Nós Imeachta : 2020/2780(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : B9-0265/2020

Téacsanna arna gcur síos :

B9-0265/2020

Díospóireachtaí :

PV 15/09/2020 - 11
CRE 15/09/2020 - 11

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0240

<Date>{14/09/2020}14.9.2020</Date>
<NoDocSe>B9‑0265/2020</NoDocSe>
PDF 147kWORD 51k

<TitreType>TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN</TitreType>

<TitreSuite>chun an díospóireacht maidir leis na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún a thabhairt chun deiridh</TitreSuite>

<TitreRecueil>de bhun Riail 132(2) de na Rialacha Nós Imeachta</TitreRecueil>


<Titre>maidir le COVID-19: comhordú AE ar mheasúnuithe sláinte agus aicmiú riosca, agus na hiarmhairtí do Schengen agus don mhargadh aonair</Titre>

<DocRef>(2020/2780(RSP))</DocRef>


<RepeatBlock-By><Depute>Sara Cerdas</Depute>

<Commission>{S&D}thar ceann Ghrúpa S&D</Commission>

</RepeatBlock-By>

Féach freisin comhthairiscint i gcomhair rúin RC-B9-0257/2020

B9‑0265/2020

Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le COVID-19: comhordú AE ar mheasúnuithe sláinte agus aicmiú riosca, agus na hiarmhairtí do Schengen agus don mhargadh aonair

(2020/2780(RSP))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

 ag féachaint d’Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus d’Airteagail 4, 6, 9, 21, 67, 114, 153, 169 agus 191 de,

 ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 35 di,

 ag féachaint don rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac[1],

 ag féachaint don rún uaithi an 10 Iúil 2020 maidir le straitéis sláinte poiblí AE i ndiaidh COVID-19[2],

 ag féachaint d’Airteagal 67(2) CFAE, lena bhforáiltear nach foláir don Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú lena ‘n-áiritheofar nach mbeidh rialuithe teorann inmheánaí ann do dhaoine’,

 ag féachaint d’Airteagal 219(1) CFAE, lena bhforáiltear nach foláir do gach saoránach den Aontas an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát a bheith aige,

 ag féachaint don Chairt um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear Airteagal 45 de, ina sonraítear go bhfuil an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát,

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais ar na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)[3],

 ag féachaint do Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas agus a mball teaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát[4] (an Treoir maidir le Saorghluaiseacht), agus do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a chumhdaítear ann,

 ag féachaint don rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 maidir leis an staid i limistéar Schengen tar éis ráig COVID‑19[5],

 ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A. de bhrí go bhfuil paindéim COVID-19 bogtha ó ghéarchéim bainistithe riosca go céim ainsealach bainistithe riosca;

B. de bhrí go bhfuil déine leathadh an víris an-éagsúil ó Bhallstát go chéile agus ó réigiún go chéile laistigh den tír chéanna;

C. de bhrí nach bhfuil vacsaín éifeachtach ar bith ar fáil go fóill;

D. de bhrí gur deacair comparáid a dhéanamh idir sonraí i ngeall ar na cineálacha éagsúla cur chuige atá ann maidir le sonraí a bhaineann le COVID-19 a bhailiú ar fud AE;

E. de bhrí go bhfuil sé léirithe go dtí seo le freagairt AE ar phaindéim COVID-19 go bhfuil easpa comhordúcháin idir na Ballstáit, agus idir na réigiúin laistigh de na Ballstáit, ó thaobh comhordú a dhéanamh ar bhearta sláinte poiblí lena n-áirítear srianta ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí agus ar shaorghluaiseacht daoine laistigh de theorannacha agus tharstu agus cearta agus dlíthe eile a chur ar fionraí;

F. de bhrí gur eagraigh na Ballstáit iad féin gan dul i mbun comhairliúcháin, gach Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta (bearta bacainneacha, treoracha coraintín agus aonraithe, scagadh, cúram, críochú), lenar fágadh go bhfuil móréagsúlachtaí ann laistigh den Aontas Eorpach;

G. de bhrí go raibh go leor Eorpach faoi réir rialacha difriúla ar bhonn córasach, ag brath ní hamháin ar a n-áit chónaithe, ach freisin ar an áit chuig ar thaisteal siad; de bhrí go raibh an easpa comhordúcháin sin le linn an tsamhraidh ina cúis le heaspa eagrúcháin i ndáil le rialuithe agus bearta ag teorainneacha, chomh maith le laistigh d’aerfoirt, calafoirt agus stáisiúin traenach;

H. de bhrí, nach amháin go raibh mór-iarmhairtí sláinte ag géarchéim COVID-19, ach go raibh iarmhairtí diúltacha an-suntasach aici freisin ar mharlartuithe eacnamaíocha, sóisialta, eolaíocha, turasóireachta agus cultúrtha;

I. de bhrí gur inniúlacht náisiúnta, thar aon ní eile, é soláthar cúraim sláinte ach gur inniúlacht roinnte idir na Ballstáit agus an tAontas í an tsláinte phoiblí;

J. de bhrí go bhfuil raon feidhme ann fós don Aontas Eorpach beartas sláinte poiblí a sholáthar ar bhonn níos fearr laistigh de pharaiméadair reatha na gConarthaí; de bhrí go bhfuil na forálacha sláinte poiblí faoi na Conarthaí fós tearcúsáidte den chuid is mó i dtaobh na ngealltanas a d’fhéadfaí a úsáid chun iad a chomhlíonadh; ag meabhrú, ina leith sin, a rúin an 10 Iúil 2020 inar éilíodh Aontas Sláinte Eorpach;

K. de bhrí nach féidir aghaidh a thabhairt ar bhagairtí trasteorann ach amháin i gceann a chéile agus, go bhfuil gá, dá bhrí sin, le comhar, comhordú agus dlúthpháirtíocht laistigh den Aontas;

L. de bhrí gur cheart go léireofaí urraim i gcónaí do chearta bunúsacha gach uile Eorpaigh sna bearta a dhéanann na Ballstáit; de bhrí gur cheart go mbeadh na bearta sin riachtanach, comhréireach agus sealadach; de bhrí nach rogha í an dlúthpháirtíocht atá idir na Ballstáit ach gur oibleagáid de chuid an Chonartha í agus gurb ionann í agus ceann dár luachanna Eorpacha;

M. de bhrí go bhfuil gníomhaíocht tosaigh déanta cheana ag an gCoimisiún le glacadh roinnt pacáistí beart, teachtaireachtaí agus straitéisí, lena n-áirítear an moladh ón gComhairle le déanaí, an 4 Meán Fómhair 2020, maidir le cur chuige comhordaithe i dtaca le srian a chur ar shaorghluaiseacht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (COM(2020)0499);

N. de bhrí gur cheart don Chomhairle tacú leis an moladh sin agus na bearta a bhunú a bhfuil gá leo chun a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit comhordú ar a gcinntí agus a ngníomhaíochtaí chun deireadh a chur le leathadh an víris nó teorainn a chur lena leathadh;

O. de bhrí nach foláir Parlaimint na hEorpa, mar chomhreachtóir agus an t-aon institiúid atá tofa go díreach ag saoránaigh AE, a áireamh mar dhlúthchuid agus mar chuid ríthábhachtach de na pléití uile ar chomhordú AE chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sláinte seo;

P. de bhrí nach foláir do AE foghlaim ó na himeachtaí ó thús na géarchéime agus nach foláir dó Aontas Sláinte Eorpach a bhunú ar bhonn práinne;

1. ag cur béim láidir ar an ngá atá le bainistiú sláinte comhroinnte agus comhordaithe chun an phaindéim seo a chomhrac go héifeachtach;

2. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé saoránaigh a chur ar a suaimhneas maidir le comhsheasmhacht na mbeart a dhéantar ó Bhallstát go chéile, rud a chabhróidh le cur ina luí ar shaoránaigh cloí leis na bearta sin;

3. á mheabhrú gur ceart bunúsach a chumhdaítear sna Conarthaí agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh í an tsaoirse gluaiseachta do shaoránaigh an Aontais;

4. á chur i bhfios go láidir nach féidir an ceart sin a shrianadh ach amháin i gcás forais shonracha agus theoranta leasa phoiblí, eadhon cosaint na sláinte poiblí, beartas poiblí agus slándála poiblí;

5. á áitiú gur cheart na srianta sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí AE, go háirithe prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe;

6. ag tathant ar na Ballstáit gan ach bearta riachtanacha, comhordaithe agus comhréireacha a ghlacadh agus taisteal á shrianú acu, tar éis dóibh meastóireacht chúramach a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mbeart sin maidir le haghaidh a thabhairt ar shaincheist na sláinte poiblí de réir na modheolaíochta céanna, agus moltaí ECDC a ghlacadh, le haghaidh sonraí sláinte a bhailiú agus na critéir chéanna á n-úsáid chun measúnú agus faireachán a dhéanamh ar riosca na paindéime;

7. á chur i bhfios go bhfuil ECDC ag leanúint de na héagsúlachtaí a thabhairt chun suntais a léirítear sa bhailiú sonraí agus sa tuairisciú sonraí a dhéanann na Ballstáit; á chur in iúl gur saoth léi go gcuireann an easpa comhchuibhithe sin cosc orainn léiriú soiléir agus iomlán a fháil maidir le leathadh an víris san Eoraip agus gníomhaíochtaí agus bearta a chur chun feidhme dá réir;

8. ag tabhairt dá haire go raibh gach Ballstát ag leanúint na moltaí óna chomhairle eolaíoch féin gan aon chomhordú leis na Ballstáit eile nó leis an gCoimisiún;

9. á iarraidh ar an gCoimisiún modheolaíocht choiteann, éifeachtach agus thráthúil a chur chun cinn chun sonraí sláinte a bhailiú, agus chun líon na gcásanna agus na mbásanna a áireamh agus a thuairisciú;

10. ag tathant ar na Ballstáit an sainmhíniú céanna a ghlacadh le haghaidh cás dóchúil, féideartha agus dearfach de COVID-19 agus le haghaidh bás mar gheall ar COVID-19;

11. ag aithint thábhacht na rátaí minicíochta carnacha maidir le meastóireacht a dhéanamh ar leathadh an víris, ach á áitiú freisin go bhfuil gá ann measúnú a dhéanamh ar an staid agus critéir shláinte eile á gcur san áireamh, amhail an ráta tástála, ráta na dtástálacha le torthaí deimhneacha, ráta ospidéalaithe agus ráta áitíochta in aonaid dianchúraim;

12. á chur i bhfios go láidir, leis na critéir choiteanna shláinte sin, go mbeidh na Ballstáit agus an Coimisiún in ann anailís choiteann a sheoladh ar an riosca eipidéimeolaíoch ar leibhéal AE;

13. á mheas gur cheart go mbeadh ECDC in ann meastóireacht a dhéanamh go leordhóthanach agus go héifeachtach ar an riosca go leathadh an víreas agus léarscáil a nuashonrófar go laethúil, nó go ar a laghad seachtainiúil, a fhoilsiú, ar léarscáil í ar a léireofaí an riosca bunaithe ar chód dathanna coiteann, ar riosca é arna shuíomh de réir na faisnéise a bhailíonn agus a sholáthraíonn na Ballstáit,

14. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit córas láidir Eorpach um fhaisnéis eipidéimeolaíoch a fhorbairt ag leibhéil éagsúla NUTS – 1, 2 agus 3 – agus arb é ECDC a rachaidh i ngleic leis ar leibhéal AE; á chreidiúint gur cheart caighdeán a dhéanamh den chóras sin ó thaobh sonraí eipidéimeolaíocha agus sláinte de sna Ballstáit go léir agus gur cheart é a nuashonrú leis na forbairtí digiteacha is déanaí i dtaca le soláthar agus léirmhíniú sonraí;

15. ag tacú leis an gcód dathanna a mhol an Coimisiún sa togra deireanach uaidh le haghaidh moladh ón gComhairle; á mheas, leis na tairseacha a moladh (uaine, oráiste, dearg agus liath), go n-éascófar gluaisteacht laistigh de AE agus go dtabharfar faisnéis níos trédhearcaí do shaoránaigh agus go n-áiritheofar intuarthacht níos fearr;

16. á chur in iúl gur geal léi go láidir an cur chuige a mhol an Coimisiún; á mheas gur cheart mapáil riosca ECDC a dhéanamh ar an leibhéal réigiúnach agus ní hamháin ar an leibhéal náisiúnta; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, na sonraí a bhailíonn na húdaráis poiblí réigiúnacha ar bhonn laethúil a tharchur chuig ECDC;

17. á mheabhrú go bhfuil sé molta ag ECDC go ndéanfadh na Ballstáit íosbhearta bonnlíne chun leathadh an víris a sheachaint, amhail bearta sláinteachais, scaradh sóisialta agus srianadh ar theacht le chéile, úsáid masc aghaidhe i suíomhanna sonracha, socruithe maidir le bheith ag obair ón mbaile, tástáil fhorleathan, leithlisiú cásanna, coraintín gartheagmhálaithe agus cosaint daonraí leochaileacha;

18. á iarraidh ar na Ballstáit na moltaí thuasluaite ó ECDE a leanúint agus comhchreat de bhearta sláinte a shainiú ar cheart d’údaráis phoiblí i limistéir atá buailte é a ghlacadh chun stop a chur le leathadh na paindéime;

19. á aithint gur cheart d’údaráis phoiblí breithniú a dhéanamh ar bhearta breise agus iad a chomhroinnt má thagann méadú ar an ráta tarchuir, ar bearta iad lena n-áirítear idirghabhálacha a chuirfeadh teorann le gluaiseacht an daonra, a dhéanfadh laghdú ar líon na dteagmhálacha in aghaidh an duine, lena seachnófaí ollchruinnithe, agus aird ar leith á tabhairt ar limistéir ardriosca, scoileanna a dhúnadh nó lena molfaí do dhaoine ‘fanacht sa bhaile’;

20. á mheas go neartódh creat den sórt sin muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit agus na limistéir atá buailte, agus go seachnófaí bearta sriantacha mar fhreagairt air; á iarraidh ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar shainiúlachtaí na réigiún trasteorann agus a áitiú ar an ngá atá leis an gcomhar ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;

21. á mheas, i gcás limistéar trasteorann a mbeadh leathadh gníomhach ann, gur cheart d’údaráis phoiblí sásraí sláinte a bhunú ar bhonn comhpháirteach le haghaidh comhordú fíor-ama agus malartú faisnéise;

22. á chur i bhfáth gur dealraitheach go bhfuil sé bunriachtanach bearta sláinte a chur i bhfeidhm ar bhealach comhordaithe ar dhá thaobh na dteorainneacha ionas go n-áiritheofar go mbeidh siad comhsheasmhach, éifeachtach agus go dtacóidh an pobal leo;

23. á iarraidh go nglacfaí agus go gcuirfí chun feidhme straitéis choiteann tástála i ngach Ballstát, go háirithe i réigiúin trasteorann;

24. á mheas gur cheart do na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le líon íosta na dtástálacha a bheidh le déanamh aghaidh an lae, i gcomhréir le dath an limistéir lena mbaineann agus aird á tabhairt ar méid an daonra sa limistéar sin;

25. á chur i bhfios go láidir go gceadófar aitheantas cómhalartach ó thír go tír le hinchomparáideacht na dtorthaí tástála;

26. á iarraidh ar na Ballstáit torthaí tástálacha d’ionfhabhtú COVID-19 a dhéanfaidh comhlachtaí sláinte deimhnithe i mBallstáit eile a aithint go frithpháirteach;

27. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún teacht ar chomhaontú maidir le tréimhse coiteann coraintín bunaithe ar na sonraí eolaíocha is déanaí agus an measúnú ó ECDC á chur san áireamh acu;

28. á iarraidh ar na Ballstáit prótacal comhchoiteann a ghlacadh chun faireachán a dhéanamh ar chásanna aisiomptómacha agus ar bhearta i dtaca le leithlisiú othar a raibh toradh deimhneach ar a dtástáil COVID-19, mar aon le leithlisiú theagmhálaithe na n-othar sin;

29. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil foirmeacha aimsithe paisinéirí in úsáid; á mheas gur cheart leagan digiteach den fhaisnéis aimsithe paisinéirí a úsáid chun próiseáil a shimpliú, agus rochtain chomhionann á háirithiú do chách agus an rúndacht maidir le stóráil na sonraí sin á ráthú;

30. á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-éascófaí cur chuige comhordaithe maidir le próisis chinnteoireachta na mBallstát féin leis an modheolaíocht chomhchoiteann agus na critéir arna nglacadh agus leis na léarscáileanna arna bhforbairt ag ECDC, agus gur cheart a áirithiú leo go mbeidh aon chinntí arna ndéanamh ag na Ballstáit comhsheasmhach agus dea-chomhordaithe;

31. á mheabhrú a ríthábhachtachaí atá sé faisnéis shoiléir, thráthúil agus chuimsitheach a thabhairt don phobal ionas go dteorannófar na hiarmhairtí d’aon srianta ar shaorghluaiseacht a chuirfear ar bun, agus chun intuarthacht, deimhneacht dhlíthiúil agus comhlíonadh na saoránach a áirithiú;

32. á chur i bhfios gur chuir géarchéim COVID-19 béim ar an ngá atá leis an margadh aonair a neartú, go háirithe trí shlabhraí soláthair laistigh de AE a chomhtháthú an athuair gan bearta cosantacha a thabhairt isteach, agus trí thacú le táirgeadh príomhtháirgí amhail táirgí íocshláinte, cógais, agus trealamh leighis;

33. á chur i bhfios gur gá margadh aonair a bheidh éifeachtúil, athléimneach agus a sheasfaidh an aimsir a áirithiú, ar margadh é a leanfaidh de tháirgí atá ríthábhachtach do shaoránaigh a tháirgeadh agus a sheachadadh ar fud AE agus a chuirfidh na táirgí sin ar fáil do na saoránaigh uile;

34. á iarraidh ar an gCoimisiún an soláthar poiblí a dhéanamh níos simplí, níos tapa agus níos solúbtha do lucht an tsoláthair, á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an soláthar comhpháirteach maidir le táirgí íocshláinte, trealamh leighis agus trealamh cosanta pearsanta chun a n-infhaighteacht sna réigiúin go léir, lena n-áirítear i limistéir thuaithe agus imeallacha, a áirithiú;

35. á mheabhrú gur léirigh géarchéim COVID-19 laigí maidir le tomhaltóirí a chosaint de bharr iomadú na gcamscéimeanna agus na dtáirgí neamhshábháilte ann, go háirithe ar líne; á chur i bhfáth an gá atá le haghaidh a thabhairt ar na laigí sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le sábháilteacht táirgí, trí athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí chun aird a thabhairt ar thionchar na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, agus chun a áirithiú go bhfuil an margadh aonair digiteach cothrom agus sábháilte do chách tríd an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha atá ar na bacáin, ionas go bhféadfaidh ardáin ar líne gníomhaíocht iomchuí a thionscnamh in aghaidh táirgí den sórt sin; á chur i bhfáth thairis sin go mbeidh margadh aonair digiteach lánfheidhmiúil ag brath ar theanglaim de chosaint dhigiteach tomhaltóirí agus slabhraí soláthair a bhfuil tacaíocht dhigiteach ag gabháil leo;

36. á chur i bhfáth nach mór fios maith a bheith ag tomhaltóirí maidir lena gcearta agus maidir leis na roghanna atá acu nuair a cheannaíonn siad earraí nó seirbhísí, go háirithe i dtráth géarchéime; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit de bheith ar thús cadhnaíochta maidir le faisnéis iontaofa agus leordhóthanach a sholáthar ar bhealach inrochtana do thomhaltóirí ar fud an Aontais;

37. á iarraidh go gcoinneofar na bearta cosanta tomhaltóirí in aghaidh na srianta a d’fhorchuir aerlínte agus oibreoirí turasóireachta áirithe maidir le hiarrataí aisíocaíochtaí ar thurais a ndearnadh difear dóibh;

38. á chur i bhfios nár cheart géarchéim COVID-19 a úsáid mar leithscéal chun cur chun feidhme caighdeán éagsúil do tháirgí agus tionscail a chur ar atráth, a lagú nó a dhíothú, lena n-áirítear na caighdeáin sin a arna gceapadh chun an inbhuanaitheacht a chur chun cinn; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart glacadh léi mar dheis chun feabhas a chur ar an margadh aonair ar bhealach a chuireann táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe chun cinn; á iarraidh go dtacófar le samhlacha nua inbhuanaithe gnó agus go ndéanfar athruithe ó bhonn ar na samhlacha atá cheana ann, amhail na córais léasaithe, ligean ar cíos agus chomhroinnte a chur chun cinn nó earnáil na hathúsáide a chur chun cinn, agus cearta oibreoirí agus caighdeáin cosanta tomhaltóirí á gcoimiriciú, agus le cleachtais dífheidhmeachta ionsuite a chosc; á mheabhrú go gcaithfear inacmhainneacht an mhargaidh aonair a áirithiú, ionas go mbeidh an t-aistriú chuig margadh aonair inbhuanaithe cothrom agus nach bhfágfar aon duine ar lár;

39. á athdhearbhú an seasamh a chuir sí in iúl ina rún an 19 Meitheamh 2020 maidir leis an staid i limistéar Schengen tar éis ráig COVID-19; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go bhfillfear go mear ar limistéar lánfheidhmiúil Schengen gan srianta ar shaoirse gluaiseachta; á iarraidh ar údaráis na mBallstát uile deireadh a chur le haon rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a tugadh ar ais i gcomhthéacs COVID-19; ag cáineadh srianta idirdhealaitheacha ar an gceart iontrála atá in úsáid ag údaráis na hUngáire agus á iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur le nós imeachta um shárú ar an tsaincheist seo a luaithe is féidir;

40. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

[1] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.

[2] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0205.

[3] IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.

[4] IO L 158, 30.4.2004, lch. 77.

[5] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0175.

An nuashonrú is déanaí: 16 Meán Fómhair 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais