Tairiscint i gcomhair rúin - B9-0456/2023Tairiscint i gcomhair rúin
B9-0456/2023

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le héifeachtacht smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise

6.11.2023 - (2023/2905(RSP))

chun an díospóireacht maidir leis na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún a thabhairt chun deiridh
de bhun Riail 132(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Sergey Lagodinsky, Saskia Bricmont, Anna Cavazzini, Francisco Guerreiro, Mounir Satouri
thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE

Féach freisin comhthairiscint i gcomhair rúin RC-B9-0453/2023

Nós Imeachta : 2023/2905(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
B9-0456/2023
Téacsanna arna gcur síos :
B9-0456/2023
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

B9‑0456/2023

Rún ó Parlaimint na hEorpa maidir le héifeachtacht smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise

(2023/2905(RSP))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Úcráin agus an Rúis, go háirithe ó mhí Feabhra 2022 nuair a tháinig géarú ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine,

 ag féachaint don 11 phacáiste smachtbhannaí i ndiaidh a chéile i gcoinne na Rúise a ghlac an tAontas ó mhí Feabhra 2022,

 ag féachaint don sainordú caibidlíochta a ghlac an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh an 9 Feabhra 2023, a formheasadh le linn shuí iomlánach an 15 Márta 2023,

 ag féachaint do thuarascáil óna Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an 7 Iúil 2023 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais,

 ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A. de bhrí go bhfuil cogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar ar bun ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine ón 24 Feabhra 2022 i leith; de bhrí gur sárú follasach agus mínáireach ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta é an cogadh foghach sin; de bhrí, mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise, gur ghlac an tAontas smachtbhannaí diana nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo trí 11 phacáiste i ndiaidh a chéile lena ndírítear ar scothaicmí polaitiúla na Rúise agus ar phríomhearnálacha gheilleagar na Rúise;

B. de bhrí gurb é cuspóir sonraithe na smachtbhannaí iarmhairtí tromchúiseacha a fhorchur ar an Rúis dá gníomhaíochtaí agus a cumas leanúint dá cogadh foghach a chosc go héifeachtach, trí bhonn eacnamaíoch na Rúise a lagú, trí bhac a chur ar rochtain na Rúise ar theicneolaíochtaí agus comhpháirteanna míleata, agus tríd an mbonn a bhaint ó thacaíocht scothaicmí polaitiúla agus eacnamaíocha na Rúise don réimeas;

C. de bhrí gur fhorchuir an tAontas roinnt srianta ar allmhairiú agus ar onnmhairiú ar an Rúis mar chuid de na smachtbhannaí eacnamaíocha chun a dtionchar diúltach ar gheilleagar na Rúise a uasmhéadú; de bhrí go bhfuil údaráis chustaim AE freagrach as na toirmisc sin a chur chun feidhme;

D. de bhrí gur ghlac an tAontas smachtbhannaí spriocdhírithe i gcoinne na Bealarúise agus na hIaráine freisin, mar fhreagairt ar a rannpháirtíocht i gcogadh foghach na Rúise;

E. de bhrí, i mí an Mheithimh 2022, gur ghlac an Chomhairle an séú pacáiste smachtbhannaí lena gcuirtear toirmeasc ar amhola mhuiriompartha agus ar tháirgí áirithe peitriliam a cheannach ón Rúis nó na hearraí sin a allmhairiú nó a aistriú ón Rúis chuig an Aontas; de bhrí nár áiríodh earnáil an gháis nádúrtha agus an earnáil núicléach sna smachtbhannaí; de bhrí go léirítear in go leor staidéar go bhfuil an tAontas in ann gás na Rúise a ionadú go hiomlán; de bhrí, in ainneoin sprioc REpowerEU maidir le deireadh a chur le spleáchas AE ar bhreoslaí iontaise na Rúise faoi 2027, go bhfuil na méideanna is mó riamh de ghás nádúrtha leachtaithe á n-allmhairiú ag AE ón Rúis ar fiú na billiúin euro iad;

F. de bhrí go dtugann formhór na saineolaithe rabhadh, cé go bhfuil na smachtbhannaí ag obair, nach bhfuil a dtionchar dian go leor chun teorainn a chur le cumas na Rúise cogadh a fhearadh ar an Úcráin agus go n-iarrann siad go ndéanfar bearta breise chun raon feidhme agus forfheidhmiú na smachtbhannaí a mhéadú;

G. de bhrí, in ainneoin rath na bpacáistí smachtbhannaí is déanaí maidir le himchéimniú smachtbhannaí a chiorrú, gur suntasach fós an sreabhadh díreach earraí atá faoi smachtbhannaí agus atá criticiúil ó thaobh an chogaidh de ón Aontas go dtí an Rúis; de bhrí go léirítear i dtaighde gurb iad roinnt tíortha AE is cúis le heis-sreafaí díreacha móra díréireacha earraí atá faoi smachtbhannaí chuig an Rúis, lena n-áirítear an Pholainn, an Ghearmáin agus an Liotuáin, agus go bhfuil cuid de na hearraí a bhfuil smachtbhannaí curtha orthu á seoladh tríd an mBealarúis ag an Liotuáin;

H. de bhrí go leanann an Rúis freisin de rochtain a fháil ar earraí srianta AE trí shlabhraí soláthair a fheidhmíonn trí thríú tíortha lena n-éascaítear imchéimniú smachtbhannaí, go háirithe an Bhealarúis, an tSeoirsia, an Tuirc, an Chirgeastáin, an Airméin agus an Chasacstáin;

I. de bhrí, i mí na Nollag 2022, gur cheap an tAontas David O’Sullivan mar Thoscaire Speisialta Idirnáisiúnta um Chur Chun Feidhme Smachtbhannaí AE; de bhrí gur áiríodh uirlis shonrach frith-imchéimniúcháin sa phacáiste smachtbhannaí is déanaí, a glacadh i mí an Mheithimh 2023;

J. de bhrí gur cuireadh bac ar thionchar smachtbhannaí AE ar an Rúis, mar gheall ar an gcaidreamh níos dlúithe idir an Rúis agus an tSín, ó thaobh trádáil fuinnimh agus earraí dé-úsáide araon, chomh maith le tacaíocht taidhleoireachta agus straitéiseach;

K. de bhrí go mbíonn daoine de chuid shochaí shibhialta na Rúise agus daoine de lucht freasúra na Rúise atá ar deoraíocht in AE ag streachailt leis an tionchar díréireach atá ag roinnt de na smachtbhannaí ar a saol laethúil ar bhealach nach bhfreagraíonn don chuspóir atá á shaothrú ag beartas smachtbhannaí AE ach a bhaineann an bonn ó inchreidteacht AE;

1. ag athdhearbhú a dlúthpháirtíochta buanseasmhaí le muintir na hÚcráine agus le ceannaireacht na hÚcráine agus a tacaíochta do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine, laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta;

2. á athdhearbhú go gcáineann sí go láidir cogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine chomh maith le rannpháirtíocht na Bealarúise sa réimeas seo; á éileamh go gcuirfeadh an Rúis agus a seachfhórsaí deireadh leis na gníomhaíochtaí míleata uile agus go ndéanfadh an Rúis gach fórsa míleata, seachionadaí agus trealamh míleata a tharraingt siar ó chríoch iomlán na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta, deireadh a chur le díbirt éigeantach shibhialtaigh na hÚcráine agus gach Úcránach atá faoi choinneáil a scaoileadh saor;

3. á chur i bhfios go láidir, ós rud é gur ionstraim beartais eachtraigh iad smachtbhannaí AE ar an Rúis a bhfuil sé mar aidhm léi deireadh a chur le cogadh neamhdhleathach, go bhféadfaí imchéimniú na srianta onnmhairiúcháin sin ar earraí atá criticiúil ó thaobh an chogaidh de, i gcásanna tromchúiseacha áirithe, a mheas agus a ionchúiseamh mar chomhpháirteachas i gcoireanna cogaidh na Rúise;

4. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an trádáil leanúnach earraí atá criticiúil ó thaobh an chogaidh de idir tíortha AE agus an Rúis; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil cultúr comhlíonta maidir leis an rialacha a bhaineann le smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise go mór in easnamh; ag cáineadh an chleachtais lena ndíoltar earraí ón Aontas atá faoi smachtbhannaí le cuideachtaí nó le daoine aonair ó thríú tíortha, cé go bhfuil na hearraí fós in AE, agus lena seoltar go díreach chuig an Rúis iad ina dhiaidh sin; ag cáineadh cuideachtaí, lena n-áirítear iad siúd san Aontas, a sheachnaíonn smachtbhannaí d’aon ghnó, lena ndéantar brabúis ollmhóra mar thoradh orthu, agus, ar an gcaoi sin, lena mbaintear an bonn ó iarrachtaí AE tacú leis an Úcráin;

5. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil roinnt tríú tíortha ag cabhrú leis an Rúis teacht timpeall ar smachtbhannaí, de réir na dtuairiscí; á chur in iúl gur mór aici, ina leith sin, obair David O’Sullivan, an Toscaire Speisialta Idirnáisiúnta um Chur Chun Feidhme Smachtbhannaí AE; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh an uirlis nua frith-imchéimniúcháin san áireamh mar chuid den 11ú pacáiste smachtbhannaí a glacadh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuairiscí go bhfuil an Asarbaiseáin ag sciúradh gáis ón Rúis; á iarraidh go mbainfí úsáid phráinneach as na huirlisí uile atá ar fáil chun a chur ina luí ar Rialtas na hAsarbaiseáine scor de bheith i gclaonpháirt le réimeas na Rúise;

6. á áitiú gur cheart go ndéanfaí imchéimniú bheart sriantach an Aontais, lena n-áirítear trí earraí a aistriú chuig ceann scríbe ina bhfuil srian ar a n-allmhairiú, a n-onnmhairiú, a ndíol, a gceannach, a n-aistriú nó a n-iompar, a choiriúlú ar leibhéal an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach don fhorfheidhmiú go ndéanfaidh an tAontas sáruithe díreacha ar smachtbhannaí, lena n-áirítear nuair a dhéantar iad le mórfhaillí, chomh maith le sáruithe indíreacha ar smachtbhannaí trí himchéimniú bhearta sriantacha an Aontais, a choiriúlú go tapa; ag athdhearbhú, ina leith sin, a seasaimh maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais;

7. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tuilleadh acmhainní daonna agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil d’údaráis chustaim náisiúnta atá tiomanta d’imscrúdú gníomhach a dhéanamh ar aon fhianaise nó ar chásanna amhrasta d’imchéimniú smachtbhannaí ag cuideachtaí san Aontas, cé acu d’aon ghnó nó de thaisme a dhéantar é;

8. á iarraidh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a reachtaíocht náisiúnta maidir le smachtbhannaí, oiliúint leormhaith a chur ar údaráis forfheidhmithe smachtbhannaí agus trédhearcacht maidir le forfheidhmiú a mhéadú i gcás inar féidir; ag tathant ar na húdaráis forfheidhmithe feabhas a chur ar an bhfaireachán córasach a dhéantar ar shonraí custaim;

9. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit féachaint ar na roghanna maidir le dreasachtaí dearfacha a d’fhéadfadh a bheith ann in éineacht le forfheidhmiú níos déine agus níos dícheallaí, mar shampla trí cheangal a chur ar chuideachtaí a chruthú go bhfuil smachtbhannaí á gcomhlíonadh go hiomlán acu chun iad a mheas le haghaidh tairiscintí;

10. á chur i bhfios go bhfuil ag éirí go maith le húdaráis na Ríochta Aontaithe smachtbhannaí a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an comhar teicniúil leis an Ríocht Aontaithe a mhéadú agus dea-chleachtais a mhalartú; á chur i bhfáth gur gá leanúint de dhlúthchomhordú agus de mhalartú dea-chleachtas maidir le forfheidhmiú smachtbhannaí leis na Stáit Aontaithe, le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise agus ar fud an domhain, lena n-áirítear institiúidí idirnáisiúnta ábhartha;

11. á chur i bhfáth gur cheart aon éifeacht dhaonnúil dhíobhálach nó aon iarmhairt neamhbheartaithe do dhaoine nach bhfuil na bearta sin dírithe orthu a laghdú, a mhéid is féidir, le cur chun feidhme smachtbhannaí; á iarraidh, ina leith sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit maolú a dhéanamh ar na hiarmhairtí diúltacha d’ionadaithe de chuid shochaí shibhialta na Rúise agus na Bealarúise agus d’ionadaithe de lucht freasúra na Rúise agus na Bealarúise atá ar deoraíocht, ós rud é nach rannchuidíonn dochar a dhéanamh dóibh le cuspóir sonraithe na smachtbhannaí a bhaint amach, eadhon teorainn a chur le cumas na Rúise a cogadh foghach a fhearadh ar an Úcráin; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a léirmhíniú ar smachtbhannaí as a n-eascraíonn urghabháil agus coigistiú earraí agus feithiclí le haghaidh úsáid phearsanta amháin; á chur i bhfáth go mbaintear an bonn ó sprioc agus ionstraim na smachtbhannaí leis an ró-chomhlíonadh sin;

12. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an 12ú pacáiste smachtbhannaí a ghlacadh go pras lena leathnaítear raon feidhme na smachtbhannaí, go háirithe ar an ngeilleagar agus ar earnáil an fhuinnimh, trí thoirmeasc a chur ar bhreoslaí iontaise, úráiniam, teicneolaíocht núicléach agus diamaint a allmhairiú ón Rúis; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí leis an 12ú pacáiste smachtbhannaí an córas ceadúnúcháin atá ann faoi láthair maidir le húsáid mhíleata agus earraí dé-úsáide a leathnú chun grúpa i bhfad níos mó d’earraí atá ábhartha i gcás cogaidh a áireamh, lena n-áirítear comhpháirteanna digiteacha;

13. á iarraidh ar an gComhairle teacht ar chomhaontú maidir le deireadh a chur go pras agus go hiomlán le gás Rúiseach i margadh an Aontais de réir a chéile, lena n-áirítear trí dheireadh a chur le hallmhairí díreacha agus indíreacha gáis nádúrtha leachtaithe ón Rúis;

14. á iarraidh go gcuirfí smachtbhannaí ar earnáil núicléach na Rúise, lena n-áirítear smachtbhannaí aonair i gcoinne cheannaireacht Rosatom, chun láithreacht na Rúise in earnáil fuinnimh núicléach na hEorpa a laghdú agus deireadh a chur léi de réir a chéile, chun aistrithe teicneolaíochta go Rosatom a chosc, chun cosc a chur ar shoithí ó Atomflot, ar fochuideachta de chuid Rosatom é, teacht isteach i gcalafoirt AE agus chun brú idirnáisiúnta a mhéadú i dtaca le deireadh a chur le forghabháil Ghléasra Cumhachta Núicléiche Zaporizhzhia agus, ar bhonn níos ginearálta, i dtaca le sábháilteacht gléasraí cumhachta núicléiche a ndéantar difear dóibh mar thoradh ar an gcoinbhleacht a áirithiú;

15. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle, d’fhonn thoirmeasc iomlán a chur ar allmhairiú thráchtearraí fuinnimh uile na Rúise, an uasteorainn ar phraghsanna d’amhola na Rúise a ísliú go suntasach;

16. á chur i bhfáth gur féidir earraí áirithe atá faoi smachtbhannaí agus atá criticiúil ó thaobh an chogaidh de a onnmhairiú ón Aontas chuig an Rúis tríd an mBealarúis i gcónaí; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí na bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise a ailíniú go hiomlán leis na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i gcoinne na Rúise;

17. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an méadú atá tagtha ar thrádáil earraí dé-úsáide idir an tSín agus an Rúis agus á iarraidh ar an gCoimisiún an 12ú pacáiste smachtbhannaí a úsáid chun díriú tuilleadh ar chuideachtaí Síneacha atá ag díol trealamh a d’fhéadfaí a úsáid in airm chun tacú le meaisín cogaidh na Rúise;

18. á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún a dtrédhearcacht agus a ngairmiúlacht a mhéadú maidir leis an gcaoi a sainaithníonn siad daoine ar cheart díriú orthu nó iad a scaoileadh ó smachtbhannaí pearsanta; á athdhearbhú go ndéantar dochar leis an mbealach oibriúcháin atá ann faoi láthair do chlú an chórais smachtbhannaí atá ann cheana;

19. á iarraidh ar na Ballstáit uile leanúint de bheith aontaithe ina bhfreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus tacaíocht chuimsitheach agus shubstainteach a chur ar fáil d’earnáil fuinnimh na hÚcráine le linn shéasúr an gheimhridh atá le teacht;

20. á iarraidh ar gach tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas agus ar gach tír is iarrthóir ionchasach ailíniú le beartas smachtbhannaí AE agus é a chur chun feidhme leis an leibhéal is airde grinnscrúdaithe;

21. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús breise a chur lena n-iarrachtaí taidhleoireachta chun comhghuaillíocht na dtíortha a chuir na smachtbhannaí i bhfeidhm agus a thacaigh leo a leathnú, lena n-áirítear san Afraic, san Áise agus i Meiriceá Theas;

22. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig parlaimintí na mBallstát agus chuig údaráis na Rúise.

An nuashonrú is déanaí: 8 Samhain 2023
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais