Tairiscint i gcomhair rúin - B9-0095/2023Tairiscint i gcomhair rúin
B9-0095/2023

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir leis an ullmhúchán don chruinniú mullaigh idir AE agus an Úcráin

25.1.2023 - (2023/2509(RSP))

chun an díospóireacht maidir leis na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún a thabhairt chun críche
de bhun Riail 132(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Michael Gahler, Andrius Kubilius, Rasa Juknevičienė, Željana Zovko, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Siegfried Mureşan, Jerzy Buzek, Isabel Wiseler‑Lima, Vladimír Bilčík, Ioan‑Rareş Bogdan, Tomasz Frankowski, Sunčana Glavak, Andrzej Halicki, Sandra Kalniete, Arba Kokalari, Andrey Kovatchev, David Lega, Miriam Lexmann, Antonio López‑Istúriz White, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Aušra Maldeikienė, Lukas Mandl, Liudas Mažylis, Dace Melbārde, Dan‑Ştefan Motreanu, Gheorghe‑Vlad Nistor, Janina Ochojska, Radosław Sikorski, Michaela Šojdrová, Eugen Tomac, Inese Vaidere, Tom Vandenkendelaere, Javier Zarzalejos, Milan Zver
thar ceann an Ghrúpa PPE

Féach freisin comhthairiscint i gcomhair rúin RC-B9-0092/2023

Nós Imeachta : 2023/2509(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
B9-0095/2023
Téacsanna arna gcur síos :
B9-0095/2023
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

B9‑0095/2023

Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an ullmhúchán don chruinniú mullaigh idir AE agus an Úcráin

(2023/2509(RSP))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Úcráin,

 ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais agus don Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (DCFTA) a ghabhann leis, a síníodh in 2014,

 ag féachaint don iarratas ar bhallraíocht in AE a rinne an Úcráin an 28 Feabhra 2022, do thuairim ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2022 agus don stádas mar iarrthóir a dheonaigh an Chomhairle Eorpach an 23 Meitheamh 2022 dá bharr sin,

 ag féachaint don ochtú cruinniú den Chomhairle Comhlachais idir AE agus an Úcráin a tionóladh an 5 Meán Fómhair 2022,

 ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 13 Nollaig 2022 maidir le méadú agus an próiseas cobhsaíochta agus comhlachais,

 ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 15 Nollaig 2022,

 ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A. de bhrí go bhfuil cogadh foghach neamhdhleathach gan chúis gan údar ar bun ag Cónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine ón 24 Feabhra 2022 i leith; de bhrí gur sárú follasach agus mínáireach ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta é an cogadh foghach sin;

B. de bhrí go bhfuil ionsaithe gan idirdhealú déanta ag fórsaí na Rúise ar cheantair chónaithe agus ar bhonneagar sibhialta; de bhrí gur dúnmharaíodh na mílte sibhialtach, lena n-áirítear leanaí, cheana féin agus go ndearnadh go leor eile díobh a chéasadh, a chiapadh, a fhuadach nó a easáitiú le lámh láidir nó go ndearnadh ionsaí gnéis orthu; de bhrí go bhfuil neamhaird iomlán á tabhairt ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag fórsaí na Rúise agus ag na daoine a dhéanann ionadaíocht orthu tríd an iompar mídhaonnachtúil sin; de bhrí, an 30 Meán Fómhair 2022, go ndearna an Rúis a hionghabháil ar réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia san Úcráin, atá faoi fhorghabháil i bpáirt ag an Rúis, a dhearbhú go haontaobhach;

C. de bhrí go bhfuil an 24ú cruinniú mullaigh idir AE agus an Úcráin le bheith ar siúl an 3 Feabhra 2023; de bhrí go dtugann sé sin deis iontach don Úcráin na bearta is gá a dhéanamh chun leanúint dá cuid iarrachtaí athchóirithe, mar a leagtar síos sa Chomhaontú Comhlachais/DCFTA, agus chun aghaidh a thabhairt ar na seacht gcéim a leagtar síos i dtuairim ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2022 agus ar na bearta sin a bhfuil ballraíocht in AE mar chuspóir leo; de bhrí go léiríonn an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhlachais/DCFTA go bhfuiltear ullamh a bheag nó a mhór don phróiseas aontachais;

D. de bhrí gur iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún, i gconclúidí uaithi an 13 Nollaig 2022 maidir le méadú agus an próiseas cobhsaíochta agus comhlachais, treochlár a ullmhú ina leagfaí amach na chéad chéimeanna eile chun rochtain na hÚcráine ar mhargadh aonair AE a éascú, agus leas á bhaint as acmhainn iomlán an Chomhaontaithe Comhlachais/DCFTA leis an Úcráin;

E. de bhrí gur mhol Parlaimint na hEorpa, i moladh uaithi an 23 Samhain 2022 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an straitéis nua ó AE um méadú[1], go leagfaí spriocdhátaí soiléire síos chun an chaibidlíocht leis na tíortha aontachais a thabhairt i gcrích faoi dheireadh na ndeich mbliana seo ar a dhéanaí;

F. de bhrí gur mheabhraigh an Chomhairle, i gconclúidí uaithi an 13 Nollaig 2022, gur iarradh ar an gCoimisiún tuairisciú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a shonraítear sna tuairimí ón gCoimisiúin maidir leis na hiarratais ar bhallraíocht faoi seach mar chuid dá phacáiste rialta um méadú in 2023, agus, gan dochar don tuairisciú rialta cuimsitheach sin, gur thug sí dá haire go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún nuashonrú a sholáthar in earrach 2023;

G. de bhrí gur gheall an Coimisiún, i dtuairim uaidh an 17 Meitheamh 2022, go ndéanfadh sé faireachán ar an dul chun cinn atá déanta ag an Úcráin ó thaobh na seacht gcéim a chomhlíonadh agus tuairisciú a dhéanamh orthu agus go ndéanfadh sé measúnú mionsonraithe ar an tír a chur ar fáil faoi dheireadh 2022; de bhrí nár cuireadh an measúnú sin ar fáil go fóill;

H. de bhrí gur próiseas casta struchtúrtha atá bunaithe ar fhiúntas atá i gceist le ballraíocht a fháil san Aontas agus an t-aontachas leis, próiseas atá ag brath ar chur chun feidhme éifeachtach na n-athchóirithe agus ar thrasuí acquis AE; de bhrí go ndéantar dul chun cinn gach tíre maidir le conair an aontachais a mheasúnú ar bhonn a fiúntais féin agus ar a próiseas athchóirithe; de bhrí go mbeidh ról tábhachtach ag an gcumas atá ag an Aontas ballstáit nua a ghlacadh i mbabhtaí aontachais eile amach anseo;

I. de bhrí go músclódh oscailt thapa na caibidlíochta aontachais diongbháilteacht na nÚcránach todhchaí a dtíre mar náisiún Eorpach agus mar bhall den Aontas Eorpach agus d’Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) a chosaint, a dhaingniú agus a fhorbairt; de bhrí, trí na hathchóirithe polaitiúla, reachtacha agus riaracháin uile is gá a leagan síos go pras, go gcuirfí treoir shoiléir ar fáil d’institiúidí na hÚcráine maidir le clár oibre aontachais agus go gcuirfí toirmeasc ar aon reachtaíocht a rith nó a thrasuí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do dheiseanna aontachais na tíre;

J. de bhrí go bhfuil an féinrialtas áitiúil láidir ina bhunchloch de dhaonlathas na hÚcráine anois agus gur gné thábhachtach é den teacht aniar atá san Úcráin le linn an chogaidh; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh bardais i gceannas ar an atógáil áitiúil chun a áirithiú go mbeidh cistí náisiúnta agus idirnáisiúnta le haghaidh sreabhadh atógála ag dul chuig na háiteanna is mó a mbeidh gá leo;

1. á athdhearbhú go ndéanann sí an cáineadh is géire is féidir ar chogadh foghach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ar rannpháirtíocht na Bealarúise sa chogadh sin, agus á éileamh go gcuirfeadh an Rúis deireadh láithreach le gach gníomhaíocht mhíleata san Úcráin agus go dtarraingeodh sí gach fórsa agus trealamh míleata siar gan choinníoll ó chríoch iomlán na hÚcráine atá aitheanta go hidirnáisiúnta;

2. á chur in iúl go bhfuil sí ag seasamh i ndlúthpháirtíocht iomlán le muintir na hÚcráine, á chur in iúl go dtacaíonn sí go hiomlán le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá cuid teorainneacha atá aitheanta go hidirnáisiúnta, agus á chur i bhfios go láidir gur sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta é an cogadh i dtrácht; á athdhearbhú, ina leith sin, go gcáineann sí an ionghabháil neamhdhleathach atá déanta ag an Rúis ar réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia san Úcráin;

3. ag athdhearbhú a tiomantais do bhallraíocht na hÚcráine san Aontas Eorpach; á chreidiúint gur léiriú í ballraíocht na hÚcráine san Aontas ar infheistíocht gheostraitéiseach in Eoraip atá aontaithe agus láidir; á athdhearbhú gurb ionann iarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas agus ceannaireacht, diongbháilteacht agus fís a léiriú i gcomhthéacs an lae inniu agus an cogadh brúidiúil foghach atá ar bun ag an Rúis agus go dtugtar teachtaireacht pholaitiúil shoiléir leis go bhfuil conair Eorpach do-athraithe roghnaithe ag an Úcráin, conair a bhfuil glacadh léi i measc a comhpháirtithe san Eoraip;

4. á iarraidh go ndéanfaí bealach soiléir le haghaidh thús na caibidlíochta aontachais a leagan amach sa chruinniú mullaigh a bheidh ar siúl idir AE agus an Úcráin, bealach a bheidh bunaithe ar chur chuige céim ar chéim agus a bheidh dírithe ar bhuntáistí nithiúla a chur ar fáil do shochaí agus saoránaigh na hÚcráine ó thús an phróisis; á iarraidh ar an gCoimisiún plean misniúil uaillmhianach a chur le chéile le haghaidh na caibidlíochta sin agus á iarraidh go ndéanfaí an Úcráin a lánpháirtiú go tapa agus céim ar chéim i mbeartais agus cláir an Aontais, chomh maith le treochlár a chur ar fáil do gach céim den phróiseas sin;

5. á mheabhrú go mbeidh an próiseas aontachais bunaithe ar fhiúntas, agus go gcuireann an mhodheolaíocht athnuaite maidir le méadú béim ar réimsí tábhachtacha na hurraime don smacht reachta, na gceart bunúsach, chearta an duine, an daonlathais agus an chomhraic i gcoinne an éillithe; á chreidiúint go láidir gur chun leas polaitiúil, eacnamaíoch agus slándála an Aontais féin é go mbeadh an deis sin, atá bunaithe ar fhiúntas, ag an Úcráin ar bhallraíocht san Aontas;

6. á mheas gur deis mhaith a bheidh sa Chruinniú Mullaigh idir AE agus an Úcráin atá ar na bacáin chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag an Úcráin ó thaobh na seacht moladh a leagtar amach sa tuairim ón gCoimisiún maidir le hiarrthóireacht na hÚcráine a chomhlíonadh; ag tathant ar údaráis na hÚcráine a dtiomantas polaitiúil a léiriú trí dhlús a chur leis an dul chun cinn atá á dhéanamh acu trí bhíthin athchóirithe suntasacha a chomhlíonann na critéir maidir le ballraíocht in AE go héifeachtach; á iarraidh ar an Úcráin staonadh ó reachtaíocht a rith nach bhfuil comhoiriúnach le acquis AE nó a chuireann an méid atá bainte amach sa phróiseas athchóirithe agus sa chomhrac i gcoinne an éillithe i mbaol;

7. á mheas gur féidir leis an gCruinniú Mullaigh idir AE agus an Úcráin atá ar na bacáin rannchuidiú tuilleadh le deiseanna ballraíochta na hÚcráine trí thabhairt ar an gCoimisiún an nuashonrú ar an tuarascáil ar mhéadú a chur ar fáil in earrach 2023; á chreidiúint go ndéanfar measúnú críochnúil sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn na n-athchóirithe san Úcráin agus, mar thoradh air sin, go bhféadfadh moladh teacht ón gCoimisiún in earrach 2023 maidir le tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais i mbliana;

8. á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur lena gcúnamh míleata don Úcráin agus méadú a dhéanamh ar an gcúnamh sin, go háirithe soláthar arm, mar fhreagairt ar riachtanais atá sainaitheanta go soiléir; á chur in iúl go dtacaíonn sí leis na cinntí is déanaí i dtaobh feithiclí troda coisithe nua-aimseartha, iompróirí armúrtha pearsanra, córais aerchosanta agus an t-armlón ábhartha a chur ar fáil don Úcráin; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh a rinne rialtas na Polainne, rialtas na Gearmáine agus rialtas eile príomhthancanna catha den déanamh Leopard 2 a chur go dtí an Úcráin agus cead a thabhairt do chomhpháirtithe toilteanacha eile déanamh amhlaidh; á éileamh go gcuirfí tús láithreach le hoiliúint shaighdiúirí na hÚcráine in oibriú na dtancanna sin;

9. ag tacú le bunú an Mhisin Cúnaimh Mhíleata chun oiliúint a chur ar fhórsaí armtha na hÚcráine ar chríoch an Aontais; ag aithint na hoibre atá á déanamh faoi láthair ag Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin agus á chur in iúl gur geal léi an coigeartú a rinneadh le déanaí ar a shainordú chun tacú le húdaráis na hÚcráine i dtaobh imscrúdú agus ionchúiseamh a éascú maidir le haon choireanna idirnáisiúnta a rinne fórsaí armtha agus saighdiúirí tuarastail na Rúise i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

10. á chur in iúl go dtacaíonn sí go hiomlán i gcónaí leis an bpacáiste tacaíochta EUR 18 mbilliún nach bhfacthas a leithéid riamh cheana atá le tabhairt don Úcráin in 2023 chun a cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a áirithiú, chun an bonneagar criticiúil a atógáil agus chun seirbhísí poiblí bunriachtanacha a choinneáil;

11. á iarraidh go mbainfí úsáid as an gCruinniú Mullaigh idir AE agus an Úcráin atá ar na bacáin chun tosaíocht a thabhairt don ghá atá le phacáiste cuimsitheach téarnaimh ón Aontas a chur ar fáil don Úcráin, ar pacáiste é ba cheart a bheith dírithe ar fhaoiseamh, atógáil agus téarnamh láithreach, meántéarmach agus fadtéarmach na tíre agus cabhrú tuilleadh le fás an gheilleagair a neartú a luaithe a bheidh an cogadh thart; á mheabhrú gur cheart an pacáiste téarnaimh a bheith faoi stiúir i gcomhpháirt ag an Aontas, institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus comhpháirtithe atá ar aon intinn; á mholadh go rannchuideodh ionadaithe féinrialtais áitiúla na hÚcráine le ceapadh na mbeart téarnaimh; á mholadh go mbunófaí sásra soiléir agus trédhearcach chun go mbeadh sochaí shibhialta na hÚcráine rannpháirteach i gcinntí tábhachtacha a bhaineann leis an Úcráin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cúrsaí comhshaoil agus trédhearcachta san atógáil; á éileamh go ndéanfaí na hathchóirithe comhshaoil is ábhartha a chur chun feidhme, chomh maith le coimircí éifeachtacha a bhunú chun an comhshaol a chosaint le linn fhorbairt agus atógáil na hÚcráine; ag tacú le bunú misin faireacháin idirnáisiúnta speisialta chun taifead a dhéanamh ar iarmhairtí comhshaoil chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine d’fhonn bonn a leagan síos chun cúiteamh sonrach a fháil ón Rúis; ag athdhearbhú a hiarrata go n-aimseofaí bunús dlí cuí chun go bhféadfar sócmhainní de chuid Bhanc Ceannais na Rúise a úsáid, chomh maith le sócmhainní olagarcaí na Rúise, chun atógáil na hÚcráine a mhaoiniú; á iarraidh go n-úsáidfí acmhainn riachtanach bhuiséad an Aontais chun tacú leis an bpacáiste téarnaimh;

12. á chreidiúint gur deis mhaith a bheidh sa Chruinniú Mullaigh idir AE agus an Úcráin atá ar na bacáin chun a chur in iúl arís go bhfuil géarghá le bunú binse speisialta idirnáisiúnta chun coir an fhogha atá á déanamh ag ceannaireacht pholaitiúil agus mhíleata Chónaidhm na Rúise agus a comhghuaillithe i gcoinne na hÚcráine a ionchúiseamh;

13. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint na hÚcráine.

 

An nuashonrú is déanaí: 31 Eanáir 2023
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais