Tairiscint i gcomhair rúin - B9-0187/2023Tairiscint i gcomhair rúin
B9-0187/2023

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le gluaiseacht Antifa a chur ar liosta an Aontais Eorpaigh de sceimhlitheoirí

14.3.2023

de bhun Riail 143 de na Rialacha Nós Imeachta

Bernhard Zimniok, Markus Buchheit, Christine Anderson, Sylvia Limmer, Guido Reil, Philippe Olivier, Jean‑Paul Garraud, Roman Haider, Filip De Man

B9‑0187/2023

Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le gluaiseacht Antifa a chur ar liosta an Aontais Eorpaigh de sceimhlitheoirí

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do Chomhsheasamh na Comhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (2001/931/CBES)[1],

 ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/20 ón gComhairle an 13 Eanáir 2020 lena nuashonraítear an liosta de dhaoine, de ghrúpaí agus d’eintitis atá faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2019/1341[2],

 ag féachaint do Riail 143 dá Rialacha Nós Imeachta,

A. de bhrí go leanann Antifa d’fhoréigean a dhéanamh san Eoraip agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá, ag cur na saoirse smaointeoireachta agus cainte san Eoraip faoi chois, ag baint úsáid as ‘liostaí amais’[3] agus bearta diansmachta eile, de bhrí go líomhnaítear go bhfuair Antifa oiliúint ó ghrúpaí sceimhlitheoireachta eile sa tSiria; de bhrí gurb é Antifa a rinne na hionsaithe is déanaí le hintinn mharfach i mBúdaipeist, an Ungáir, áit ar ionsaíodh sibhialtaigh agus níos déanaí sa Ghearmáin inar gortaíodh níos mó ná 50 póilín;

1. á iarraidh ar an Ardionadaí agus ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a áirithiú go n-áireofar Antifa ar liosta an Aontais Eorpaigh de sceimhlitheoirí.

 

An nuashonrú is déanaí: 5 Aibreán 2023
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais