreagadh na mBallstát go léir le tacaíocht a thabhairt do na hiarrachtaí atá ar siúl ionsar cearta paitinne le haghaidh teicneolaíochtaí COVID-19 a chomhthiomsú;
9. á iarraidh go mbainfear úsáid as soláthar comhpháirteach AE chun vacsaíní agus cóireálacha COVID-19 a éadáil, agus go mbainfear úsáid níos coitianta as an soláthar comhpháirteach ionas nach mbeidh Ballstáit in iomaíocht le chéile agus chun rochtain chomhionann agus inacmhainne ar chóireálacha leighis agus ar fheistí leighis tábhachtacha a áirithiú, go háirithe le haghaidh antaibheathaigh nuálacha nua, vacsaíní nua agus cógais íceacha chomh maith le cógais leighis le haghaidh galar neamhchoitianta;
10. á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an sásra um sholáthar comhpháirteach faoin gCinneadh maidir le Bagairtí Sláinte Trasteorann agus rialachán nua a mholadh lena ndéanfar soláthar comhpháirteach níos tapa agus níos éifeachtaí i ngéarchéimeanna sláinte agus lena n-áiritheofar rochtain chomhionann agus inacmhainne ar chóireálacha nua;
11. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit breathnú arís ar an smaoineamh go mbeadh tuilleadh trédhearcachta ann a mhéid a bhaineann le glanphraghsáil agus le haisíoc cóireálacha éagsúla, ionas go mbeidh na Ballstáit ar an gcothrom céanna nuair a bheidh caibidlíocht ar siúl le monaróirí le haghaidh cóireálacha nach ndéantar a éadáil go comhpháirteach;
12. á iarraidh go ndéanfar cur chun feidhme mear ar an Rialachán maidir le Trialacha Cliniciúla, a bhfuil moill mhór curtha go dtí seo air, chun trédhearcacht a áirithiú i dtorthaí trialacha cliniciúla, gan beann ar an toradh, agus chun éascú a dhéanamh ar thrialacha cliniciúla méadaithe ar bhonn trasteorann; á chur i bhfios go láidir gur féidir fiú amháin le torthaí diúltacha nó neamhchonclúideacha ó thrialacha cliniciúla cuidiú le feabhas a chur ar thaighde sa todhchaí;
13. á iarraidh go mbeidh Straitéis Cógaisíochta láidir ag an Aontas chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna atá i slabhraí soláthair cógaisíochta san Aontas agus ar domhan, agus gur cheart go mbeadh bearta reachtacha, beartais agus dreasachtaí sa straitéis sin chun go spreagfar táirgeadh comhábhar gníomhach bunriachtanach cógaisíochta (APInna) agus táirgeadh cógas leighis san Eoraip chun go bhféadfar an soláthar agus rochtain inacmhainne a ráthú i gcónaí; á iarradh go ndéanfar fardail náisiúnta éigeantacha ar chógais leighis agus ar fheistí leighis a chur ar bun i ngach Ballstát agus go ndéanfar faisnéis ina leith sin a chur in iúl don Choimisiún agus do EMA chun a áirithiú go bhféadfar aon ghanntanas a thuar agus aghaidh a thabhairt ar ghanntanais den sórt sin;
14. á iarraidh go bhfoilseoidh an Coimisiún treoirlínte spriocdhírithe i dtaobh na Treorach um Sholáthar Poiblí a mhéid a bhaineann le conarthaí tairisceana a dhámhachtain ar an earnáil cógaisíochta; á iarraidh go mbeidh na treoirlínte sin bunaithe ar ‘an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch’ (critéir MEAT), agus é mar aidhm leis sin an luach is fearr ar airgead a áirithiú seachas díreach glacadh leis an táirge is saoire agus go mbreithneofar a mhéid a rannchuidíonn an tairiscint le slándáil an tsoláthair san Aontas;
15. á iarraidh ar an gCoimisiún sainordú athbhreithnithe a mholadh i gcomhair an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú ionas go ndéanfar méadú suntasach ar a bhuiséad, a leibhéal foirne agus a inniúlachtaí chun go mbeidh sé in ann cosaint sláinte poiblí den scoth a sholáthar i gcónaí, lena n-áirítear le linn eipidéimí;
16. á iarraidh go mbeidh ról atreisithe ag EMA i bhfaireachán a dhéanamh ar ghanntanais cógas leighis agus i bhféachaint leis na ganntanais sin a sheachaint, chomh maith le ról atreisithe a bheith aige i ndearadh agus formheas trialacha cliniciúla AE le linn géarchéimeanna;
17. á chreidiúint gur cheart a bhreithniú an féidir leagan Eorpach den Údarás um Ard-taighde agus Forbairt Bhithmhíochaine atá sna Stáit Aontaithe a chruthú, ar údarás é a bheadh freagrach as frithbhearta in aghaidh bagairtí bithsceimhlitheoireachta, ceimiceacha, núicléacha agus raideolaíocha a éadáil agus a fhorbairt, agus a dhéanfadh amhlaidh freisin i gcás frithbhearta chun déileáil le fliú paindéimeach agus le galair atá ag teacht chun cinn;
18. á iarraidh go ndéanfar ról na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair a neartú chun a áirithiú nach gcuirtear oibrithe cúraim sláinte i mbaol;
19. á iarraidh go ndéanfar treorú AE i gcúrsaí sláinte a neartú agus go mbeidh an treorú sin éigeantach i gcásanna áirithe: mar shampla, ba cheart pleananna gníomhaíochta AE maidir le frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach agus vacsaíniú a atreisiú le bearta ceangailteacha, amhail cárta vacsaínithe AE do na saoránaigh; á iarraidh, go háirithe, go dtiocfadh an treorú ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú a bhaineann go sonrach le géarchéim shláinte COVID-19 chun bheith éigeantach, amhail modhanna chun básanna agus téarnamh a thaifeadadh;
20. á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhchomhairle leis an tsochaí shibhialta, a mholadh go ndéanfar Spás Sonraí Sláinte Eorpach a chruthú a léireoidh lán-urraim don cheart Eorpach um chosaint sonraí, chun go bhfeabhsófar caighdeánú, idir-inoibritheacht, comhroinnt sonraí agus glacadh agus cur chun cinn na gcaighdeán idirnáisiúnta maidir le sonraí sláinte;
21. á chur in iúl go bhfuil an-chreideamh aici i bprionsabal na hAon Sláinte Amháin, san áit a ndéantar nasc idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus cosaint an chomhshaoil; á chreidiúint go bhfuil gníomhaíocht in aghaidh an athraithe aeráide, in aghaidh díghrádú comhshaoil, in aghaidh chailliúint na bithéagsúlachta agus in aghaidh modhanna neamh-inbhuanaithe sa táirgeadh bia ríthábhachtach chun daoine daonna a chosaint ó phataiginí atá ag teacht chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur i bhfeidhm chur chuige na hAon Sláinte Amháin a atreisiú san Aontas;
22. á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta d’aghaidh a thabhairt ar thosca sláinte amhail úsáid tobac, úsáid alcóil, droch-chothú, truailliú aeir, neamhchosaint ar cheimiceáin ghuaiseacha agus éagothromaíochtaí sláinte d’fhonn feabhas a chur ar thorthaí sláinte;
23. á iarraidh go ndéanfar na Líonraí Tagartha Eorpacha a leathnú amach chun go mbeidh galair theagmhálacha agus zónóisí ar áireamh iontu;
24. á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis a fhorbairt le haghaidh ‘Eoraip athléimneach’, a bheidh comhdhéanta de léarscáil agus roghanna measúnaithe riosca chun aghaidh a thabhairt ar bhainistiú fónta agus infheistiú i gcórais cúraim sláinte agus ar fhreagairt phaindéime ar an leibhéal Eorpach, lena n-áirítear slabhraí soláthair athléimneacha san Aontas; á chur in iúl go láidir sa chomhthéacs seo go bhfuil gá straitéiseach le táirgeadh Eorpach a neartú, ionas go bhféadfar tionscal sláinte atá bríomhar agus inbhuanaithe a thacaíonn le monaraíocht ardteicneolaíochta agus ard-bhreisluacha a athlonnú agus a thógáil;
25. á iarraidh go mbeidh cur chuige comhordaithe, comhoibritheach agus oscailte ann i réimse na taighde agus na nuálaíochta, le ról níos láidre ag an gCoimisiún i dtaighde sláinte agus eipidéimeolaíoch a chomhordú ionas go seachnófar dúbailt na hoibre agus go gcuirfear borradh faoin taighde ionsar thorthaí a aimsiú, lena n-áirítear i gcás cógais leighis, vacsaíní, feistí leighis agus trealamh atá ag teastáil; á chur i bhfáth go gcaithfidh torthaí ó thaighde atá lánmhaoinithe nó páirtmhaoinithe le cistí Eorpacha agus le cistí poiblí eile fanacht laistigh den fhearann poiblí agus go mbeidh coinníollacha soiléire inacmhainneachta agus inrochtana ag gabháil leo;
26. á chur in iúl gur mór an díol sásaimh di an méadú easpónantúil sa bhuiséad beartaithe le haghaidh an chláir nua EU4Health; á iarraidh nach é amháin go dtabharfaidh an clár seo aghaidh ar éifeachtaí láithreacha COVID-19, ach go dtabharfaidh sé aghaidh freisin ar na dúshláin shonracha sláinte atá ag éirí as COVID-19 i gcás grúpaí leochaileacha agus i gcás meabhairshláinte, chomh maith le dúshláin fhadtéarmacha sláinte eile atá roimh an Aontas;
27. á iarraidh ar an gCoimisiún Creat Straitéiseach nua le haghaidh Sláinte agus Sábháilteacht a mholadh gan tuilleadh moille, a mbeidh ar áireamh ann reachtaíocht ar an gceart chun dícheangail, treoir nua maidir le neamhoird mhatánchnámharlaigh atá bainteach leis an obair agus treoir nua maidir le folláine mheabhrach san ionad oibre atá dírithe ar bhuaireamh, dúlagar agus traochadh a aithint mar ghalair cheirde, agus aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le tuilleadh gníomhaíochtaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheidhmiú chreat rialála AE ar shláinte agus sábháilteacht atá cheana ann, inter alia, i staideanna paindéime;
28. á chur in iúl gur díol sásaimh di an tiomantas le déanaí ón gCoimisiún i dtaobh measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis an Treoir maidir le hOibreáin Bhitheolaíocha a leasú ag leanúint as na ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim gan fasach seo d’fhonn ullmhacht fheabhsaithe agus pleanáil freagartha níos fearr a thabhairt isteach sna hionaid oibre go léir agus á iarraidh ar an gCoimisiún an measúnú sin a roinnt le Parlaimint na hEorpa faoi dheireadh 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún raon feidhme Mholadh 2003/670/CE ón gCoimisiún maidir leis an Sceideal Eorpach ar ghalair cheirde a leathnú amach ionas go gclúdóidh sé na gairmeacha uile a tháinig faoi lé COVID-19 ar leibhéal níos airde ná mar a bhí i gceist don phobal i gcoitinne;
29. á iarraidh go ndéanfar ról na gCigireachtaí Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ghairme a neartú trína ndóthain maoinithe agus foirne a sholáthar dóibh ionas go mbeidh siad in ann treorú agus tacaíocht a thabhairt do riaracháin phoiblí, do chuideachtaí agus d’oibrithe ina n-iarrachtaí siúd aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann le COVID-19; á iarraidh go ndéanfar an ról atá ag ionadaithe agus coistí ceardchumainn a bhíonn ag déileáil le sláinte agus sábháilteacht ag an obair a neartú ionas go ndéanfar bearta coisc atá gníomhach agus éifeachtach a chur chun cinn;
30. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.