Tairiscint i gcomhair rúin - B9-0297/2021Tairiscint i gcomhair rúin
B9-0297/2021

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le mná torracha a chosaint agus tacaíocht a thabhairt dóibh

27.5.2021

de bhun Riail 143 de na Rialacha Nós Imeachta

Margarita de la Pisa Carrión

B9‑0297/2021

Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le mná torracha a chosaint agus tacaíocht a thabhairt dóibh

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do Riail 143 dá Rialacha Nós Imeachta,

A. de bhrí gur rud maith ann féin é an máithreachas, a sháraíonn leas pearsanta;

B.   de bhrí nach mór urraim a thabhairt do mhná ina mian nádúrtha a bheith ina máthair agus teaghlach a bhunú;

C.   de bhrí go bhfuil mná á gcoimeád ó ghairm na máthar i láthair na huaire de bharr iliomad tosca sóisialta agus gairmiúla;

1. á iarraidh ar an gCoimisiún dearcadh a chur chun cinn i leith an mháithreachais, agus údar maith leis, mar bhua do mhná, do theaghlaigh agus don tsochaí;

2.   á iarraidh ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh trí bheartais a thabhairt isteach lena dtugtar tacaíocht don mháithreachas, ina dtugtar aitheantas ceart sa tsochaí do mháithreacha ina gcuid oibre mar phríomhchúramóirí dá leanaí le linn na hóige;

3.   á iarraidh ar an gCoimisiún feasacht a mhúscailt i measc na mBallstát maidir leis an ngá atá ann ról na dtuismitheoirí sa bhaile a chur chun cinn ionas go mbeidh siad in ann iad féin a dhíriú ar gach gné d’oideachas a leanaí, ar mhaithe le leas an linbh;

4.   á iarraidh ar an gCoimisiún a iarraidh ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar bhunriachtanais gach teaghlaigh ionas go bhféadfar saol faoi dhínit a ráthú i gcónaí.

 

An nuashonrú is déanaí: 10 Meitheamh 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais