TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN a bhfuil sé d’aidhm léi ciste cúitimh Eorpach a bhunú d’íospartaigh vacsaíní COVID-19
17.3.2022
– Comirnaty (Pfizer, BioNTech)
– Vacsaín COVID-19 Janssen
– Spikevax (vacsaín Moderna)
– Vaxzevria (vacsaín AstraZeneca)
Virginie Joron, Annika Bruna, Markus Buchheit, Susanna Ceccardi, Gianantonio Da Re, Francesca Donato, Jean‑Paul Garraud, Mislav Kolakušić, Joachim Kuhs, Hélène Laporte, Julie Lechanteux, Sylvia Limmer, Robert Roos, Ivan Vilibor Sinčić
B9‑0169/2022
Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa a bhfuil sé mar aidhm léi ciste cúitimh Eorpach d’íospartaigh vacsaíní COVID-19 a bhunú
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Riail 143 dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí go bhfuil breis is milliún cás de fhrithghníomhartha díobhálacha cláraithe cheana ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach tar éis instealladh vacsaíne i gcoinne COVID-19 a fháil:
– 582 074 i gcás Pfizer BioNTech,
– 244 603 i gcás vacsaín AstraZeneca,
– 150 807 i gcás vacsaín Moderna,
– 40 766 i gcás vacsaín Janssen[1];
B. de bhrí go mbíonn na fo-iarsmaí sin dian uaireanta – mar shampla, tuairiscítear gur chaill leanbh 13 bliana d’aois 90 % den radharc tar éis an chéad dáileog den vacsaín Pfizer[2];
C. de bhrí go maíonn an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach go raibh toradh marfach ag vacsaíní COVID-19 san Aontas maidir le thart ar 10 000 duine:
– 7 023 i gcás vacsaín Pfizer,
– 1 447 i gcás vacsaín d’AstraZeneca,
– 834 i gcás vacsaín Moderna,
– 279 i gcás vacsaín Janssen,
D. de bhrí gur chaibidligh an Coimisiún Eorpach na conarthaí ceannaigh agus nár mhian leis go mbeadh saotharlanna cógaisíochta faoi dhliteanas; de bhrí, thairis sin, nach raibh rochtain ag na Feisirí ar na conarthaí le linn na gcaibidlíochtaí;
1. á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach ciste cúitimh a bhunú d’íospartaigh vacsaíní COVID-19;
2. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit.
- [1] Figiúirí amhail an 30 Eanáir 2022, arna bhfoilsiú ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach an 17 Feabhra 2022 (https://www.ema.europa.eu/en/documents/covid-19-vaccine-safety-update/covid-19-vaccines-safety-update-17-february-2022_en.pdf).
- [2] https://france3-regions.francetvinfo.fr/provence-alpes-cote-d-azur/bouches-du-rhone/marseille/covid-un-avocat-de-marseille-depose-un-recours-contre-pfizer-les-reseaux-sociaux-s-emballent-2440867.html