Tairiscint i gcomhair rúin - B9-0362/2020Tairiscint i gcomhair rúin
B9-0362/2020

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le córas Schengen agus na bearta a glacadh le linn ghéarchéim COVID-19

18.11.2020 - (2020/2801(RSP))

de bhun Riail 227(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Dolors Montserrat
thar ceann an Choiste um Achainíocha

Nós Imeachta : 2020/2801(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
B9-0362/2020
Téacsanna arna gcur síos :
B9-0362/2020
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

B9‑0362/2020

Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le córas Schengen agus na bearta a glacadh le linn ghéarchéim COVID-19

(2020/2801(RSP))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Achainí Uimh. 0653/2020,

 ag féachaint d’Airteagail 21(1) agus 67(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do Phrótacal Chonradh Amstardam ag lánpháirtiú acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh[1],

 ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)[2],

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Márta 2020 dar teideal Treoirlínte i dtaca le saorghluaiseacht oibrithe a fheidhmiú le linn ráig COVID-19 (C(2020)2051),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Iúil 2020 dar teideal ‘Treoirlínte maidir le hOibrithe Séasúracha san Aontas Eorpach i gcomhthéacs ráig COVID-19’ an 16 Iúil 2020 (C(2020)4813),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Bealtaine dar teideal ‘COVID-19: Ionsar chur chuige céimnithe agus comhordaithe i leith saorghluaiseacht a athbhunú agus deireadh a chur le rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha’ (C(2020)3250),

 ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac[3], agus do rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 maidir leis an staid i limistéar Schengen tar éis ráig COVID‑19[4],

 ag féachaint do rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 maidir le cosaint Eorpach d’oibrithe trasteorann agus séasúracha i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19[5],

 ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘COVID-19: Comhordú AE ar mheasúnuithe sláinte agus aicmiú riosca, agus na hiarmhairtí do Schengen agus don mhargadh aonair’[6],

 ag féachaint do Mholadh (AE) 2020/1475 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le cur chuige comhordaithe i leith saorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19[7],

 ag féachaint don phlé ar Achainí Uimh. 0653/2020 ag cruinniú den Choiste um Achainíocha an 2 Iúil 2020,

 ag féachaint do Riail 227(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A. de bhrí go bhfuair an Coiste um Achainíocha Achainí Uimh. 0653/2020 ó ionadaithe ó réigiúin teorann na Beilge/na Gearmáine/na hÍsiltíre/Lucsamburg, inar cuireadh in iúl gur ábhar imní é dúnadh tobann theorainneacha inmheánacha an Aontais mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, agus na hiarmhairtí a bhí ag na bearta éagsúla a thug Ballstáit éagsúla isteach ar dhaoine san Aontas, go háirithe orthu siúd a bhfuil cónaí orthu i réigiúin teorann;

B. de bhrí gurb ionann na réigiúin teorann agus 40 % de chríoch an Aontais Eorpaigh agus go bhfuil 30 % de dhaonra an Aontais ina gcónaí ann;

C. de bhrí go bhfuil acquis Schengen bunriachtanach chun go mbeidh réigiúin teorann ina n-áiteanna a mbíonn malartú eacnamaíoch agus sóisialta ann agus go mbeidh siad ina n-eiseamláir de réigiúin don chomhar críochach agus don nuálaíocht institiúideach;

D. de bhrí gur bagairt thromchúiseach í paindéim COVID-19 don tsláinte phoiblí, ar bagairt í a bhfuil tionchar aici ar shláinte agus saol na ndaoine go léir atá ina gcónaí san Aontas agus ar chórais sláinte agus cúraim na mBallstát;

E. de bhrí, mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, go bhfuil rialuithe teorann inmheánacha tugtha isteach athuair ag formhór na mBallstát; de bhrí gur tugadh isteach srianta sealadacha maidir le taisteal ó thríú tíortha, ach freisin ó Bhallstáit AE i limistéar Schengen, agus go bhfuil siad fós i bhfeidhm; de bhrí nár comhordaíodh na bearta sin idir na Ballstáit ná i gcomhar le hinstitiúidí AE;

F. de bhrí go bhfuil os cionn 17 milliún saoránach AE a chónaíonn agus a oibríonn i dtír AE nach í tír a saoránachta í (3.9 % den lucht saothair iomlán in 2018);

G. de bhrí de réir Chód Teorainneacha Schengen, go bhféadfaidh na Ballstáit rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a thabhairt isteach ar bhonn eisceachtúil agus mar rogha dheiridh i gcás ina mbeidh baol tromchúiseach ann don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, agus nach mór dóibh prionsabal na comhréireachta a urramú; de bhrí, i gcás den sórt sin, nach mór fógra a sheoladh chuig na Ballstáit eile agus chuig an gCoimisiún;

1. á chur i bhfios go láidir gur gné thábhachtach den mhargadh aonair Eorpach é limistéar gan teorainneacha inmheánacha; á athdhearbhú gur géarchéim í paindéim COVID-19 nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo san Eoraip ó bunaíodh limistéar Schengen;

2. á chur i bhfáth go bhfuil saorghluaiseacht daoine ar cheann de na dúshraitheanna d’fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go bhfuil sí ar cheann de na héachtaí is mó dá bhfuil bainte amach aige; á mheabhrú go bhfuil ag méadú ar an tsoghluaisteacht ar fud an Aontais chun críocha maireachtála, oibre, staidéir nó gnó a reáchtáil;

3. ag cur béim ar an bhfíoras gur buille mór don tsaorghluaiseacht dúnadh iomlán nó páirteach na dteorainneacha ag na Ballstáit le linn phaindéim COVID-19; á chur in iúl gurb oth léi gur dúnadh teorainneacha go tobann, ar bhealach neamhchomhordaithe, faoi dheifir, agus gur tugadh isteach bearta tionlacain, a d’fhág go raibh daoine faoi bhealach sáinnithe, rud a chur isteach go mór ar na daoine a bhfuil cónaí orthu i réigiúin teorann trí theorainn a chur lena gcumas teorainn a thrasnú agus iad ag dul chun na hoibre, seirbhísí a sholáthar agus tairbhe a bhaint astu, nó cuairt a thabhairt ar chairde nó ar bhaill teaghlaigh; á chur i bhfáth gur díobhálach an tionchar a bhí ag dúnadh na dteorainneacha inmheánacha agus seachtracha ar na hearnálacha gnó, eolaíochta agus turasóireachta idirnáisiúnta; á chur i bhfios in ionad rialuithe teorann a thabhairt isteach, gur cheart do na Ballstáit féachaint leis na bearta is gá a dhéanamh chun cur ar chumas daoine teorainneacha a thrasnú agus an tsábháilteacht agus cosaint sláinte is fearr a áirithiú san am céanna;

4. á chur i bhfáth gur gá rialacha acquis Schengen a urramú trí bhearta a chomhordú níos fearr i limistéar Schengen agus i réigiúin trasteorann go háirithe, agus trí chur chuige ilroinnte idir na Ballstáit a sheachaint; á chur chun suntais gur cheart gur rud eisceachtúil iad bearta lena gcuirtear srian ar an tsaorghluaiseacht; á chur i bhfios gur cheart bearta spriocdhírithe a chur in ionad srianta ar shaorghluaiseacht i gcomhréir le prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe; á mholadh do na Ballstáit a srianta a mhaolú; á mheabhrú a thabhachtaí atá sé go bhfillfear ar limistéar Schengen lánfheidhmiúil gan rialú ar theorainneacha inmheánacha;

5. ag tabhairt dá haire nach iad na limistéir is mó atá thíos leis an bpaindéim i gcónaí na limistéir ar theorainn le teorainneacha náisiúnta, agus gurb é sin an fáth gur cheart srianta ar an tsaorghluaiseacht a bheith bunaithe ar staid na sláinte poiblí i réigiúin éagsúla agus a bheith solúbtha agus áitiúil;

6. is díol sásaimh di iarrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát tacú le gníomhaíocht leanúnach chomhordaithe AE chun cosaint na sláinte poiblí a áirithiú agus saoirse gluaiseachta á hurramú ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar na Ballstáit na bearta maidir le comhordú foriomlán a fheabhsú a thuilleadh agus iad a chur chun feidhme ina n-iomláine, bunaithe ar an eolaíocht is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe maidir le rialacháin choraintín, rianú teagmhála trasteorann, straitéisí tástála, measúnú comhpháirteach ar mhodhanna tástála, aitheantas frithpháirteach ar thástálacha, agus srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas. á chreidiúint gur cheart bearta cuimsitheacha, leordhóthanacha agus soiléire a úsáid chun an tsláinte phoiblí a chosaint i gcás daoine a thrasnaíonn teorainneacha inmheánacha chun nach dtabharfar isteach rialuithe ag teorainneacha inmheánacha athuair;

7. á chur in iúl gur geal léi an treoir leanúnach ón gCoimisiún mar chuid den chomhordú leanúnach ar fhreagairt choiteann AE ar ráig COVID-19, go háirithe maidir le prionsabal na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe a chur chun feidhme agus maidir le saorghluaiseacht chóir oibrithe agus seirbhísí a fheidhmiú;

8. á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint dá iarrachtaí tacú leis an gcomhar agus an comhordú uile-Eorpach i measc na mBallstát agus i gcomhar leis na Ballstáit le linn na paindéime, agus an comhar agus an comhordú sin a fheabhsú;

9. á mheas gur cheart go mbeadh uirlisí amhail aipeanna rianaithe COVID-19 comhoiriúnach thar theorainneacha chun a áirithiú gur éifeachtach iad agus chun gur féidir ionfhabhtuithe a rianú le linn taistil; á chur chun suntais gur cheart gurbh éasca do chónaitheoirí AE rochtain a fháil ar fhaisnéis iontaofa, chuimsitheach agus fhíor-ama faoi shrianta taistil agus faoi bhearta sláinte agus sábháilteachta a bhaineann leis an bpaindéim ar fud an Aontais; á áthdhearbhú a thábhachtaí atá cumarsáid ilteangach maidir leis an bpaindéim, agus aird ar leith á tabhairt ar na teangacha a úsáidtear i réigiúin trasteorann; á iarraidh ar an gCoimisiún suíomh gréasáin ‘Re-open EU’ a nuashonrú dá réir chun fíor-ionad ilfhreastail a chruthú lena n-éascaítear saorghluaiseacht le linn na paindéime agus lena gcuidítear go mór le cónaitheoirí gnáthshaol a bheith acu athuair;

10. á chur in iúl gur díol imní é an iliomad bacainní a bhíonn ar go leor oibrithe trasteorann, mic léinn agus lánúineacha dénáisiúnta atá i gcaidrimh chobhsaí mar gheall ar dhúnadh teorainneacha nó srianta taistil; á iarraidh ar na an gCoimisiún agus ar na  Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar shainiúlachtaí na réigiún trasteorann, áit a bhfuil comaitéireacht trasteorann coitianta; á mholadh i ndáil leis sin gur cheart daoine a bhfuil cónaí orthu i réigiúin teorann agus oibrithe trasteorann a dhíolmhú ó bhearta agus srianta a bhaineann le paindéim, agus é de cheangal orthu, ag an am céanna, an chomhairle agus na bearta a rinne údaráis sláinte na mBallstát ábhartha chun leathadh an víris a chosc a urramú;

11. á mheas gur den ríthábhacht é limistéar Schengen lánfheidhmiúil a bheith ann go pras an athuair, agus go mbraitheann sé sin ar thoil pholaitiúil na mBallstát agus ar a dtiomantas bearta faoi acquis Schengen a chomhordú; á mheabhrú gur cheart aon ghníomhaíocht neamhchomhordaithe dhéthaobhach a bhféadfadh srianta neamhriachtanacha ar an tsoghluaisteacht agus ar an tsaorghluaiseacht a bheith mar thoradh uirthi a sheachaint; ag tabhairt dá haire go bhfuil straitéis maidir le todhchaí Schengen ar cheann de phríomhthionscnaimh an Choimisiúin do 2021; á mheabhrú gur maith an rud bailchríoch a chur ar limistéir Schengen a áiritheoidh go mbeidh gach saoránach AE in ann an tairbhe chéanna a bhaint as acquis AE; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit athuair pleananna teagmhais a ullmhú, a luaithe is féidir, i gcás ina bhféadfadh gurb ann do bhuaiceanna leathadh COVID-19 athuair, agus ionas nach mbeidh rialuithe sealadacha teorann leathbhuan sa mheántéarma;

12. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

An nuashonrú is déanaí: 20 Samhain 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais