Fill ar thairseach Europarl

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Innéacs 
 Téacs iomlán 
Tuarascáil focal ar fhocal na n-imeachtaí
Dé Céadaoin, 28 Samhain 2018 - Brussels Eagrán athbhreithnithe

One-minute speeches on matters of political importance
MPphoto
 

  Liadh Ní Riada (GUE/NGL). – A Uachtaráin, in Éirinn déantar teaghlaigh a chaitheamh amach ó thithe agus ó fheirmeacha ó lá go lá. Leis an gcruatan atá ann go forleathan sna pobail tuaithe agus leis an ngéarchéim tithíochta atá againn inár dtír, tá díbirt ag dul ar aghaidh go laethúil.

Ba cheart go mbeadh náire ar Fhine Gael agus ar Fhianna Fáil, agus tá milleán ar an Aontas Eorpach chomh maith. Nuair atá fiacha neamh-inbhuanaithe i gceist, ba chóir do na bainc glacadh le níos lú airgid. Ba cheart go ndéanfadh na bainc idirbheartaíocht as an nua le feirmeoirí agus le húinéirí tí atá ag streachailt.

Ná dearúd go bhfuil na bainc ag baint leas ollmhór as an tarrtháil airgeadais agus ní íocann siad fiú amháin cáin. Tá sé soiléir go gcuireann an AE brú ar na bainc a morgáistí a dhíol ar phraghasanna i bhfad níos ísle ná na luachanna le vulture funds móra idirnáisiúnta.

Is slí é seo do vulture funds chun talamh a cheannach ar lascainí ollmhóra. Táimse ag rá anois leis an Aontas Eorpach: in ionad cosaint a thabhairt do na bainc ba chóir cosaint agus tacaíocht a thabhairt dár saoránaigh; sin é!

 
An nuashonrú is déanaí: 5 Aibreán 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais