<TitreRecueil>de bhun Airteagal 143 de na Rialacha Nós Imeachta</TitreRecueil>
<Titre>maidir leis an laghdú ar an tionchar ar thalamh talmhaíochta a bhíonn ag tógáil suiteálacha fótavoltacha ar talamh</Titre>
<Depute>Susanna Ceccardi, Marco Campomenosi, Alessandro Panza, Paolo Borchia, Antonio Maria Rinaldi, Gianantonio Da Re, Marco Dreosto, Isabella Tovaglieri, Simona Baldassarre, Sergio Berlato, Carlo Fidanza, Nicola Procaccini, Vincenzo Sofo</Depute>
B9‑0422/2021
Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an laghdú ar an tionchar ar thalamh talmhaíochta a bhíonn ag tógáil suiteálacha fótavoltacha ar talamh
–ag féachaint do Riail 143 dá Rialacha Nós Imeachta,
A.de bhrí go bhfuil go leor iarrataí déanta sna Ballstáit uile i ndáil le suiteálacha fótavoltacha a thógáil le modúil atá lonnaithe ar talamh, rud a bhainfeadh limistéir mhóra thalún ón ngníomhaíocht talmhaíochta, ar limistéir iad a bheadh in úsáid le haghaidh barr murach sin;
B.de bhrí, i bhfianaise na treochta sin, go bhfuil roinnt réigiún san Iodáil ag forbairt ionstraimí reachtacha arb é is aidhm dóibh an staid dá dtagraítear thuas a rialú, ar staid í a bhfuil léirithe ina leith ag eagraíochtaí san earnáil phríomhúil agus údaráis áitiúla go bhfuil baol ann go leathfaidh sí amach ar bhealach contúirteach neamh-inbhuanaithe, ag déanamh dochar don talmhaíocht;
C.de bhrí gur sócmhainn theoranta é talamh talmhaíochta, agus go bhfuil sé de dhualgas ar an Aontas Eorpach bainistiú cuí agus inbhuanaithe talún a ráthú, go háirithe ag tráth amhail tráth seo na paindéime, a bhfuil slabhra straitéiseach soláthair bia áirithithe ag an earnáil phríomhúil lena linn;
1.á iarraidh ar an gCoimisiún, faoi chuimsiú chur chun feidhme na ngealltanas a leagtar amach sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ (Fit for 55), a áirithiú nach gcuirfear earnáil na talmhaíochta ná an tírdhreach i mbaol sna Ballstáit le húsáid talún talmhaíochta ar mhaithe le suiteálacha fótavoltacha ar talamh a thógáil;
2.ag tathant ar an gCoimisiún gach tionscnamh úsáideach laistigh dá réimse inniúlachtaí féin a ghlacadh ar mhaithe leis an tionchar a bhíonn ag an bhfótavoltachas ar an talamh a laghdú agus feiniméin amhantracha a sheachaint.
[1] Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).