TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le tabhairt faoi dhúshlán domhanda COVID-19: éifeachtaí an tarscaoilte ar Chomhaontú TRIPS EDT maidir le vacsaíní COVID-19, cóireáil, treallamh, méadú ar tháirgeadh agus acmhainneacht mhonaraíochta i dtíortha i mbéal forbartha
2.6.2021 - (2021/2692(RSP))
de bhun Riail 132(2) de na Rialacha Nós Imeachta
Iratxe García Pérez, Kathleen Van Brempt, Marek Belka, Heléne Fritzon
thar ceann Ghrúpa S&D
Féach freisin comhthairiscint i gcomhair rúin RC-B9-0306/2021
B9‑0306/2021
Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le tabhairt faoi dhúshlán domhanda COVID-19: éifeachtaí an tarscaoilte ar Chomhaontú TRIPS EDT maidir le vacsaíní COVID-19, cóireáil, treallamh, méadú ar tháirgeadh agus acmhainneacht mhonaraíochta i dtíortha i mbéal forbartha
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS), go háirithe Airteagal 31(a) de,
– ag féachaint do Dhearbhú Doha an 14 Samhain 2001 maidir le Comhaontú TRIPS agus Sláinte Phoiblí,
– ag féachaint do chinneadh an 6 Samhain 2015 ó Chomhairle EDT um Ghnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil, maidir leis an síneadh ar an díolúine le haghaidh tíortha is lú forbairt (TLFanna) ar baill de EDT iad i ndáil le forálacha Chomhaontú TRIPS a bhaineann le táirgí cógaisíochta a chur chun feidhme,
– ag féachaint do theachtaireacht an 2 Deireadh Fómhair 2020 ón India agus ón Afraic Theas inar iarradh tarscaoileadh ó fhorálacha áirithe de Chomhaontú TRIPS ar mhaithe le cosc agus srianadh COVID-19 agus cóireáil ina choinne, ar chuidigh Eswatini, an Chéinia, Mósaimbíc agus an Phacastáin léi, agus ar thacaigh 100 tír eile léi,
– ag féachaint do na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta atá ann faoi láthair,
– ag féachaint don Straitéis Chógaisíochta don Eoraip, arna foilsiú ag an gCoimisiún an 25 Samhain 2020,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Samhain 2020 dar teideal Building a European Health Union: Reinforcing the EU’s resilience for cross-border health threats [Aontas Sláinte de chuid na hEorpa a chur ar bun: Athléimneacht an Aontais a threisiú i leith bagairtí sláinte trasteorann] (COM(2020)0724) agus do na tograí reachtacha a ghabhann leis,
– ag féachaint do litir oscailte an 13 Aibreán 2021 ó 243 eagraíocht de chuid na sochaí sibhialta chuig Ard-Stiúrthóir EDT maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda a bhaineann le soláthar neamhleor agus le rochtain éagórach ar tháirgí míochaine le haghaidh COVID-19, go háirithe vacsaíní,
– ag féachaint do ráiteas comhpháirteach an 7 Bealtaine 2021 ó Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta na nÚdarás Rialála Leigheasra (ICMRA) agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) maidir le trédhearcacht agus sláine sonraí,
– ag féachaint do ráiteas an 5 Bealtaine 2021 ó Ionadaí Trádála na Stát Aontaithe maidir le tarscaoileadh TRIPS i ndáil le COVID-19,
– ag féachaint do litir oscailte an 27 Bealtaine 2021 ó Uachtarán Phoblacht Chósta Ríce agus Ard-Stiúrthóir EDS, inar iarradh an athuair ar Bhallstáit uile EDS tacú go gníomhach leis an Díorma Rochtana ar Theicneolaíocht COVID-19 (C-TAP),
– ag féachaint don ráiteas ó Uachtarán an Choimisiúin tar éis chruinniú neamhfhoirmiúil cheannairí AE agus na hIndia an 8 Bealtaine 2021 in Porto,
– ag féachaint do Dhearbhú na Róimhe a glacadh ag Cruinniú Mullaigh Domhanda an 21 Bealtaine 2021,
– ag féachaint do litir an 31 Bealtaine 2021 ó Ard-Stiúrthóir EDS, Ard-Stiúrthóir EDT, Stiúrthóir Bainistíochta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus Uachtarán Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda, inar iarradh tiomantas nua i dtaca le cothromas vacsaíní agus leis an lámh in uachtar a fháil ar an bpaindéim,
– ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna),
– ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,
– ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí go raibh thart ar 170 000 000 cás de COVID-19 ann agus, mar thoradh air sin, go bhfuair níos mó ná 3 500 000 duine bás ar fud an domhain, a fhágann go bhfuil na milliúin daoine ag fulaingt agus in anacair nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, agus go bhfuil a slite beatha á scriosadh; de bhrí nach fios fós fíor-fhairsinge agus éifeachtaí fadtéarmacha na paindéime;
B. de bhrí, chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar COVID-19, gur gá rochtain thapa ar tháirgí leighis, vacsaíní agus cógais atá inacmhainne; de bhrí gur eascair go leor básanna inseachanta as ganntanais de na táirgí sin; de bhrí gur cruthaíodh gurb iad vacsaíní atá bunaithe ar mRNA na cinn is éifeachtaí, ach freisin na cinn is costasaí ar an margadh; de bhrí nach bhfuil gealltanas tugtha ag aon cheann de na cuideachtaí atá ag táirgeadh vacsaíní mRNA faoi láthair i dtaca lena ndíol ag an mbunphraghas táirgthe fad a mhairfidh an phaindéim;
C. de bhrí, amhail ó mhí Bealtaine 2021, gur tugadh tuairim is 1.5 billiún dáileog vacsaíne do dhaoine ar fud an domhain, agus gur tugadh a bhformhór díobh sin i dtíortha tionsclaithe agus i dtíortha táirgthe vacsaíní; de bhrí nach bhfuil ach beagán den ghealltanas domhanda faighte ag tíortha ísealioncaim agus meánioncaim agus, má leanann na treochtaí reatha ar aghaidh, go mb’fhéidir go mbeidh orthu fanacht go dtí 2024 chun oll-imdhíonadh a bhaint amach; de bhrí go bhfuil fógartha ag AE go gceannóidh sé 1.8 billiún dáileog de vacsaíní den dara glúin a úsáideann teicneolaíocht mRNA;
D. de bhrí go bhfuil athraithigh nua de COVID-19 ag teacht chun solais, ar údar imní iad, atá níos inaistrithe agus níos marfaí agus nach bhfuil an fheidhm chéanna ag vacsaíní ina leith, agus go bhféadfadh dáileoga vacsaíne breise a bheith de dhíth ina leith, lena mbrúfar an t-éileamh i bhfad thar an 11 bhilliún dáileog riachtanach a measadh go mbeadh gá leo ar dtús; de bhrí, fad a leanfaidh COVID-10 de bheith ann go forleathan, go bhféadfadh sé leanúint de bheith ag claochlú, de dhaoine a mharú agus den bhonn a bhaint ó éifeachtúlacht vacsaíní ina n-iomláine, rud a fhágfaidh go mbeidh gá le fáil thapaidh agus tabhairt vacsaíní nuashonraithe;
E. de bhrí go ndearnadh méideanna ollmhóra de chistí agus acmhainní poiblí a infheistiú i dtaighde agus i bhforbairt, i dtrialacha cliniciúla agus i soláthar chun vacsaíní agus cóireálacha i gcoinne COVID-19 a fhorbairt ar bhealach oscailte agus inrochtana; de bhrí go ndearna taighde earnála poiblí, institiúidí sláinte, oibrithe túslíne, eolaithe, taighdeoirí agus othair faisnéis faoin víreas a bhailiú, a d’úsáid cuideachtaí cógaisíochta;
F. de bhrí gur chuir paindéim COVID-19 isteach ar an ngeilleagar domhanda ar bhealach nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, agus gur chlis ar shlabhraí soláthair domhanda mar thoradh uirthi, agus gur chruthaigh sí ganntanais mhéadaitheacha de threalamh leighis criticiúil agus cógais sna háiteanna is mó a bhfuil gá leo; de bhrí go bhféadfadh vacsaíní cosc a chur ar an gcaillteanas don gheilleagar domhanda de USD 375 bhilliún gach mí agus go bhféadfaidís aghaidh a thabhairt ar neamhionannais shóisialta a eascraíonn as an bpaindéim;
G. de bhrí gur sheol EDS tionscnamh C-TAP COVID-19, lena n-iarrtar ar chuideachtaí cógaisíochta gealltanas a thabhairt i dtaca le ceadúnú deonach domhanda trédhearcach agus neamheisiach; de bhrí, áfach, go raibh formhór na gcuideachtaí cógaisíochta i bhfabhar cur chuige conarthach deonach déthaobhach, agus teicneolaíocht agus saineolas a choinneáil siar dá réir sin chun táirgeadh, soláthar agus praghsanna a rialú;
H. de bhrí gur ndearna táirgeoirí cineálacha agus níos lú an iliomad tairiscintí do chuideachtaí móra cógaisíochta, ar táirgeoirí iad a bhfuil acmhainneachtaí táirgthe suntasacha acu chun cabhrú le monarú vacsaíní nó a gcomhpháirteanna, ach nár glacadh le haon cheann de na tairiscintí sin; de bhrí go bhfuil sé ráite ag an bPacastáin, ag an mBanglaidéis, ag an Indinéis, ag an Afraic Theas agus ag an tSeineagáil go bhfuil saoráidí réidh agus ar fáil acu chun vacsaíní COVID-19 a tháirgeadh;
I. de bhrí, an 11 Bealtaine 2021, gur fhógair an Bholaiv go ndéanfaidh sí iarracht allmhairiú a dhéanamh ar 15 mhilliún vacsaín arna dtáirgeadh faoi cheadúnas éigeantach ó Cheanada, ar cinneadh é ar chuir ceann roinn CMI EDT fáilte roimhe; de bhrí nach bhfuil ceadúnú éigeantach d’aon cheann de na vacsaíní i gcoinne COVID-19 formheasta ag Ceanada go fóill; de bhrí nár úsáideadh Airteagal 31(a) de Chomhaontú TRIPS go rathúil ach aon uair amháin, agus go bhfuil roinnt tíortha tar éis cáineadh a dhéanamh ar an gcóras toisc go bhfuil sé ró-mhall agus ró-achrannach chun déileáil le héigeandálaí sláinte poiblí;
J. de bhrí gur thacaigh an Coimisiún roimhe seo le hiarraidh TLFanna go mbeadh rochtain níos éasca ann ar chógais leighis níos saoire trí bhíthin díolúine éiginnte ó rialacha EDT maidir le maoin intleachtúil do chógais;
K. de bhrí go leagtar síos na solúbthachtaí atá i gComhaontú TRIPS chun aghaidh a thabhairt ar an tsláinte phoiblí i nDearbhú Doha maidir le Sláinte Phoiblí; de bhrí, áfach, go bhfuil brú polaitiúil nach beag agus deacrachtaí dlíthiúla ag go leor tíortha i mbéal forbartha a bhfuil acmhainneacht mhonaraíochta neamhleor nó nach bhfuil acmhainneacht mhonaraíochta ar bith acu, lena gcuirtear cosc orthu solúbthachtaí TRIPS a úsáid, go sonrach Airteagal 31(a) agus an próiseas ciotach agus fada chun táirgí cógaisíochta a allmhairiú agus a onnmhairiú;
L. de bhrí go meastar nach mbeidh ach 20 % dá sprioc de thart ar 187 milliún dáileog vacsaíne dáilte ag COVAX faoi dheireadh mhí Bealtaine 2021, agus go bhfuil imní ann go bhféadfadh ganntanas criticiúil dáileoga a bheith ann, lena gcuirtear béim ar an ngá atá ann go dtosódh tíortha a bhfuil soláthar maith déanta orthu ar chuid dá ndáileoga a dheonú; de bhrí go bhfuil easnamh cistithe, ar cúis mór imní é, de USD 18.5 billiún fós ann don Luasaire um Rochtain ar Uirlisí COVID-19 (ACT);
M. de bhrí gur táirgeadh 400 milliún dáileog vacsaíní go dtí seo in AE, ar onnmhairíodh a leath díobh; de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag AE, faoi Fhoireann na hEorpa, 100 milliún dáileog eile a dheonú lena n-úsáid i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim faoi dheireadh 2021; de bhrí, ar an drochuair, gur chuir roinnt comhpháirtithe trádála de chuid AE toirmisc onnmhairithe ar vacsaíní agus ar a gcomhábhair, rud a chuireann cosc ar mhéadú ar tháirgeadh domhanda agus a chruthaíonn bacainní i slabhraí soláthair;
N. de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag SDG 3 na Náisiún Aontaithe rochtain uilíoch a chur ar fáil ar chógais agus vacsaíní bunriachtanacha inacmhainne; de bhrí gur ceart bunúsach é an ceart chun sláinte fisiciúla agus meabhraí; de bhrí go bhfuil sé de cheart ag gach duine, gan idirdhealú, rochtain a fháil ar chúram sláinte nua-aimseartha agus cuimsitheach; de bhrí gur SDG é cumhdach sláinte uilíoch a bhfuil gealltanas tugtha ag na sínitheoirí uile go mbainfidh siad amach é faoi 2030;
1. á athdhearbhú gur ceart bunúsach daonna í rochtain ar chúram sláinte agus go bhfuil dualgas ar rialtais a n-oibleagáidí a chomhlíonadh trí sheirbhís sláinte poiblí a sholáthar do chách; á chur i bhfáth nach mór don chine daonna a mhéid is gá a dhéanamh chun deireadh a chur leis an bpaindéim, agus go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh inacmhainneacht na dtáirgí sláinte a bhaineann le COVID-19, méadú ar tháirgeadh vacsaíní COVID-19 agus ar dháileadh geografach domhanda na hacmhainneachta monaraíochta do theicneolaíochtaí sláinte a bhaineann le COVID-19 ar thús cadhnaíochta; á iarraidh dá bhrí sin, go mbeadh tarscaoileadh sealadach ann i ndáil le TRIPS le haghaidh vacsaíní COVID-19 agus teicneolaíochtaí sláinte gaolmhara, agus go nglacfadh an tAontas páirt ghníomhach i gcaibidlíocht téacs-bhunaithe ag EDT chun é sin a bhaint amach;
2. á chur i bhfios go láidir gurb í rochtain chothrom dhomhanda ar vacsaíní, ar dhiagnóiseach agus ar chóireálacha inacmhainne an t-aon bhealach amháin chun tionchar na paindéime ar an tsláinte phoiblí dhomhanda agus tionchar eacnamaíoch na paindéime a mhaolú, agus go bhfuil tarscaoileadh sealadach na n-oibleagáidí idirnáisiúnta maidir le cosaint maoine intleachtúla do tháirgí íocshláinte, d’fheistí leighis agus do theicneolaíochtaí sláinte eile a bhaineann le COVID-19 ar cheann de na nithe is tábhachtaí chun an sprioc sin a bhaint amach;
3. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an méadú práinneach ar acmhainneachtaí táirgthe domhanda ar cheann de na príomhthosaíochtaí, go háirithe i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim; á chur i bhfios go láidir gur gá aistriú gníomhach teicneolaíochta agus feasa gnó chun é sin a bhaint amach; ag athdhearbhú a tacaíochta do thionscnamh C-TAP COVID-19 EDS agus do mhol aistrithe teicneolaíochta vacsaíní mRNA, agus á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh monaróirí vacsaíní rannpháirteach sa tionscnamh sin trí chomhaontuithe réamhcheannaigh amach anseo agus trí chonarthaí vacsaíní eile; á áitiú go mbeadh monaróirí vacsaíní rannpháirteach go gníomhach in aistrithe teicneolaíochta chun borradh a chur faoi tháirgeadh vacsaíní agus chun dáileadh geografach acmhainneachtaí monaraíochta níos fearr a áirithiú, lena n-áirítear i dtíortha atá ag teacht chun cinn agus atá i mbéal forbartha; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú le monaróirí chun a chur ar a gcumas acmhainneacht mhonaraíochta atá ann cheana a chur chun úsáide, ar acmhainneacht í atá díomhaoin, mar shampla, sa Phacastáin, sa Bhanglaidéis, san India, san Afraic Theas, san Indinéis agus sa tSeineagáil, agus dea-chleachtas monaraíochta (GMP) á chomhlíonadh acu; á iarraidh ar C-TAP agus ar an mol aistrithe teicneolaíochta cuideachtaí a mhapáil go gníomhach, lena n-áirítear fochonraitheoirí, leis an bhfios gnó riachtanach chun teicneolaíocht a aistriú agus iad a nascadh le cuideachtaí le saoráidí táirgthe díomhaoine; ag tacú leis an bhfógra a thug an Coimisiún maidir le tionscnamh Fhoireann na hEorpa i dtaca le monarú agus rochtain ar vacsaíní, cógais leighis agus teicneolaíochtaí sláinte san Afraic, go háirithe i dtaca le moil mhonaraíochta réigiúnacha a fhorbairt; ag dréim leis go gcuirfidh an Coimisiún iad sin ar bun a luaithe agus is féidir agus go gcomhlánóidh sé iad le tacaíocht don lóistíocht agus d’fhorbairt scileanna;
4. á chur i bhfios go láidir gur gá nasc-cholún na gcóras sláinte de chuid Luasaire ACT a atreisiú chun méadú ar acmhainneachtaí próiseála, stórála, dáilte agus seachadta ar fud an domhain, go háirithe i dtíortha leochaileacha; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit rannpháirtíocht a mhéadú ag EDS, agus tús áite á thabhairt do Luasaire ACT mar chuid d’fhreagairt dhomhanda AE i ngach ceann dá cholúin i ndáil le diagnóisic, teiripic, vacsaíní agus neartú na gcóras sláinte;
5. ag aithint gur rannchuidigh AE agus a Bhallstáit le saoráid COVAX; á thabhairt le fios, áfach, go bhfuil an méid sin fós i bhfad níos lú ná an t-éileamh domhanda; ag tathant ar an gCoimisiún taidhleoireacht éifeachtach vacsaíní agus soláthair cógas leighis a shaothrú chun inchreidteacht agus infheictheacht taidhleoireachta AE a neartú; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an fógra ó AE go ndéanfaidh sé 100 milliún dáileog a dheonú do COVAX roimh dheireadh 2021, agus á iarraidh go roinnfí dáileoga láithreach; á chur in iúl gur geal léi an gealltanas ó mhonaróirí áirithe 1.3 billiún dáileog vacsaíní a sholáthar ar chostas táirgthe nó íseal, agus ag athdhearbhú a hiarrata go méadófaí na hiarrachtaí chun vacsaíní a dhéanamh inrochtana ar bhonn domhanda; á iarraidh ar AE agus ar a chomhpháirtithe méadú suntasach a dhéanamh ar rannchuidithe airgeadais agus neamhairgeadais le COVAX, á mheabhrú, go bhfaighidh Ballstáit AE, de réir na meastachán, barrachas de 400 milliún dáileog vacsaíne ar a laghad in 2021; á chur i bhfios go láidir gur gá tús áite a thabhairt do sholáthar chuig COVAX thar chomhaontuithe déthaobhacha; á chur in iúl gur oth léi a bhfuil déanta ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe i ndáil le margadh athdhíola tánaisteach a fhorbairt chun barrachas vacsaíní a dhíol le tíortha tionsclaithe eile;
6. á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt don chaibidlíocht le tíortha comhpháirtíochta ionas go mbainfear na bacainní ar thrádáil, go mbainfear toirmisc ar onnmhairiú agus go méadófar soláthar ábhar criticiúil, mianraí, comhábhar gníomhach cógaisíochta, cógas leighis agus trealaimh leighis, fad an tslabhra luacha monaraíochta, lena gcumhdófar vacsaíní agus na comhpháirteanna a bhfuil gá leo chun iad a tháirgeadh araon; á iarraidh go mbeadh sásra infheistíochta idirnáisiúnta ann chun baic a réiteach agus chun táirgeadh a mhéadú ar fud shlabhra soláthair na vacsaíní; á athdhearbhú gur gá sásra trédhearcachta a chur in ionad scéim údaraithe onnmhairiúcháin AE, chun faireachán a dhéanamh ar allmhairí agus ar onnmhairí;
7. á athdhearbhú gur gá líon níos mó comhaontuithe ceadúnúcháin chun uasmhéadú a dhéanamh ar an acmhainneacht mhonaraíochta dhomhanda do tháirgeadh vacsaíní; á áitiú go n-áireodh an Coimisiún gealltanais maidir le comhpháirtíochtaí aistrithe teicneolaíochta le tríú páirtithe, go háirithe tíortha i mbéal forbartha, i gcomhaontuithe réamhcheannaigh den dara glúin de chuid an Aontais;
8. á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit oibriú i dtreo thionscnamh iomlánaíoch EDT-EDS le tíortha i mbéal forbartha, lena n-áirítear maidir le hinfheistíochtaí i láithreáin táirgthe áitiúla, agus bunú córais ceadúnúcháin neamheisiach do tháirgí a bhaineann le COVID-19; á chur i bhfios go láidir gur cheart go gcoinneodh na tíortha comhpháirtíochta is faighteoirí an spás rialála iomlán is gá chun straitéisí sláinte a fhorbairt le linn na paindéime; á chur i bhfios go bhfuil cur chuige inscne-íogair agus trasnach ríthábhachtach chun comhionannas a bhaint amach agus ag gach céim den phróiseas vacsaínithe, ó fhorbairt go leathadh amach;
9. ag dréim leis go ndéanfaidh an Coimisiún a rannpháirtíocht a mhéadú chun tionscnamh Trádála agus Sláinte EDT a thabhairt i gcrích faoin 12ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT i mí na Samhna 2021; ag tabhairt suntas, sa chomhthéacs sin, don togra nua le haghaidh Tionscnamh Sláinte de chuid AE; ag spreagadh an Choimisiúin leanúint ar aghaidh, mar ábhar práinne, ag saothrú ghealltanais EDT a bhaineann le srianta ar onnmhairiú, éascú trádála, méadú ar tháirgeadh agus baic a réiteach ar fud an tslabhra luacha; á chur i bhfios go láidir go gcuireann rialacha reatha TRIPS srian suntasach ar onnmhairí agus allmhairí de tháirgí faoi cheadúnú éigeantach agus gur féidir leis sin teorainn a chur ar tháirgeadh agus rochtain ar tháirgí sláinte inacmhainne a mhéadú; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar na rialacha maidir le ceadúnú éigeantach chun rochtain inacmhainne ar tháirgí sláinte a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar ghealltanais TRIPS+ i gcomhaontuithe trádála AE chun a áirithiú go mbeidh siad i gcomhréir le Dearbhú Doha 2001; á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a chur ar aghaidh chun ceadúnú éigeantach a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais;
10. á iarraidh, thairis sin, go mbunófaí Coiste um Thrádáil agus um Shláinte ag an 12ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT ionas go bhfoghlaimeofar ceachtanna ón bpaindéim, go ndéanfar tograí chun méadú ar éifeachtacht fhreagairt EDT le linn géarchéimeanna sláinte idirnáisiúnta agus go n-ullmhófar colún trádála le haghaidh conradh paindéime idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar shuaití sa slabhra soláthair, méadú ar acmhainneachtaí táirgthe, gníomhú i gcoinne amhantraíocht praghsanna agus breathnú arís ar chreat dlí EDT i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh (lena n-áirítear le haghaidh CMInna);
11. á chur in iúl gur saoth léi an easpa trédhearcachta sa chur chuige deonach agus déthaobhach ceadúnúcháin idir cuideachtaí cógaisíochta agus táirgeoirí, go háirithe a mhéid a bhaineann le coinníollacha le haghaidh ré na gceadúnas, teorainneacha ar aschuir, ríchíosanna ar dhíolacháin agus ar fhios gnó táirgthe, agus na suíomhanna inar féidir le ceadúnaí táirgí na gcuideachtaí a thairiscint; á chur i bhfios go láidir nach mór na coinníollacha sin a dhíchur chun an phaindéim a shárú go héifeachtach agus chun táirgeadh vacsaíní ar fud an domhain a mhéadú;
12. á áitiú go bhfanfadh taighde agus forbairt vacsaíní a chistítear trí airgead poiblí san fhearann poiblí, lena n-áirítear trí chonarthaí poiblí-príobháideacha, ar cheart gealltanais a áireamh iontu maidir le ceadúnú, comhroinnt taighde, taighde inscne-íogair agus trasnach, aistrithe teicneolaíochta, trédhearcacht ar bhrabúis, agus conarthaí le monaróirí tríú páirtí; ag dréim leis go mbeidh na gealltanais chonarthacha a thug cuideachtaí cógaisíochta á gcomhlíonadh go hiomlán agus á chur in iúl gur geal léi seoladh na n-imeachtaí dlíthiúla i gcoinne AstraZeneca;
13. á iarraidh ar AE a áirithiú go ndéanfar nochtadh iomlán ar chomhaontuithe réamhcheannaigh amach anseo, go háirithe i gcás vacsaíní den chéad ghlúin eile; á iarraidh ar AE gealltanais maidir le rúin trádála, sonraí dílseánaigh agus aistrithe teicneolaíochta a chomhtháthú, agus a áitiú go mbeadh an trédhearcacht is gá ann ó sholáthróirí, lena n-áirítear measúnú costais is brabúis in aghaidh an táirge;
14. á athdhearbhú gur gá trédhearcacht iomlán sa chaibidlíocht ar chonarthaí maidir le vacsaíní i gcoinne COVID-19, lena n-áirítear trí pháirt dhíreach a thabhairt d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa tríd an ngrúpa teagmhála vacsaíní sna próisis chinnteoireachta chonarthacha; ag dréim leis go bhfaighidh Parlaimint na hEorpa anailís chuimsitheach agus mhionsonraithe go rialta ar tháirgeadh, allmhairí, onnmhairí, agus réamhaisnéisí vacsaíní, lena n-áirítear faisnéis maidir le tír is ceann scríbe d’onnmhairí AE, mar aon le háit tionscnaimh allmhairí de vacsaíní agus comhpháirteanna vacsaíní;
14. á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar na comhaontuithe trádála déthaobhacha agus réigiúnacha ina bhfuil forálacha a théann níos faide ná Comhaontú TRIPS EDT agus a chuireann bac ar na coimircí a bunaíodh le Dearbhú Doha, mar shampla allmhairí comhthreomhara, lena ndearbhaítear tús áite do shláinte an duine thar leasanna tráchtála; á iarraidh ar EDT athchaibidliú a dhéanamh ar na solúbthachtaí atá i gcomhaontú TRIPS cheana, chun bacainní ar thrádáil i dtáirgí cineálacha a laghdú;
15. á chur i bhfios go láidir nach mór do AE leanúint le bheith i dtús áite ó thaobh iarrachtaí iltaobhacha agus domhanda maidir le dáileadh, comhordú agus pleanáil ilbhliantúil i dtaca le vacsaíní ag na cruinnithe a bheidh ag Comhairle TRIPS an 8 Meitheamh agus an 14 Deireadh Fómhair 2021, ag Cruinniú Mullaigh G7, ag Cruinniú Mullaigh AE-SAM 2021, ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe 2021, ag Comhthionól Domhanda Sláinte 2021, agus ag 12ú Comhdháil Aireachta EDT agus ina dhiaidh sin;
16. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach, chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chuig Ballstáit AE, chuig Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, chuig Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Trádála, chuig rialtais G20, chuig an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, chuig an mBanc Domhanda, chuig Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, agus chuig comhaltaí Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.