TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le haisíoc na gcistí a leithdháileadh ar an Tuirc faoin ionstraim réamhaontachais, ós rud é go bhfuil stop curtha leis an bpróiseas réamhaontachais anois, agus baint an chláir thuasluaite don Tuirc as an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) atá ann faoi láthair
8.3.2021
Hélène Laporte, Mazaly Aguilar, Mathilde Androuët, Jordan Bardella, Annika Bruna, Jorge Buxadé Villalba, Carlo Fidanza, Emmanouil Fragkos, Roman Haider, Herve Juvin, Gilles Lebreton, Georg Mayer, Margarita de la Pisa Carrión, Jérôme Rivière, Hermann Tertsch, Tom Vandendriessche
B9‑0172/2021
Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le haisíoc na gcistí a leithdháileadh ar an Tuirc faoin ionstraim réamhaontachais, ós rud é go bhfuil stop curtha leis an bpróiseas réamhaontachais anois, agus baint an chláir thuasluaite don Tuirc as an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) atá ann faoi láthair
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle an 17 Iúil 2006,
– ag féachaint do Riail 143 dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí go leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 go bhfuil cabhair le cur ar fionraí i gcás nach gcomhlíontar na prionsabail dhaonlathacha;
B. de bhrí gurbh é tátal Thuarascáil Speisialta Uimh. 7/2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa gur ar éigean a chuaigh na cistí a caitheadh i ngleic le sraith bunriachtanas;
C. de bhrí go bhfuair an Tuirc thart ar EUR 4,5 billiún ón ionstraim réamhaontachais don tréimhse 2007-2013 agus thart ar EUR 3,5 billiún don tréimhse 2014-2020;
D. de bhrí, i mí an Mheithimh 2019, gur dhearbhaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh go raibh an chaibidlíocht aontachais a bhí ar bun leis an Tuirc ina stad, agus nach ndearnadh aon dul chun cinn ó shin;
E. de bhrí gur beag seans atá ann go mbeidh an Tuirc ina ball den Aontas Eorpach go deo;
1. á threorú don Choimisiún aisghabháil na gcistí nach raibh gá leo cheal aontachais leis an Aontas a iarraidh;
2. á threorú don Choimisiún aisghabháil na gcistí a úsáideadh go faillíoch a iarraidh;
3. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gCoimisiún.