TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le nuashonrú a dhéanamh ar Rialachán AE maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, anailís a dhéanamh orthu agus bearta leantacha a dhéanamh ina leith chun tuairisciú UAP a chur san áireamh
11.3.2024
Francisco Guerreiro
B9‑0194/2024
Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le nuashonrú a dhéanamh ar Rialachán AE maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, anailís a dhéanamh orthu agus bearta leantacha a dhéanamh ina leith chun tuairisciú UAP a chur san áireamh
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Riail 143 dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí go bhfuil feiniméin aimhrialta neamhaitheanta (UAPanna) fós ina n-ábhar stiogmataithe, rud a chuireann bac go minic ar bhailiú agus anailís mhodheolaíoch sonraí ag an bpobal eolaíochta;
B. de bhrí go bhfuil líon suntasach tarluithe UAP, lena n-áirítear go leor amharc pearsanta ó phíolótaí aerlíne agus a bhfoirne, fós gan mhíniú nó gan tuairisciú;
C. de bhrí nach gceadaítear le Rialachán (AE) 376/2014[1] ach do ghairmithe eitlíochta tuairisciú a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le sábháilteacht;
D. de bhrí gur mhol reachtóirí dépháirteacha sna Stáit Aontaithe reachtaíocht nua (Bill HR6967, an tAcht um Spás Sábháilte do Mheiriceánaigh) chun píolótaí sibhialta agus pearsanra eitlíochta a thuairiscíonn amharc UAP a chosaint;
1. á mheas gur cheart do AE treoirlínte a mholadh le haghaidh modheolaíocht chomhchoiteann chun amharc ar UAP a thuairisciú agus a anailísiú, rud a d’fhéadfadh bunachar sonraí agus stór comhchuibhithe AE a bheith mar thoradh air agus, ar an gcaoi sin, malartú teicniúil faisnéise idir na Ballstáit a cheadú;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh go ndéanfaí an reachtaíocht atá ann faoi láthair a thabhairt cothrom le dáta, eadhon Rialachán (AE) 376/2014, chun sásra a áireamh le haghaidh tuairisciú agus anailís sonraí atá comhsheasmhach, trédhearcach agus saor ó stiogma maidir le UAPanna in aerspás an Aontais, lena n-áirítear i gcás nach léir go bhfuil riosca sábháilteachta láithreach ann do na haerárthaí lena mbaineann mar gheall ar tharluithe den sórt sin.
- [1] Rialachán (AE) 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO L 122, 24.4.2014, lch. 18).