TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le héifeachtacht smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise
6.11.2023 - (2023/2905(RSP))
de bhun Riail 132(2) de na Rialacha Nós Imeachta
Michael Gahler, Andrius Kubilius, Rasa Juknevičienė, Traian Băsescu, Isabel Wiseler‑Lima, Andrzej Halicki, Andrey Kovatchev, Radosław Sikorski, Vladimír Bilčík, Janina Ochojska, Sara Skyttedal, Henna Virkkunen, Arba Kokalari, Alexander Alexandrov Yordanov, Eugen Tomac
thar ceann an Ghrúpa PPE
Féach freisin comhthairiscint i gcomhair rúin RC-B9-0453/2023
B9‑0455/2023
Rún ó Parlaimint na hEorpa maidir le héifeachtacht smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Rúis,
– ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí, tar éis ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin, gur thosaigh AE agus G7 ar thrí chatagóir smachtbhannaí a chur chun feidhme i gcoinne na Rúise: (a) trádbhac ar onnmhairí earraí Rúiseacha chun an t-ioncam a laghdú atá á úsáid ag an Rúis chun a meaisín cogaidh a mhaoiniú; (b) trádbhac ar onnmhairiú táirgí ardteicneolaíochta AE ionas nach féidir leis an Rúis trealamh míleata nua a tháirgeadh bunaithe ar theicneolaíochtaí nua-aimseartha; agus (c) smachtbhannaí aonair ar olagarcaí agus ar leathbhádóirí eile réimeas Putin a thacaíonn leis an gcogadh foghach;
B. de bhrí, in 2022, gurbh ionann sciar na n-ioncam ó onnmhairí acmhainní fuinnimh agus aon trian den ioncam iomlán i mbuiséad Chónaidhm na Rúise;
C. de bhrí, ó thús an chogaidh, go bhfuil ioncam EUR 532 bhilliún saothraithe ag an Rúis ó onnmhairí breosla iontaise, agus gurb iad ceannacháin Bhallstáit AE a bhí i níos mó ná EUR 178 mbilliún de[1]; de bhrí gurbh ionann ioncam ó acmhainní fuinnimh na Rúise agus USD 321 bhilliún in 2022 amháin; de bhrí gurb ionann ioncam ó onnmhairí na Rúise d’amhola agus de tháirgí ola agus an sciar is airde ioncaim i gCónaidhm na Rúise;
D. de bhrí gur ghlac an Chomhairle cheana féin 11 phacáiste de bhearta sriantacha eacnamaíocha agus aonair i gcoinne na Rúise lena n-áirítear freisin bearta áirithe in earnáil an fhuinnimh, lena gcumhdaítear, mar shampla, earraí agus teicneolaíocht shonrach is gá le haghaidh ola a scagadh, trealamh tionscail fuinnimh, teicneolaíochta agus seirbhísí, amhola agus táirgí peitriliam scagtha, agus guail agus breoslaí iontaise soladacha eile;
E. de bhrí go bhfuil caidhpeanna praghais tugtha isteach ag Ballstáit AE, in éineacht le Comhghuaillíocht na Caidhpe Praghais, ar amhola muiriompartha, ar olaí peitriliam agus ar olaí a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis; de bhrí gur shocraigh siad na caidhpeanna praghais sin ag USD 60 in aghaidh an bhairille le haghaidh amhola, USD 45 in aghaidh an bhairille le haghaidh táirgí peitriliam lascainithe agus USD 100 in aghaidh an bhairille le haghaidh táirgí peitriliam préimhe;
F. de bhrí go meastar i staidéir éagsúla[2] gur thart ar USD 15 agus USD 20 atá sna costais táirgthe d’amhola na Rúise in aghaidh an bhairille; de bhrí, mar sin, go bhfuil na huasteorainneacha ar phraghsanna atá ann faoi láthair fós ag éascú brabús mór do réimeas Putin agus nach mbeidh tionchar diúltach go fóill ar mhéid an táirgthe ag gearradh na huasteorann praghais ar ola go USD 30;
G. de bhrí, de réir shonraí na saineolaithe[3], gurb ionann laghdú USD 1 in aghaidh an bhairille ar phraghas ola na Rúise agus laghdú USD 2.7 billiún ar ioncam bliantúil ó onnmhairí; de bhrí, i mí Feabhra 2023, gur fhág trádbhac ola an Aontais agus a uasteorainn phraghais ar an Rúis gur chaill an Rúis EUR 220 milliún in aghaidh an lae in ioncam ó onnmhairí fuinnimh;
H. de bhrí, dá dtabharfaí an uasteorainn phraghais níos gaire do chostais táirgthe sa Rúis, go bhféadfaí brabúis onnmhairiúcháin na Rúise a laghdú níos mó ná EUR 100 milliún in aghaidh an lae;
I. de bhrí go bhfuil tionchar láidir ag na smachtbhannaí ar onnmhairiú acmhainní fuinnimh na Rúise ar ioncam stáit na Rúise; de bhrí, tar éis thabhairt isteach na huasteorann praghais, gur laghdaíodh ioncam na Rúise ó onnmhairiú acmhainní fuinnimh beagnach faoina leath i mí na Nollag 2022 i gcomparáid leis na leibhéil réamhchogaidh;
J. de bhrí go raibh easnamh buiséid na Rúise in 2022 (2.3 % den olltáirgeacht intíre, nó OTI) beagnach trí huaire níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis roimh an gcogadh mar gheall ar thabhairt isteach na huasteorann praghais agus smachtbhannaí AE ar allmhairí fuinnimh ón Rúis;
K. de bhrí go bhfuil maoluithe sealadacha deonaithe ag Ballstáit áirithe AE maidir le hallmhairiú amhola muiriompartha agus ola folúsgháis na Rúise;
L. de bhrí go mbaineann Cónaidhm na Rúise tairbhe fós as onnmhairiú earraí nach bhfuil faoi smachtbhannaí agus trí bhealaí nach bhfuil faoi smachtbhannaí; de bhrí gur léir ó mhí Lúnasa 2023 i leith go bhfuil bealaí nua á n-aimsiú ag an Rúis chun dul timpeall ar an uasteorainn praghsanna ar smachtbhannaí ola agus go bhfuil méadú tagtha ar phraghsanna ola na Rúise sna margaí domhanda;
M. de bhrí go bhfuil an Rúis fós ag saothrú thart ar EUR 690 milliún in aghaidh an lae óna honnmhairí breosla iontaise (sonraí ó mhí Lúnasa 2023); de bhrí go bhfuil AE fós ag seoladh EUR 2 bhilliún in aghaidh na míosa chuig an Rúis le haghaidh breoslaí iontaise;
N. de bhrí, mar gheall ar allmhairí leanúnacha gáis píblíne agus gáis nádúrtha leachtaithe (GNL), chomh maith le heisceachtaí éagsúla ar na toirmisc ar allmhairiú amhola agus táirgí ola, go bhfuil AE fós ar cheann de na cliaint is mó atá ag an Rúis do bhreoslaí iontaise;
O. de bhrí gurb iad an Ungáir, an Bhulgáir, an tSlóvaic, an tSeicia agus an Spáinn na hallmhaireoirí AE is mó de bhreoslaí iontaise ón Rúis amhail ó mhí Iúil 2023, agus amhola trí phíblíne, GNL agus gás píblíne ón Rúis á n-allmhairiú acu den chuid is mó;
P. de bhrí, in ainneoin na smachtbhannaí, go bhfuil méadú tagtha ar sholáthairtí GNL chun na hEorpa; de bhrí, sa chéad leath de 2023, go raibh allmhairí GNL na Rúise chuig AE ar an leibhéal is airde le trí bliana anuas;
Q. de bhrí gurb é an chuideachta phríobháideach Novatek, atá faoi úinéireacht olagarcaí Rúiseacha atá gar do Vladimir Putin, príomhsholáthraí GNL na Rúise; de bhrí go bhfuil an tionscadal GNL Arctic-2 á chur chun feidhme faoi láthair ag Novatek, arb é is aidhm dó díolacháin GNL na Rúise chuig margaí idirnáisiúnta a mhéadú go mór agus go bhféadfadh sé acmhainneacht onnmhairiúcháin na cuideachta a mhéadú faoi dhó;
R. de bhrí gur soithí atá faoi úinéireacht AE a d’iompaigh an cion is airde d’amhola na Rúise in 2022 agus in 2023 araon;
S. de bhrí nach bhfuil táirgeadh Eorpach alúmanaim iomaíoch a thuilleadh i bpáirt mar gheall ar na praghsanna arda fuinnimh agus toisc go bhfuil cuid den sciar den mhargadh glactha ar láimh ag táirgeoirí alúmanaim na Rúise;
T. de bhrí nach n-áirítear fós Rosatom agus earnáil fuinnimh núicléach na Rúise sna pacáistí smachtbhannaí in ainneoin sáruithe follasacha agus marthanacha ar shábháilteacht agus slándáil núicléach ag Gléasra Cumhachta Núicléiche Zaporizhzhia; de bhrí go raibh Rosatom, trína fhochuideachtaí, ag soláthar allmhairí criticiúla teicneolaíochtaí agus ábhar don choimpléasc míleata-tionsclaíoch de chuid na Rúise; de bhrí go bhfuil Rosatom ag déanamh gnó mar is gnách le cuideachtaí teicneolaíochta núicléiche Eorpacha agus, dá bhrí sin, go leanfaidh sé de bheith ag soláthar a cheadúnais do tháirgeoirí breosla VVER-1000; de bhrí, le linn 2022 agus 2023, go bhfuil dul chun cinn mór déanta ag AE agus a Bhallstáit maidir lena spleáchas ar thionscal núicléach na Rúise a laghdú agus go bhfuil AE anois, dá bhrí sin, i riocht i bhfad níos fearr chun smachtbhannaí a ghlacadh i gcoinne Rosatom;
U. de bhrí go bhfuil flúirse fianaise[4] ann go bhfuil Cónaidhm na Rúise ag iarraidh dul timpeall ar na smachtbhannaí ar onnmhairí AE de tháirgí ardteicneolaíochta agus dé-úsáide trí thíortha neamh-AE; de bhrí go bhfuil méadú mór tagtha ar leibhéil onnmhairithe na dtáirgí AE céanna chuig an Rúis ó tugadh isteach smachtbhannaí AE ar an Rúis;
V. de bhrí, i mí na Nollag 2022, gur cheap AE David O’Sullivan mar Thoscaire Speisialta Idirnáisiúnta do Chur Chun Feidhme Smachtbhannaí AE;
W. de bhrí gur fhógair an Rúis go ndéanfaí méadú beagnach 70 % ar a buiséad cosanta in 2024 agus go sroichfeadh sé EUR 107 mbilliún, nó 6 % de OTI (suas ó EUR 63 billiún, nó 3.9 % de OTI, in 2023).
1. á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit dul ar aghaidh le raon feidhme bheartas smachtbhannaí AE a dhoimhniú, a neartú agus a mhéadú chun laghdú a dhéanamh ar chumas na Rúise a hiarrachtaí cogaidh a mhaoiniú agus teicneolaíochtaí an Iarthair a úsáid chun airm a tháirgeadh;
2. á iarraidh ar AE, ar a Bhallstáit agus ar Chomhghuaillíocht na Caidhpe Praghais an uasteorainn ar phraghas na hamhola a ísliú tuilleadh ón gcaidhp reatha USD 60/bairille go USD 30/bairille;
3. ag moladh do Bhallstáit AE breithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht trádbhac a fhorchur ar ghás peitriliam leachtaithe na Rúise agus ar allmhairí GNL na Rúise chuig an Aontas Eorpach, agus, go dtí go ndéanfar an t-imscrúdú sin, breathnú ar stop a chur le hallmhairí GNL na Rúise chuig Ballstáit aonair;
4. á iarraidh ar Bhallstáit AE agus ar Chomhghuaillíocht na Caidhpe Praghais uasteorainn phraghais a thabhairt isteach ar onnmhairí leasacháin nítrigine na Rúise;
5. á iarraidh ar an gCoimisiún sásra srianta a mholadh maidir le hallmhairí breosla má dhéanann tíortha neamh-AE a úsáideann ola na Rúise breoslaí a tháirgeadh;
6. á iarraidh ar thíortha Chomhghuaillíocht na Caidhpe Praghais toirmeasc a chur ar thrasloingsiú ola agus GNL na Rúise trína n-uiscí críochacha agus trína limistéir eacnamaíocha eisiacha;
7. á iarraidh ar an gCoimisiún smachtbhannaí a thabhairt isteach ar chuideachtaí Rúiseacha agus idirnáisiúnta atá rannpháirteach i dtógáil an chríochfoirt GNL Arctic-2 sa Rúis;
8. á iarraidh ar AE seiceálacha fíorúcháin rialta a thabhairt isteach maidir le lastais ar dearbhaíodh nach de thionscnamh na Rúise iad trí shíniú ceimiceach na hola; ag tabhairt dá haire go gcaitear go huathoibríoch le lastais amhola nach soláthraíonn measúnachtaí nó nach nglacann páirt sa chóras fíorúcháin mar ola de chuid na Rúise agus nach mór iad a dhíol i gcomhréir leis an uasteorainn praghais (faoi bhun phraghsanna an mhargaidh) agus nach féidir iad a sholáthar do mhargaí an Iarthair;
9. á iarraidh ar an gCoimisiún srian ar sheirbhísí tancaer agus trádbhac ar dhíol tancaer leis an Rúis a mholadh, chomh maith le srian ar sheirbhísí árachais Eorpacha do thancaeir, má úsáidtear iad sin chun ola na Rúise a onnmhairiú;
10. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar institiúidí eile AE maoirseacht threisithe agus láraithe ar leibhéal AE a thabhairt isteach ar chur chun feidhme smachtbhannaí ar onnmhairiú acmhainní fuinnimh na Rúise, rud a chuirfeadh cosc ar an Rúis bealaí nua a lorg agus a aimsiú chun dul timpeall ar smachtbhannaí;
11. ag tathant ar an gCoimisiún na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise ar alúmanam a fhadú; ag tathant air freisin scrúdú a dhéanamh ar na cineálacha eile táirgí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir sciar méadaithe den mhargadh ó tháirgeoirí na Rúise agus gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh;
12. á iarraidh ar Bhallstáit AE smachtbhannaí a thabhairt isteach i gcoinne Rosatom, a cheannairí agus a fhochuideachtaí, agus, dá bhrí sin, teorainn a chur leis an bhféidearthacht comhar a bheith ann go dtí an méid sin a bhfuil fíorghá leis ar mhaithe le slándáil fuinnimh an Aontais;
13. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Ghníomhaireacht Soláthair Euratom athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhar reatha le Rosatom agus tacaíocht a chur ar fáil chun roghanna malartacha féideartha a chur in ionad bhreosla, páirteanna spártha agus seirbhísí na Rúise, agus taithí rathúil na hÚcráine á cur san áireamh;
14. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar thoirmeasc a thabhairt isteach ar allmhairiú bhreosla núicléach na Rúise amhail úráiniam agus ar Bhallstáit AE ag comhoibriú leis an Rúis maidir le teicneolaíocht núicléach, lena n-áirítear maidir le hathchúrsáil agus athphróiseáil teicneolaíochtaí a bhfuil gá leo i stáisiúin chumhachta núicléiche;
15. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun deireadh a chur le dul timpeall ar na smachtbhannaí ar earraí ardteicneolaíochta agus dé-úsáide a tháirgtear in AE a onnmhairiú chuig an Rúis;
16. á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit smachtbhannaí comhchosúla a thabhairt isteach ar earraí a onnmhairiú chuig an mBealarúis agus rabhadh a thabhairt do thíortha neamh-AE go bhféadfaí smachtbhannaí a fhorchur orthu mura scoirfidh siad de sheirbhísí a sholáthar d’idirthuras earraí faoi smachtbhannaí ón Aontas go dtí an Rúis;
17. á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit forálacha nua a thabhairt isteach do chuideachtaí a bhfuil baint acu le dul timpeall ar smachtbhannaí AE lena n-eisiafaí na cuideachtaí sin ó pháirt a ghlacadh i gcur chun feidhme thionscadail na Saoráide don Úcráin le haghaidh théarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine;
18. á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar sheasamh polaitiúil Coimisinéara um Smachtbhannaí a bhunú, rud a chabhródh le comhordú níos fearr a dhéanamh ar chur chun feidhme bheartas smachtbhannaí AE;
19. ag tathant ar an gComhairle a liosta smachtbhannaí a leathnú chun go n-áireofaí ann Patriarch Kirill, Vassily Nebenzia, Buanionadaí Chónaidhm na Rúise chuig na Náisiúin Aontaithe, Dmitry Polyanskiy, Céad-Leas-Bhuanionadaí Chónaidhm na Rúise chuig na Náisiúin Aontaithe, Sergey Karaganov, Cathaoirleach bhord eagarthóireachta na Comhairle um Beartas Eachtrach agus Cosanta, agus Dmitry Trenin, ollamh taighde ag Dámh an Gheilleagair Dhomhanda agus na Polaitíochta Domhanda, Ardscoil Eacnamaíochta na hOllscoile Taighde Náisiúnta, atá ar thús cadhnaíochta maidir le bréagaisnéis a scaipeadh faoi chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a bhfuil sé iarrtha go hoscailte ar an Rúis acu stailceanna núicléacha a dhéanamh ar bhalltíortha ECAT;
20. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle na hEorpa agus chuig rialtais agus parlaimintí thíortha G7.
- [1] https://www.russiafossiltracker.com/.
- [2] https://cepr.org/voxeu/columns/design-and-implementation-price-cap-russian-oil; https://discovery.ucl.ac.uk/id/eprint/10174498/; https://www.bruegel.org/analysis/how-much-will-eu-pay-russia-fossil-fuels-over-next-12-months.
- [3] https://energyandcleanair.org/july-2023-monthly-snapshot-on-russian-fossil-fuel-exports-and-sanctions/; https://www.iea.org/articles/frequently-asked-questions-on-energy-security; https://www.bruegel.org/comment/eu-without-russian-oil-and-gas.
- [4] ‘Päckchen für Putin’, Der Spiegel, Uimh. 21 / 20.5.2023 (alt i nGearmáinis).