TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le cur i gcoinne an antoisceachais Ioslamaigh ar an leibhéal idirnáisiúnta
29.9.2021
Emmanouil Fragkos
B9‑0480/2021
Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cur i gcoinne an antoisceachais Ioslamaigh ar an leibhéal idirnáisiúnta
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do na hiarrachtaí neamhrathúla a rinneadh le 20 bliain chun cur i gcoinne na sceimhlitheoireachta Ioslamaí,
– ag féachaint do Riail 143 dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí go bhfuil líonraí Ioslamacha gníomhacha ag díriú ar shochaithe na hEorpa, tríd an sceimhlitheoireacht, trí chur isteach déimeagrafach/sóisialta agus trí bhagairt chogaidh;
Β. de bhrí go bhfuil naisc ag na líonraí sin le rialtais na Tuirce, na Pacastáine, Chatar agus, níos déanaí fós, na hAfganastáine;
C. de bhrí go bhfuil na rialtais thuas ag cur dlús lena gcuid gníomhaíochtaí agus lena gcuid dioscúrsa reitriciúil, agus dlúthnaisc le líonraí Ioslamacha á gcoimeád ag an am céanna;
1. ag aithint gur gá athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an straitéis frithsceimhlitheoireachta, agus tosaíocht á tabhairt do shreafaí imirce neamhdhleathacha a shrianadh láithreach agus go héifeachtach agus do chealla sceimhlitheoirí Ioslamacha a neodrú;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle straitéis il-leibhéil inmheánach agus sheachtrach atá comhleanúnach agus cuimsitheach a tharraingt suas laistigh den bhliain chun dul i ngleic leis an Ioslamachas radacach go héifeachtach agus go hinbhuanaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta.