Fill ar thairseach Europarl

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Roghnaithe)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Innéacs 
 Téacs iomlán 
Tuarascáil focal ar fhocal na n-imeachtaí
Dé Céadaoin, 16 Eanáir 2019 - Strasbourg Eagrán athbhreithnithe

Protection of the Union's budget in case of generalised deficiencies as regards the rule of law in the Member States (debate)
MPphoto
 

  Liadh Ní Riada thar ceann an Ghrúpa GUE/NGL. – A Uachtaráin, caithfidh mé a rá – ag léamh tríd seo – go bhfuil amhras orm, mar tá sé doiléir a dhóthain an rud a thuiscint ar an gcéad dul síos agus cé go bhfuil tú ag caint ar smacht reachta nó riail dlí, tá tú i ndáiríre ag déanamh rud polaiticiúil as agus tá sé deacair mar sin riail amháin a chur i dtreo amháin agus riail eile a chur i dtreo eile. Agus táim buartha mar gheall ar an tionchar a bheidh aige seo ar thíortha éagsúla; abair na tíortha saibhre, an buntáiste a bheidh ann dóibh siúd. Chomh maith leis sin, is dóigh liom go bhfuil tú ag tabhairt teachtaireacht do thíortha áirithe nach bhfuilid freagrach as foinsí airgid a thagann as an Aontas Eorpach.

Táimid, gan amhras, ag rá gur chóir an buiséad a chosaint ach, ag an am gcéanna, níor chóir go mbeadh an méid sin cumhachta ag an gCoimisiún, Coimisiún nach raibh tofa go daonlathach ar an gcéad dul síos, go mbeadh an chumhacht sin acu cinnithe a dhéanamh ar chúrsaí riail dlí i dtíortha éagsúla. Bhí an Coimisiún breá sásta seasamh siar – abair, nuair a fhéachaimid ar thoghcháin cosúil le mar a tharla sa Spáinn nuair a bhí muintir na Catalóine ag iarraidh vóta daonlathach a chaitheamh – bhí sé breá sásta seasamh siar fad is a bhí na daoine sin a bhí ag iarraidh vótáil, go raibh an cac buailte astu.

Mar sin, táim an-bhuartha mar gheall ar cén tslí a n-oibreoidh sé seo amach ar bhonn comhionannais ar fud na dtíortha ar fad. Tá tú ag caint ar chúrsaí trádála: an mbeidh buntáiste ann do thíortha atá ag seinnt an phoirt chéanna leis an gCoimisiún? Mar sin ní dóigh liom go bhfuil go leor soiléireachta anseo. Feicimid é seo in Éirinn, abair, nuair a fheicimid na vulture funds, nuair a fheicimid an tslí go bhfuil cumhacht mar sin tagtha chun tosaigh sa tír agus go bhfuil gnáthphobal chosmhuintir na tíre i gcruachás mar go bhfuil an chumhacht ag bua amach ag deireadh an lae.

Mar sin, ní dóigh liomsa gurb é seo an tslí cheart chun aghaidh a thabhairt air seo. Tá an Chúirt Bhreithiúnais againn cheana féin san Eoraip agus nílidsan chomh tiomanta i dtaobh cúrsaí polaitíochta is atá an Coimisiún. Mar sin, bheinn ag cur ceist ar an gCoimisiún féachaint le hathbhreithniú a dhéanamh air seo ar fad agus an chumhacht a bhaint díobh.

 
An nuashonrú is déanaí: 28 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais