Fill ar thairseach Europarl

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Innéacs 
 Téacs iomlán 
Tuarascáil focal ar fhocal na n-imeachtaí
XML 1k
Dé Máirt, 17 Nollaig 2019 - Strasbourg Eagrán athbhreithnithe

Measures to strengthen administrative cooperation in order to combat VAT fraud (A9-0047/2019 - Lídia Pereira)
MPphoto
 

  Seán Kelly (PPE). – A Uachtaráin, bhí áthas orm tacú leis an tuarascáil seo. Agus, sa lá atá inniu ann, tá níos mó agus níos mó comhlachtaí ag obair ar líne. Tá níos mó saoránach ag díol agus ag ceannach ar líne. Mar a dúirt Coimisinéir Vestager ina héisteacht, tá dhá shaghas comhlachta ann anois; comhlachtaí atá ag obair ar líne agus comhlachtaí a bheidh ag obair ar líne go luath.

Ach an bhfuil siad ag íoc a gcuid cánach? Níl a lán díobh. Cailltear €137 billiúin gach uile bhliain. Sin ailp uafásach mór airgid. Agus cé a íocann é sin? Na saoránaigh mhacánta. Níl sé sin ceart. Agus caithfear deireadh a chur leis. Agus má éiríonn le Coimisinéir Vestager chun a chinntiú go n-íocfaidh na comhlachtaí seo a gcuid cánach agus deireadh a chur le calaois VAT, beidh gaisce déanta aici ar son shaoránaigh na hEorpa agus beimid go léir faoi chomaoin aici.

 
An nuashonrú is déanaí: 20 Feabhra 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais