Tairiscint i gcomhair rúin - B9-0337/2020Tairiscint i gcomhair rúin
B9-0337/2020

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le Brexit: tréigean an nós imeachta um shárú agus leanúint den chaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe

5.10.2020

de bhun Riail 143 de na Rialacha Nós Imeachta

Julie Lechanteux

B9‑0337/2020

Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Brexit: tréigean an nós imeachta um shárú agus leanúint den chaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do Riail 143 dá Rialacha Nós Imeachta,

A. de bhrí gur sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig an Ríocht Aontaithe an 1 Deireadh Fómhair inar líomhnaíodh gur sháraigh an Ríocht Aontaithe a cuid oibleagáidí faoin gComhaontú um Tharraingt Siar agus de bhrí go bhfuil tús á chur le nós imeachta foirmiúil um shárú mar thoradh ar an mbeart sin;

 

B. de bhrí, dar leis an gCoimisiún, gur sárú é Bille na Ríochta Aontaithe um an Margadh Inmheánach, “United Kingdom Internal Market Bill” an 9 Meán Fómhair, ar Airteagal 5 den Chomhaontú um Tharraingt Siar ina leagtar síos go ndéanfaidh an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe “gach beart iomchuí, bíodh sé ginearálta nó sonrach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn ón gComhaontú seo agus staonfaidh siad ó aon bheart a d’fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Chomhaontaithe seo a chur i mbaol”:

1. den tuairim nach féidir a mheas gur “beart” é an “Internal Market Bill” de réir bhrí Airteagal 5, toisc gur togra é “Bill” nach bhfuil éifeacht cheangailteach leis, murab ionann agus “Act”, ar reacht lánfheidhme é;

 

2. á mheas go bhfuil an nós imeachta foirmiúil um shárú in aghaidh na Ríochta Aontaithe geall le “dlíthíocht chráiteach”;

 

3. ag tathant ar an gCoimisiún an nós imeachta um shárú a thréigean agus leanúint den chaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe.

An nuashonrú is déanaí: 20 Deireadh Fómhair 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais