Tairiscint i gcomhair rúin - B9-0115/2021Tairiscint i gcomhair rúin
B9-0115/2021

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir leis an tionchar atá ag COVID-19 ar an óige agus ar an spórt

1.2.2021 - (2020/2864(RSP))

ag leanúint as Ceist B9-0000/2021 i gcomhair Freagra ó Bhéal
de bhun Riail 136(5) de na Rialacha Nós Imeachta

Sabine Verheyen
thar ceann an Choiste um Chultúr agus um Oideachas

Nós Imeachta : 2020/2864(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
B9-0115/2021
Téacsanna arna gcur síos :
B9-0115/2021
Téacsanna arna nglacadh :

B9-0000/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an tionchar atá ag COVID-19 ar an óige agus ar an spórt

(2020/2864(RSP))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagail 165 agus 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint d’Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus do Phrótacal (Uimh. 2) maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm,

 ag féachaint d’Airteagal 14 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac[1],

 ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2020 maidir le cearta daoine faoi mhíchumais intleachta le linn ghéarchéim COVID-19,

 ag féachaint do uaithi rún an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le tearnamh cultúrtha na hEorpa,

 ag féachaint do rún uaithi an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Ráthaíocht don Aos Óg[2],

 ag féachaint do rún uaithi an 22 Deireadh Fómhair 2020 maidir le todhchaí an oideachais san Eoraip i gcomhthéacs COVID-19[3],

 ag féachaint do Riail 136(5) agus Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tairiscint i gcomhair rún ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

A. de bhrí, de réir EIS,[4] go bhfuil tionchar díréireach á imirt ar dhaoine óga le paindéim leanúnach COVID-19 agus gur dóchúil gurb iad a fhulaingeoidh éifeachtaí tromchúiseacha diúltacha agus fadtréimhseacha ar bhonn eacnamaíoch, sláinte agus dea-bhaile, lena n-áirítear na deiseanna atá caillte acu ó thaobh an oideachais, na saorálaíochta agus na hoiliúna de ag staid ríthábhachtach dá bhforbairt saoil;

B. de bhrí go bhfuil géarú a dhéanamh ar éagothromaíochtaí leis an tionchar atá ag paindéim COVID-19 ar fheidhmiú chláir AE um an óige agus um oideachas maidir le hobair agus saorálaíocht na hóige, ar na córais oideachais náisiúnta, ar fhostaíocht agus ioncam agus ar shaoirsí sibhialta, de réir mar a léirítear iad sna staidrimh ó ECFE, de bhrí nach bhfuil ach beagnach leath de na daltaí scoile ar féidir leo rochtain a fháil ar an gcuid is mó den churaclam nó ar an gcuraclam iomlán, in ainneoin réitigh foghlama a bheith á soláthar ag tíortha ar líne, nach i gcónaí a bhíonn an méadú ar iarmhairtí na bearna digití agus an bhacainn ar an bhforbairt ar scileanna digiteacha riachtanacha agus ar an rochtain ar churaclaim scoile ag teacht leis an bhfoghlaim do mhic léinn a bhfuil deacrachtaí acu;

C. de bhrí gurbh iad na daoine óga a bhí ag croílár na ngníomhaíochtaí a bhí spreagtha ag an dlúthpháirtíocht, ar ghníomhaíochtaí iad a d’fhreagair do na riachtanais a bhí ina bpobail de dheasca phaindéim COVID-19, ó fheachtais feasachta a stiúradh go saothrú a dhéanamh ar an líne thosaigh mar chuid den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus de thionscnaimh eile mar shaorálaithe;

D. de bhrí go bhfuil éifeachtaí diúltacha na paindéime chomh forleathan sin gur rannchuidigh siad tuilleadh leis an laghdú ar an spás sibhialta sna Ballstáit ar fud na hEorpa, agus go bhféadfadh sé go mbeadh ar go leor d’eagraíochtaí obair agus spórt na hóige dúnadh síos, rud a mbeadh tionchar diúltach aige ar struchtúir sheanbhunaithe an chomhair Eorpaigh agus idirnáisiúnta agus a chuirfeadh srian substaintiúil ar an rannpháirtíocht shibhialta;

E. de bhrí go ndéantar difear do mheabhairshláinte daoine óga agus dá gcumas cuideachtúlachta le héifeachtaí síceasóisialta COVID-19 i ngeall ar thosca atá ann faoi láthair agus ar thosca níos fadtéarmaí araon; de bhrí go bhfuil tionchar díréireach ag gníomhaíochtaí fóillíochta agus ag srianta sóisialta ar leanaí agus ar dhaoine óga faoi mhíchumais;

F. de bhrí go raibh tionchar tubaisteach ag paindéim COVID-19 ar spóirt agus ar na hearnálacha agus tionscail ghaolmhara; de bhrí gur imríodh tionchar ollmhór ar na spóirt phroifisiúnta ó thaobh na heacnamaíochta de ós rud é gur laghdaíodh go mór a n-ioncam i ngeall ar imeachtaí iomadúla ar na leibhéil uile a bheith á gcur ar ceal nó gurbh éigean iad a reáchtáil d’uireasa lucht féachana;

G. de bhrí go bhfuil tionchar tubaisteach ag an bpaindéim leanúnach ar spóirt agus ar áineas leathghairmiúla agus pobail ós rud é gur bagairt eisiach atá sa mhéid sin do go leor clubanna spóirt i ngeall ar gur eagraíochtaí neamhbhrabúsacha iad de réir a nádúir, a fheidhmíonn de chuid is mó ar bhonn deonach agus a oibríonn, dá bhrí sin, gan aon chúlchistí airgeadais;

H. de bhrí, leis na srianta a bhaineann le paindéim COVID-19 agus an easpa deiseanna leordhóthanacha atá ann le haghaidh traenála agus cleachtadh rialta sna spóirt lena mbaineann teagmháil fhisiciúil go ndéantar dochar tubaisteach d’fhorbairt agus d’éabhlóid lúthchleasaithe;

I. de bhrí gur earnáil eacnamaíoch thábhachtach gurb ea an spóirt arb ionann í agus 2.12% d’OTI ina hiomláine agus 2.72% den fhostaíocht iomlán in AE, arb ionann an méid sin agus 5.67 milliún post;

J. de bhrí, leis an spórt, go ndéantar feidhmeanna sochaíocha tábhachtacha a chomhlíonadh, inter alia, trí chuimsiú sóisialta, lánpháirtiú, comhtháthú agus luachanna amhail urraim fhrithpháirteach agus tuiscint, dlúthpháirtíocht, éagsúlacht agus comhionannas lena n-áirítear comhionannas inscne a chur chun cinn; de bhrí gur féidir feabhas a chur ar an tsláinte fhisiciúil agus ar mheabhairshláinte agus ar an infhostaitheacht i measc daoine óga go háirithe le gníomhaíochtaí spóirt agus leis na gníomhaíochtaí deonacha gaolmhara, mar aon le rannchuidiú leis an óige a rannpháirtíocht san fhoréigean a thréigean, lena n-áirítear foréigean inscnebhunaithe, coiriúlacht agus úsáid drugaí;

An Óige

1. á chur in iúl gur cúis bhuartha di, i ngeall ar ardíogaireacht mhargadh saothair na hóige i leith timthriallta eacnamaíocha agus i ngeall ar ghéarchéim eacnamaíoch, gur measa atá fostaíocht le haghaidh daoine óga buailte mar thoradh ar an bpaindéim atá ann faoi láthair, lena méadaítear ar na treochtaí diúltacha atá ann d’earnáil inar ann do phoist éagobhsaí pháirtaimseartha ar phá íseal den chuid is mó agus a bhfuil cosaint dhlíthiúil níos ísle agus caighdeáin slándála sóisialta níos ísle ag gabháil leo;

2. á chur i bhfios go láidir an tionchar a bhí ag an bpaindéim atá ann faoi láthair go háirithe ar NEETanna óga agus an gá atá ann le dul i ngleic leis na fadhbanna a bhfuil ar dhaoine óga ó ghrúpaí leochaileacha aghaidh a thabhairt orthu; á chur i bhfáth an gá atá leis na héagothromaíochtaí suntasacha atá idir na hinscní a chur san áireamh i ndáil leis an sciar NEETanna;

3. á chur i bhfios go láidir go ndearnadh difear mór do na hearnálacha dlúthshaothair ar minic le pá íseal a bheith ina shaintréith iontu, amhail na hearnálacha mórdhíola agus miondíola, turasóireachta agus seirbhísí bia, arb iondúil leo oibrithe óga ar bheagán scileanna agus mic léinn a bhíonn i mbun oibre a fhostú; ag tabhairt dá haire gur tháinig ardú leanúnach ar an dífhostaíocht agus ar an mbochtaineacht i measc na hóige ó thús ráig na paindéime; á chreidiúint gur dóchúil go n-ardóidh dífhostaíocht i measc na hóige tuilleadh sa ghearrthéarma agus go bhféadfadh sé fanacht os cionn na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim san fhadtéarma;

4. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh chun na héifeachtaí tromchúiseacha ar an bhfostaíocht le haghaidh daoine óga a chomhrac, lena n-áirítear trí bheartais mhaicreacnamaíocha (fioscach agus airgeadaíochta) lena dtreoraítear caiteachas poiblí ionsar fhóirdheontais fhruilithe nó ráthaíochtaí don aos óg a chur ar fáil chun tacú le scéimeanna atá saincheaptha le haghaidh poist a choinneáil agus a chruthú agus le haghaidh scéimeanna uas-scilithe agus athscilithe atá saincheaptha don óige, mar aon le hinfheistíocht a dhéanamh in earnálacha eacnamaíocha a bhfuil sé d’acmhainneacht acu cuardaitheoirí poist óga a ionsú agus a bhfuil poist ardcháilíochta mhaithe agus dálaí oibre agus luacha saothair maithe á dtairiscint acu;

5. ag meabhrú ról na saorálaíochta i dtaca le scileanna saoil agus oibre a fhorbairt do dhaoine óga; á mheas go bhfuil sé d’acmhainneacht ag an saorálaíocht a fhaigheann tacaíocht airgeadais cabhrú leis an óige atá dífhostaithe an suaitheadh eacnamaíoch a eascraíonn as géarchéim COVID a sheasamh agus rannchuidiú á dhéanamh leis an tsochaí agus taithí luachmhar á fáil ag an am céanna lena n-éascaítear an t-aistriú chuig fostaíocht fhadtéarmach rialta; á mheas gur féidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach cabhair a thabhairt d’Eorpaigh óga a ndeiseanna a leathnú thar mar atá amhlaidh ina saol áitiúil; ag tathant, ina leith sin, ar an gCoimisiún treoirlínte soiléire agus aonfhoirmeacha a chur ar fáil chun an clár a chur chun feidhme i gcás géarchéimeanna agus bacainní ar rannpháirtíocht a bhaint de bharr, inter alia: easpa solúbthachta sa chistiú; an laghdú ar chistiú, an méadú ar shrianta maidir le víosaí a dheonú do shaorálaithe ó thíortha comhpháirtíochta, agus gan stádas dlíthiúil mar shaorálaithe a áirithiú do dhaoine óga;

6. á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá an fhoghlaim neamhfhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil, na healaíona, spórt, gníomhaíochtaí saorálaíochta agus sóisialta chun spreagadh a thabhairt do rannpháirtíocht na n-óg agus do chomhtháthú sóisialta mar uirlisí lenar féidir tionchar ollmhór a imirt ar phobail áitiúla agus lenar féidir aghaidh a thabhairt ar go leor de na dúshláin shochaíocha;

7. á thabhairt chun suntais, i dtaca le comhaontú an 21 Iúil 2020, gur cheart don Chomhairle Eorpach a bheith ní b’uaillmhianaí ina cuid tacaíochta don ghlúin óg – todhchaí na hEorpa – go háirithe trí thacaíocht ní ba láidre do dhaoine óga a áireamh ina pleananna téarnaimh trí 10% a leithdháileadh ar an oideachas agus 20% ar an ranníocaíocht leis an Straitéis Eorpach Dhigiteach agus le gnóthú an Mhargaidh Aonair Digitigh; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, maidir le cláir earnála ina ndírítear go díreach ar an óige, amhail Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, an Ráthaíocht don Aos Óg agus an Ráthaíocht don Leanbh nó cláir a bhfuil an acmhainneacht acu tacú leis an aistriú ionsar Eoraip a bheidh níos cothroime agus níos inbhuanaithe ar bhonn sóisialta agus comhshaoil de, nach foláir iad a shlógadh ar bhealach lean ndéanfar a lánacmhainneacht a bhaint amach, ós rud é go bhfuil an baol ann nach n-éireoidh leis na cláir sin a spriocanna uaillmhianacha a ghnóthú, rud a bheidh ina údar mór díomá do na daoine óga agus do na glúine atá le teacht;

8. á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarú déanta ag an bpaindéim atá ann faoi láthair ar an mbearna dhigiteach in AE agus á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, an géarghá atá leis an litearthacht dhigiteach a chur chun cinn do chách agus spreagadh a thabhairt d’úsáid, aitheantas agus bailíochtú forleathan roghanna eile, lena n-áirítear deiseanna foghlama neamhfhoirmiúla agus seachfhoirmiúla, amhail foghlaim agus oiliúint ar líne agus digiteach; á iarraidh go háirithe go ndíreofar agus go dtacófar go láidir le foghlaimeoirí óga a d’fhulaing caillteanas ioncaim i gcúrsaí teicniúla, dé-oideachais agus Gairmoideachais agus Gairmoiliúna, agus go ndéanfar uirlisí digiteach, ábhair agus inneachar teagaisc agus foghlama ardcháilíochta a fhorbairt agus a úsáid go forleathan, chun luathfhágáil an oideachais a sheachaint do dhaoine óga agus chun aistriú rianúil, éifeachtach ón scoil go dtí an obair a sholáthar; á chur i bhfáth, mar sin féin, fiú i gcomhthéacs inar ann do COVID-19, á thábhachtaí atá an fhoghlaim duine le duine lena n-áirithítear nach bhfágfar aon duine chun deiridh, go háirithe i gcás leanaí óga, grúpaí leochaileacha agus daoine óga ó chúlraí socheacnamaíocha deacra nach bhfuil modhanna nó scileanna teicneolaíocha acu;

9. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit chun méadú a dhéanamh ar an infheistíocht i réitigh dhigiteacha agus i litearthacht dhigiteach d’fhorbairt scileanna praiticiúla, d’inniúlachtaí agus do cháilíochtaí agus an rochtain ar litearthacht dhigiteach a ghinearálú do chách agus an fhorbairt ar uirlisi foghlama ar líne a bheidh neamhspleách, ilteangach, cuimsitheach agus saor in aisce a chur chun cinn ar mhaithe le leibhéal foriomlán na scileanna agus na n-inniúlachtaí digiteacha a fheabhsú i gcomhthéacs chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021-2027); á chur i bhfáth an gá atá le hinniúlachtaí a fhorbairt i measc teagascóirí, oiliúnóirí, príomhoidí, tuismitheoirí agus bainisteoirí chun feabhas a chur ar sheachadadh na foghlama ar líne, na cianfhoghlama agus na foghlama cumaisc le haird ar leith ar chláir forbartha scileanna;

 

10. á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil méadú ar imní agus ar eagla i measc daoine óga mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19, rud a d’fhéadfadh tionchar suntasach a imirt ar a saol agus ar an aistriú ón scoil go dtí an obair; á iarraidh go mbainfear úsáid fhorleathan as seirbhísí saincheaptha meabhairshláinte, as tacaíocht shíceasóisialta agus as gníomhaíochtaí spóirt, ag feidhmiú mar bhearta neamhspleácha nó modúlacha, agus go dtabharfar tacaíocht uas-scálaithe do dhea-bhail mheabhrach laistigh d’institiúidí oiliúna agus oideachais chun éifeachtaí fadtréimhseacha síceolaíocha na paindéime a sheachaint; á chur i bhfáth go bhfuil tionchar ag an bpaindéim ar dhaoine óga faoi mhíchumas agus ar dhaoine óga atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar riachtanais an ghrúpa sin trí na bearta agus na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil a oiriúnú;

11. á iarraidh go mbeidh cur chuige sna beartais éagsúla a bheidh bunaithe ar chearta agus fréamhaithe i bprionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an chomhionannais, chun dul i ngleic leis na cineálacha iomadúla idirdhealaithe a rinneadh i gcoinne daoine óga le linn ghéarchéim COVID-19, agus á mheabhrú don Choimisiún agus do na Ballstáit go bhfuil gá le cur chuige speisialta chun tacaíocht agus cosaint a thabhairt do ghrúpaí leochaileacha, amhail daoine óga faoi mhíchumas, daoine óga ar as cúlra faoi mhíbhuntáiste iad agus atá i mbaol foréigin baile, imircigh óga agus dídeanaithe, agus daoine óga LGBTIQ+; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá saor-rochtain ar fhaisnéis ardcháilíochta, curtha in oiriúint do riachtanais daoine óga, maidir le COVID-19 agus an phaindéim dhomhanda;

12. á thabhairt le fios go bhfuil tairiscintí spóirt agus oibre don óige i mbaol ar fud na hEorpa, ó thaobh éagsúlacht a gcineálacha thar aon ní eile, rud is cúis le laghdú ar spás na sochaí sibhialta, agus ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun struchtúir a chaomhnú agus chun éagsúlacht an tsoláthair a áirithiú i réimsí na hóige agus an spóirt; á mheabhrú go bhfuil gá le rannpháirtíocht láidir na n-údarás áitiúil, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta i gcur chun feidhme réiteach atá deartha chun tacú le daoine óga agus le heagraíochtaí óige agus spóirt; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá comhtháthú sóisialta eagraíochtaí spórt eagraithe agus eagraíochtaí óige;

Spórt

13. á chur in iúl gur chúis mhór bhuartha di go bhféadfaí damáiste marthanach a dhéanamh d’earnáil an spóirt, ní hamháin ó thaobh an gheilleagair agus na fostaíochta de, ach freisin don tsochaí ina hiomláine;

14. á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht ar leith ag gabháil le spórt agus aclaíocht choirp sna cúinsí arb í an phaindéim is cúis leo, ós rud é go neartaítear athléimneacht choirp agus mheabhrach leo; á chur in iúl gur geal léi, de réir na sonraí, go raibh na dianghlasálacha ina gcúis le daoine áirithe ag tabhairt faoi spóirt aonair áirithe níos minice agus ar bhealach níos gníomhaí; ar an taobh eile, á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa gníomhaíochta coirp atá á déanamh i measc roinnt mhaith daoine óga le linn na dianghlasála agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag an méid sin ar an tsláinte phoiblí;

15. á chur i bhfáth gur gá samhail spóirt na hEorpa a chaomhnú agus a chur chun cinn, toisc go mbeidh tábhacht níos mó ná riamh ag baint le dlúthpháirtíocht, cothroime agus cur chuige luach-bhunaithe chun go mbeidh téarnamh in earnáil an spóirt agus chun go mairfidh spórt an phobail;

16. á mheabhrú go ndéantar luachanna amhail an meas agus an tuiscint fhrithpháirteach, an dlúthpháirtíocht, an éagsúlacht, an chothroime, an comhar agus an rannpháirtíocht shibhialta a chur chun cinn agus a theagasc leis an spórt agus go gcothaítear comhtháthú agus lánpháirtiú imirceach agus dídeanaithe leis; ag cur béim ar an bhfíoras nach bhfuil aon teorainneacha ag an spórt agus go n-aontaítear leis daoine ó chúlraí socheacnamaíocha agus eitneacha éagsúla; á mheas go bhfuil ról ríthábhachtach ag spórt an phobail go háirithe maidir le cuimsiú sóisialta daoine ar lú na deiseanna atá acu nó a bhaineann le grúpaí leochaileacha agus daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, cuimsiú a neartú tríd an spórt agus féachaint ar bhealaí nua chun raon a thionchar a uasmhéadú; á iarraidh go dtabharfar tacaíocht mhéadaithe do theaghlaigh ar ioncam íseal, chun a chur ar chumas a gcuid leanaí páirt a ghlacadh i spórt agus i ngníomhaíochtaí eile fóillíochta;

17. á chur i bhfios go láidir go bhfuil dúshláin shuntasacha airgeadais agus eagrúcháin roimh dhaoine faoi mhíchumas maidir le rochtain a fháil ar an spórt i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí an phobail agus ar an leibhéal gairmiúil araon, rud a rinneadh níos measa le linn phaindéim COVID-19 agus, dá bhrí sin, ag tathant ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt go sonrach ar an bhfadhb sin sa straitéis um míchumas a bheidh aige amach anseo;

18. á chur i bhfáth go bhfuil iarmhairtí tubaisteacha ag paindéim COVID-19 don earnáil spóirt ar fad ar gach leibhéal, go háirithe maidir le heagraíochtaí agus clubanna spóirt, sraitheanna, ionaid aclaíochta, lúthchleasaithe, cóitseálaithe, baill foirne spóirt, agus gnó a bhaineann leis an spórt, lena n-áirítear lucht eagraithe imeachtaí spóirt agus na meáin spóirt; á mheas go mbeidh an bealach chun téarnaimh dúshlánach agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le bearta faoisimh spriocdhírithe;

19. á mheas gur gá go gcuideoidh ionstraimí ginearálta téarnaimh a ghlac AE mar fhreagairt ar an ngéarchéim le tacú le hearnáil an spóirt sa ghearrthéarma agus ag tathant ar na Ballstáit a áirithiú go rachaidh na cistí tacaíochta náisiúnta, na cistí struchtúracha, agus na pleananna téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta chun tairbhe na hearnála spóirt in ainneoin a saintréithe sonracha agus a struchtúr eagraíochtúil sonrach;

20. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá aon phacáistí tarrthála a spriocdhíríonn ar gach spórt; á thabhairt chun suntais, cé gur minic spóirt mhórlucht féachana ba throime a bualadh ó thaobh airgeadais de, níor cheart gurbh iad na spóirt sin amháin a bheadh incháilithe do chabhair airgeadais ná níor cheart tosaíocht a thabhairt dóibh;

21. á chreidiúint go bhféadfadh sé nach leor an tacaíocht airgeadais atá ann faoi láthair agus á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar na bealaí ar fad a bhféadfaí tacaíocht spriocdhírithe bhreise a thabhairt don spórt, idir amaitéarach agus ghairmiúil, agus é mar aidhm leis sin inmharthanacht na hearnála ina hiomláine a mhéadú;

22. á iarraidh an gCoimisiún agus ar na Ballstáit téarnamh agus athléimneacht géarchéime earnáil an spóirt i gcoitinne a neartú, agus spórt an phobail go háirithe, trí chláir AE atá ar fáil agus a bhfuil an earnáil incháilithe dóibh, lena n-áirítear clár Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, agus rochtain iomlán a áirithiú don spórt ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ar Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ar Chistí an Bheartais Comhtháthaithe, ar Chiste Sóisialta na hEorpa Plus agus ar EU4Health; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí spórt a ionchorprú sna rialacháin faoi seach agus go gcuirfí deireadh leis na constaicí uile sa phróiseas iarratais ar an leibhéal náisiúnta;

23. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim COVID-19 ar an spórt ar fud na mBallstát agus, ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe sin, cur chuige Eorpach a fhorbairt chun déileáil leis na dúshláin agus chun na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú;

24. á iarraidh go dtabharfar faoi mhalartú struchtúrtha córasach dea-chleachtas idir na Ballstáit maidir le déileáil le héifeachtaí na géarchéime ar an spórt agus go ndéanfar anailís chórasach ar shonraí agus ar fhaisnéis maidir le rannpháirtíocht sa spórt agus ar thionchar COVID-19; á mheas go bhfuil sé úsáideach féachaint ar bhealaí nua a fhorbairt chun spórt a chleachtadh i gcásanna ina n-éilítear scaradh sóisialta;

25. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil géarghá le comhar leathan trasearnála chun na dúshláin a tháinig chun cinn in earnáil an spóirt mar thoradh ar phaindéim COVID-19 a shárú; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, gur cheart comhar ar gach leibhéal, lena n-áirítear leis an ngluaiseacht spóirt, leis an earnáil ghnó a bhaineann leis an spórt agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, a spreagadh tuilleadh;

26. ag tabhairt dá haire go bhfuil úsáid mhéadaitheach á baint le linn na géarchéime as réitigh dhigiteacha amhail aipeanna spóirt; á mheas, má dhéantar earnáil an spóirt a dhigitiú tuilleadh, go méadófar a hathléimneacht i ngéarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo; á iarraidh go ndéanfar uirlisí digiteacha a fhorbairt lena mbeifear in ann gníomhaíochtaí spóirt a mhaoiniú le linn na paindéime;

27. á iarraidh ar an gCoimisiún gach beart a dhéanfar chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí phaindéim COVID-19 ar an spórt a chomhordú i bplean gníomhaíochta tiomnaithe de chuid AE;

28. ag tathant ar an gComhairle tosaíocht a thabhairt i bPlean Oibre AE don Spórt atá ar na bacáin do ghníomhaíochtaí atá dírithe ar chuidiú leis an earnáil deileáil le hiarmhairtí na paindéime sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma;

29. á mheas, fad a bheidh an paindéim ag éabhlóidiú, gur gá idirphlé comhordaithe a thionscnamh le cónaidhmeanna spóirt Eorpacha agus idirnáisiúnta agus leis na Ballstáit chun plé a dhéanamh ar na deiseanna atá ann chun leanúint go sábháilte le mórimeachtaí agus mórchomórtais idirnáisiúnta spóirt; ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a bheith ar a ndícheall cur chuige comhordaithe a bhaint amach maidir le freastal ar staideanna, srianta taistil agus tástáil COVID-19 chun gur féidir comórtais spóirt uile-Eorpacha a phleanáil go héifeachtach agus a eagrú go freagrach;

30. á iarraidh go ndéanfar bearta chun cosc dópála a neartú le linn dhianghlasáil COVID-19 agus ina diaidh chun sláinte na lúthchleasaithe agus cothrom na Féinne a chur chun cinn i spóirt Eorpacha;

31. á mheas go bhfuil méideanna éagsúla difir déanta do spóirt éagsúla agus, laistigh de spóirt áirithe, gurbh iad na clubanna beaga agus na comórtais sna ranna ísle, chomh maith le spórt an phobail, is troime a bhí buailte go háirithe mar gheall ar a spleáchas airgeadais ar urraitheoirí beaga nó ar chuótaí na lúthchleasaithe féin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an spórt amaitéarach mar bhonn don leibhéal gairmiúil, ós rud é go rannchuidíonn na clubanna beaga spóirt ar leibhéal an phobail go mór le forbairt lúthchleasaithe óga agus go mbíonn siad ag obair ar bhonn deonach den chuid is mó; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an dlúthpháirtíocht laistigh de phobal spóirt na hEorpa, trasna spóirt éagsúla agus laistigh díobh, agus á iarraidh go dtabharfar tacaíocht mhéadaithe do spóirt mhionlaigh agus do spóirt an phobail i bhfianaise na ndeacrachtaí eacnamaíocha a atá acu maidir lena a gcuid gníomhaíochtaí a choinneáil ar siúl;

32. á thabhairt chun suntais go ndearnadh dochar d’fhorbairt agus d’éabhlóid lúthchleasaithe mar gheall ar na srianta a bhí ann mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus mar gheall ar an easpa deiseanna leordhóthanacha a bhí ann chun traenáil agus cleachtadh rialta spóirt lena dteastaíonn teagmháil fhisiciúil a dhéanamh; á mheas gur cheart eagraithe imeachtaí, traenálaithe agus na lúthchleasaithe féin a chur ar an eolas maidir leis na himpleachtaí a d’fhéadfadh teacht as an easpa mharthanach diantraenála; á iarraidh go mbeidh comhar ann i measc institiúidí agus eagraíochtaí spóirt chun tacú le tionscadail agus le coincheapa lena ndírítear ar acmhainní caillte a fháil ar ais;

33. á mheas go bhfuil airéiní agus staideanna i gcroílár chreatlach shóisialta na n-éiceachóras spóirt agus cultúrtha inár sochaithe; á aithint go bhfuil sé bunriachtanach a chur ar chumas ionad oscailt arís ar mhaithe le sláinte agus folláine ár saoránach agus ar mhaithe leis an téarnamh eacnamaíoch, anois agus amach anseo;

 

An nuashonrú is déanaí: 8 Feabhra 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais