Tairiscint i gcomhair rúin - B9-0234/2021/REV1Tairiscint i gcomhair rúin
B9-0234/2021/REV1

B9-0234/2021


Nós Imeachta : 2021/2654(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
B9-0234/2021
Téacsanna arna gcur síos :
B9-0234/2021
Téacsanna arna nglacadh :

 

 

Suí iomlánach

 

<NoDocSe>B9‑xxxx/2021</NoDocSe>

26<Date>{20/11/2019}xxxxxxx28.04.2021</Date>

<TitreType>TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN</TitreType>

<TitreSuite>chun an díospóireacht maidir leis na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún a thabhairt chun deiridh</TitreSuite>

<TitreRecueil>de bhun Riail 132(2) de na Rialacha Nós Imeachta</TitreRecueil>

maidir le hinrochtaineacht agus inacmhainneacht tástála le haghaidh COVID

2021/xxxx(RSP))

 

Buşoi Cristian-Silviu thar ceann Ghrúpa PPE</Commission>

 

Guteland Jytte, Schaldemose Christel  thar ceann Ghrúpa S&D

 

Sophia in’t Veld, María Soraya Rodríguez Ramos, Hilde Vautmans, Dragos Tudorache, Fabienne Keller, Michal Simecka, Ramona Strugariu, Ondrej Kovarik, Yana Toom, Olivier Chastel, Karen Melchior,  Claudia Gamon, Ulrike Müller, Frédérique Ries, Nicolae Stefanuta, Nils Torvalds, Véronique Trillet-Lenoir, thar ceann Ghrúpa Renew Europe

 

Metz Tilly thar ceann na nGlasaigh/Ghrúpa EFA

 

Vondra Alexandr, Procaccini Nicola thar ceann Ghrúpa ECR

 

Konečná Kateřina thar ceann Ghrúpa GUE/NGL

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Rún maidir le hinrochtaineacht agus inacmhainneacht tástála le haghaidh COVID

 

Tá Parlaimint na hEorpa,

 

-  ag féachaint d’Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

-  ag féachaint d’Airteagail 4, 6, 9, 114, 153, 168, 169 and 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (TFEU),

-  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

-  ag féachaint don Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat le haghaidh eisiúint, fíorú agus glacadh deimhnithe idir-oibritheacha i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19;

-  ag féachaint do na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta atá ann faoi láthair;

-  ag féachaint do Mholadh (AE) 2020/1595 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2020 maidir le straitéisí tástála le haghaidh COVID-19, lena n-áirítear mearthástálacha antaiginí a úsáid;

-  ag féachaint do Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát;

-  ag féachaint do Mholadh ón gComhairle maidir le creat comhchoiteann i ndáil le húsáid agus bailíochtú méarthástálacha antaiginí agus le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do thorthaí tástála COVID-19 san Aontas 2021/C 24/01;

  1. de bhrí go bhfuil an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí agus sna bearta arna nglacadh lena gcur chun feidhme;[1]
  2. de bhrí go meastar gur uirlis chinntitheach í tástáil éifeachtach chun leathadh COVID-19 agus athraitheacha nua an víris ar cúis imní iad a shrianadh, ionfhabhtuithe a bhrath agus bearta leithlisithe agus coraintín a theorannú agus go leanfaidh sí de ról lárnach a bheith aici maidir le saorghluaiseacht daoine a éascú agus chun iompar trasteorann agus soláthar trasteorann seirbhísí a áirithiú le linn na paindéime;
  3. de bhrí go bhfuil acmhainneachtaí leordhóthanacha tástála agus seicheamhaithe fíor-riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar an staid eipidéimeolaíoch agus chun teacht chun cinn tuilleadh athraitheach SARS-CoV-2 a bhrath go mear;
  4. de bhrí go bhfuil pacáiste reachtach d’Aontas Sláinte na hEorpa molta ag an gCoimisiún;
  5. de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór ann ó thaobh inrochtaineacht agus inacmhainneacht na dtástálacha sin i measc na mBallstát, go háirithe maidir leis an inrochtaineacht ar thástálacha saor in aisce don lucht saothair tús líne, lena n-áirítear oibrithe san earnáil sláinte, i scoileanna, in ollscoileanna agus i gcúram leanaí;

 

  1. de bhrí go bhfuil creat molta ag an gCoimisiún le haghaidh eisiúint, fíorú agus glacadh deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh ar mhaithe leis an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19, Deimhniú COVID-19 AE;
  2. de bhrí go ndéanfadh Deimhniú COVID-19 AE saorghluaiseacht shaoránaigh agus chónaitheoirí an Aontais a éascú; de bhrí go n-éilíonn roinnt mhaith Ballstát fós ar dhaoine atá ag taisteal go dtí a gcríoch tástáil ionfhabhtú SARS-CoV-2 a dhéanamh roimh theacht dóibh nó ina dhiaidh;
  3. de bhrí nach mbeidh an vacsaín faighte ag saoránaigh ná cónaitheoirí uile an Aontais faoin tráth a thiocfaidh an rialachán maidir le Deimhniú COVID-19 AE i bhfeidhm, toisc nár tairgeadh an vacsaín dóibh go fóill, nó toisc nach féidir leo vacsaín a fháil nó toisc go roghnaíonn siad gan vacsaín a fháil agus dá bhrí sin, go mbeidh orthu brath ar dheimhnithe atá bunaithe ar thástáil nó téarnamh chun saorghluaiseacht a éascú;
  4. de bhrí go bhfuil tástálacha NAAT, atá sa liosta a bunaíodh ar bhonn mholadh 2021/C 24/01 ón gComhairle, ina gcuid dhílis de Dheimhnithe COVID-19 AE atá beartaithe;

 

  1. de bhrí go bhfágann costais na dtástálacha, dálaí oibre forbhásacha agus rochtain theoranta ar chosaint dlí go bhfuil dúshláin ar leith le sárú ag oibrithe séasúracha i dtaca le tástáil agus féinleithlisiú ar mhaithe le sláinte phoiblí;
  2. de bhrí go ndearna COVID-19 difear díréireach do dhaoine leochaileacha, do mhionlaigh eitneacha, dó chónaitheoirí i dtithe altranais, do sheirbhísí cónaitheacha do dhaoine scothaosta agus do dhaoine gan dídean; de bhrí go bhfuil pobail leochaileacha i mbaol níos mó go mbeidh idirdhealú airgeadais acu nuair nach bhfuil aon deis acu tástálacha saor in aisce a fháil;
  3. de bhrí go bhfuil tástáil éifeachtach ina príomhchuid den straitéis atá dírithe ar bhorradh a chur faoin téarnamh eacnamaíoch agus ar ghnáthfheidhmiú gníomhaíochtaí oideachais agus sóisialta sna Ballstáit a cheadú, agus saoirsí bunúsacha á bhfeidhmiú go hiomlán; 
  4. de bhrí go gcuireann gach Ballstát vacsaíní COVID-19 ar fáil saor in aisce dá saoránaigh agus dá gcónaitheoirí, agus nach gcuireann ach roinnt de na Ballstáit tástáil saor in aisce ar fáil; de bhrí gur minic a bhíonn ar shaoránaigh agus cónaitheoirí i mBallstáit eile praghsanna arda a íoc as tástálacha COVID-19, rud a fhágann gur rogha dofhaighte é sin do roinnt daoine agus go bhfuil riosca idirdhealaithe bunaithe ar stádas socheacnamaíoch ag baint leis;
  5. de bhrí, chun neamhionannas agus idirdhealú idir saoránaigh agus cónaitheoirí Eorpacha vaicsaínithe agus saoránaigh agus cónaitheoirí Eorpacha nach bhfuil vaicsaínithe a sheachaint, gur cheart tástáil agus vacsaíniú araon a bheith saor in aisce;
  6. de bhrí, maidir le Ballstáit a éilíonn cruthúnas ar thástáil ionfhabhtú SARS-CoV-2 i gcomhthéacs na srianta ar an tsaorghluaiseacht a cuireadh i bhfeidhm chun leathadh COVID-19 a theorannú, gur cheart do na Ballstáit sin glacadh le deimhnithe tástála arna n-eisiúint ag Ballstáit i gcomhréir le Deimhniú COVID-19 AE;
  7. de bhrí gur cheart faisnéis shoiléir agus sholáimhsithe don úsáideoir maidir le hinfhaighteacht tástála le haghaidh COVID-19 sna Ballstáit uile agus maidir le praghsanna, i gcásanna nach bhfuil feidhm ag tástáil saor in aisce, a bheith ar fáil in aon áit amháin;
  8. de bhrí go mbeadh neamhinfhaighteacht agus saincheist na hinacmhainneachta ina mbacainn shuntasach ar shaorghluaiseacht laistigh den Aontas, bíodh sé chun críche oibre, fóillíochta nó athaontaithe teaghlaigh nó chun críche eile;
  9. de bhrí go n-oibríonn nó go gcónaíonn 17 milliún saoránach Eorpach lasmuigh dá mBallstáit féin agus go gcónaíonn na milliúin daoine i réigiúin fhorimeallacha agus i réigiúin teorann agus go mbíonn orthu an teorainn a thrasnú ar bhonn rialta, fiú ar bhonn laethúil; de bhrí go raibh tionchar díréireach ag an deacracht a bhaineann le rochtain ar thástáil agus ag costas na tástála ar shaoránaigh; de bhrí go leanann ceanglais tástála agus coraintín de mhoilleanna agus costais a chruthú d’iompar trasteorann earraí agus do sholáthar trasteorann seirbhíse fisicí;
  10. de bhrí go bhféadfadh roinnt mhaith bacainní a bheith roimh taistealaithe eile, lena n-áirítear bacainní airgeadais agus ceanglais chasta a lean as ceanglais tástála COVID-19; 
  11. de bhrí go ndearnadh raon leathan beart sa phaindéim reatha, fiú bearta eisceachtúla, chun tacú le saoránaigh agus le geilleagar an Aontais;
  12. de bhrí gur ceart í an tsaorghluaiseacht atá ag gach Eorpach, agus nach mór gach beart a dhéanamh i dtráthanna géarchéime chun a áirithiú gur féidir le gach Eorpach an ceart sin a theachtadh ar bhealach cothrom;
  13. de bhrí go bhfuil soláthar poiblí comhpháirteach vacsaíní COVID-19 faighte ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát uile, rud a áirithíonn inrochtaineacht agus a laghdaíonn praghsanna do chách;
  14. de bhrí gur shínigh an Coimisiún creatchonradh le Abbot agus Roche an 18 Nollaig 2020 chun níos mó ná 20 milliún mearthástáil antaiginí a cheannach, rud a fhágann go bhfuil tástálacha ar fáil do gach Ballstát;
  15. de bhrí, i gcásanna eisceachtúla, go bhfuil gá agus údar maith le hidirghabháil margaidh (sealadach) chun deireadh a chur le bacainní ar shaorghluaiseacht laistigh den mhargadh aonair, chun iomaíocht chóir a áirithiú agus chun soláthar táirgí agus seirbhísí riachtanacha a áirithiú;

 

  1. á iarraidh ar na Ballstáit deiseanna tástála uilíocha, inrochtana, tráthúla agus saor in aisce a áirithiú chun an ceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas a ráthú gan idirdhealú ar fhorais féidearthachtaí eacnamaíocha nó airgeadais i gcomhthéacs Dheimhniú COVID-19 AE, i gcomhréir le hAirteagal 3 de sheasamh na Parlaiminte maidir leis an togra faoi; ag cur béim ar bhagairt an idirdhealaithe airgeadais ar faoina réir a bheidh saoránaigh AE nach bhfuil imdhíonta a luaithe a chuirfear Deimhniú COVID-19 AE chun feidhme, mura ndéantar amhlaidh;

 

  1. á iarraidh ar na Ballstáit tástáil saor in aisce a áirithiú, go háirithe don lucht saothair tús líne, lena n-áirítear an lucht saothair sláinte agus a n-othair, agus do scoileanna, ollscoileanna agus cúram leanaí;

 

  1. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit praghasteorainn sealadach do thástálacha COVID-19 a thabhairt isteach, ar tástálacha iad nach ndéantar i gcomhthéacs Dheimhniú COVID-19 AE;

 

  1. á chur i bhfáth nár cheart do Dheimhniú COVID-19 AE atá comhdhéanta de thástáil NAAT a bheith ina siocair le tuilleadh neamhionannas ná deighiltí sóisialta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil rochtain cóir chothrom ar thástáil ríthábhachtach;

 

  1. ag tathant ar na Ballstáit an moladh ón gCoimisiún a chur chun feidhme tuilleadh idir an dá linn chun cur chuige comhchoiteann agus straitéisí tástála níos éifeachtúla a áirithiú ar fud AE, chomh maith leis an Rialachán maidir le Deimhniú COVID-19 AE a chur chun feidhme go hiomlán, a luaithe a ghlacfar é.

 

  1. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiú leordhóthanach a áirithiú agus dlús a chur lena n-iarrachtaí faoi ghorlann HERA chun nuálaíocht a thabhairt maidir le tástáil neamhionrach do leanaí agus do ghrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear le haghaidh athraitheach.

 

  1. á chur i bhfios go láidir gur cheart don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit oibleagáidí níos láidre a léiriú maidir le cosaint a thabhairt dá saoránaigh nár cheart a gceart chun saorghluaiseachta a bheith ag brath ar a stádas socheacnamaíoch;

 

  1. á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a acmhainní a shlógadh chun cur chun feidhme atá cóir ó thaobh airgeadais de agus frithidirdhealaitheach i dtaca le Deimhniú COVID-19 AE a éascú;

 

  1. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún Soláthar Poiblí Comhpháirteach a sheoladh le haghaidh fearais tástála diagnóisí agus soláthraithe seirbhíse ag a bhfuil saotharlanna anailíse leighis chun dlús a chur le hacmhainneacht tástála le haghaidh COVID-19 ar leibhéal an Aontais; á chur i bhfáth gur gá ardleibhéal trédhearcachta agus grinnscrúdaithe a áirithiú i soláthar i réimse na sláinte; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go gcoimeádfaidh an Coimisiún buiséad leordhóthanach chun an trealamh dá dtagraítear sa mhír seo a fháil chun gníomhú go mear agus go diongbháilte;

 

  1. á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Coimisiún foráil do sholúbthacht chun foirmiúlachtaí custaim a bhrostú agus don tarscaoileadh ar CBL ar fhearais tástála a bhaineann le COVID-19;

 

  1. á iarraidh ar na Ballstáit forálacha leormhaithe a sholáthar do ghairmithe sláinte agus d’oibreoirí oilte chun sonraí tástála a bhailiú agus a thuairisciú don údarás ábhartha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé acmhainneacht tástála a oiriúnú de réir na sonraí eipidéimeolaíocha is déanaí atá ann agus go ndéanfaí na torthaí tástála go léir a thuairisciú fiú má dhéantar iad lasmuigh de lárionaid tástála nó suíomhanna creidiúnaithe; 

 

  1. á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a sholáthar do na Ballstáit trí an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála a ghníomhachtú chun na costais a bhaineann le tástáil le haghaidh COVID-19 a chumhdach i bhfianaise na tacaíochta trí ranníocaíochtaí saorálacha ó Bhallstáit lena bhfuarthas cistiú breise do Chomhaontuithe Réamhcheannaigh (APAnna), rud a áirithíonn vacsaíní saor in aisce, ag dréim leis go mbainfear leas as an iarracht chomhpháirteach sin mar inspioráid chun infhaighteacht tástála saor in aisce a mhéadú do shaoránaigh agus cónaitheoirí AE;

 

  1. á iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis shoiléir maidir le hinfhaighteacht agus saoráidí thástáil COVID-19 i ngach Ballstát a áireamh ar shuíomh gréasáin ‘Re-open EU’ agus feidhmchlár a imscaradh go mear lena gcabhraítear le teacht ar an suíomh is gaire ina bhfuil saoráid tástála COVID-19; á iarraidh ar an gCoimisiún rochtain éasca a thabhairt ar an bhfaisnéis sin trí API, chun go mbeidh comhlachtaí taistil in ann an fhaisnéis sin a roinnt lena gcliaint go héasca;

 

  1. ag tathant ar na Ballstáit méadú a dhéanamh ar acmhainneachtaí tástála ar fud AE, le haghaidh thástálacha NAAT agus méarthástálacha antaigíne, agus go háirithe ar infhaighteacht tástála sna príomhmhoil iompair agus i gcinn scríbe turasóireachta lena n-áirítear i réigiúin iargúlta oileánacha agus i réigiúin teorann trí chomhoibriú thar an teorainn trí úsáid a bhaint as aonaid tástála shoghluaiste agus trí shaoráidí saotharlainne a chomhroinnt;

 

  1. á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na húdaráis náisiúnta maidir le hionaid tástála a bhunú, d’fhonn gaireacht fhisiceach a áirithiú;
[1] Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
An nuashonrú is déanaí: 28 Aibreán 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais