Fill ar thairseach Europarl

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Innéacs 
 Téacs iomlán 
Tuarascáil focal ar fhocal na n-imeachtaí
Dé Céadaoin, 4 Iúil 2018 - Strasbourg Eagrán athbhreithnithe

2019 budget - Trilogue mandate (debate)
MPphoto
 

  Liadh Ní Riada, thar ceann an Ghrúpa GUE/NGL. – A Uachtaráin, mo bhuíochas leis an Uasal Viotti i gcomhair na hoibre ar fad atá déanta aige. Ba chóir an tuarascáil ar shainordú idirbheartaíochta bhuiséad 2019 a bheith níos láidre agus bá chóir di aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní atá ag saoránaigh ar fud na hEorpa.

Táimidne ag cur roinnt leasuithe ar aghaidh. Ar an gcéad dul síos, táimid ag iarraidh go gcoimeádfar an tAontas Eorpach mar ghníomhaí sibhialtach. Creidimid go n-éireoidh níos fearr le leas ár saoránach, le dí-armáil, níos mó béime ar réiteach coimhlinte agus trí shíocháin agus cobhsaíocht a chur chun cinn. Táimid ag iarraidh ar institiúidí agus comhlachtaí i dtríú tíortha a dhéanann forbairt ar theicneolaíocht mhíleata a choimeád amach ó mhaoiniú taighde faoi Horizon.

Cuirim fáilte roimh ghlaoch na tuarascála maidir le dlúthpháirtíocht Eorpach do dhídeanaithe, agus ní mór dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar rialachán Bhaile Átha Cliath. Mar sin féin, táim i gcoinne na slí go bpléann sé dídeanaithe agus slándáil shaoránaigh AE i dteannta lena chéile, agus ní haon leithscéal é seo chun dul i dtreo fórsaí míleata.

Ba chóir dúinn níos mó béime a chur ar shlándáil eacnamaíoch agus ar shaol na ndaoine a fheabhsú. Táimid ag iarraidh fíorthacaíocht do FBManna; is tiománaithe an gheilleagair iad. Tá an ionstraim airgeadais de chuid an EFSI, atá ceaptha chun cabhrú le FBManna, rochtain a fháil ar mhaoiniú, ag feidhmiú den chuid is mó mar mheicníocht chun airgead poiblí a úsáid ar athchaipitliú na mbanc.

Táimid tar éis leasuithe a mholadh ag iarraidh níos mó slándála ioncaim d’fheirmeoirí agus dóibh siúd atá ag obair san earnáil iascaireachta, atá buailte go dona leis an ngéarchéim eacnamaíochta. Agus táimid ag iarraidh go nglacfar anois le plean oibre chun dul i ngleic le hardráta dífhostaíochta óige, slándáil ísealfhostaíochta agus pá marbhánta.

Agus mar sin, táim ag súil gur féidir linn brath ar do thacaíocht.

 
An nuashonrú is déanaí: 27 Meán Fómhair 2018Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais