TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir leis an staid sa Túinéis
18.10.2021 - (2021/2903(RSP))
de bhun Riail 132(2) de na Rialacha Nós Imeachta
Salima Yenbou, Hannah Neumann, Mounir Satouri, Ernest Urtasun, Jordi Solé, Rosa D’Amato, Ignazio Corrao, Piernicola Pedicini, Francisco Guerreiro, Alviina Alametsä, Saskia Bricmont
thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE
Féach freisin comhthairiscint i gcomhair rúin RC-B9-0523/2021
B9‑0524/2021
Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an staid sa Túinéis
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Túinéis,
– ag féachaint don ráiteas ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála Josep Borrell an 27 Iúil 2021 agus dá phreasráiteas an 10 Meán Fómhair 2021 maidir leis an Iaráic, an Libia agus an Túinéis: Tá AE tiomanta níos mó ná riamh do thacaíocht a thabhairt do na tíortha agus dá muintir,
– ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 9 Feabhra 2021 maidir le Comhpháirtíocht Athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt – Clár Oibre nua don Mheánmhuir, agus don Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do Chomharsanacht an Deiscirt a ghabhann leis,
– ag féachaint do Chomhaontú Comhlachais 1995 idir AE agus an Túinéis,
– ag féachaint do ráiteas an 18 Meitheamh 2021 ó Shaineolaí Neamhspleách na Náisiún Aontaithe maidir le foréigean agus idirdhealú bunaithe ar ghnéaschlaonadh agus ar fhéiniúlacht inscne, Victor Madrigal-Borloz, dar teideal Tunisia: UN expert praises democratic progress since Revolution, says more needed for LGBT persons [An Túinéis: Molann saineolaí na Náisiún Aontaithe an dul chun cinn daonlathach a rinneadh ó tharla an Réabhlóid, ag rá gur gá níos mó dul chun cinn a dhéanamh do dhaoine LGBT], agus dá réamhbharúlacha den dáta céanna maidir lena chuairt ar an Túinéis,
– ag féachaint do bharúlacha deiridh an 24 Aibreán 2020 maidir leis an séú tuarascáil thréimhsiúil ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine maidir leis an Túinéis agus do ráiteas ón gCoiste um Chearta an Duine an 4 Márta 2020 dar teideal Human Rights Committee asks Tunisia about state of emergency and torture, urges human rights protection in counter-terrorism [Cuireann an Coiste um Chearta an Duine ceist ar an Túinéis faoin staid éigeandála agus faoi chéasadh, ag tathant ar chearta an duine a chosaint sa fhrithsceimhlitheoireacht],
– ag féachaint do bharúlacha deiridh an 2 Meán Fómhair 2021 maidir leis an gceathrú go dtí an séú tuarascáil chomhcheangailte tréimhsiúil ar an Túinéis ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh,
– ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW), a dhaingnigh an Túinéis in 1985 agus as a tharraing sí siar a forchoimeádais in 2014,
– ag féachaint don Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta (PGN) maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil 2018-2022, a glacadh in 2018,
– ag féachaint d’fhoilseachán ECFE ó mhí na Nollag 2020 dar teideal Economic Monitor, Fall 2020: Rebuilding the Potential of Tunisian Firms [Faireachán Eacnamaíoch, Fómhair 2020: Cumas Ghnólachtaí na Túinéise a atógáil],
– ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, a bhfuil an Túinéis ina páirtí ann,
– ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí, níos mó 10 mbliana tar éis agóidí 2011 nach bhfacthas riamh roimhe sin agus as a d’eascair éirí as Zine Abdin Ben Ali, go leantar d’agóid a dhéanamh sa tír, go háirithe mar thoradh ar an méid a tharla, ar ábhar imní é, tar éis comhchruinniú cumhachtaí i lámha an Uachtaráin reatha Kais Saied, a chinn, in óráid teilifíse an 25 Iúil 2021, an Príomh-Aire Hichem Mechichi agus a rialtas a bhriseadh as oifig, an Pharlaimint a chur ar fionraí ar feadh tréimhse insínte 30 lá, díolúine Fheisirí uile na Parlaiminte a tharscaoileadh agus cumhachtaí breithiúnacha a dheonú dó féin;
B. de bhrí gur fhormheas an tUachtarán Kais Saied, an 11 Deireadh Fómhair 2021, rialtas nua a roghnaigh Najla Bouden Romdhane, an Príomh-Aire nuacheaptha; de bhrí gur chomhroinn an tUachtarán agus an Príomh-Aire araon, faoi Bhunreacht 2014, cumhachtaí feidhmiúcháin;
C. de bhrí gur cuireadh iallach ar oifigí an Údaráis Náisiúnta i gcoinne an Éillithe a dhúnadh an 20 Lúnasa 2021 agus nár cuireadh aon chúiseanna leis sin ar fáil; de bhrí gur urghabh an Aireacht Gnóthaí Baile sonraí pearsanta na mílte sceithirí;
D. de bhrí go líomhnaítear go raibh na mílte pearsanra poiblí agus mílte gníomhaithe na sochaí sibhialta faoi thoirmeasc taistil gan bharántas, agus gur cuireadh na dosaenacha daoine faoi bhraighdeanas baile agus faoi fhaireachas stáit;
E. de bhrí gur eisigh an tUachtarán, an 22 Meán Fómhair 2021, Foraithne 117 ón Uachtarán inar cuireadh an Bunreacht ar fionraí, cé is moite dá bhrollach agus dá chéad dá chaibidil; de bhrí gur thug an tUachtarán lánchumhacht reachtach dó féin na dlíthe lena rialaítear páirtithe polaitiúla, toghcháin, córas na mbreithiúna, ceardchumainn agus comhlachais, saoirse an phreasa agus saoirse faisnéise, eagrúchán na roinne ceartais, fórsaí slándála inmheánaí, cearta agus saoirsí an duine, an Cód um Stádas Pearsanta, fórsaí slándála inmheánaí, custaim agus buiséad an stáit a mhodhnú le foraithne;
F. de bhrí gur chuir AE EUR 2 bhilliún de dheontais dhíreacha ar fáil don Túinéis chun tacú lena haistriú daonlathach, lena n-áirítear EUR 260 milliún in 2020 agus EUR 200 milliún, amhail ó mhí an Mheithimh 2021, mar chuid dá chúnamh macrairgeadais;
G. de bhrí, sa chomhthéacs reatha, go bhfuil grúpaí na sochaí sibhialta ag tabhairt rabhaidh go bhfuil cúl á thabhairt leis an daonlathas; de bhrí go bhfuil sochaí shibhialta bhríomhar ag an Túinéis, ina bhfuil go leor gníomhaithe, ceannairí pobail, acadóirí, ealaíontóirí agus grúpaí don óige ag slógadh agus ag éileamh athchóirithe práinneacha, lena n-áirítear maidir le frith-éilliú;
1. á chur in iúl gur mórábhar imní di staid reatha an daonlathais agus an smachta reachta sa tír agus, go háirithe, fadú chomhchruinniú na gcumhachtaí feidhmiúcháin, reachtacha agus breithiúnacha atá i lámha an Uachtaráin Kais Said;
2. á iarraidh ar an Uachtarán an staid eisceachta a aisghairm go práinneach agus daonlathas parlaiminteach iomlán agus feidhmiú cuí na gcumhachtaí feidhmiúcháin, reachtacha agus breithiúnacha a athbhunú láithreach, lena n-áirítear scaradh na gcumhachtaí; á iarraidh go ndéanfaí neamhspleáchas na mbreithiúna a urramú go hiomlán;
3. á iarraidh go nglacfar treochlár soiléir ina sonrófar na chéad chéimeanna eile agus amlíne le haghaidh aistriú polaitiúil reatha na Túinéise agus le haghaidh deireadh a chur le bearta eisceachtúla, agus pleananna socheacnamaíocha an rialtais nuacheaptha, todhchaí an chórais pholaitiúil reatha, lena n-áirítear a pharlaimint, Bunreacht 2014 agus an fhéidearthacht toghcháin reachtacha a reáchtáil go luath á gcur san áireamh;
4. ag tathant ar an Uachtarán, mar ábhar práinne, feidhmiú iomlán chomhlachtaí neamhspleácha rialála an stáit a chur i bhfeidhm arís, lena n-áirítear an comhlacht sealadach chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhunreachtúlacht na ndlíthe agus an tÚdarás Náisiúnta um Fhrith-Éilliú;
5. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá rannchuidiú na sochaí sibhialta, acadóirí, dlíodóirí, iriseoirí, gníomhaithe agus cosantóirí chearta an duine i sochaí bhríomhar, dhaonlathach agus oscailte; ag athdhearbhú gur gá idirphlé cuimsitheach náisiúnta a bhunú le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí náisiúnta uile, lena n-áirítear páirtithe polaitiúla, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus saoránaigh;
6. á iarraidh ar AE agus a Bhallstáit tacú le gníomhaithe pobail agus gníomhaithe na sochaí sibhialta atá ag obair ar athchóirithe agus ar fhrith-éilliú sa Túinéis, agus cur chuige a shaothrú lena dtacófar le cobhsaíocht ón mbun aníos agus le hiarrachtaí daonlathacha;
7. á mheabhrú go dtacaíonn sí go láidir le cosantóirí uile chearta an duine sa Túinéis agus lena gcuid oibre; á iarraidh ar thoscaireacht an Aontais agus ar ionadaithe na mBallstát sa tír a dtacaíocht don tsochaí shibhialta a neartú ina rannpháirtíocht le húdaráis na Túinéise, agus leas a bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil chun a gcuid tacaíochta d’obair chosantóirí chearta an duine a mhéadú agus, i gcás inarb iomchuí, chun eisiúint víosaí éigeandála a éascú agus dídean shealadach a chur ar fáil sna Ballstáit;
8. á chur in iúl gur cúis imní di fós an urraim a thugtar do chearta bunúsacha i gcomhthéacs na staide éigeandála agus á iarraidh go ndéanfar an smacht reachta a athbhunú go práinneach sa tír;
9. ag cur sonrú i gceapachán an Phríomh-Aire Najla Bouden, ach fós thar a bheith buartha faoi chumhachtaí feidhmiúcháin a bheith á gcoinneáil ag an Uachtarán trí Fhoraithne 117 ó Uachtarán an 22 Meán Fómhair 2021; á iarraidh ar an Uachtarán an fhoraithne sin a aisghairm go práinneach;
10. á iarraidh go gcloífear leis an gcomhionannas inscne sa Túinéis mar ábhar práinne agus á iarraidh, go háirithe, ar údaráis na Túinéise deireadh a chur leis an idirdhealú sa dlí in aghaidh na mban i réimsí cearta oidhreachta, cearta coimeádta leanaí, an chirt chun a bheith mar shealbhóir tí, an chirt chun saoire do thuismitheoirí agus cearta saothair, go háirithe d’oibrithe tí agus oibrithe talmhaíochta ar mná iad; á chur in iúl gur díol sásaimh di dlí 2017 maidir le deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh ban agus cailíní agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go hiomlán é;
11. á chur in iúl gur saoth léi úsáid leanúnach an dlí choiriúil chun géarleanúint mhíchuí a dhéanamh ar ghnéaschlaonadh neamh-normatach agus ar fhéiniúlacht inscne neamh-normatach, atá mar bhunchúis leis an idirdhealú eindéimeach, agus gníomhartha foréigin fhisicigh agus shíceolaíoch, lena gcuirtear bac ar rochtain ar cheartas do dhaoine LGBTI agus lena ndéantar iad a eisiamh ó na hearnálacha sláinte, oideachais, fostaíochta agus tithíochta;
12. á chur in iúl gur cúis imní di pionós an bháis a choinneáil i ndlíchóras na Túinéise; á chur in iúl gur saoth léi, agus ag an am céanna á thabhairt dá haire nár cuireadh aon phionós an bháis i ngníomh ó tháinig an moratóir i bhfeidhm, go bhfuil pionóis an bháis á ngearradh fós, agus go bhfuil 89 duine ar shraith an bháis sa Túinéis faoi láthair; á iarraidh ar an Túinéis pionós an bháis a dhíothú go hiomlán;
13. ag tathant go ndéanfaí athchóiriú chun cúirteanna míleata sa Túinéis a dhíothú; á mheabhrú go leanann cúirteanna míleata de bheith ag feidhmiú faoi Chód Ceartais Mhíleata 1957, lena gceadaítear trialacha míleata sibhialtach as an arm a mhaslú nó as an mbonn a bhaint dá mheanma, chomh maith le coireanna a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta amhail tréas agus spiaireacht;
14. á chur in iúl a thiomanta atá sí an smacht reachta, an daonlathas agus cearta an duine sa tír a éascú agus a thacú; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de chúnamh a thabhairt d’údaráis na Túinéise, lena n-áirítear trí chúnamh maicreacnamaíoch agus trí thionscnamh COVAX, ar choinníoll go n-urramófar cearta an duine agus prionsabail an daonlathais, i gcomhréir le hAirteagal 2 de Chomhaontú Comhlachais idir AE agus an Túinéis; á iarraidh go gcuirfear feabhas ar an gcomhar idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus deontóirí idirnáisiúnta, ar an taobh eile, chun gealltanais airgeadais don tír a urramú, agus rannchuidiú dearfach a áirithiú ag an am céanna do staid shocheacnamaíoch mhuintir na Túinéise; á iarraidh ar an gCoimisiún a idirphlé tríthaobhach le sochaí shibhialta na Túinéise agus le húdaráis na Túinéise a athsheoladh;
15. á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí, ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ar na Ballstáit leanúint de bhrú a chur ar ionadaithe polaitiúla na Túinéise i dtreo athchóiriú daonlathach, lena n-áirítear bearta frith-éillithe, breithiúna neamhspleácha agus comhionannas inscne;
16. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chuig Rialtas agus Parlaimint Náisiúnta na Túinéise.