Fill ar thairseach Europarl

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Roghnaithe)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Innéacs 
 Téacs iomlán 
Díospóireachtaí
Dé Céadaoin, 15 Eanáir 2020 - Strasbourg Eagrán sealadach

The European Green Deal (RC-B9-0040/2020, B9-0040/2020, B9-0041/2020, B9-0042/2020, B9-0043/2020, B9-0044/2020, B9-0045/2020, B9-0046/2020)
MPphoto
 

  Billy Kelleher (Renew). – A Uachtaráin, leis an gComhaontú Glas don Eoraip, beidh gach Ballstát ábalta aistriú chuig sochaí íseal-charbóin. Ach níl ann ach túsphointe. Vótáil mé i bhfabhar an Chomhaontaithe. Leis an bplean docht seo, beimid ábalta stádas ísealcharbóin a bhaint amach. Chun é sin a dhéanamh, caithfimid trí rud a dhéanamh:

Uimhir a haon: Tacú le pobail aistriú cóir a dhéanamh chuig sochaí ísealcharbóin.

Uimhir a dó: Cinntiú go bhfuil na rialtais sásta na cinntí deacra a dhéanamh anois.

Uimhir a trí: Cinntiú go n-oibríonn gnó príobháideach leis na rialtais.

Níl a lán ama fágtha chun an pláinéad a shábháil. Ba cheart eagla an domhain a bheith ar gach duine sa seomra seo mar gheall ar na tinte uafásacha san Astráil. I mo thír féin, tá stoirmeacha móra ann faoi láthair.

Mar fhocal scoir, caithfimid misneach a thabhairt do dhaoine - misneach gur féidir linn teacht slán as seo. Gan dóchas, géilleann daoine. Molaim go gach duine anseo, óráid a thug Jacinda Ardern, Príomh-Aire na Nua-Shéalainne, roimh an Nollaig. Thug an óráid seo misneach dom gur féidir linn ár bplainéad, agus ár dtodhchaí, a shábháil.

 
An nuashonrú is déanaí: 27 Feabhra 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais