Tairiscint i gcomhair rúin - B9-0170/2021Tairiscint i gcomhair rúin
B9-0170/2021

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le leanaí a chosaint ar an tionchar láidir a bhíonn ag siombailí móra reiligiúnacha i naíscoileanna agus scoileanna agus toirmeasc a chur ar shiombailí den sórt sin a bheith á gcaitheamh san áit oibre

3.3.2021

de bhun Riail 143 de na Rialacha Nós Imeachta

Christine Anderson, Guido Reil

B9‑0170/2021

Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le leanaí a chosaint ar an tionchar láidir a bhíonn ag siombailí móra reiligiúnacha i naíscoileanna agus scoileanna agus toirmeasc a chur ar shiombailí den sórt sin a bheith á gcaitheamh san áit oibre

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagal 143 dá Rialacha Nós Imeachta,

A. de bhrí gur ceadmhach, de réir tuairim ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, toirmeasc a chur ar shiombailí móra reiligiúnacha san áit oibre agus nach idirdhealú díreach é atá bunaithe ar reiligiún nó creideamh na bhfostaithe;

B. de bhrí go dtugtar tús áite do leas an linbh in Airteagal 24 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

C. de bhrí go spreagann roinnt tuismitheoirí leanaí agus daoine óga le caifirín a chaitheamh ar scoil;

D. de bhrí go bhfuil éiginnteacht ann faoi staid eacnamaíoch na ngnólachtaí sna Ballstáit;

1. ag aontú leis an tuairim thuasluaite gur ceadmhach toirmeasc a chur ar shiombailí móra reiligiúnacha san áit oibre agus nach idirdhealú díreach é atá bunaithe ar reiligiún nó creideamh na bhfostaithe;

2. á chur in iúl go bhfuil imní uirthi go bhféadfadh gnólachtaí a bheith faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch má chaitheann a gcuid fostaithe siombailí móra reiligiúnacha san áit oibre;

3. ag tabhairt dá haire nach aon dochar é siombailí beaga reiligiúnacha a bheith á gcaitheamh san áit oibre de réir tuairim ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

4. ag iarraidh ar an gcoiste freagrach tuarascáil a tharraingt suas faoin gcaoi a bhféadfaí tathant ar na Ballstáit toirmeasc a chur ar shiombailí móra reiligiúnacha a bheith á gcaitheamh ag leanaí agus daoine óga i naíscoileanna agus scoileanna agus ag fostaithe in institiúidí poiblí agus i ngnólachtaí príobháideacha.

 

An nuashonrú is déanaí: 19 Márta 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais