Tairiscint i gcomhair rúin - B9-0397/2020Tairiscint i gcomhair rúin
B9-0397/2020

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir leis an marú ar an bhfeirm a fhorbairt trí sheamlais shoghluaiste a úsáid

11.11.2020

de bhun Riail 143 de na Rialacha Nós Imeachta

Annika Bruna

B9‑0397/2020

Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an marú ar an bhfeirm a fhorbairt trí sheamlais shoghluaiste a úsáid

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagal 13 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

 ag féachaint do Riail 143 dá Rialacha Nós Imeachta,

A. de bhrí go gceadaítear úsáid na seamlas soghluaiste don mharú ar an bhfeirm ar bhonn trialach sa Fhrainc, faoi Airteagal 73 de Dhlí an 30 Deireadh Fómhair 2018 (EGlalim);

B. de bhrí gur féidir le seamlais shoghluaiste deireadh a chur le hiompar ainmhithe, cosc a chur le scaipeadh galar mar COVID-19, agus teacht in ionad seamlais thraidisiúnta inar aimsíodh mí-úsáid ainmhithe, amhail marú ainmhithe gan a stiúdadh;

1. á iarraidh ar an gCoimisiún cómhaoiniú na seamlas soghluaiste a chur chun feidhme trí chistí forbartha tuaithe;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí a bhailiú maidir le seamlais shoghluaiste sna Ballstáit ar fad faoi chuimsiú Ardán an Aontais Eorpaigh maidir le Leas Ainmhithe, a bunaíodh in 2017;

3. á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an eolas a sholáthraítear don phobal, trí thacaíocht a thabhairt do scéimeanna lipéadaithe áitiúla mar shampla;

4. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

 

An nuashonrú is déanaí: 14 Nollaig 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais