Tairiscint i gcomhair rúin - B9-0306/2023Tairiscint i gcomhair rúin
B9-0306/2023

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le sláinte agus saol daoine atá ina gcónaí gar d’fheirmeacha

21.6.2023

de bhun Riail 143 de na Rialacha Nós Imeachta

Martin Buschmann, Ignazio Corrao, Malte Gallee, Francisco Guerreiro, Anja Hazekamp, Katrin Langensiepen, Jiri Pospisil, Eugenia Rodriguez Palop, Sylwia Spurek

B9‑0306/2023

Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le sláinte agus saol daoine atá ina gcónaí gar d’fheirmeacha

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do Riail 143 dá Rialacha Nós Imeachta,

A. de bhrí go sáraíonn oibriú gabháltas beostoic na cearta chun sláinte, chun comhshaol glan agus chun saol teaghlaigh na ndaoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe;

B. de bhrí go bhfuil éifeacht thocsaineach ag astaíochtaí boltanacha ar shláinte agus ar shaol an duine, go dtáirgtear suilfíd hidrigine le hoibríochtaí feirme beostoic, agus go dtagann 90 % den amóinia san Eoraip ó gabháltais bheostoic;

C. de bhrí gur foinse baictéar agus víreas iad feirmeacha, atá ina mbagairt don duine, agus gur galair zónóiseacha iad formhór na ngalar tógálach;

D. de bhrí go n-astaíonn feirmeacha ardtiúchain d’ábhar cáithníneach;

E. de bhrí gurb í earnáil an bheostoic is cúis le 73 % de thruailliú uisce talmhaíochta;

1. á iarraidh ar an gCoimisiún nuashonrú a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais maidir leis an méid seo a leanas: fad na bhfeirmeacha ó áiteanna ina gcónaíonn agus ina n-oibríonn daoine, agus comhchruinniú na bhfeirmeacha;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún neartú a dhéanamh ar an bhfaireachán ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm Threoir Réime 2000/60/CE maidir le hUisce agus Treoir 91/676/CEE maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta sna Ballstáit;

3. á iarraidh ar an gCoimisiún leasú a mholadh go práinneach ar Threoir 2016/2284 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú chun spriocanna laghdaithe astaíochtaí a leagan síos, lena n-áirítear i gcás amóinia a tháirgeann feirmeacha, ar spriocanna iad is gá chun na cearta chun sláinte, chun timpeallacht ghlan agus chun saol an teaghlaigh a ráthú.

 

An nuashonrú is déanaí: 10 Iúil 2023
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais