One-minute speeches on matters of political importance
Liadh Ní Riada (GUE/NGL). – A Uachtaráin, tá deacrachtaí an-bhunúsacha againn leis an gcóras oideachais in Éirinn agus ní mór dúinn é a athrú ó bhun go barr. Is léir nach bhfuil an rialtas ag tabhairt tosaíocht dár ndaoine óga maidir le hoideachas. Feicimid páistí gan aon tacaíocht ar fáil dóibh, páistí le riachtanais speisialta, páistí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu agus páistí as cúlra bocht, agus cén saghas todhchaí atá i ndán dóibh? Tá ciníochas go forleathan agus easpa múinteoirí cáilithe chun déileáil leis. Gan amhras nuair nach bhfuil an stát ag tabhairt ach pinginí suaracha do mhúinteoirí nua-cháilithe, ní haon ionadh nach bhfuil scoláirí ag iarraidh cáilíochtaí múinteoireachta a bhaint amach. Tá easpa múinteoirí Gaeilge ann atá ag déanamh fíor-dhamáiste dár dteanga dhúchasach mar nach bhfuil na múinteoirí sin ar fáil. Mura dtabharfar aghaidh ar infheistíocht cheart a dhéanamh insan gcóras oideachais beidh costas i bhfad níos mó ar an stát amach anseo agus mar sin táim ag glaoch ar an rialtas anois chun an rud ceart a dhéanamh agus an infheistíocht cheart a dhéanamh ionas go bhfuil todhchaí dhearfach ar fáil dár scoláirí anseo amach.