Fill ar thairseach Europarl

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Roghnaithe)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Innéacs 
 Téacs iomlán 
Díospóireachtaí
Dé Céadaoin, 12 Meán Fómhair 2018 - Strasbourg Eagrán athbhreithnithe

A European Strategy for Plastics in a circular economy - Options to address the interface between chemical, product and waste legislation (debate)
MPphoto
 

  Liadh Ní Riada (GUE/NGL). – A Uachtaráin, caithfidh mé a rá go bhfuil sé thar a bheith in am go dtabharfaidh an tigh seo aghaidh ar na dúshláin ollmhóra atá romhainn ó thaobh truailliú, agus go háirithe plaisteach. Agus cé go gcuirim fáilte roimh an tuarascáil agus gur céim chun tosaigh é, ní fiú faic é mura bhfuil sé curtha i bhfeidhm go láidir.

Is léir go bhfuil dualgas orainn ar fad freagracht a ghlacadh maidir le húsáid plaisteach, ach tá dualgas níos mó ar na comhlachtaí ilnáisiúnta – agus cinn eile nach iad – an rud ceart a dhéanamh agus cosc a chur ar phlaistigh a úsáid ina gcuid táirgí. Táim ag moladh mar sin, go mbeadh pionós faoi leith curtha orthu siúd nach nglacann le reachtaíocht chun deireadh a chur le húsáid plaisteach aonarach.

Ní hamháin go gcaithfimid réiteach práinneach a fháil ar an bhfadhb atá ann faoi láthair, ach caithfimid dul i ngleic leis an bplaisteach aonarach atá ag líonadh ár bhfarraigí gach nóiméad de gach lá. Níos mó plaisteach inár bhfarraigí in 2050 ná éisc; tá sé deacair é sin a shamhlú. Agus mar sin, ní féidir ligean dó seo leanúint ar aghaidh.

Mar sin, coinnímis leis an toil agus an dea-obair, ach níos tábhachtaí fós, caithfear an reachtaíocht seo a chur chun cinn agus deireadh a chur le plaisteach aonarach ach go háirithe.

 
An nuashonrú is déanaí: 13 Samhain 2018Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais