TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le toirmeasc a chur ar tháirgeadh málaí tae ina bhfuil plaisteach
15.12.2020
Ivan Vilibor Sinčić, Margrete Auken, Traian Băsescu, Fabio Massimo Castaldo, Ignazio Corrao, Rosa D’Amato, Clare Daly, Eleonora Evi, Mario Furore, Alexis Georgoulis, Helmut Geuking, Dino Giarrusso, Mislav Kolakušić, Athanasios Konstantinou, Ioannis Lagos, Predrag Fred Matić, Emmanuel Maurel, Piernicola Pedicini, Kira Marie Peter‑Hansen, Manuela Ripa, Michèle Rivasi, Bronis Ropė, Michal Šimečka, Ruža Tomašić, Romana Tomc, Mick Wallace
B9‑0447/2020
Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le toirmeasc a chur ar tháirgeadh málaí tae ina bhfuil plaisteach
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Riail 143 dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí go bhfuil srian curtha ag an Aontas Eorpach ar tháirgí plaisteacha aon úsáide áirithe a chur ar an margadh amhail ó 2021 agus go bhfuil sé geallta aige tomhaltas táirgí eile a laghdú;
B. de bhrí go bhfuarthas amach i staidéir ábhartha[1] go scaoileann mála tae plaisteach ag teocht ghrúdaireachta de 95 °C thart ar 11.6 billiún cáithnín micreaphlaisteach agus 3.1 billiún cáithnín nanaphlaisteacha isteach in aon chupán tae amháin;
C. de bhrí gur de níolón agus de theireataláit phoileitiléine (PET) a dhéantar an chuid is mó de mhálaí tae aon úsáide atá ar fáil ar mhargadh AE;
D. de bhrí go bhfuil coimeádáin mhiotail in-athúsáidte agus roghanna malartacha in-bhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe ar mhálaí tae plaisteacha ann cheana féin ar mhargadh AE;
1. á mheas nár cheart go mbeadh plaisteach i málaí tae agus gur cheart ábhair in-athúsáidte nó, i gcás nach féidir, ábhair in-bhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe a úsáid ina ionad;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a chur ar aghaidh chun toirmeasc a chur ar mhálaí tae ina bhfuil plaisteach a chur ar mhargadh AE;
3. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.
- [1] Hernandez, L.M. et al., ‘Plastic Teabags Release Billions of Microparticles and Nanoparticles into Tea’ [Scaoileann Málaí Tae Plaisteacha na Billiúin Micreacháithnín agus Nanacháithnín isteach i dTae], Environmental Science and Technology, Iml. 53, Uimh. 21, ACS Publications, Washington, DC, 2019, lch. 12300–12310.