Tairiscint i gcomhair rúin - B9-0307/2021Tairiscint i gcomhair rúin
B9-0307/2021

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le tabhairt faoi dhúshlán domhanda COVID-19: éifeachtaí an tarscaoilte ar Chomhaontú TRIPS EDT maidir le vacsaíní, cóireáil agus treallamh COVID-19, lena ndéantar méadú ar tháirgeadh agus acmhainneacht monaraíochta i dtíortha i mbéal forbartha

2.6.2021 - (2021/2692(RSP))

chun an díospóireacht maidir leis na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún a thabhairt chun deiridh
de bhun Riail 132(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Sara Matthieu
thar ceann Ghrúpa Verts/ALE

Féach freisin comhthairiscint i gcomhair rúin RC-B9-0306/2021

Nós Imeachta : 2021/2692(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
B9-0307/2021
Téacsanna arna gcur síos :
B9-0307/2021
Díospóireachtaí :
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

B9‑0307/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le tabhairt faoi dhúshlán domhanda COVID-19: éifeachtaí an tarscaoilte ar Chomhaontú TRIPS EDT maidir le vacsaíní, cóireáil agus treallamh COVID-19, lena ndéantar méadú ar tháirgeadh agus acmhainneacht monaraíochta i dtíortha i mbéal forbartha

(2021/2692(RSP))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A. de bhrí gur éigeandáil dhomhanda agus dúshlán gurb ea iad paindéimí COVID-19 nach bhfacthas a leithéid cheana agus gurb iad is siocair le hiarmhairtí millteacha sláinte agus eacnamaíocha ar fud an domhain; de bhrí go bhfuil athraithigh nua agus níos in-tarchurtha den víreas ag teacht chun cinn go leanúnach agus go gcruthaítear leo taom tubaisteach ionfhabhtuithe i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim;

B. de bhrí gur lean den mhéadú ar chostas daonna COVID-19, le breis agus 167.3 milliún cás deimhnithe ar fud an domhain agus breis agus 3.5 milliún duine arb eol a d’éag;

C. de bhrí go léirítear leis an bhfianaise eimpíreach le déanaí gurb ionann raon thionchar iarbhír na paindéime agus farasbarr 7 go 13 mhilliún básanna ar fud an domhain;

D. de bhrí, anuas ar an líon as cuimse básanna, go bhfuil tionchar ag iarmhairtí COVID fhadmharthanaigh ar 10 % de na hothair ar fud an domhain, rud ar féidir leis a bheith ina shiocair le caillteanas post, bochtaineacht agus leochaileachtaí socheacnamaíocha atá léanmhar ar an iomlán, go háirithe i dtíortha nach bhfuil líontáin leormhaithe sábhála slándála shóisialta acu[1];

E.  de bhrí go ndearnadh roinnt vacsaíní a fhorbairt agus a fhormheas lena n-úsáid in am trátha, rud a bhí ina spreagadh don ruathar chun na pobail a vacsaíniú agus imdhíonacht tréada a bhaint amach;

F. de bhrí, ó thús mhí an Mheithimh 2021 i leith, rinneadh ar a laghad 1.8 billiún dáileog de vacsaíní i gcoinne COVID-19 a thabhairt amach ar fud an domhain; de bhrí nach ndearnadh ach 0.3 % de na dáileoga vacsaíne a thabhairt amach sna 29 dtír is boichte as na dáileoga a tugadh amach ar fud an domhain, tíortha ina bhfuil thart ar 9 % de dhaonra an domhain;

G. de bhrí go bhfuil éigeandáil leanúnach COVID-19 ina siocair le tionscnaimh éagsúla lena ndírítear ar aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí domhanda ó thaobh rochtana de ar vacsaíní, teiripí agus trealamh a bhaineann le COVID-19, ina measc sin, tionscnaimh lena ndírítear ar sholáthar poiblí forásach a chomhiomlánú amhail COVAX, nó cistiú agus tabhartais a chur ar fáil nó ar fhorálacha iltaobhacha áirithe maidir le maoin intleachtúil (MI) a tharscaoileadh;

H. de bhrí nár éirigh le COVAX ach 71 mhilliún dáileog vacsaíne a sheachadadh chuig os cionn 100 tír ón 25 Bealtaine 2021 i leith, a dhóthain ar éigean chun 1 % de dhaonraí na dtíortha sin le chéile a chumhdach, agus go bhfuil air dul i ngleic le gannchion réamh-mheasta de190 milliún dáileog vacsaíne de bharr srianta ar onnmhairí san India;

I. de bhrí, de bhun Airteagal IX den Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), in imthosca eisceachtúla, gur féidir tarscaoileadh ó oibleagáidí áirithe faoi chonarthaí EDT, amhail an Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS), a chinneadh ar leibhéal Chomhdháil Aireachta EDT; de bhrí gur gá bonn cirt a bheith le haon tarscaoileadh den sórt sin bunaithe ar na himthosca eisceachtúla, ar choinníollacha an tarscaoilte agus ar an am a gcuirfear deireadh leis; de bhrí go gcaithfidh Comhdháil Aireachta EDT athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar tharscaoiltí ar faide a dtréimhse ná aon bhliain amháin go dtí go gcuirfear deireadh leo; de bhrí, de réir fhorálacha dlí EDT, go meastar go dtiocfar ar chinneadh maidir le tarscaoileadh a dheonú ar bhonn chomhthoil chomhaltaí uile EDT agus murar féidir teacht ar chomhthoil, go bhféadfar cinneadh a dhéanamh trí thromlach trí cheathrú;

J. de bhrí go ndearna an India agus an Afraic Theas togra maidir le tarscaoileadh TRIPS EDT a thíolacadh i mí Dheireadh Fómhair 2020 (IP/C/W/669) agus a athbhreithníodh (IP/C/W/669/Rev.1) i mí na Bealtaine 2021 le tacaíocht ó 63 thír; de bhrí, an 5 Bealtaine 2021, gur eisigh Ionadaí Trádála ó na Stáit Aontaithe ráiteas chun tacú leis an gcaibidlíocht maidir le tarscaoileadh rialacha TRIPS i gcás vacsaíní COVID-19;

I. An phráinn a bhaineann le paindéim COVID-19 a chur faoi smacht

1. á chur in iúl gur cúis mhór imní di go bhfuil paindéim COVID-19 fós gan staonadh in ainneoin an dul chun cinn atá déanta maidir le vacsaíniú, i dtíortha forbartha den chuid is mó; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an staid eipidéimeolaíoch i roinnt réigiún ar domhan agus go háirithe san Áise Theas agus i Meiriceá Laidineach;

2. á chur in iúl gur oth léi go raibh an pobal idirnáisiúnta neamhullamh go huile agus go hiomlán chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt paindéime domhanda nua in ainneoin rabhadh a bheith tugtha arís agus arís eile ag saineolaithe mór le rá agus ag EDT le blianta anuas agus in ainneoin comharthaí rabhaidh imníocha a bhí ann le déanaí amhail SARS-CoV-1; á chur i bhfios, thairis sin, na hiarmhairtí diúltacha a bhí ag beartais déine leis na deicheanna de bhlianta anuas, a chuir isteach go mór ar infheistíocht phoiblí san earnáil sláinte agus a bhain an bonn, ar deireadh, ó acmhainneacht agus ó ullmhacht roinnt tíortha chun dul i ngleic le héigeandáil thromchúiseach sláinte;

3. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na tuairiscí ón India, ar dá réir nach féidir le créamatóiriamaí agus úirleachais déileáil leis an líon ollmhór coirp, agus go bhfuil soláthairtí ocsaigine nach mór ídithe, le hothair á bhfágáil ar leaba an bháis, ag fulaingt le giorra anála, agus creach á déanamh ag teaghlaigh thruamhéalacha ar línte soláthair agus ospidéil; á chur i bhfios gur oth go mór léi go raibh an staid sin go hiomlán intuartha ó rud é gur tharla na patrúin bhunúsacha chéanna roinnt seachtainí nó míonna roimhe sin i Meiriceá Laidineach, áit ar threisigh an ghéarchéim freisin i roinnt tíortha, mar aon le i Meiriceá Thuaidh agus san Eoraip agus sa Mheánoirthear roimhe sin;

4. á chur i bhfios go láidir nach féidir leanúint de chúrsaí mar ba ghnách; á chur i bhfios, dá bhrí sin, go bhfuil misean uileghabhálach agus práinneach ag an gcomhphobal idirnáisiúnta maidir le paindéim COVID-19 a chur faoi smacht; ag cur béim ar an bhfíoras gur ann do na modhanna chun aghaidh a thabhairt ar an gcás, lena dtugtar le fios nach bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach á déanamh chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gníomhaíocht feabhais ríthábhachtach chun íoslaghdú a dhéanamh ar na tubaistí daonnúla atá ag titim amach ar fud an domhain; ag meabhrú an dearbhaithe ón Uachtarán Von Der Leyen, ar dá réir ba cheart vacsaíní COVID-19 a mheas mar leas poiblí domhanda; á chur i bhfios a ríthábhachtaí atá sé go ndéanfar táirgí leighis riachtanacha eile a mheas ar an mbealach céanna;

5. á chur i bhfios go bhfuil gá le 11 bhilliún dáileog chun 70 faoin gcéad de dhaonra an domhain a vacsaíniú, an tairseach mheasta a theastaíonn le haghaidh imdhíonacht tréada, ach nár táirgeadh ach codán den mhéid sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, de réir CAI, nach n-éireoidh leis an táirgeadh domhanda an sprioc sin a bhaint amach ós rud é nach bhfuiltear ag súil ach le 6 bhilliún dáileog a tháirgeadh faoi dheireadh na bliana;

6. ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di gur do thomhaltas inmheánach go príomha a rinneadh formhór mór de na dáileoga vacsaíne COVID-19 a táirgeadh go dtí seo sna geilleagair fhorbartha, mar is amhlaidh i gcás na Stát Aontaithe, nó seachas sin, do thomhaltas inmheánach agus d’onnmhairiú araon chuig geilleagair fhorbartha eile; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, nár seoladh ach thart ar 10 % d’onnmhairí domhanda AE chuig geilleagair nach bhfuil chomh forbartha céanna agus gur díoladh formhór na ndáileoga a monaraíodh in AE le tíortha ECFE;

7. á chur i bhfios go láidir, faoi na réamh-mheastacháin reatha maidir le táirgeadh agus maoiniú, go meastar go leanfaidh an bhearna sna rátaí vacsaínithe de bheith ag ardú agus go mbainfear an bhuaic amach ionsar dheireadh 2021 agus go mbeidh difríochtaí de bheagnach 50 pointe céatadáin sna rátaí, as a dtiocfaidh fíordheighilt vacsaíne domhanda; ag cur béim ar an bhfíoras gur dóchúil gur in olcas a rachaidh na héagothromaíochtaí i bhfad sula dtiocfaidh feabhas orthu, toisc go dtuartar le meastacháin dhóchasacha nach dtiocfaidh deireadh leis na héagothromaíochtaí sin ach amháin in 2023;

8. á chur in iúl gur oth léi go mór gur chun freastal go príomha do sholáthar mhargaí an Iarthair a bhí acmhainneacht monaraíochta na vacsaíne domhanda beartaithe ar dtús; ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di go meastar nach ndéanfaidh COVAX, arb é an príomhthionscnamh iltaobhach é chun vacsaíní a chur ar fáil don Domhan Theas, ach 2 bhilliún dáileog, nó 20 % de riachtanais na 92 dtír is boichte a sholáthar; ag tabhairt dá haire, áfach, gan trácht ar an gceist i dtaobh cumhdach don 80 % atá fágtha de dhaonraí na dtíortha sin, go ndealraítear gur ionchas uaillmhianach meántéarmach fiú é an gealltanas sin a chur i gcrích, i bhfianaise ganntanas soláthair agus srianta ar onnmhairí san India le déanaí;

9. ag cur béim ar an bhfíoras gur sampla foirfe iad vacsaíní de chás ina bhfuil gá ag seachtrachtaí dearfacha ollmhóra le soláthar poiblí saor in aisce ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal domhanda araon; ag tabhairt sá haire go bhfuil vacsaíní saor in aisce á bhfáil ag gach saoránach i dtíortha forbartha; á chur i bhfios nach mbeadh sé ceart ná cóir ar bhonn eitice mura mbeadh feidhm ag an bprionsabal sin i leith daoine atá i bhfad níos boichte i dtíortha i mbéal forbartha; á áitiú, dá bhrí sin, nach foláir do gach duine ar domhan vacsaíní saor in aisce a fháil a luaithe agus is féidir iad a tháirgeadh;

10. á chur i bhfios go láidir go léirítear leis na meastacháin reatha gur cheart COVAX a chistiú trí dheontais bhreise chun idir USD 75 bhilliún agus USD 150 billiún a chur ar fáil, ag brath ar an gcostas atá ar dháileog vacsaíne; ag tabhairt dá haire, leis an meastachán is airde, go mbeadh an cistiú sin ní ba lú ná 0.4 % d’OTI iomlán thíortha G7, nó fiú 3.8 % den mhéid a chaith tíortha G7 ar spreagadh fioscach lánroghnach mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19 in 2020;

11. á chur i bhfios, le tionscnaimh amhail COVAX, go ndéantar sásraí a chur i bhfeidhm a bhaineann le taobh an éilimh den scéal gan dul i ngleic le hacmhainneachtaí neamhleora an táirgthe dhomhanda; á chur i bhfios, trína dhéanamh amhlaidh, go mbíonn siad in iomaíocht ar bhonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’ le geallsealbhóirí eile i ndeireadh na dála, go háirithe tíortha ardioncaim, agus go mbíonn taobh an tsoláthair den scéal fós srianta in éagmais straitéis dhomhanda chomhtháite chun acmhainneachtaí táirgthe a mhéadú ar fud an domhain;

12. ag cur béim ar an bhfíoras, dá mhéad ama sa bhreis a thógtar chun imdhíonacht tréada a bhaint amach, dá airde na dóchúlachtaí go leathfaidh athraithigh nua de víreas COVID-19 ar fud an domhain, ar athraithigh iad nach bhfuil na vacsaíní atá ann faoi láthair chomh héifeachtach céanna ina leith; á chur i bhfios, de réir cosúlachta, go bhfuil an fhéidearthacht ann go mbeidh gá le vacsaíní COVID-19 a fhorbairt agus a sheachadadh ar bhonn rialta nó fiú ar bhonn bliantúil; ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di, áfach, faoi na srianta atá ann faoi láthair, go bhfágfadh staid den sórt sin go leanfaí leis na míchothromaíochtaí bunúsacha domhanda atá ann faoi láthair;

II. Dul i ngleic leis na constaicí ar sholáthar domhanda vacsaíní, cóireálacha agus trealaimh a leathnú chun aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim leanúnach

13. ag moladh an luais gan fasach lenar éirigh le cuideachtaí cógaisíochta vacsaíní COVID-19 a chur ar fáil agus an méid a baineadh amach ó thaobh na teicneolaíochta de a d’fhág go bhféadfaí é sin a dhéanamh; ag cur béim ag an am céanna ar an ról lárnach atá ag acmhainní na hearnála poiblí agus ag an taighde acadúil a chistítear go poiblí, lenar lamháladh do chuideachtaí cógaisíochta an riosca a bhain leis an slabhra luacha vacsaíní ina iomláine a dhíchur trí chistiú ex ante agus fóirdheontais mhóra le haghaidh taighde agus forbartha (R&D), mar aon le comhaontuithe réamhcheannaigh ar mhórscála;

14. á chur i bhfios go láidir rannchuidiú bunúsach na n-oibrithe cúraim sláinte, na n-othar, marthanóirí COVID-19 agus an phobail i gcoitinne a bhí rannpháirteach i dtrialacha cliniciúla agus i ngníomhaíochtaí eile a bhaineann le T&D ar theiripí agus vacsaíní éagsúla; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, dá bhrí sin, nár cheart nuálaíochtaí atá mar bhonn leis na vacsaíní sin a phríobháidiú trí bhíthin cearta eisiacha maoine intleachtúla ná a bheith faoi réir bacainní aistrithe teicneolaíochta; ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di, dá bhrí sin, i gcontrárthacht le AstraZeneca, a gheall an vacsaín a tháirgeadh ar bhunphraghas, meastar go ngnóthóidh Pfizer/BioNtech, Moderna agus Johnson & Johnson brabúis thar a bheith teagartha as a vacsaíní COVID-19 a sheachadadh;

15. ag tabhairt dá haire an fógra a thug monaróirí vacsaíní an Iarthair ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda Sláinte an 21 Bealtaine 2021, go bhfuil sé i gceist acu 1.3 billiún dáileog vacsaíne a sheachadadh ar bhunphraghas do na tíortha is lú forbairt agus ar ‘phraghsanna ísle’ do thíortha eile i mbéal forbartha faoi dheireadh 2022, ach á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tionscnamh seo fós neamhleordhóthanach den chuid is mó;

16. á chur i bhfáth gurb é an t-aon bhealach timpeall ar an iomaíocht seo i gcás soláthar teoranta vacsaíní, inarb ionann sochar do pháirtí amháin agus dochar do pháirtí eile, ná leathnú ollmhór a dhéanamh ar an acmhainneacht soláthair dhomhanda le haghaidh vacsaíní mar aon le hearraí poiblí domhanda eile a bhaineann leis an tsláinte, ar bhonn buan;

17. á chur i bhfios freisin go léirítear leis an dinimic sin, nach cur chuige inoibrithe agus cóir é cur chuige atá bunaithe ar charthanas chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim leanúnach, trína ngealltar go gcuirfear cistiú nó dáileoga barrachais vacsaíne ar fáil chun freastal do riachtanais na ndaoine is boichte ar scála ama neamhshainithe, tar éis do thíortha forbartha freastal dá riachtanas féin;

18. á chur i bhfios, leis an iarratas ar tharscaoileadh TRIPS a thíolaic an India agus an Afraic Theas, mar aon le príomhirisí eolaíochta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, gur cuireadh doiciméadacht fhorleathan agus fianaise ar fáil chun a léiriú go raibh an creat iltaobhach atá ann faoi láthair lena gcosnaítear cearta maoine intleachtúla ina chonstaic ar aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim COVID-19 agus le solúbthachtaí TRIPS-EDT atá ann faoi láthair atá bunaithe ar chaibidlíocht atá casta ó thaobh nós imeachta de, ar chaibidlíocht de réir tíre, ar chaibidlíocht de réir táirgthe agus ar chaibidlíocht roimhe sin le sealbhóirí paitinne, go léirítear leo nach raibh siad oiriúnach chun dul i ngleic leis na héigeandálaí domhanda a bhí ann roimhe sin agus nach bhfuil siad oiriúnach chun dúshlán an chinn reatha a thabhairt;

19. á chur i bhfios, thairis sin, go léirítear leis an taithí a fuarthas roimhe seo, maidir le cur chun feidhme solúbthachtaí TRIPS atá ann faoi láthair gur mhinic a bhraith tíortha aonair eaglach roimh ghníomhaíocht díoltais ó thíortha forbartha nó roimh an damáiste dá gclú de thoradh ceadúnais éigeantacha a eisiúint; á chur i bhfios go láidir nach mbaineann ceadúnú éigeantach ach le paitinní mar chatagóir amháin de chearta maoine intleachtúla (CMI), ach go bhfuil catagóirí eile CMI, amhail cosaint sonraí agus rúin trádála, atá ina gconstaicí ionchasacha ar uas-scálú tháirgeadh na dtáirgí leighis a bhfuil gá leo, lasmuigh de raon feidhme na gceadúnas éigeantach;

20. á chur i bhfios go bhfuil na heasnaimh sin i solúbthachtaí TRIPS atá ann faoi láthair ina gcúis láidir le tarscaoileadh breise sealadach a ghlacadh ar mhaithe lena raon feidhme a leathnú agus le coinníollacha agus nósanna imeachta riaracháin troma a sheachaint, atá ina mbacainn ar na hacmhainneachtaí táirgthe a leathnú;

21. ag tabhairt dá haire go háirithe gur shínigh an Bholaiv réamhchonradh réamhcheannaigh le déanaí leis an gcuideachta Biolyse, as Ceanada, d’fhonn na milliúin dáileog de leagan cineálach den vacsaín ‘aon instealladh amháin’ ó Johnson & Johnson a allmhairiú chun cuid shuntasach dá daonra a chumhdach, sa chás go mbeadh Biolyse údaraithe chun an vacsaín sin a tháirgeadh faoi cheadúnas éigeantach faoi sholúbthachtaí reatha TRIPS; á chur i bhfios, áfach, go bhféadfadh sé go mbeadh méid díréireach ama agus acmhainní i gceist le cur chun feidhme na rogha ceannaigh sin, i ngeall ar na castachtaí nós imeachta atá mar bhonn leis na ‘solúbthachtaí’ sin; á chur i bhfios go láidir go léirítear leis an sampla sin gur deimhin gur bac iad saincheisteanna CMI ar an leathnú ar acmhainneachtaí táirgthe vacsaíní ar fud an domhain;

22. ag cur béim ar an bhfíoras nach bhfuil i dtarscaoileadh nua TRIPS a bhaineann le COVID-19 ach cheann amháin den iliomad coinníollacha chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil atá ann faoi láthair; á chur i bhfios go láidir gur den ríthábhacht é go ndéanfaidh monaróirí reatha vacsaíní a gcuid modhanna teicneolaíochta agus táirgthe a chomhroinnt sa mhéid go bhfuil tarscaoiltí comhchosúil le hoideas casta a chur ar fáil, agus go bhfuil aistrithe teicneolaíochta comhchosúil le comhroinnt a dhéanamh ar an bhfios gnó agus ar na scileanna is gá chun é a chur chun feidhme;

23. á chur i bhfios gur geal léi, sa chomhthéacs sin, na dearbhuithe ó Ngozi Okonjo-Iweala, Ard-Stiúrthóir EDT, ag cruinniú Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2021, ar dá réir go bhfuil ualach rómhór ag baint le solúbthachtaí TRIPS atá ann faoi láthair agus go bhfuil gá le tuilleadh solúbthachta; ag tabhairt dá haire, áfach, nach leor tarscaoileadh nua TRIPS ós rud é go bhfuil géarghá le straitéis iomlánaíoch lena n-áirítear, inter alia, aistrithe teicneolaíochta feabhsaithe le monaróirí féideartha;

24. á chur i bhfios go láidir, i gcontrárthacht leis an méid ar minic leis an tionscal a mhaíomh, agus mar a tugadh chun suntais i gcruinniú[2] maidir le vacsaíní a d’eagraigh EDT le déanaí, gur féidir le tíortha i mbéal forbartha amhail an Bhrasaíl, an Airgintín, an India, an Téalainn, an Afraic Theas, an Phacastáin agus an Bhanglaidéis, uas-scálú ar acmhainneachtaí táirgthe a chur chun feidhme go hinchreidte, toisc go gcomhlíonann siad ar a laghad ceann amháin de dhá choinníoll: ar an gcéad dul síos, go bhfuil an fios gnó ag cuideachtaí atá lonnaithe ann cheana i dtaobh cuid de na vacsaíní atá ar fáil faoi láthair a mhonarú (mar a tharla le vacsaín AstraZeneca sa Bhrasaíl agus san India) nó go bhfuil an teicneolaíocht forbartha acu go hintíre (mar a tharla le vacsaín Bharat Biotech san India); agus ar an dara dul síos, go bhfuil mais chriticiúil de chuideachtaí cógaisíochta a bhfuil acmhainneacht monaraíochta acu ag na tíortha sin;

25. á chur i bhfios go láidir nár dhírigh an Coimisiún go dtí seo ach amháin ar mhonaróirí vacsaíní an Iarthair a spreagadh chun teicneolaíocht agus ceadúnais a chomhroinnt ar bhonn deonach; á chur in iúl gur oth go mór léi, ina leith sin, go dtí seo, nach ndearna aon cheann de na cuideachtaí cógaisíochta a tháirgeann vacsaíní a gcuid torthaí teicneolaíochta, fios gnó agus taighde a chomhroinnt leis an Díorma Rochtana ar Theicneolaíocht COVID-19 (C-TAP) nó le Mol Aistrithe Teicneolaíochta Vacsaín mRNA COVID-19 EDT, lena dtugtar chun suntais neamhdhóthanacht na gcur chuige deonach agus atá faoi rialú tionscail;

26. á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as na cumhachtaí agus roghanna uile atá ar fáil dó, lena n-áirítear comhéigean más gá, chun a áirithiú go ndéanfaidh cuideachtaí teicneolaíocht agus fios gnó a bhaineann le táirgí leighis COVID-19 amhail teiripí, diagnóisic agus vacsaíní a chomhroinnt le monaróirí ionchasacha ar fud an domhain, go háirithe i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim;

27. ag tabhairt dá haire gur cúis mhór bhuartha di an fhianaise le déanaí a thugann le fios go bhfuil táirgeoirí reatha vacsaíní údaraithe COVID-19 tar éis diúltú do thairiscintí ar tháirgeadh a leathnú ó roinnt táirgeoirí ionchasacha in AE agus thar lear i dtaca le táirgí cineálacha cógaisíochta;

28. á chur in iúl gur cúis bhuartha di na cineálacha éagsúla srianta díreacha nó indíreacha ar onnmhairiú i gcás vacsaíní nó amhábhair thábhachtacha agus ionchuir eile ó na príomhthíortha monaraíochta agus ag cur béim ar an bhfíoras go ndéantar leis sin an t-uas-scálú domhanda mear ar acmhainneacht táirgthe vacsaíní a chur i mbaol; ag tathant ar an gCoimisiún dul i mbun rannpháirtíochta le tíortha táirgthe chun deireadh a chur go mear le bacainní ar onnmhairiú agus chun ceanglais trédhearcachta maidir le honnmhairiú a chur in ionad a shásra údaraithe onnmhairithe; á áitiú go bhfaighfear rochtain thráthúil agus chuimsitheach ar na sonraí sin; á chur in iúl gur saoth léi gur bhain an Coimisiún úsáid as an Sásra Trédhearcachta agus Rialaithe chun onnmhairí chuig tríú tíortha a bhlocáil, ós rud é go bhféadfadh éifeachtaí dúradán a theacht as sin a chuirfeadh na slabhraí soláthair domhanda i mbaol;

29. ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh freisin tarscaoileadh TRIPS a bheith lárnach chun éagsúlú a dhéanamh ar tháirgeadh agus soláthar amhábhar amhail nanacháithníní lipide agus málaí bith-imoibreora, a bhfuil táirgeadh agus soláthar na n-amhábhar sin faoi bhrú;

30. á chur i bhfios go láidir, má mheastar gur chun leas an phobail dhomhanda iad na vacsaíní i gcoinne COVID-19 agus a athraitheach, go bhfuil práinn leis, dá bhrí sin, go mbeidh iarrachtaí iltaobhacha dírithe ar acmhainní táirgthe domhanda a mhéadú go mear agus go buan agus ar aistrithe ceangailteacha teicneolaíochta a áirithiú; á iarraidh go ndéanfar ardáin struchtúracha a chur ar bun chun táirgeadh vacsaíní a uas-scálú go mear i níos mó tíortha;

31. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE, agus an aidhm sin ar intinn aige, cothú a dhéanamh go práinneach ar shocruithe iltaobhacha ar leibhéal EDT, lena n-áirítear conradh maidir le paindéimí, amhail a mhol Uachtarán na Comhairle Eorpaí le déanaí, mar chuid den ‘Tionscnamh Sláinte agus Trádála’ a bheidh le glacadh i mí na Samhna 2021 le linn an dóú Comhdháil Aireachta déag, agus ag an gcéad chomhthionól ginearálta eile de chuid EDT; á chur i bhfios go láidir gur comhlánú é an tionscnamh seo ar tharscaoileadh TRIPS agus nach chun a ionad a ghlacadh atá sé;

32. ag tathant ar AE, i gcomhar le comhpháirtithe eile amhail na Stáit Aontaithe agus le tacadóirí an togra maidir le tarscaoileadh TRIPS COVID-19, tionscnamh comhpháirteach iltaobhach a chur in iúl chun plean mionsonraithe a dhréachtú idir cuideachtaí cógaisíochta an Iarthair agus a gcomhpháirtithe, faoi mhaoirsiú agus á fhrithghealladh ag na rialtais ábhartha, ar mhaithe le dlús a chur le soláthar domhanda vacsaíní;

33. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur féidir le AE, agus gur cheart dó, rannchuidiú go haontaobhach leis an iarracht sin trína dhéanamh deimhin de go nochtfar go hiomlán comhaontuithe réamhcheannaigh sa todhchaí agus go gcomhtháthófar forálacha ceangailteacha maidir le ceadúnú domhanda oscailte agus neamheisiach, comhthiomsuithe paitinní, comhroinnt feasa, neamh-infheidhmeacht rún trádála, sonraí dílseánaigh agus gealltanais maidir le haistrithe teicneolaíochta;

34. ag tathant ar an gCoimisiún tacú le C-TAP EDT agus iarrachtaí réamhghníomhacha a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfaidh monaróirí vacsaíní, MI agus teicneolaíocht a chomhroinnt tríd an sásra iltaobhach sin; á iarraidh ar an gCoimisiún monaróirí ionchasacha a léirigh spéis in uas-scálú a dhéanamh ar tháirgeadh vacsaíní agus táirgí leighis eile a bhaineann le COVID-19 a shainaithint agus tacú leo chun go lamhálfar do cheadúnais neamheisiacha a dheonú do na monaróirí sin agus tús a chur le táirgeadh a luaithe is féidir; á iarraidh ar an gCoimisiún tuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa faoi mhí Mheán Fómhair 2021 maidir le toradh na n-iarrachtaí sin;

35. á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó Rialtas Biden-Harris sna Stáit Aontaithe, chun tacú leis an tarscaoileadh ar chosaintí maoine intleachtúla i gcás vacsaíní COVID-19; á chur i bhfios gur cheart do na rialtais dul ina cheann faoin ionchas nach mbeidh rialacha EDT a bhaineann le paitinní, rúin trádála agus maoin intleachtúil lárnach eile a bhfuil gá leo chun tacú le táirgeadh agus soláthar ina mbacainn ar fheabhas a chur ar rochtain ar vacsaíní COVID-19 agus gur cheart an t-ionchas sin a dheimhniú trí dhearbhú polaitiúil ‘neamhghníomhaíochta’ a ghlacadh lena staonfaidh tíortha ó aon ghníomhaíocht a dhéanamh a bhaineann le vacsaíní le linn na paindéime;

36. ag tathant ar AE dul i mbun caibidlíocht téacsbhunaithe go cuiditheach agus go réamhghníomhach i dtaobh tharscaoileadh sealadach TRIPS i gcás na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí uile lena n-áirítear vacsaíní, cóireálacha agus diagnóisic a bhfuil gá leo chun freagairt do phaindéim COVID-19 agus sainordú caibidlíochta a eisiúint, chun na críche sin, faoi chuimsiú mhír 9 d’Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; ag tathant ar chomhaltaí uile EDT an chaibidlíocht a thabhairt chun críche a luaithe is féidir, agus faoin gcéad Chomhairle Aireachta eile de chuid EDT i mí na Samhna 2021 ar a dhéanaí, agus dul chun cinn fónta a dhéanamh le linn na chéad chruinnithe eile a bheidh ag Comhairle TRIPS i mí an Mheithimh agus i mí Dheireadh Fómhair 2021;

37. ag tathant ar AE diúltú do dhul ar iontaoibh imeachtaí dlíthiúla d’aon chineál in EDT nó faoi chomhaontuithe saorthrádála agus infheistíochta i gcoinne tíortha a sháraíonn forálacha TRIPS agus bearta beartais á nglacadh aige chun rochtain a leathnú ar tháirgí leighis a bhaineann le COVID-19; á iarraidh ar AE, dá bhrí sin, mar bheart eatramhach sula dtiocfar ar chomhaontú maidir le tarscaoileadh TRIPS a bhaineann le COVID-19, dearbhú polaitiúil láithreach ó EDT a mholadh maidir le ‘neamhghníomhaíocht’ i dtaobh aon ghníomhaíocht a bhaineann le vacsaíní agus le táirgí leighis riachtanacha eile chun dul i ngleic leis an bpaindéim;

III. Cur i bhfeidhm na ndálaí chun ullmhacht a fheabhsú i gcomhair éigeandálaí sláinte domhanda sa todhchaí

38. á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag rialachas trádála idirnáisiúnta san fhorbairt mhear ar chóireálacha leighis agus vacsaíní, in uas-scálú mear na táirgeachta, i bhforbairt slabhraí luacha domhanda athléimneacha agus i rochtain chothrom ar an margadh don domhan ar fad; á chur i bhfios go láidir nach foláir go spreagfaí comhar idirnáisiúnta neartaithe i gcoinne éigeandálaí sláinte a bheidh ann sa todhchaí agus ullmhacht dhomhanda ina gcomhair leis an bpaindéim atá ann faoi láthair; ag tathant ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna a rinne an tArdán Idir-Rialtasach um Beartas Eolaíochta maidir le Seirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES) a shainaithint ina thuarascálacha maidir leis an mbithéagsúlacht agus le paindéimí, agus go háirithe an tionchar forleathan atá ag slabhraí soláthair domhanda atá níos doimhne ná riamh ar ídiú na bithéagsúlachta agus ar dhíghrádú an bhithsféir agus ar a ról lárnach maidir le minicíocht agus déine mhéadaithe zónóisí;

39. á chur i bhfios, thairis sin, ós rud é gur dóchúil go dtarlóidh athraithigh nua COVID-19 agus zónóisí eile go rialta sna blianta amach romhainn, a phráinní agus a ríthábhachtaí atá sé samhail chistiúcháin a fhorbairt chun earraí poiblí domhanda amhail vacsaíní agus teicneolaíochtaí sláinte riachtanacha eile a fhorbairt agus a dháileadh; á chur i bhfáth, leis an tsamhail sin, gur cheart breathnú arís ar an gcreat domhanda maidir le cearta maoine intleachtúla do phaindéimí a bheidh ann amach anseo agus aistriú ó shamhail atá bunaithe ar chearta eisiacha go cuir chuige nuálacha amhail ‘samhlacha duaise’ atá bunaithe ar tháirgeadh srathach earraí a dhíchúpláil ó na costais a bhaineann le taighde agus forbairt;

40. á chur i bhfios go láidir, maidir le haon socrú iltaobhach a dhéanfar amach anseo chun ullmhacht a fheabhsú i gcomhair éigeandálaí sláinte domhanda sa todhchaí, gur cheart go gcuimseofaí ann, ar thaobh amháin, cur chuige atá dírithe ar thaobh an éilimh, lena soláthrófar maoiniú comhpháirteach agus réamhcheannacháin a bheidh comhordaithe ar fud an domhain, agus, ar an taobh eile, straitéis chomhtháite chomhordaithe ar thaobh an tsoláthair chun uas-scálú a dhéanamh ar an slabhra luacha iomlán, ar bhonn eolaíocht oscailte, sásraí ceadúnúcháin domhanda atá oscailte agus neamheisiach agus sásraí ceangailteacha le haghaidh aistrithe teicneolaíochta;

41. á iarraidh ar an gCoimisiún athmheastóireacht a dhéanamh ar ghealltanais TRIPS+ i gcomhaontuithe trádála AE i bhfianaise na céille ceannaithe, ós rud é go bhfuil na forálacha sin níos sriantaí ná comhaontú TRIPS; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle, thairis sin, glacadh arís le hAirteagal 31bis de chomhaontú TRIPS ionas go mbeidh siad in ann leas iomlán a bhaint as solúbthachtaí TRIPS i gcás ina mbeidh gá leis amach anseo;

°

° °

42. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus chuig an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

 

An nuashonrú is déanaí: 7 Meitheamh 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais