Tairiscint i gcomhair rúin - B9-0275/2023Tairiscint i gcomhair rúin
B9-0275/2023

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le hatógáil inbhuanaithe agus lánpháirtiú na hÚcráine sa chomhphobal Eora-Atlantach

12.6.2023 - (2023/2739(RSP))

chun an díospóireacht maidir leis na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún a thabhairt chun deiridh
de bhun Riail 132(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Michael Gahler, Andrius Kubilius, Rasa Juknevičienė, Željana Zovko, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Siegfried Mureşan, Jerzy Buzek, Isabel Wiseler‑Lima, Traian Băsescu, Vladimír Bilčík, Gheorghe Falcă, Tomasz Frankowski, Sunčana Glavak, Andrzej Halicki, Sandra Kalniete, Andrey Kovatchev, David Lega, Miriam Lexmann, Antonio López‑Istúriz White, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Aušra Maldeikienė, Lukas Mandl, Liudas Mažylis, Dace Melbārde, Gheorghe‑Vlad Nistor, Janina Ochojska, Radosław Sikorski, Michaela Šojdrová, Eugen Tomac, Inese Vaidere, Tom Vandenkendelaere, Tomáš Zdechovský, Milan Zver,
thar ceann Ghrúpa PPE

Féach freisin comhthairiscint i gcomhair rúin RC-B9-0270/2023

Nós Imeachta : 2023/2739(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
B9-0275/2023
Téacsanna arna gcur síos :
B9-0275/2023
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

B9‑0275/2023

Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le hatógáil inbhuanaithe agus lánpháirtiú na hÚcráine sa chomhphobal Eora-Atlantach

(2023/2739(RSP))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Úcráin agus an Rúis, go háirithe ó mhí Feabhra 2022 nuair a tháinig géarú ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine,

 ag féachaint do Dhearbhú Chruinniú Mullaigh ECAT i mBúcairist an 3 Aibreán 2008,

 ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile[1], a síníodh in 2014, agus don Limistéar Domhain agus Cuimsitheach Saorthrádála idir an tAontas agus an Úcráin a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais sin,

 ag féachaint don iarratas ar bhallraíocht san Aontas ón Úcráin an 28 Feabhra 2022, agus don stádas mar iarrthóir a dheonaigh an Chomhairle Eorpach an 23 Meitheamh 2022 ina dhiaidh sin, bunaithe ar mheasúnú dearfach a rinne an Coimisiún agus i gcomhréir leis na tuairimí a chuir an Pharlaimint in iúl,

 ag féachaint don óráid a thug Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, nuair a thug sé cuairt ar an bParlaimint an 9 Feabhra 2023,

 ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A. de bhrí, i ndearbhú chruinniú mullaigh ECAT i mBúcairist, gur chuir na comhghuaillithe fáilte roimh mhianta Eora-Atlantacha na hÚcráine agus gur chomhaontaigh siad go mbeidh sí ina comhalta de ECAT;

B. de bhrí go bhfuil cogadh foghach iomlán neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar ar bun ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine ón 24 Feabhra 2022 i leith; de bhrí gur sárú follasach agus mínáireach ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta é an cogadh foghach sin; de bhrí gur fhulaing an Úcráin ó fhogha na Rúise ó bhris agóidí amach i mí na Samhna 2013 i gcoinne chinneadh an uachtaráin a bhí ann ag an am síniú an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin a chur ar fionraí; de bhrí go bhfuil na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh ag an Rúis san Úcráin le 16 mhí anuas fós ag bagairt ar an tsíocháin agus ar an tslándáil san Eoraip agus ar fud an domhain;

C. de bhrí go bhfuil an Úcráin anois ina hiarrthóir aitheanta ar bhallraíocht in AE agus go bhfuil tacaíocht ollmhór faighte aici i ngach réimse ón Aontas, lena n-áirítear tacaíocht mhíleata nárbh fhacthas riamh cheana; de bhrí, ó mhí Feabhra 2022, gurb ionann an cúnamh foriomlán a gheall an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus institiúidí airgeadais Eorpacha don Úcráin agus EUR 70 billiún ar a laghad, lena n-áirítear cúnamh míleata;

D. de bhrí gurb é cogadh foghach na Rúise an choinbhleacht mhíleata is mó ar mhór-roinn na hEorpa ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda agus go léirítear leis an choimhlint atá ag dul i méid idir an t-údarásaíochas agus an daonlathas;

E. de bhrí le gach babhta de mhéadú ECAT gur cloíodh leis an bprionsabal gur cheart dó cur le tairbhí slándála na gcomhghuaillithe atá ann cheana; de bhrí go ndearna bagairt na Rúise ar fhreagairt mhíleata plé tromchúiseach faoi bhallraíocht na hÚcráine in ECAT a dhíspreagadh roimhe seo; de bhrí nár éirigh le Cairt Pháras, Meabhrán Bhúdaipeist, Conradh Cairdis, Comhair agus Comhpháirtíochta 1997 idir an Úcráin agus Cónaidhm na Rúise, agus an neamhchinnteoireacht maidir le ballraíocht na hÚcráine i gCruinniú Mullaigh ECAT i mBúcairist in 2008 cosc ar fhogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

F. de bhrí go mbeadh crios slándála liath leanúnach de mhéid na hÚcráine idir an Rúis agus an tIarthar ina cathú buan go gcruthófaí tír athbhreithnitheach neamhleasaithe den Rúis, ar an mbealach céanna leis an moladh a chuir Stalin chun cinn i 1952 go gcruthófaí tír aontaithe neodrach den Ghearmáin idir baill ECAT agus Bloc an Oirthir.

G. de bhrí go mbeidh ar Chruinniú Mullaigh ECAT i Vilnias i mí Iúil aghaidh a thabhairt ar an gceist faoi conas obair leantach a dhéanamh ar an ráiteas tacaíochta do bhallraíocht na hÚcráine a eisíodh i mBúcairist in 2008, agus fogha leanúnach na Rúise á gcur san áireamh chomh maith leis an mbealach is fearr tar éis dheireadh an chogaidh chun aon fhogha eile den sórt sin a chosc;

H. de bhrí gur seoladh an tArdán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí don Úcráin an 26 Eanáir 2023, inar tugadh le chéile oifigigh ardleibhéil ón Úcráin, ón Aontas Eorpach, ó thíortha G7, ó institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, amhail an Banc Eorpach Infheistíochta, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Banc Domhanda; de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag an Ardáin a bheith ina spreagadh chun na gealltanais idirnáisiúnta is gá a shlógadh chun freagairt do riachtanais na hÚcráine agus chun comhordú níos dlúithe a chothú chun cabhrú le freastal ar na riachtanais ar an láthair;

I. de bhrí, de réir an Mhear-mheasúnaithe ar Dhamáiste agus ar Riachtanais[2], amhail ó bhliain amháin ó thús an ionraidh iomláin, go bhfuil os cionn USD 135 bhilliún de dhamáiste dhíreach déanta do fhoirgnimh agus bonneagar san Úcráin, agus gurb iad tithíocht, iompar, fuinneamh, agus tráchtáil agus tionscal na réimsí is mó atá thíos leis; de bhrí go bhfuil an damáiste comhchruinnithe sna réigiúin ar na línte tosaigh; de bhrí go meastar gurb é USD 411 bhilliún costas na hatógála agus an téarnaimh;

J. de bhrí gur tionóladh roinnt Comhdhálacha Téarnaimh don Úcráin in Lugano, i mBeirlín agus i bPáras in 2022, agus go reachtálfar ceann eile go luath i Londain i mí Iúil 2023, ar comhdhálacha iad ina dtugtar le chéile údaráis na hÚcráine agus deontóirí ionchasacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tíortha a thacaíonn leis an Úcráin chun mionsonraí an chúnaimh a sholáthrófar do théarnamh na hÚcráine a oibriú amach; de bhrí gur thíolaic Rialtas na hÚcráine a chlár náisiúnta téarnaimh a fhónfaidh mar threoirphlean do na hiarrachtaí atógála amach anseo; de bhrí go gcuirfear Comhshocrú Gnó na hÚcráine 2023 i láthair ag an gComhdháil Téarnaimh i Londain atá ar na bacáin agus go dtabharfaidh sé ardán do mhórghnólachtaí idirnáisiúnta chun a dtacaíocht a léiriú do théarnamh na hÚcráine agus don sprioc nuachóirithe atá aici, geilleagar athléimneach agus solúbtha a thógáil agus teacht chun cinn ón gcogadh mar stát níos láidre agus níos rathúla;

K. de bhrí go ndearnadh an damba in Nova Kakhovka, atá lonnaithe ar an abhainn Dniproi, i gceantar atá faoi fhorghabháil agus faoi rialú ag an Rúis den oblast Kherson i ndeisceart na hÚcráine, a shéideadh d’aon ghnó i ngníomh sceimhlitheoireachta an 6 Meitheamh 2023; de bhrí gurbh eol gur cuireadh mianaigh sa damba; de bhrí go ndearna an pléascadh bearna ollmhór sa damba, agus go raibh uisce ag dul tríthi ag fágáil an talamh leis an sruth i dtreo Kherson faoi uisce; de bhrí mar thoradh ar an mbearna sa damba, go raibh ar na mílte sibhialtach áitiúil aslonnú, agus gur scriosadh bonneagair, tithe agus fiadhúlra, agus gur thruaillíodh an t-uisce ag ceimiceáin thionsclaíocha agus ola a sceith ón ngléasra hidreachumhachta, agus anuas air sin gur tháinig mianaigh talún i dtír a chuireann oibrithe tarrthála agus aslonnaithe i mbaol a mbáis; de bhrí, mar thoradh ar dhraenáil thaiscumar an damba go bhfágfar 584 000 heicteár talún gan uisciú, limistéar táirgiúil a raibh buaint thart ar 4 mhilliún tonna de ghrán agus de bharra ola aige roimh an gcogadh; de bhrí go soláthraíonn an taiscumar ollmhór sin uisce do phobail suas an abhainn agus gur sholáthair sé uisce fuaraithe don ghléasra cumhachta núicléiche in Zaporizhzhia freisin;

1. á athdhearbhú a dlúthpháirtíochta buanseasmhaí le muintir na hÚcráine agus le ceannaireacht na hÚcráine agus a tacaíochta do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine, laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta;

2. ag athdhearbhú a cáinte, go neamhbhalbh, ar chogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le rannpháirtíocht an réimis sa Bhealarúis; ag éileamh ar an Rúis agus a seachfhórsaí deireadh a chur le gach gníomhaíocht mhíleata, go háirithe na hionsaithe ar limistéir chónaithe agus ar bhonneagar sibhialtach, agus ag éileamh ar an Rúis gach fórsa míleata, seach-ionadaí agus trealamh míleata a tharraingt siar ó chríoch iomlán na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta, deireadh a chur le hionnarbadh éigeantach shibhialtaigh na hÚcráine agus muintir na hÚcráine uile atá faoi choinneáil a scaoileadh saor;

3. á chur i bhfios go láidir gurb é an príomhchuspóir atá ag an Úcráin an bua a bheith aici sa chogadh i gcoinne na Rúise, agus gurb éard atá i gceist leis sin ná fórsaí uile na Rúise, a hionadaithe agus a comhghuaillithe a thiomáint amach as críoch na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta; á mheas nach féidir an cuspóir sin a bhaint amach ach amháin trí sholáthar gach cineál arm, gan eisceacht, chuig an Úcráin a mhéadú, ar soláthar é ar gá a bheith leanúnach, marthanach agus ag dul i méid go seasta;

4. ag cáineadh Chónaidhm na Rúise as an damba in Nova Kakhovka a scriosadh d’aon ghnó, rud a chruthaigh tubaiste chomhshaoil agus mórthionóisc dhaonnúil, agus ar sárú é freisin ar an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí daonnúil idirnáisiúnta; á mheabhrú go bhféadfadh ionsaithe ar bhonneagar criticiúil sibhialtach a bheith ina gcoireanna cogaidh; á athdhearbhú go dtabharfar chun cuntais i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, iad siúd go léir atá freagrach as coireanna cogaidh den sórt sin, lena n-áirítear scrios an damba; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar chomhpháirtithe idirnáisiúnta na hÚcráine an cúnamh riachtanach uile a bhfuil gá láithreach leis sa limistéar faoi thuilte a sholáthar, go háirithe trealamh agus innealra le haghaidh iarrachtaí fóirithinte, uisce óil agus bia; á chur in iúl gur geal léi gníomhachtú tapa an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh scrios an damba in Nova Kakhovka sábháilteacht ghléasra cumhachta núicléiche Zaporizhzhia a chur i mbaol freisin, ar bhagairt thromchúiseach é go dtarlódh tionóisc radaíochta san Eoraip;

5. ag tacú le misean faireacháin idirnáisiúnta speisialta a chur ar bun chun taifead a dhéanamh ar iarmhairtí comhshaoil fhogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine d’fhonn bonn a leagan síos chun cúiteamh sonrach a fháil ón Rúis;

6. ag athdhearbhú a tiomantais do bhallraíocht na hÚcráine san Aontas Eorpach; á iarraidh go ndéanfaí idirghníomhaíocht nuálaíoch, chomhlántach agus sholúbtha idir an obair reatha ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhlachais atá i bhfeidhm agus an próiseas caibidlíochta aontachais, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí an Úcráin a lánpháirtiú de réir a chéile i margadh aonair agus cláir earnála an Aontais, lena n-áirítear rochtain ar chistí an Aontais sna réimsí faoi seach, rud a chuirfeadh ar chumas mhuintir na hÚcráine tairbhe a bhaint as an aontachas le linn an phróisis agus ní hamháin nuair a bheidh sé curtha i gcrích;

7. á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, go dtacaíonn sí leis an gcinneadh ón gComhairle Eorpach stádas mar iarrthóir AE a dheonú don Úcráin; ag súil le moladh dearfach ón gCoimisiún tar éis chomhlíonadh na seacht gcéim a leagtar amach sa tuairim ón gCoimisiún maidir le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht AE[3], rud a d’fhéadfadh tús a chur le caibidlíocht aontachais i mbliana agus comhdháil idir-rialtasach a thionól laistigh den tréimhse ama chéanna; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá sé tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais mar threoraíocht don Úcráin, mar ráthaíocht go leanfaidh a lánpháirtiú le AE de bheith ar an mbóthar ceart agus mar bhealach chun dlús a chur leis an bpróiseas sin; á chreidiúint gur infheistíocht gheostraitéiseach in Eoraip aontaithe agus láidir í ballraíocht na hÚcráine in AE agus gurb ionann í agus ceannaireacht, diongbháilteacht agus fís a léiriú; á mheabhrú go bhféadfadh tionchar suntasach iarmhartach a bheith ag lánpháirtiú rathúil na hÚcráine in AE sa Rúis, rud a d’fhéadfadh an bealach a réiteach do chonair dhaonlathach an athchóirithe;

8. á chur i bhfios go láidir nach mór aontachas leis an Aontas Eorpach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, bunaithe ar na nósanna imeachta ábhartha a urramú agus coinníollach ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar síos, go háirithe critéir Chóbanhávan, mar a thugtar orthu, maidir le ballraíocht san Aontas, agus gur próiseas i gcónaí é atá bunaithe ar fhiúntas lena gceanglaítear athchóirithe ábhartha a ghlacadh agus a chur chun feidhme, go háirithe i réimsí an daonlathais, an smachta reachta, chearta an duine, gheilleagar an mhargaidh agus chur chun feidhme acquis an Aontais;

9. á thabhairt chun suntais gur réamhriachtanais iad dímhianú agus imréiteach ordanáis neamhphléasctha (UXO) d’atógáil na hÚcráine, lena n-áirítear athbheochan a táirgeachta talmhaíochta, atá ríthábhachtach do gheilleagar na tíre agus do shlándáil bia réigiúnach agus dhomhanda; á chur i bhfáth go n-éilítear leis sin talamh éillithe a shainaithint trí shuirbhéanna éifeachtacha; á mheabhrú go bhfuil tríú cuid de chríoch na hÚcráine éillithe ag mianaigh agus UXO faoi láthair; á thabhairt chun suntais, mar thoradh ar an gcoinbhleacht leanúnach, nach gcumhdaítear an t-éileamh ar na gníomhaíochtaí sin leis na hiarrachtaí dímhianaithe agus imréitigh atá ann faoi láthair; á chur i bhfáth gur gá dlús a chur le dímhianú agus imréiteach UXO chun a bheith in ann cúnamh den mhéid is gá a thabhairt do na codanna den tír is mó a ndearna fogha na Rúise difear dóibh; á chur i bhfios go láidir gur gá aghaidh a thabhairt ar thearcfhoireann trí infheistíocht a dhéanamh in earcú agus oiliúint foirne dímhianadóireachta; á thabhairt chun suntais go mbeidh cistiú cuimsitheach, fadtéarmach ag teastáil chun na hiarrachtaí sin a dhéanamh lena gcumhdófar freisin na riachtanais láithreacha le haghaidh comhraic agus dímhianú daonnúil araon;

10. á chur i bhfios go láidir gur gá tús áite a thabhairt do phacáiste cuimsitheach téarnaimh AE don Úcráin, ar cheart é a bheith dírithe ar fhaoiseamh, atógáil agus téarnamh láithreach, meántéarmach agus fadtéarmach na tíre agus cabhrú tuilleadh le fás an gheilleagair a neartú a luaithe a bheidh deireadh leis an gcogadh; á iarraidh go dtacófar leis an bpacáiste téarnaimh trí chistiú inchreidte agus leormhaith ón Aontas i gcomhréir leis na riachtanais agus ag tnúth leis na tograí ón gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha agus maidir le hiarrachtaí atógála na hÚcráine sna blianta amach romhainn a mhaoiniú trí Shaoráid Atógála na hÚcráine, a luaithe a bhunófar í; á mheabhrú gurb é atógáil bonneagair chriticiúil ceann de na riachtanais láithreacha atá ann, amhail gréasáin uisce agus leictreachais, scoileanna agus ospidéil sna réigiúin is mó atá buailte;

11. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an pacáiste téarnaimh don Úcráin a nascadh le hullmhúcháin aontachais na tíre le AE agus le hathchóirithe leanúnacha intíre; á athdhearbhú gur cheart bonneagar agus acmhainneacht thionsclaíoch a ndearnadh damáiste dóibh a atógáil i gcomhréir leis an bprionsabal ‘atógáil chun feabhais’, arb é is aidhm dó geilleagar digiteach agus saor ó charbón a chur chun cinn;

12. á chur in iúl a thábhachtaí atá sé cur chun feidhme cuí a chur ar bun ar an láthair, leis an gcumas tionscadail atógála ar mhórscála agus fadtéarmacha a riar; á thabhairt chun suntais gur gá go mbeadh acmhainneacht riaracháin leordhóthanach ag an Úcráin agus go mbeadh saineolaithe idirnáisiúnta, go háirithe ón Aontas Eorpach, i láthair ar an láthair chun tionscadail atógála a riar;

13. á thabhairt chun suntais scála gan fasach na hiarrachta atógála amach anseo agus an méid maoinithe a bheidh ag teastáil chuige sin; á mheabhrú go bhfuil gá le coinníollacht dhocht agus le nósanna imeachta soiléire cinnteoireachta, tairisceana agus dámhachtana conarthaí; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá ailtireacht thrédhearcach rialachais, cuntasacht, bainistíocht fhónta airgeadais agus sásra faireacháin éifeachtach; ag moladh spreagadh a fháil ó scéalta ratha na ngníomhaireachtaí tiomnaithe atógála a bhfuil iarrachtaí atógála cuíchóirithe agus comhordaithe déanta acu, amhail i gcás na Gníomhaireachta Eorpaí um Athchóiriú sna Balcáin Thiar;

14. á mheabhrú gur cheart an pacáiste téarnaimh a bheith faoi stiúir go comhpháirteach ag an Aontais, ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus ag comhpháirtithe atá ar aon intinn, le rannpháirtíocht shuntasach an G7; á chur in iúl gur geal léi go mbunófar an Ardán Ilghníomhaireachta Comhordaithe Deontóirí don Úcráin mar uirlis le haghaidh comhar agus comhordú idirnáisiúnta chun tacú le hiarrachtaí atógála; ag cur béim ar an ngá atá ann go mbeadh Parlaimint na hEorpa rannpháirteach mar bhreathnóir; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá dea-chomhordú agus deighilt saothair idir deontóirí agus an Úcráin; á chur i bhfios go láidir gur gá úinéireacht iomlán na hÚcráine ar an bpróiseas atógála a áirithiú, le dlúth-rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na n-údarás áitiúil;

15. á mholadh go láidir go mbeadh tionchar mór ag ionadaithe féinrialtais áitiúla na hÚcráine i ndearadh na mbeart téarnaimh; á mholadh go mbunófaí sásra soiléir agus trédhearcach chun ról a thabhairt do shochaí shibhialta na hÚcráine i bpríomhphróisis chinnteoireachta, agus á iarraidh go leanfaí de thacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta;

16. á iarraidh ar Rialtas na hÚcráine leanúint d’fhéinrialtas áitiúil a neartú, athchóiriú a bhfuil ardmholadh náisiúnta agus idirnáisiúnta faighte aige, agus rath an athchóirithe díláraithe a leabú i struchtúr foriomlán phróisis deisiúcháin, téarnaimh agus atógála na hÚcráine:

17. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá dálaí comhshaoil agus trédhearcachta don iarracht atógála; á áitiú go ndéanfar na hathchóirithe comhshaoil is ábhartha a chur chun feidhme, chomh maith le coimircí éifeachtacha a bhunú chun an comhshaol a chosaint le linn atógáil na hÚcráine; á chur i bhfios go láidir gur gá measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol a úsáid le haghaidh tionscadail atógála amach anseo; ag meabhrú an tionscadail chonspóidigh a bhí san ionad saoire sciála Svydovets, a scriosfadh thart ar 1 500 heicteár d’fhoraois phríomhchabhlach agus d’fhoraois sheanfháis i sliabhraon Cairp;

18. ag tabhairt rabhadh i gcoinne úsáid a bhaint as an iarracht atógála atá ar na bacáin chun reachtaíocht a leasú ar bhealach a rachaidh chun tairbhe leasanna dílsithe áirithe ach cothrom na Féinne agus an trédhearcacht a bheith thíos leis, amhail i gcás Dréachtdlí Uimh. 5655 maidir le gníomhaíocht forbartha uirbí;

19. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair a dhéanamh ar an gcaoi ar chuir na smachtbhannaí bac go héifeachtach ar iarracht chogaidh na Rúise agus teacht timpeall ar na smachtbhannaí; á mheabhrú gur cuireadh an sárú ar na bearta sriantacha le liosta AE de chionta coiriúla;

20. ag tathant ar an Aontas, ar na Ballstáit agus ar a gcomhghuaillithe éifeachtacht na smachtbhannaí a forchuireadh cheana a neartú, céimeanna práinneacha a ghlacadh chun bac a chur ar aon iarracht teacht timpeall ar na smachtbhannaí sin agus oibriú ar shásra tánaisteach smachtbhannaí lena ndúnfaí aon lúb ar lár; ag cáineadh na dtíortha sin atá ag cabhrú leis an Rúis éifeachtaí na smachtbhannaí a fhorchuirtear a sheachaint agus á iarraidh ar an Aontas cuideachtaí, comhlachais agus daoine aonair a ghlacann páirt sa teacht timpeall ar smachtbhannaí a ionchúiseamh go dian;

21. á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú leis an gComhairle agus leis an bParlaimint, ina gcáil mar chomhreachtóirí, chun an córas dlí a chur i gcrích lena gceadaítear coigistiú a dhéanamh ar shócmhainní na Rúise arna gcalcadh ag an Aontas, lena n-áirítear sócmhainní Bhanc Ceannais na Rúise, agus lena n-úsáid chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí éagsúla fhogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear atógáil na tíre agus cúiteamh do na híospartaigh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sí den tuairim nach mór a bheith d’oibleagáid ar an Rúis, a luaithe a thiocfaidh deireadh leis an gcogadh, cúiteamh a fhorchuirtear uirthi a íoc chun a áirithiú go rannchuideoidh sí go suntasach le hatógáil na hÚcráine;

22. ag meabhrú na rioscaí a bhaineann leis an Úcráin a fhágáil i gcrios slandála liath lena dtugfaí deis don Rúis leanúint leis an gcogaíocht san fhadtéarma; á chreidiúint go láidir nach é amháin go seachnódh ballraíocht na hÚcráine in ECAT folús slándála, ach go gcuirfeadh sé roinnt deiseanna ar fáil freisin, lena n-áirítear cumais mhíleata ECAT a neartú, le fórsaí armtha na hÚcráine a bhfuil taithí catha acu agus atá feistithe le trealamh ón Iarthar a thabharfadh breisluach míleata suntasach do ECAT; á chreidiúint freisin go n-aontódh sé sin an tIarthar i gcoitinne thart ar chlár oibre níos leithne maidir le síocháin inbhuanaithe a ráthú ar mhór-roinn na hEorpa, ós rud é go ndéanfaí limistéar na dtíortha daonlathacha cobhsaí, neamh-ionsaitheacha a leathnú níos faide soir; á mheas go bhféadfadh sé sin aon ghníomhartha ionsaitheacha díoltais a d’fhéadfadh an Rúis a dhéanamh amach anseo a chosc agus deireadh a chur le leathnaitheacht nua-impiriúil na Rúise, agus, ar an gcaoi sin, plé a éascú maidir le hathrú bunúsach beartais laistigh den Rúis;

23. á chreidiúint, dá dtabharfaí cuireadh don Úcráin a bheith ina comhalta de ECAT, go dtabharfaí an comhartha is cumhachtaí is féidir, go gcuirfí iallach ar Putin agus ar na seabhaic impiriúla is diongbháilte sa Rúis a thuiscint ar deireadh nach bhfuil an Úcráin ar fáil a thuilleadh; á thabhairt chun suntais go bhfuil cobhsaíocht fhadtéarmach ríthábhachtach chun síocháin inbhuanaithe a bhaint amach agus chun cogaí san Eoraip a sheachaint sa todhchaí, agus go mbraitheann sé sin ar bhrionglóid impiriúil Putin a chloí ar an láthair chatha, ar chosc a chur ar a teacht aníos arís sa todhchaí, agus ar athbhunú an daonlathais sa Rúis tar éis Putin; á chur i bhfios go láidir nach é amháin atá i gceist le ballraíocht na hÚcráine in ECAT amach anseo ná slándáil na hÚcráine a mhéadú agus a áirithiú ach freisin cuidiú le muintir na Rúise gan géilleadh don chumha impiriúil arís, agus, ar an gcúis sin, go dtacaíonn freasúra na Rúise leis an Úcráin a bealach féin a roghnú;

24. ag dréim leis go réiteoidh na cruinnithe mullaigh atá ar na bacáin i Vilnias agus in Washington an bealach chun cuireadh a thabhairt don Úcráin ballraíocht ECAT a ghlacadh agus go gcuirfear tús leis an bpróiseas aontachais tar éis an chogaidh agus go gcuirfear bailchríoch air a luaithe is féidir, rud a neartódh ECAT agus a bheadh ina chéim bhreise i dtreo na síochána inbhuanaithe san Eoraip;

25. ag meabhrú an dúshláin mhóir a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar fhulaingt iarshaighdiúirí cogaidh na hÚcráine agus íospartaigh eile ionradh iomlán na Rúise, a mbeidh deacracht ag go leor acu lánpháirtiú go hiomlán sa saol sóisialta tar éis an chogaidh; á athdhearbhú go mbeidh athshlánú fadtéarmach síceolaíoch agus leighis agus cúnamh ath-lánpháirtithe ag teastáil ó go leor acu; á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún tógáil ar an dlúthpháirtíocht atá léirithe ag saoránaigh, cónaitheoirí agus Ballstáit AE araon agus iad ag cur fáilte roimh dhídeanaithe ón Úcráin agus féachaint ar bhealaí chun cabhrú leis an Úcráin déileáil le fulaingt dhaonna na n-iarshaighdiúirí agus na n-íospartach eile;

26. ag tabhairt comhairle don Úcráin gan dlús a chur le timthriall na dtoghchán, toghcháin a chomhcheangal nó aon athruithe ar a reachtaíocht toghcháin a thabhairt isteach; á chreidiúint, i bhfianaise chúlra an chogaidh agus an chur isteach atá ann faoi láthair ar an ngnáthshaol polaitiúil san Úcráin, go bhféadfaí a mheas, i gcás aon chinneash a dhéanfaí, gur fabhrach d’fhórsa polaitiúil ar leith sa tír é;

27. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Verkhovna Rada na hÚcráine.

An nuashonrú is déanaí: 14 Meitheamh 2023
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais