TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le binse a bhunú i dtaca le coir an fhogha i gcoinne na hÚcráine
16.1.2023 - (2022/3017(RSP))
de bhun Riail 132(2) de na Rialacha Nós Imeachta
Pedro Marques, Tonino Picula, Juozas Olekas, Raphaël Glucksmann
thar ceann an Ghrúpa S&D
Féach freisin comhthairiscint i gcomhair rúin RC-B9-0063/2023
B9‑0069/2023
Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le binse a bhunú i dtaca le coir an fhogha i gcoinne na hÚcráine
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Rúis agus an Úcráin, go háirithe rún an 19 Bealtaine 2022 maidir leis an gcomhrac i gcoinne saoirse ó phionós i gcás coireanna cogaidh san Úcráin[1],
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 15 Nollaig 2022,
– ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe,
– ag féachaint do Reacht na Róimhe de chuid na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta,
– ag féachaint do rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 14 Samhain 2022 dar teideal Furtherance of remedy and reparation for aggression against Ukraine [Cur chun cinn an leighis agus an chúitimh i leith an fhogha i gcoinne na hÚcráine],
– ag féachaint do rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 3 Samhain 1950 dar teideal Uniting for peace [Aontú ar son na síochána],
– ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta, go bhfuil ceannasacht chomhionann ag gach stát agus nach mór dóibh staonadh ina gcaidreamh idirnáisiúnta ó fhorneart a bhagairt nó a úsáid i gcoinne iomláine chríochach nó neamhspleáchas polaitiúil aon stáit;
B. de bhrí, i rún uaidh an 2 Márta 2022, go ndearna Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe cur síos ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine mar fhogha de shárú ar Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe agus, i rún uaidh an 24 Márta 2022, gur iarr sé go gcuirfeadh Cónaidhm na Rúise deireadh láithreach leis an gcogaíocht i gcoinne na hÚcráine;
C. de bhrí, an 16 Márta 2022, gur ordaigh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta do Chónaidhm na Rúise a cuid oibríochtaí míleata i gcríoch na hÚcráine a chur ar fionraí láithreach;
D. de bhrí go léiríonn na hainghníomhartha a tuairiscíodh a rinne fórsaí armtha na Rúise in Bucha, Irpin agus mórán bailte eile san Úcráin le linn fhorghabháil na Rúise brúidiúlacht an chogaidh atá á chur ag Cónaidhm na Rúise ar an Úcráin agus go gcuireann siad béim ar an tábhacht atá le gníomhaíocht chomhordaithe ar bhonn idirnáisiúnta chun cuntasacht i leith choir an fhogha agus na sáruithe uile ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a shuí;
E. de bhrí, tar éis dhá dhearbhú ad hoc ón Úcráin, go bhfuil dlínse ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar choireanna cogaidh, ar choireanna in aghaidh an chine dhaonna agus ar choir an chinedhíothaithe a rinneadh ar chríoch na hÚcráine ó mhí na Samhna 2013, ach nach bhfuil dlínse ag an gCúirt ar choir an fhogha, mar a shainmhínítear in Airteagal 8 bis de Reacht na Róimhe í, sa chás i dtrácht toisc nach bhfuil Reacht na Róimhe agus na leasuithe a bhaineann le coir an fhogha daingnithe ag an Úcráin ná ag Cónaidhm na Rúise; de bhrí go bhfuil imscrúdú ar chúrsaí san Úcráin ar bun ag Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ón 2 Márta 2022 i leith; de bhrí nach ndéanfaidh bunú binse speisialta maidir le coir an fhogha difear do dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ar choireanna eile ach gurb é an chaoi go gcuirfidh sé léi;
F. de bhrí, an 30 Samhain 2022, gur mhol an Coimisiún roghanna malartacha faoin gcaoi a bhféadfaí cuntasacht a shuí, eadhon trí bhinse idirnáisiúnta neamhspleách speisialta a bheadh bunaithe ar chonradh iltaobhach nó trí chúirt speisialaithe a bheadh comhtháite i gcóras náisiúnta ceartais le breithiúna idirnáisiúnta, a mbeadh tacaíocht láidir ó na Náisiúin Aontaithe ag teastáil uathu araon;
G. de bhrí, i gconclúidí uaithi an 15 Nollaig 2022, gur mhol an Chomhairle Eorpach tuilleadh iarrachtaí chun cuntasacht iomlán i leith coireanna cogaidh a áirithiú agus chun cuntasacht i leith choir an fhogha a bhaint amach agus gur iarr sí ar an gCoimisiún, ar an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ar an gComhairle an obair sin a thabhairt ar aghaidh, i gcomhréir le dlí AE agus an dlí idirnáisiúnta, agus á chur i bhfáth go bhfuil ionchúiseamh choir an fhogha ag déanamh tinnis don phobal idirnáisiúnta ina iomláine;
1. á athdhearbhú go ndéanann sí an cáineadh is géire is féidir ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus go dtacaíonn sí go daingean le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh de theorainneacha na tíre atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus ag éileamh go mbeadh cuntasacht ann i leith gach coire cogaidh, gach coire in aghaidh an chine dhaonna agus choir an fhogha;
2. ag éileamh ar an Rúis deireadh a chur láithreach le gach gníomhaíocht mhíleata san Úcráin agus na fórsaí agus an trealamh míleata ar fad a tharraingt siar gan choinníoll ó chríoch iomlán na hÚcráine atá aitheanta go hidirnáisiúnta;
3. ag cur béim ar an bhfíoras nach bhfuil aon cheist faoi ach gur sárú soiléir ar Chairt na Náisiún Aontaithe í coir an fhogha atá á déanamh ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine, sárú nach mór don phobal idirnáisiúnta freagra a thabhairt air ar mhaithe leis an tslándáil dhomhanda agus leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe;
4. á chur in iúl go dtacaíonn sí go hiomlán leis an imscrúdú atá ar bun faoi láthair ag Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ar chúrsaí san Úcráin, lena n-áirítear na coireanna cogaidh agus na coireanna in aghaidh an chine dhaonna a líomhnaítear a rinneadh;
5. ag tathant ar an Úcráin agus ar Chónaidhm na Rúise Reacht na Róimhe de chuid na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus na leasuithe air a dhaingniú agus ballraíocht fhoirmiúil a bhaint amach sa Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta chun tacú leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta atá ar bun cuntasacht i leith coireanna tromchúiseacha idirnáisiúnta a shuí; á iarraidh ar AE tuilleadh iarrachtaí taidhleoireachta a dhéanamh chun daingniú Reacht na Róimhe agus na leasuithe ar fad atá air a chur chun cinn ar fud an domhain;
6. á iarraidh an athuair go mbunófaí binse idirnáisiúnta speisialta chun coir an fhogha a rinne ceannaireacht pholaitiúil agus mhíleata Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine a imscrúdú agus a ionchúiseamh; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) ról ceannasach a ghlacadh i dtaca leis an mbinse speisialta a bhunú agus an tacaíocht pholaitiúil, airgeadais agus phraiticiúil uile is gá a chur ar fáil le haghaidh bhunú an bhinse sin, lena n-áirítear oifig ionchúisitheora eatramhaigh a bhunú sa Háig mar an chéad chéim phraiticiúil i dtreo imscrúduithe idirnáisiúnta ar choir an fhogha i gcoinne na hÚcráine agus ionchúisimh amach anseo;
7. á iarraidh ar institiúidí AE, go háirithe an Coimisiún, an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus SEGS, oibriú chun cur leis an tacaíocht atá i measc na gcomhpháirtithe agus na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe sna Náisiúin Aontaithe, do bhunú sásra dhlíthiúil éifeachtaigh chun aghaidh a thabhairt ar choir an fhogha agus chun go dtabharfadh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe tacaíocht dó freisin;
8. ag tabhairt dá haire, i rún uaidh an 14 Samhain 2022, gur aithin Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe nach mór Cónaidhm na Rúise a choinneáil cuntasach ní hamháin i leith aon sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta san Úcráin nó i gcoinne na hÚcráine ach i leith a fogha de shárú ar Chairt na Náisiún Aontaithe freisin;
9. á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ar SEGS, in éineacht le húdaráis na hÚcráine, cur leis an tacaíocht atá i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus féachaint ar bhealaí eile a bhféadfaí na Náisiúin Aontaithe a spreagadh le tionscnamh a ghlacadh maidir leis an mbinse speisialta;
10. á chur i bhfios go láidir, cé go bhfuil comhdhéanamh beacht agus modhanna oibríochta an bhinse speisialta fós le cinneadh, go mbeidh orthu na critéir is airde maidir le trédhearcacht agus neamhchlaontacht a urramú; á mheas, thairis sin, gur cheart go dtiocfadh sé faoi dhlínse an bhinse idirnáisiúnta speisialta imscrúdú a dhéanamh ní hamháin ar cheannaireacht pholaitiúil agus mhíleata Chónaidhm na Rúise ach ar cheannaireacht stát cumasaithe na Bealarúise freisin, stát ar óna chríoch agus lena thacaíocht lóistíochta atá Cónaidhm na Rúise ag cur cogadh ar an Úcráin;
11. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint na hÚcráine, agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Chónaidhm na Rúise.
- [1] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0218.